Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 15 Nov 1988

Vol. 384 No. 2

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

2.

asked the Taoiseach the number of officials of Údarás na Gaeltachta who resigned from that body to become directors or staff of a company (details supplied); and if the same officials processed the original application for a grant.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil feidhmeannach dá chuid roghnaithe — trí chomórtas oscailte — chun bheith mar bhainisteoir ginearálta ar an gcuideachta i gceist; go bhfuil an duine áirithe sin fostaithe ag an Údarás go fóill ach go bhfuil ar intinn aige éirí as a phost san eagraíocht sin; agus go raibh baint aige, mar chomhalta de bhuíon oibre laistigh den Údarás, le cur chun cinn an togra. Is é an tÚdarás féin faoi réir cead an Aire a chinn go rachfaí ar aghaidh leis an tionscnamh ar mholadh ó ardbhainistíocht na heagraíochta.

Cé mhéad duine atá i gceist, duine amháin nó beirt?

Duine amháin.

An bhfuil an tAire ábalta deimhniú don Teach go bhfuair an comhlacht sin breis is £500,000 ón Údarás?

Mar fhreagra ar cheist na seachtaine seo caite thug mé na figiúir ar fad maidir leis na méid airgid atá caite ag Telegael; tá £200,000 á úsáid acu chun videos agus rudaí mar sin á chur ar fáil a mbeidh bunadh Gaeltachta leo.

An bhfuil an tAire ag rá don Teach nach bhfuair an comhlacht ach £200,000, gur thug an tÚdarás deontas den méid sin dóibh nó £500,000?

Ní bhaineann sé sin leis an gceist atá thíos ag an Teachta. Thug mé an t-eolas sin an tseachtain seo caite. Séard atá san chomhlacht seo ná comhlacht atá curtha ar bun idir an Údarás agus RTÉ, agus tá sé d'aidhm acu cuidiú le cláracha Gaeltachta agus videos a bhainfeadh leis an Ghaeltacht a chur ar fáil. Sin an rud atá i gceist.

Arising out of what the Minister of State has said, and in view of the fact that the Chair disallowed two questions I had on the subject on the basis that they were responded to last week and that no amount of capital has been mentioned in those responses, my question to the Minister today is relevant and pertinent.

The Deputy is deviating from the subject matter of the question.

I have been misinformed by the Chair, unintentionally, and by the Minister of State. How do I get redress?

The Deputy knows how to proceed at Question Time, by way of supplementary question.

I am the most orderly Deputy in the House.

If the Deputy is dissatisfied he has a way out.

Tá mé sásta na figiúir a thug mé an tseachtain seo caite a thabhairt don Teachta arís. Tá £40,000 ag Údarás na Gaeltachta sa chomlacht, bhí £5,000 ag RTÉ; stiúrthóir bainistíochta £15,000; stiúrthóir teicniúil, £10,000; agus fostaithe eile, £10,000.

An bhfuil an tAire sásta gur dhein an fear sin an rud ceart. Bhí sé istigh nuair a bhí na deontais á dtabhairt don chomhlacht. Ansin d'éirigh sé as agus anois tá sé san chomhlacht atá á chur suas. An bhfuil an rud sin ceart?

Bhí comórtas oscailte ann le bainisteoir a thoghadh don chomhlacht seo. Chuir an duine seo isteach ar an bpost agus fuair sé é. Bhí sé i dteideal an post a fháil.

Barr
Roinn