Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Written Answers. - Coiste Pobal in Inis Mór.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an raibh aon mholtaí aige ó choiste pobail Arann maidir le forbairt na n-oileán; agus an inseoidh sé an bhfuil sé sásta cuidiú leo ina n-iarrachtaí le saol mhuintir na n-oileán a fheabhsú.

Glacaim leis go mbaineann an cheist seo leis an gCoiste Pobail in Inis Mór. Ní féidir teacht ar mholtaí mar sin ón gCoiste i mo Roinnse. Baineann muintir an oileáin buntáiste as scéimeanna na Roinne sa ghnáthshlí ar ndóigh.

Barr
Roinn