Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Jun 1986

Vol. 368 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Cúnamh Mionsealbhóirí.

10. D'fhiafraigh

den Aire Leasa Shóisialaigh an gcuirfidh sí in iúl do gach iarratasóir ar chúnamh mionsealbhóirí faoin modh cruinn measúnachta maidir le gach cineál ioncaim.

'Sé an módh a úsáidtear chun ioncam as feirm a mhéasú le haghaidh cúnamh dífhostaíochta ná an brabús bliantiúil as an fheirm a chur san aireamh. Chun an brabús seo a mheasú cuirtear san áireamh ioncam na feirme agus as an ioncam sin baintear na costaisí atá riachtanach chun an fheirm a reachtáil.

'Sé a dheineann an t-oifigeach leasa shóisialaigh i gcás fiosrúcháin maoine do mhionshealbhóirí ná go líonann sé foirm ar a ndéanann sé liosta do gach ní d'ioncam breithiúnais san áireamh chun an measú maoine a dhéanamh. De réir socraithe a cuireadh i bfeidhm anuraidh tugtar cóip den fhoirm a líonann an t-oifigeach leasa shóisialaigh do gach mionshealbhóir. Tugtar dóibh freisin sonraí i dtaobh aon ioncaim eile, seachas ioncam na feirme, a chuirtear san áireamh san measú maoine. I dtaobh measúnaithe cruinn roimh Mheitheamh 1985 ní raibh an teolas cláraithe sa chaoí is gur feidir cúntas cruinn a thabhairt. Mar sin fhéin, de réir mar a dheintear athbhreithniú ar maoin mionshealbhóirí tabharfar cúntas cruinn díobh ar a gcuid maoine.

Barr
Roinn