Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Jun 1986

Vol. 368 No. 5

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Phríosúnaigh Fhadtéarmacha ar Pharúl.

11. D'fhiafraigh

ar Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil sé i gceist aici atheagar a chur ar rialacha leasa shóisialaigh chun ligean do phríosúnaigh fhadtéarmacha ar pharúl deontais bhunúsacha leasa shóisialaigh a fháil.

Tá mo Roinn ag scrúdú na gcumhachtaí dlithiúla a bhaineann leis an gcás seo agus táthar ag breithniú na ceiste faoi dheontais bunúsacha leasa shóisialaigh a cheadú do phriosúnaigh fhadtéarmacha a scaoiltear ó phriosún go sealadach. Leasófar na rialacháin leasa shóisialaigh más gá.

An bhféadfadh an tAire a chur in iúl dúinn cathain a bheas an scrúdú seo críochnaithe? Tá a thios aici, dár ndóigh, go bhfuil priosúnaigh atá ar pharúl i láthair na huaire agus nach féidir leo liúntaisí dífhostaíochta d'fháil agus nach bhfuil airgead acu le maireachtaint?

Tá an cheist go léir faoi scrúdú agus déanfaidh mé socrú chun go bhfaighidh siad cothrom na Féinne. Tá súil agam go mbeidh sí críochnaithe gan morán moille, leasmuigh de mhí nó mar sin.

Barr
Roinn