d'Aire na Gaeltachta (a) cé na dátaí ar cuireadh cuntais iomlána ar fáil ó Chomharchumann i nGaeltacht Chonamara (sonraí tugtha) don Roinn i 1982, 1983, 1984, 1985 agus 1986; (b) cén líon scairshealbóirí atá ag an gComharchumann agus (c) cé na deontaisí a íocadh leis an gComharchumann i rith na tréimhse céanna agus na tograí lenar íocadh gach deontas: (i) ó Roinn na Gaeltachta, (ii) ó Údarás na Gaeltachta.
Written Answers. - Comharchumann i nGaeltacht Chonamara.
81. D'fhiafraigh
(a) Fritheadh na cuntais iniúchta i mo Roinnse mar a leanas:
Cuntais don bhliain |
Dáta a fritheadh |
1982 |
Márta 1983 |
1983 |
Eanáir 1985 |
1984 |
Iúil 1985 |
1985 |
Lúnasa 1986 |
1986 |
Níl ar fáil fós |
(b) Tuigtear do mo Roinnse go bhfuil 94 scairshealbhóir sa Ghomharchumann sin.
(c) Deontais — (i) ó Roinn na Gaeltachta: 7 Lúnasa 1984 — £6,000 íoctha mar chabhair chun veain a cheannacli. 21 Lúnasa 1986 — £1,790 ceadaithe mar chabhair chun trealamh oifige a fháil: níor íocadh an deontas sin fós.
(ii) ó Údarás na Gaeltachta: Tada.