Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas do Ghaeltacht Ráth Cairn.

7. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta maidir leis an £50,000 atá geallta do Ghaeltacht Ráth Cairn sa cháinaisnéis, an inseoidh sé cén chaoi a bhfuil sé i gceist an t-airgead sin a roinnt agus cén uair a íocfar é.

Tá iarrtha ag mo Roinnse ar Chomharchumann Ráth Cairn sonraí iomlána a chur ar fáil maidir leis na tograí a bheartaítear a chur i gcrích le cabhair an airgid sin.

Nuair a gheofar an t-eolas atá iarrtha déanfar ceist íocaíochta a mheas.

An é an rud gur shocraigh an Rialtas go dtabharfaí £500 gan rud ar bith a bheith socraithe faoin gcaoi a gcaithfí é nó cé'n socrú atá déanta leis an £500 sin a chaitheamh? An bhfuil sé ag braith ar Chomharchumann Ráth Cairn tograí a chur os comhair an Rialtais?

Is é an bhun-chloch a bhí leis an íocaíocht seo an chéad lá ná go raibh féile fé leith, mar atá fhios ag an Teachta, á comoradh ag Gaeltacht Ráth Cairn anuraidh. Scríobh mise chucu ar 13 Feabhra á rá leo gurb acu-san a bhí sé sonraí tograí a chur ar fáil agus coinneáil taobh istigh den uas-pointe £500, ar ndóigh go mbeadh aontas ann faoi na moltaí seo a chur i gcrích, agus go n-íocfaí an t-airgead ar an mbonn sin. Ní dóigh liom go bhfuil aon deacrachtaí ann. Ba mhaith liom a chur i n-iúl don Teachta nach bhfuaireamar freagra ar ais go fóill, ach tá mé cinnte go bhfuil Comharchumann Ráth Cairn ag obair air.

Barr
Roinn