Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Apr 1986

Vol. 365 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bóithre Gaeltachta.

8. D'fhiafraigh

Mr. Gallagher

d'Aire na Gaeltachta ó tharla drochbhail a bheith ar bhóithre Gaeltachta, an inseoidh sé céard atá leagtha amach aige leis an scéal a leigheas.

Tá soláthar £200,000 ar fáil i mbliana i meastacháin mo Roinne le haghaidh bóithre áise agus portaigh sa Ghaeltacht agus tá sonraí á mbailiú ag oifigigh na Roinne i dtreo go bhféadfar bóithre den saghas sin a roghnú le caoi a chur orthu.

An bhféadfadh an tAire a insint dúinn an bhfuil sé i gceist airgead a caitheamh ar bhóithre chontae nó go mbeadh cead ag na comhairlí chontae airgead a chaitheamh ar bhóithre Ghaeltachta taobh amuigh de bhóithre áise a fheabhsú i mbliana?

Níl sé i gceist go gcaithfí aon chuid den airgead seo ar bhóithre chontae. Is é an tuairim atá agam agus ag an Roinn go mb'fhearr go bhfanfadh an fhreagracht sin ag na comhairlí chontae féin agus go gcloífí le bóithre áise maidir leis an caiteachas.

Mr. Gallagher

An n-aontódh an tAire go bhfuil clamhsán an-mhór sna Gaeltachtaí maidir le bóithre agus go bhfuil gá go mbeadh plean éigin leagtha amach le tionscail a mhealladh isteach sna Gaeltachtaí agus go gcaithfí i bhfad níos mó airgid ar bhóithre chontae, ar bhóithre móra, mar a dearfá, taobh amuigh de na bóithre áise? An bhfuil aon phlean ag an Rialtas, nó an bhfuil sé i gceist an scéal sin a bhreithniú i gcaoi go gcuirfí feabhas ar chúrsaí?

Nílimse bodhar ar chor ar bith, ach ní ormsa atá an fhreagracht maidir le airgead a chur ar fáil do bhóithre chontae agus bóithre móra, mar a deir an Teachta. Sé atá dá rá agam ná go bhfuil £200,000 ar fáil agam i mbliana agus go gcloífear leis an nós imeachta a bhí ann i gcónaí maidir le bóithre áise. Ceapaim go bhfuil a lán bóithre ar fud na Gaeltachta, bóithre áise agus portaigh atá i ndrochbhail agus gur cheart cuid den airgead seo a úsáid chun feabhas a chur orthu.

An bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ins an tslí ina roghnófar na bóithre áise?

Bhí ar intinn agam go mbeadh an réamh-obair ar fad déanta faoi dheireadh na míosa seo, ach deir comhairle chontae amháin liom nach bhfuil sé ar a gcumas meastachán agus uile a chur ar fáil do oifigigh Roinn na Gaeltachta ar an talamh, mar a dearfá. Mar sin, caithfear an rud seo a chur siar beagán, ar feadh míosa b'fhéidir, go dtí an mhí seo chugainn. Is é an fáth atá leis sin ná go mba mhaith liomsa an t-airgead seo a caitheamh chomh luath agus is féidir. Dúirt mé sa Teach seo cheana go mbeadh sé níos fearr rialacha níos dochta a leagan síos maidir le coinníollacha caiteachais den saghas seo, mar shampla, coinníollacha a bhaineann le LIS. Táim sásta é sin a dhéanamh agus b'fhéidir coinníollacha níos daingne a leagan síos.

An bhfuil sé i gceist ag an Aire idirdhealú a dhéanamh idir bóithre áise agus bóithre phortaigh, agus céad codán áirithe a chaitheamh idir an dá chineál bóthar?

Is féidir liom breathnú air sin. Tá deacrachtaí faoi leith ann toisc go bhfuil cuid de na Gaeltachtaí ina bhfuil éileamh níos mó ar bhóithre portaigh ná mar atá i nGaeltachtaí eile. Breathnóidh mé air le féachaint céard is féidir a dhéanamh faoi.

Chomh fada agus atá an scrúdú sin á dhéanamh ag an Aire, an mbreathnódh sé ar rud amháin eile maidir le bóithre áise? Tá nós ag cuid de na comhairlí chontae meastachán an-ard a bheith acu i gcóir na hoibre ar bhóithre Ghaeltachta agus sílim nach bhfaigheann muintir na Gaeltachta lán-bhuntáiste go minic as an airgead dá bharr sin.

Tá an deacracht sin ann. Caithfear meastacháin a fháil ó oifigigh cáilithe i gcomhairlí chontae agus ní féidir liomsa uisce fuar a chaitheamh ar mheastacháin den tsaghas sin agus ní maith liom a rá leo meastacháin ísle a chur isteach.

Is féidir athrú a dhéanamh air. Cuireadh athrú ar cheana.

Barr
Roinn