Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Dec 1986

Vol. 370 No. 6

Written Answers. - Repayable Loans.

59.

asked the Minister for the Gaeltacht to state (1) the total due to the Exchequer by the former Gaeltarra Éireann and Údarás na Gaeltachta for repayable loans issued up to 31 October 1986: (2) who bore the interest on such repayable loans and the amount of such interest charges to date; and (3) when it is proposed to increase the limit of repayable loans to Údarás na Gaeltachta and if it is proposed to continue with the practice of not charging interest to Údarás na Gaeltachta while the Exchequer compels all other State boards to make their repayments to the Exchequer on repayable loans to them.

(1) Tá airleacain inaisíoctha dar luach £91.116 mhilliún faighte ag Gaeltarra Éireann/Údarás na Gaeltachta ón bPríomh-Chiste ó 1 Aibreán 1965 go dtí 31 Deireadh Fómhair 1986 — £41.791 mhilliún ag Gaeltarra agus £49.325 mhilliún ag an Údarás. Níl an glan-airleacan dar luach £338,283 a fuair Gaeltarra Éireann roimh 1 Aibreán 1965 inaisíoctha.

(2) Faoi alt 23 (c) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra tar éis 1 Aibreán 1965 ná aon airleacan a thabharfar don Údarás inaisíoctha (ná ní bheidh ús iníoctha ar an gcéanna) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh le Aire na Gaeltachta. Is é an tAire Airgeadais ar mholadh ó Aire na Gaeltachta a eisíonn na hairleacain don Údarás agus is ar an Stát-Chiste a thiteann costas an úis i leith na n-iasachtaí a fuarthas chun na hairleacain sin a thabhairt. Ní bheadh sonraí faoin tsuim atá i gceist ag mo Roinnse.

(3) Beidh sé riachtanach Bille a chur faoi bhráid an Oireachtais chun an uasteorainn de £50 milliún d'airleacain don Údarás a mhéadú agus tá breithniú á dhéanamh ar an gceist faoi láthair.

Barr
Roinn