Os rud é go raibh baint agamsa mar iar-Aire le bunú Bord na Gaeilge sílim go mba chóir dom cúpla focail a rá cé nach bhfuil aon rud ullamh agam. Is í seo an chéad deis a bhí agamsa chun fáilte a chur roimh an Aire, an Teachta Donncha Ó Gallchobhair. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis as ucht a cheapacháin mar Aire na Gaeltachta, agus gúim rath Dé ar an obair thábhachtach atá idir lámha aige.
Is céim ar aghaidh i Bord na Gaeilge a chur ar bhonn reachtúil. Dúirt an tAire in a ráiteas gur mhol Comhairle na Gaeilge go mbunófai bord Stáit chun cúram a thabhairt don teanga. Ghlac an Comhrialtas agus mé féin mar iar-Aire leis an moladh sin, agus cé go ndúirt an tAire Ó Gallchobhair go mbfhearr leis dá mbeadh an Bord bunaithe ar bhonn reachtúil ar an gcéad dul síos ba mhaith liomsa a chur i gcuimhne don Aire gur mhol Comhairle na Gaeilge go mbunófaí an Bord ar dtús ar bhonn ad hoc. Ghlac mise leis an moladh sin agus i gcás boird Stáit áirithe sílim gur rud maith é sin. Rinneadh an rud céanna maidir le bord Údaráis um Ard Oideachas. Thug an bord ad hoc faoi na ceisteanna a scrúdú, breithniú ar pholasaí, experiments a dhéanamh agus mar sin de.
Níl aon rud achrannach sa Bhille seo, ach tá imní orm maidir le rud amháin nach bhfuil i ráiteas an Aire, sé sin, mar a dúirt an Teachta Ó Beaglaoich, níor ghlac se leis an ócáid chun an moladh ata tuillte ag an gcathaoirleach, an Dr. Whitaker agus baill an Bhoird a cheapadh trí bliain ó shin. Tá ard-mholadh tuillte acu agus is mór an trua—b'fhéidir gur dearmad a rinne an tAire, glacaim leis gur dearmad a raibh ann—go measfá ó raiteas an Aire nach ndearna Bord na Gaeilge faic ar bith go dtí an bhliain seo. Ní fíor é sin ar chor ar bith. Rinne an Dr. Whitaker agus comhaltaí an Bhoird sár obair.
Labhair an tAire faoi na hiarrachtaí atá á dhéanamh anois chun an teanga a thabhairt chun cinn. Tá áiteacha i nDaingean agus i gContae Phort Láirge in ar thosnaímear an obair sin cúpla bliain ó shin. Chomh fada agus is cuimhin liom, sé an chéad rud a rinne Bord na Gaeilge ná scéim nua a chur ar bun, scéim bunaithe ar fhorbairt phobail—community action for the promotion of the language. Ba é sin an bun-phrionsabal a bhí ag Bord na Gaeilge. Bhí an-áthas ormsa faoi sin agus tá áthas orm inniu go bhfuil an bun-phrionsabal céanna sin ag an Bord faoi láthair agus go bhfuil an scéim sin dá leathnú go dtí áiteacha eile. Chonaic mé an obair a bhí ar siúl i bPort Láirge ina bhfuil scéim an-shuimiúil ar fad ag dul chun cinn le cúpla bliain. Is é an rud is tábhachtaí faoin scéim sin in iarthar Phort Láirge ná go bhfuil pobal an cheantair páirteach ins an scéim. Tá an Community Development Aid ag dul go hanmhaith, ach tá brón orm nach bhfuil aon rud ós ár gcomhair inniu ag insint dúinn go bhfuil áit eile in a rinneadh sár-iarracht le blianta beaga anuas chun an teanga a chur chun cinn seachas na háiteacha a luaigh mé.
Sílim go mba chóir go mbeadh áiteanna mar sin chun tosaigh i scéimeanna mar seo. Sé an chéad cuspóir a bhí agam agus mé ag éirí chun cainte anseo inniu ná moladh poiblí a thabhairt do Chathaoirleach agus do chomhaltaí an bhoird. Feicim sa Bhille aon difríocht amháin idir é agus an Bille a bhí ullmhaithe ag an gComhrialtas, sé sin, go raibh orainn níos mó comhaltaí boird a cheapadh nó mar atá sa Bhille seo. Bhí sé ar intinn againn trí áiteacha ar a laghad ar an mbord a thabhairt d'ionadaithe na Gaeltachta, ionadaithe a bheidh toghtha ag muintir na Gaeltachta. Sílim go bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Ghaeltacht ó thaobh aithbheochain na teanga. Sí an Ghaeltacht tobar agus foinse ár dteanga agus ár gcultúr. Tá fíor-ghá freisin go mbeadh an teanga scaipthe idir an Ghaeltacht agus an cuid eile den tír. Dá bhrí sin tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh ceangail idir Bhord na Gaeilge agus Údaras na Gaeltachta.
Níl a fhios agam céard atá i gceist ag an Aire faoi láthair, mar níl Bille um Údarás na Gaeltachta againn go fóill, ach tá súil agam go mbeidh cúpla comhaltaí, ar a laghad, ar an mBord a mbeadh le ceapadh ag an Aire ón Ghaeltacht. Muna bhfuil Bille um Údarás na Gaeltachta ullamh aige fós, b'fhéidir go mbeadh sé in ann cúpla comhaltaí as Bord Ghaeltarra Éireann a chur go sealadach ar Bhord na Gaeilge go dtí go mbeadh Údarás na Gaeltachta bunaithe. Ón tréimhse a chaith mise mar Aire na Gaeltachta, níl aon amhras agam faoin tábhacht ar leith atá sa cheangail sin idir an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír.
Chomh maith, ba mhaith liom moladh a thabhairt go poiblí d'fhoireann an Bhoird, an príomhoifigeach feidhmeannach agus an fhoireann bheag a bhí aige, mar chomh maith le comhaltaí an Bhoird rinne an príomhoifigeach Feidhmeannach agus a fhoireann sár-obair. Obair nua go hiomlán a bhí le déanamh acu: Ní raibh aon Bhord Stáit cosúil leis an mBord sin ó bunaíodh an Stát agus rinne siad sár-obair. Tuigim anois go bhfuil duine nó beirt den chéad fhoireann imithe, ach mar sin féin tá árdmholadh tuillte acu.
Dúirt mé go raibh sé fíor-thábhachtach go mbeadh an ceangal ceart idir Údarás na Gaeltachta agus Bord na Gaeilge. Aontaím go hiomlán leis an pholasaí atá bunaithe ag Bord na Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn tré fhorbairt phoiblí, ach tá áit amháin gur cóir an bhéim a chur air thar aon áit eile, sé sin na breac-Ghaeltachtaí. Tá géar-ghá go ndéanfaí obair ar leith chun an teanga a aibheochain arís sna háiteacha ar a dtugtar na breac-Ghaeltachtaí. Luaim an áit ina gcónaíonn an tAire agus áiteacha eile i gContac Mhaigh Eo—tá i gceist go háirithe agam Oileán Acla —ina bhfuil cuid díobh sa Ghaeltacht agus an chuid eile taobh amuigh. Tá aithne fada ag an Aire ar Oileán Acla agus tá a fhios aige go bhfuil deis iontach aige an teanga a thabhairt chun cinn ní amháin i nGaeltacht Acla ach san oileán go hiomlán. Tá challenge mór ann agus tá scóp mór ann, chun beartas nua a chur chun cinn ionas go neartófaí an teanga in Oileán Acla agus sna ceantair eile.
Chomh maith leis sin, i dtaobh na Breac-Ghaeltachta agus an Ghaeltacht féin agus i dtaobh athbheochain na teanga, níl áit eile sa tír is tábhachtaí ná na Breac-Ghaeltachtaí mar is sna háiteacha sin atá an teanga ag na daoine ach ní labhraíonn siad an teanga ach go hannamh. Dá bhrí sin, caithfidh Bord na Gaeilge aghaidh a thabhairt ar cheantair mar Oileán Acla, áiteacha i nDún na nGall agus Conamara agus go deimhin ar fud na Gaeltachta. Tá go leor dea-shamplaí ann, ceantair bheaga i gCondae Chiarraí a bhfuil aithne agamsa onthu ar imeall Chorca Dhuibhne. Rinneadh sár-iarracht iontu staid na teanga a fheabhsú agus ba cheart aitheantas a thabhairt do na ceantair sin ó thaobh na teanga. Tá an Ghaeilge ag na daoine sin ach ní labhraíonn siad í. Caithfimid tosnú nua a dhéanamh. Tá súil agam go gcabhróidh na heagrais dheonacha Gaeilge, chomh maith le Bord na Gaeilge chun an teanga a neartú agus a leathnú sna ceantair sin mar, taobh amuigh den teanga, tá tabhacht ar leith ag baint leis na Limistéir Bhreac-Ghaeltachta. Tá na ceantair Ghaeltachta scaipthe ar fud cósta an iarthair agus sna hoileáin. Is ceantair an-bheag iad ó thaobh forbairt eacnamaíochta, agus tá sé andeacair ar fad polasaí ceart a chur ar siúl ina n-aghaidh. Tá deacracht mór, cuir i gcás, in oileáin áirithe, chomh maith, toisc go bhfuil cuid den oileán taobh amuigh den Ghaeltacht agus an chuid eile taobh istigh. Dá leanófaí an teanga ar fud an oileáin bheadh an tAire in ann polasaí eacnamaíochta agus soisialta a bheadh oiriúnach don oileán go léir a bhunadh. Mar a fheicim an scéal, tá obair fíor-thábhachtach le déanamh.
Tá tosnú ana-mhaith déanta agus tá brón orm nár admhaigh an tAire é sin go poiblí. Glacaim anois gur dearmad a rinneadh sé. Chomh maith leis sin, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh polasaí Bhord na Gaeilge bunaithe ar an tuarascáil ón Choiste a bunaíodh chun dearcadh na ndaoine a léiriú. Rinne an Coiste sin obair an-thábhachtach ar fad. Don chéad uair, tá eolas ar fáil againn ar dhearcadh muintir na hÉireann don teanga. Tá eolas cruinn ann, eolas a bheadh cuideachtach ar fad do Bhord na Gaeilge ag bunadh polasaí nua. Ón tuarascáil sin tháinig cúpla rudaí amach go soiléir: an taon rud, go bhfuil muintir na hÉireann nó an chuid is mó de mhuintir na tíre seo i bhfábhar polasaí chun an teanga a chur chun chinn; go raibh an chuid is mó de mhuintir na hÉireann i gcoinne polasaí éigeantach; go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na hÉireann i bhfábhar polasaí a bheadh bunaithe ar scéimeanna sasúil do mhuintir na hÉireann, scéimeanna chun an teanga a chur chun cinn a bheidh ceangailte le scéimeanna cúltúrtha. Chomh maith leis sin, tagann sé amach go soiléir ón tuarascáil sin go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na hÉireann i bhfábhar forbairt eacnamaíochta agus soisialta na Gaeltachta. Deirtear san tuarascáil freisin go mba chóir don Rialtas agus anois do Bhord na Gaeltachta an bhéim a chur ar na breac-Ghaeltachtaí. Rinne mé tagairt cúpla noiméad ó shin do thábhacht na mbreac-Ghaeltachtaí. Tagann sé sin amach go soiléir san tuarascáil ar an taighde a rinneadh chun dearcadh an phobail a léiriú.
Nuair a smaoinigh mé ar Bhord na Gaeilge ad hoc, rinneadh mé a lán smaoineamh ar líon na ndaoine a bheadh ar an mBord, ar chóir go mbéadh 12 daoine ar an mbord. Dob é mo thuairimse go mba chóir bord mar sin a leathnú, that it would be as widely representative a board as was possible. Bhí fonn ormsa eagrais a tharraingt isteach, cur i gcás, Bantracht na Tuaithe, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, daoine a raibh cáilíocht faoi leith acu. Rinne mé sár-iarracht ag an am san bureaucracy a choimeád amach ón mBord. Bá é sin tri bliain ó shin.
D'aithnigh gach éinne ag an am san nach raibh aon political skulduggery ag baint le ceapacháin an bhoird sin, gurb iad ceisteanna teanga, ceisteanna Gaeilge, ceisteanna cultúrtha na Gaeltachta a bhí i gceist. Má léann éinne na tuarascála ar na díospóireachtaí sin, feicfidh sé go raibh an chuid is mó den díospóireacht sin, taobh amuigh den Teach nó taobh istigh de, ceangailte le ceisteanna polaitíochta. Bhí iarrachtaí ann chun an teanga a cheangail le party politics. Unfortunately, since the foundation of the State, the whole question of the revival of the language has been tied up with political ideologies and certain types of ideologies in particular, and this, in my opinion had the vastest implications and repercussions on the whole revival movement. Dá bhrí sin, bhí sé de phríomh fheidhm agamsa, ag bunadh Bord na Gaeilge nach mbéadh aon ionad ann ag páirtí polaitíochta, that not only was it not there but that it would be seen not to be there. Tá súil agam, agus sé an taon rud atá á iarraidh agam ar an Aire ná, nuair a bheidh sé ag ceapadh an bhoird nua go ndéanfaidh sé an rud céanna. go gceapfaidh sé daoine a bhfuil a gcroithe san obair maidir leis an teanga.
Tá rud eile chomh maith. Tá an t-éigeantacht imithe as an teanga anois agus táimíd go léir ag iarraidh an grá a chothú mar bhun-pholasaí in ionad an éigeantachta. Tá mise sásta, as ucht an téigeantacht a bheith imithe, go bhfuil spiorad nua ann anois, go bhfuil atmaisféar nua ann anois, go bhfuil fonn ar dhaoine anois an cúpla focail Gaeilge atá acu a labhairt. Tá sé sin go soiléir ón raidio is ón telefís. Tá sé go soiléir chomh maith an iarracht a rinne Bord na Gaeilge chun coistí féile ar fúd na tíre a mhealladh chun cláracha Gaeilge a thabhairt isteach sna féilithe fán dtuaith. Bhí an tAire féin i dTráighlí anuraidh agus chonaic sé ann an tslí ina raibh imeachtaí Gaeilge meascaithe i gclár na bhféilithe móra a bhí ann le imeachtaí cultúra, taispeántais Ghaeltachta, cheoil agus rince agus rudaí mar sin. Sin é an saghas polasaí a chabhróidh go mór leis an teanga a chur chun cinn. Is cuimhin liom go maith, 30 nó 40 imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha ar siúl i rith seachtain Ghaeilge chathair Luimní.
Cúis áthais agus gliondar croí dom cuireadh a fháil chuig Féile mór Thrá Lí. Bhí na mílte daoine ann ón tír agus ó gach tír thar lear. Bhí ár gceol féin le cloisteáil. Bhí fonn ar dhaoine cúpla focal Gaeilge a úsáid i nith na seachtaine sin. Bhí céilithe agus rinnce agus gach rud mar sin—an t-atmosféar Gaelach, an t-atmosféar ceart. Tá sé an-simplí agus mar sin féin tá sé antábhachtach.
Rud eile maidir le ceist na gcraolachán, ceist teilifíse agus raidio— agus rinne an Teachta Begley tagairt do cheist Radio na Gaeltachta—cé nach bhfuil dualgas ar Aire na Gaeltachta maidir le ceisteanna mar sin, mar sin féin tá tábhacht ar leith ag baint le cúrsaí craolacháin ó thaobh athbheochan na teangan dhe.
Dúras cheana gurb é mó thuairimse —agus tagann sé sin amach go sóiléir as an tuarascáil um thaighde ar dhearcadh an phobail—go bhfuil fonn mór ar mhuintir na hÉireann an teanga a chur chun cinn in atmosféar nua, atmosféar gan aon achrann nó searbhas go háirithe gan aon achrann polaitíochta. Is cuma cén polasaí polaitíochta atá ag aon duine nó ag aon pháirtí sa tír seo, táimse ag rá go poiblí anseo gurb é mo thuairimse go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na hÉireeann i bhfábhar na teangan.
Tá feabhas tagaithe ar chúrsaí na teangan le blianta beaga anuas. Is é mo thuairimse gur tháinig an feabhas sin de bharr an pholsaí nua gan an t-éigeantas—polasaí níos suimiúla, níos cáirdiúla. Tá clár amháin, "Trom agus Éadrom" agus tugtar a lán moladh don chlár sin beagnach gach seachtain. Rinne an Teachta Begley tagairt dó. D'éirigh thar barr le "Trom agus Éadrom" mar tá an t-atmosféar ann an-cháirdiúil. Bíonn deis ag duine a bhfuil "cúpla focal" aige na "cúpla focal" sin a úsáid. Tá eolas an-shuimiúil agamsa go bhfuil a lán daoine ins an single channel area ag féachaint ar an gclár sin gach seachtain. Tá aithne agamsa ar chuid mhaith daoine a thosaigh ag foghlaim na Gaeilge arís ionas go mbeadh siad in ann an clár sin a thuiscint i gceart.
A Leas-Cheann Comhairle, inseoidh mé scéal duit atá an-oiriúnach. Cuimhin liom go maith cúpla mí ó shin, bhuail mé isteach i dteach cara atá agamsa i Luimneach. Tá an fear sin pósta le cailín a rugadh agus a tógadh i Sasana, agus tháinig sé ar ais nuair a fuair sé post in Aerfort na Sionna. Tá sé ina chónaí i gcathair Luimní. Rugadh an fear sin i gContae an Chláir. Chuaigh sé go Londain, phós sé cailín agus tháinig sé ar ais. Chuaigh mé isteach sa teach cúpla uair. Bhí bean an tí ann agus Buntús Cainte ina láimh aici agus í ag foghlaim na Gaeilge, ag déanamh iarracht feabhas a chur ar a cuid Gaeilge ionas go mbeadh sí in ann níos mó tairbhe a bhaint as “Trom agus Éadrom”. Sin scéal fíor, ach tá moral ann má táimid chun an teanga a chur chun cinn le polasaí réalaíoch agus tré beartanna réalaíoch cosúil leis na scéimeanna phobail atá ag Bord na Gaeilge. An príomh-aidhm a bhí ann i gcónaí ná muintir na hÉireann a mhealladh chun an t-eolas atá acu nó an líofacht atá acu—is cuma beag nó mór—a úsáid.
Is mar seo atá an scéal mar a thuigimse é. Tá timpeall suas le 15 faoin gcéad de mhuintir na hÉireann a bhfuil an teanga líofa acu. Tá 85 faoin gcéad cosúil liomsa, cosúil linne go léir sa Teach ach, b'fhéidir an tAire—rugadh agus tógadh i gceantar Gaeltachta é. Chaith na gnáthdaoine sa tír seo sé nó seacht mbliana sa bhunscoil agus cúig bliana i scoil iar-bhunoideachais. I rith an dá bhliain déag sin bhí an teanga acu. Bhí ceachtanna Gaeilge acu gach lá ar feadh dhá uair a chloig. Bhí onóracha acu sa Ghaeilge nuair a d'fhág siad an scoil. Sin í an fhadhb is mó. Sin é an tragedy de i stair na teangan. Stopann daoine ag labhairt as Gaeilge. Sin é an cás le 80 faoin gcéad de mhuintir na hÉireann.
Conas a tharla sin? Tá cuid den freagra le fáil san tuarascáil um thaighde ar dhearcadh an phobail, ach níl an freagra go léir ann. Cé go bhfuil an bord laghdaithe anois go dtí dosaen tá súil agam go mbeidh na daoine céanna ceapaithe arís nó an chuid is mó daoibh, agus tá súil agam go leanfaidh an foireann céanna agus an príomh-oifigeach céanna leis an mbord. Bord nua atá ann anois, bord atá neamhspleách gan baint ar bith le cúrsaí polaitíochta. Sa chaoi sin beidh siad in ann polasaí réalaíoch a chur chun cinn.
Caithfidh Bord na Gaeilge as seo amach a pholasaí a bhunú ar an tuarascáil um thaighde ar dhearcadh an phobail. Mar adúirt an tAire— agus caithfidh mé aontú leis—cé go bhfuil bord Stáit bunaithe anois chun an teanga a chur chun cinn beidh dualgas fós ar na Ranna Stáit eile agus go háirithe ar an Roinn Oideachais, an teanga a chur chun cinn. Is maith an rud é sin. Mar adúirt an Teachta Begley tá tábhacht ar leith ag baint le cursaí oideachais ó thaobh na teangan. Ach tá dualgas amháin ar an Aire.
Cé go bhfuil an dualgas sin ar na Ranna Stáit eile agus go mbeidh bord Stáit nua ann chun an teanga a chur chun cinn, tá dualgas ar leith ag Aire na Gaeltachta. Chomh maith leis bheith i gcúram na Gaeltachta tá an tAire, mar a dearfá, ina Aire le Gaeilge—is é sin, tá cúram eile ag Aire na Gaeltachta. Mar a bhí agamsa nuair a bhí mé i gcúram Roinn na Gaeltachta, tá an t-ádh leis an Aire foireann an mhaith a bheith aige i Roinn na Gaeltachta.
Is é seo an chead ócáid a bhíagamsa chun moladh poiblí a thabhairt do a lán daoine, don Aire, do Bhord na Gaeilge agus do Roinn na Gaeltachta agus an fhoireann an-bheag atá ann. Le blianta beaga anuas, tháinig méadú mór ar an méid oibre atá le déanamh acu agus tá súil agam go méadóidh go mór air sna blianta atá le teacht. Ar feadh an tréimhse a chaith mise mar Aire is féidir liom a rá go raibh gach ball den fhoireann sin i mBaile Átha Cliath agus ar fud na Gaeltachta i ndáiríre. Bhísiad sásta i gcónaí obair a dhéanamh above and beyond the normal call of duty. Mar sin, tá áthas orm moladh a thabhairt don fhoireann sin.
Mar fhocal scoir, mar a dúirt mé i dtosach, guím rath Déar an Aire. Is féidir leis bheith ag súil le gach cabhair agus tacaíocht ón taobh seo den Teach i leith aon pholasaí réalaíoch chun an teanga a thabhairt chun cinn, ach ní bheidh aon tacaíocht le fáil aige d'aon pholasaí a bheidh bunaithe ar phointí polaitiochta. The Minister can be assured of the full support of this side of the House in any steps he takes—and that goes too for Bord na Gaeilge—towards realistic, honest policies to promote our language and our culture and to develop our Gaeltacht. If these policies are to succeed and command the respect of both sides of this House, an essential requirement if the people are to em-brace a policy, the Minister must make absolutely certain there will be no political overtones or undertones in the promotion of these policies. I hope Bord na Gaeilge will succeed. It represents a new dimension in the promotion of the language and I wish the board well.
Beidh scans againn an tseachtain sco chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh ceisteanna a chur ar an Aire ar an Tríú Staid den Bhille.