Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Written Answers. - Oibreacha Feabhsúcháin.

17. D'fhiafraigh

Mr. Coughlan

d'Aire na Gaeltachta i ngeall ar na deacrachtaí atá ag daoine a chónaíonn ar oileáin na coinníollacha faoina n-íoctar deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a chomhlíonadh, i gcás obair feabhsúcháin, an ndéanfaidh sé eisceachtaí nó an n-athróidh sé na coinníollacha sin.

Is gá ó 1 Nollaig 1985 ar aghaidh uimhreacha cánach na gconraitheoirí a dhéanfaidh na hoibreacha a thabhairt sula bhféadfar glacadh le hiarratais ar chúnamh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Cinneadh air sin d'aonghnó chun fostaíocht dhleathach a chruthú sa tionscal tógála agus ní fhéadfar aon eisceacht a cheadú. Is eol dom go mbíonn fadhbanna ar leith le sárú ar oileáin agus is dá bharr sin atá na huasdheontais faoi na hAchtanna 50 faoin gcéad níos airde ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta ná mar atáid ar tír mór.

Barr
Roinn