den Aire Leasa Shóisialaigh an bhfuil sé fíor go bhfuil íocaíochtaí cúnaimh dífhostaíochta á laghdú de bharr teacht isteach ó scoláirí Gaeilge a choinneáil sa teach.
Written Answers. - Íocaíochtaí Cúnaimh Dífhostaíochta.
Faoi alt 146 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1981, mar atá sé leasaithe ag alt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2) 1985, caithfear gach ioncam airgeadais a bhféadfaidh iarrthóir do chúnamh dífhostaíochta nó a c(h) éile súil a bheith aige/aici go réasúnach a fháil i rith na bliana ina dhiaidh sin, taobh amuigh de neithe faoi leith atá eiscithe faoin Acht, a mheas mar achmainn.
Caithfear an t-ioncam a fhaigheanna iarrthóirí de bharr lóistín a chur ar fáil do mhic léinn atá ag freastal ar chúrsaí teanga san Ghaeltacht a mheas mar acmhainn faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Is é an méid glan, áfach, a gheobhadh an t-iarrthoir tar éis dó/dí na costaisí uilig a bhaineann le soláthar an lóistín a bhaint as an ollmhéid, a meastar mar acmhainn. Roinntear an méid glan seo, maraon le acmhainn eile an iarrthóra, ar 52 chun acmhainn seachtainiúil an iarrthóra a fhail.
Is gnáth nach mbíonn sochar rómhór ón a leithéid seo de ghnó agus is beag é an t-acmhainn a meastar as. Is fíorannamh iad na cásanna ina mheastar achmainn ó ghnó den chineál seo.