Tagann an tír seo in iomlán, na Sé Chontae Fichead, faoi scáth an Chiste Réigiúnaigh ó thaobh forbairt de agus sin é an chaoi a raibh sé ó thús, gur leagadh síos go mbeadh an tír ar fad ag fáil airgid ón chiste sin agus go mbeadh sé cláraithe, mar is é an moladh atá ag an Rialtas nach gcuirfí isteach ar an leagan amach sin, mar dá gcuirfí isteach air agus dá n-athrófaí é agus dá mbrisfí an contae síos i gceantair eile bheadh áiteacha eile a chaithfeadh dul dá uireasa agus ceaptar nach mbeadh sé sin ceart, agus chomh maith leis sin tá an chontúirt ann nach bhfaighimís an oiread céanna airgid ón Chiste Réigiúnch agus a fhaighimid faoi láthair don tír — tá mé ag caint faoin airgead ar fad ina iomlán.
Anois, agus an méid sin ráite agam, nuair a thagann tograí ar aghaidh gur féidir tacaíocht a thabhairt dóibh, maidir leis na hoileáin, tugtar tacaíocht dóibh, agus tá a lán samplaí. In this Mór, go deimhin, i Rinn Rua, Contae Mhaigh Eo, in Ailt an Chorráin agus in áiteanna eile ar fud na tíre sa Ghaeltacht agus sna hoileáin Ghaeltachta tá tograí a fuair airgead ón Chiste Réigiúnach tríd an Chiste Náisiúnta. Ach is é an chomhairle a cuireadh orainne go mbeadh an chontúirt ann dá n-athrófaí an scéim agus dá mbrisfí an tír seo suas i réigiúin faoi leith, nach bhfaighimís an oiread céanna airgid ón Chiste Réigiúnach. Ba mhaith liom a rá chomh maith go bhfuilimid sa tír seo ag fáil i bhfad níos mó as an Chiste Réigiúnach ná mar a bheadh tuillte againn, cuir i gcás, ar bhonn daonra nó ar bhonn méid an cheantair, cuir i gcás, mar thír. Dá n-athrófaí an scéim atá ann faoi láthair cuirfí isteach air sin. Sin é an moladh atá faighte againn agus sin é an chomhairle atá curtha orainn ag daoine go bhfuil fios a gceirde acu.