Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 9 Apr 1986

Vol. 365 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Teilifís Na Gaeltachta.

3.

asked the Minister for Communications if he is prepared to provide funds for the development of Teilifís na Gaeltachta by RTE.

13. D'fhiafraigh

agusMr. Faulkner den Aire Cumarsáide an aithníonn sé a thábhachtaí atá sé go mbeadh teilifís áitiúil, ar a mbeadh cláir as Gaeilge amháin, ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus caidé atá sé ag brath a dhéanamh fá dtaobh de.

4. D'fhiafraigh

den Aire Cumarsáide cad iad na moltaí atá ag an Rialtas chun seirbhís teilifíse a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Tógfaidh mé Ceisteanna 3, 13 agus 14 le chéile.

Is ceist é sa chéad dul síos do Radio Telefís Éireann seirbhísí teilifíse a sholáthar faoi na hAchtanna um Údarás Craolacháin. Níl sé i gceist faoi láthair seirbhís teilifíse Gaeltachta a bhunú áfach.

Ag an am gcéanna, i ngeall ar thábhacht na Gaeilge, is mian leis an Rialtas go mbeadh freastal cóir á dhéanamh ag an tseirbhís náisiúnta theilifíse ar dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a úsáid mar theanga thábhachtach in a saol laethúil, sa tír go léir. Tá socraithe ag Aire na Gaeltachta, in éineacht liom féin, grúpa oibre a thabhairt le chéile chun féachaint conas is féidir lántairbhe a bhaint as an meán teilifíse i gcothú na teanga agus chun freastal orthu-san a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomh theanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Tá ionadaithe ó Roinn na Gaeltachta, An Roinn Cumarsáide, Bord na Gaeilge agus RTE ar an ghrúpa oibre seo agus tá súil agam go mbeidh moltaí ar fáil faoi dheireadh na bliana.

An bhfuil aon phlean ag an Rialtas i láthair na huaire le aon rud a dhéanamh taobh amuigh de dhaoine a thabhairt le chéile? An dtuigeann sé an tábhacht atá leis an dteilifís ó thaobh na Gaeilge de? Níl aon chláir Ghaeilge mórán ar RTE i láthair na huaire agus, agus dá bhrí sin, tá géar-ghá le stáisiún faoi leith a chur ar fáil leis an Ghaeilge a chur chun cinn chomh tréan agus is féidir, mar tá go leor brú ar Ghaelgeoirí agus níl go leor Gaeilge le cloisteáil ar RTÉ agus, dá bhrí sin, tá gá le stáisiún den chineál seo.

Tuigim é sin ach seo a leanas aidhmeanna RTÉ faoi láthair maidir le cúrsaí Gaeilge faoi mar atá siad leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge; (a) 20 faoin gcéad de na cláir a thairgítear in Éirinn a bheith as Gaeilge; (b) aonad telefíse a shuíomh, ach an t-airgead agus na hachmhainní a bheith ann, in aice le ceantar Gaeltachta amháin; (c) breis uaireanta craoltóireachta ag Radio na Gaeltachta ach an t-airgead a bheith ann chuige; (d) leibhéail dóthaineach d'fhoireann táirgeoirí a bhfuil cumas agus suim sa Ghaeilge acu; (e) úsáid na Gaeilge a mhéadú tríd an dátheangachas agus trí athghuthaíocht Ghaeilge a mhéadú ar ábhar importáilte.

Táimse féin anmhí-shásta agus is dóigh liom go bhfuil na Teachtaí eile an-mhíshásta faoin bhfreagra a thug an tAire á rá anois i 1986 go bhfuil sé ag cur coiste eile ar bun chun a fháil amach cén slí is fearr do RTÉ Gaeilge a chur ar na cláir. Sin é an rud atá á rá ag an Aire, grúpa nua. Anois, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire: cad faoi na moltá a rinne Bord na Gaeilge roinnt bhliain ó shin agus na moltaí a bhí ag Comhairle RTÉ féin faoi chúrsaí Gaeilge ar a gcuid clár? Dúbhradar an uair sin — sin 6 nó 7 mbliain ó shin — go raibh sé i gceist acu aonad teilifíse a shuíomh in aice le ceantar Gaeltachta amháin. Tá an tAire ag rá anois go bhfuil sé sin le deánamh acu go fóill nuair a bhéas an t-airgead acu. Bhí dhá mholtaí ag Bord na Gaeilge, an uair sin, gur cóir faoi 1983 go mbeadh clár substaintiúil amháin i nGaeilge gach oíche — do dhaoine fásta, ceann amháin, agus an dara ceann, réim chuimsitheach clár do pháistí agus do dhéagóirí a bheith ar fáil go coitianta. Leagadh sin síos mar aidhm i gcóir 1983. Anois 1986 agus tá an tAire ag rá go bhfuil sé ag cur coiste éigin eile ar bun. Cad a rinneadh i rith na mblianta sin?

Léigh mé na haidhmeanna atá ann faoi láthair ag Údarás RTÉ. Ba mhaith liomsa agus leis an Rialtas go mbeadh freastal ceart á dhéanamh dóibh siúd go léir sa tír gur mian leo an Ghaeilge a úsáid mar phríomh-theanga nó teanga thábhachtach ina saol. Sin é an fáith go bhfuil an grúpa áirithe seo bunaithe ag Aire na Gaeltachta chun moltaí a chur ar fáil ar cad is gá a dhéanamh chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil freastal ceart á dhéanamh orthu. Caithfimid a bheith réalaíoch freisin. Tá seirbhísí teilifíse an-chostasach. Mar shampla, chosnaigh an córas atá curtha in áirithe do RTÉ a Dó suas le £20 milliún. Cosnaíonn an bealach satailít Channel 4 breis agus £16 milliún sa bhliain i gcomhair 40 uair an chloig craoladh sa tseachtain, Tá sé an-chostasach.

Tá an cheist seo iontach práinneach. An bhfuil a fhios aige nach bhfuil ach fíor bheagán cláir Ghaeilge ar RTÉ ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, agus cé is moíté de sin is cláir as Béarla ar fad atá ar fáil acu ó RTÉ agus i nGaeltacht Thir Chonaill ach go háirithe go bhfuil cláir BBC agus ITV ar Fáil? Nach n-aithníonn an tAire má mhaireann sé seo nach mbeidh Gaeilge fágtha sa Ghaeltacht ar chor ar bith?

Aithním na pointí sin go léir. Mar aduirt mé cheana, tá an cheist seo an-chostasach. Aithním go bhfuil an cheist práinneach agus tábhachtach.

An n-aontódh an tAire nach é an costas ach toil an Rialtais. Nuair nach raibh ach an t-aon bhealach teilifíse againn bhí daoine ag rá nach raibh dóthain airgid ann chun na cláir a chur treasna i nGaeilge agus cuireadh an tarna bealach telifís ar fáil. Ag an am sin, an n-aontódh an tAire, go raibh sé i gceist go mbainfí úsáid as an Tarna Bealach chun níos mó clár i nGaeilge a chur amach ach nach ndearnadh e sin agus gur Béarla ar fad beagnach atá ag teacht ó Theilifís a Dó? An n-aontódh an tAire chomh maith nach é moltaí a theastaíonn ag an bpointe seo tar éis na blianta caite ag labhairt faoi seo, ach cláir i nGaeilge? Tá neart moltaí le feiceáil, tuaraseálacha agus aroile agus mholfainn don Aire brú a chur ar Theilifís Éireann airgead a chur ar fáil, mar is í an cheist atá os comhair na Dála ná an bhfuil an Aire sáata airgead a chur ar fáil chun é seo a dhéanamh.

Ba chóir don Aire agus don Teach seo brú a chur ar Thelefís Éireann a ndualgais a chomhlíonadh i leith na Gaeilge ó thaobh clár i nGaeilge ar theilifís, agus go dtí go dtagann an lá sin nuair a bhíonn dóthain clár i nGaeilge, an mbeadh an tAire sásta laghdú 50 faoin gcéad ar na ceadúnais teilifíse sa Ghaeltacht go háirithe go dtí go mbíonn níos mó clár Gaeilge mar caithfidh sé a aontú go bhfuil faillí á dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta de bharr easpa Ghaeilge ar an dteilifís agus go bhfuil sé deacair ar na tuismitheoirí a gclann a thógáil trí Ghaeilge nuair atá Béarla á bhrú isteach sa teach an t-am ar fad ar an ngléas seo.

Rinne an Teachta óráid. Ní ceist é.

An mbeadh an tAire sásta moladh a thabhairt os comhair an Rialtais na ceadúnais teilifíse a laghdú 50 faoin gcéad dóibh siúd atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta go dtí go mbíonn dóthain clár i nGaeilge a gcur amach.

Ó tharla go dtuigeann muintir Shasana an tábhacht atá leis an mBreatnais a chothú agus a choinneáil — chuir siad stáisiún ar leith ar fáil sa Bhreatain Bheag — nach bhfuil sé in am dúinn anois, má tá suim ar bith againn sa Ghaeilge a choinneáil slán, bualadh ar aghaidh díreach le stáisiún a chur ar fáil anseo. Tá moltaí ann cheana mar atá ráite ag Teachtaí eile. Tá moltaí ann ó Bhord na Gaeilge agus níl aon ghá le coistí. Séard a theastaíonn ná gníomh agus airgead agus an bhfuil an tAire sásta an gníomh a dhéanamh agus an t-airgead a chur ar fáil?

Tá suim agam sa cheist seo agus ba mhaith liom bealach lánGhaelach teilifíse a chur ar siul ach tá sé an-chostasach agus níl an t-airgead againn faoi láthair.

An cheist dheireannach.

Is dócha go bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil a lán daoine an-fheargach faoin gceist seo agus go bhfuil daoine sásta téarma a chaitheamh i bpríosún ar son an phrionsabail seo, agus nach bhfuil á lorg acu ach a gcearta faoin Bhunreacht mar gheall ar an chéad teanga oifigiúil. Roinnt bliain ó shin bhí moladh ag RTE go mbeadh 20 faoin gcéad de na cláracha a tháirgítear in Eirinn a bheith as Gaeilge. Anois níl ach 2 faoin gcéad faoi láthair, dhá uair a chloig as 100 uair a chloig atá ann faoi láthair. Níl sé sin costasách ach bhí siad ag caint faoi 20 faoin gcéad. Cathain a bheidh 20 faoin gcéad de chláracha RTÉ as Gaeilge?

Cuidím leis an dTeachta ach caithfidh mé a rá go bhfuil an cheist seo go príomha do RTÉ ar an gcéad dul síos. Ba mhaith liom dá mbeadh breis cláracha as Gaeilge ar an teilifís.

An bhfuil an tAire sásta é sin a mholadh do RTE?

Tá feidhmeanna ag RTÉ chun breis cláracha i nGaeilge a chur ar siúl.

Barr
Roinn