Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 23 Feb 1978

Vol. 304 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé chun Údarás na Gaeltachta a bhunú i mbliana.

Faoi mar a dúirt mé anseo sa Dáil ar an 7 Nollaig, beidh Údarás na Gaeltachta le bunú i mbliana agus beidh deis againn an scéal ar fad a phlé nuair a bheidh Bille chun na críche sin os comhair na Dála.

An bhfuil an tAire ábalta insint dúinn an mbeidh an Bille ós comhair na Dála roimh an Cháisc nó roimh an samhradh?

Tá mé ag súil go mbeidh sé ós comhair na Dála roimh Cháisc.

Go raibh maith agat. An mbeidh an tÚdarás daonlathach?

Tig linn é sin a phlé nuair a thagann an Bille isteach.

An bhfuil an tAire ag rá gur sórt cumann de Fhianna Fáil a bheidh ann?

Sin é an tÚdarás daonlathach.

An mbeidh an tÚdarás bunaithe roimh fhómhar na bliana seo i ndiaidh don Bhille a bheith istigh san Dáil?

Ní thuigim an cheist.

Cén dáta a bheidh an tÚdarás——

Ag feidhmiú?

Beidh sé ag feidhmiú i mbliana roimh dheireadh mí Mheithimh. Tá mé ag súil le sin mar a gheallamar san manifesto.

Barr
Roinn