Ar an gcéad dul síos, deirim go cuireann sé déistin orm i gcónaí a laghad Teachtaí tofa a thagann isteach go dtí an Teach seo. Ní raibh aon chontúirt ann go mbeadh díospóireacht iomlán Gaeilge ann. Tá sé ar chuid den chur i gcéill atá sa Teach seo le fada. Le déanaí bhí mé ag scríobh píosa faoi scríobh Bhunreacht na hÉireann i 1937, agus labhair an tUasal MacDermot ar an ócáid seo ar a laghad daoine a bhí ann. Fiú amháin, ghlaoigh Éamon de Valera féin orthu a bheith i láthair chun an díospóireacht i nGaeilge a chur ar aghaidh agus, mar a dúirt duine éigin, mar sórt coimre a dhéanamh air, "They folded their tents like Arabs and left when the debate switched to Irish". Cuireann sé déistin orm. Níl sé de nós agam míchompord a chur ar dhaoine, ach bhí mé ag smaoineamh, agus tá mé ag smaoin eamh fós, ar chóir dom iarracht a dhéanamh don díospóireacht seo? Tá sé de dhualgas ar, go háirithe, an Rialtas a bheith dáiríre faoin díospóireacht seo. B'fhéidir gur cheap siad nach mbeadh an díospóireacht seo ann agus go raibh sé socraithe suas le Fine Gael an rud a chur ar aghaidh ar an nod, agus mar sin de. Ach is maith liom a rá agus a dhéanamh soiléir go mbeidh mo pháirtí ag cur i gcoinne an Bhille seo, de bharr cúiseanna áirithe. Ar an gcéad dul síos, tá sé deich mbliana ó cuireadh an tÚdarás ar bun.
Rinne mé féin a lán iarrachtaí a fháil amach an raibh sé ar intinn ag na hAirí Gaeltachta éagsúla a bhí i gcumhacht Bille 1979 a leasú. Tá sé agam anseo, agus an díospóireacht i 1979. Ach bhí sé an-soiléir go raibh míthusicint i gceist. Ar bhealach amháin dúirt, agus is cara dom é, an tAire Stáit faoi láthair ag Roinn an Taoisigh, go minic, nach bhfuair sé aon iarratas ón Údarás roinnt cumhachtaí breise a fháil. Ag an am céanna bhí ball tofa dá pháirtí féin ar Raidió na Gaeltachta ag rá go raibh sé ag fanacht ar an Roinn chun moltaí a chur ag aghaidh cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás. Ar ócáid eile dúirt sé go poiblí go raibh moltaí curtha ar aghaidh ón Údarás faoi chumhachtaí breise.
Cé aige a bhfuil an fhírinne? Ceapaim go raibh an tAire Stáit ionraic nuair a bhí sé ag tabhairt freagraí domsa, agus glacaim leis sin. Ach tá míthuiscint an-mhór ann faoin rud. Chun sórt coimriú a dhéanamh ar an bpointe seo, is rud fíorscannalach é nach mbeadh díospóireacht neamhspleách faoi riachtanais na nGaeltachtaí éagsúla. Tá Gaeltachtaí agus Gaeltachtaí ann, ach má tá tú ag caint faoi na "Gaeltachtaí Oifigiúla", is iontach an rud é nach mbeadh an seans againn na coinníollacha sóisialta eacnamaíochta agus cultúrtha taobh istigh de na Gaeltachtaí sin a phlé. Aon duine atá dáiríre faoin scéal, ba chóir go dtógfadh sé nó sí san áireamh an méid daoine atá anseo faoi láthair ag éisteacht leis an díospóireacht. An gceapann éinne go mbeadh an seans céanna aige bunfhíricí na Gaeltachta a thabhairt chun tosaigh nuair a bheadh an díospóireacht ar siúl do fheachtas na hEorpa? Dáiríre, séard atá i gceist ná sórt straitéise chun na vótálaithe a thabhairt amach. Ar bhealach, lig an Teachta McGinley an cat as an mála nuair a dúirt sé go mbeadh sé i bhfad níos éascaí na vótálaithe a thabhairt amach má tá an dá rud ar siúl ar an lá céanna.
Is iontach an méid atá tar éis tarlú taobh istigh den réimse ama sin a bhfuil an tÚdarás ann, deich mbliana, mar a dúirt mé. Ar an gcéad dul síos, tá an ráta imirce imithe i méid go mór. Ní chuireann sé as don a lán daoine, go háirithe daoine anseo, mar níl aon áit sa tír a bhfuil an cur i gcéill nó an sórt dalladh mullóige atá á chur ar na heagrais éagsúla atá ag plé le hathbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta ná seo. Is féidir a rá, mar shampla, nach bhfuil clóscríobhaí ag an gComhchoiste don Ghaeilge faoi láthair. Nuair atá an rúnaí ag cur fógraí amach caithfidh sé iad a chur amach i lámhscríbhinn mar nach bhfuil éinne ann chun cabhair a thabhairt dó, chun fiú amháin clóscríobhán a úsáid. Mar sin, tá na tuarascálacha go léir ann, ón gcéad chomhchoiste, an dara comhchoiste, go léir i gcló, ag brath ar acmhainní éigin ar chóir iad a chur ar fáil chun na moltaí éagsúla a chur in éifeacht.
Is cuma liomsa cén Rialtas atá i gcumhacht, má tá tú ag caint faoi athbheochan na Gaeilge. Níor dearnadh tada sa Teach seo, agus níl aon chabhair á tabhairt faoi láthair, fiú amháin sa Teach seo, don Ghaeilge. Tá sé de nós, mar shampla, ag an gcuid is mó de na Teachtaí sa Teach seo éirí iontach mífhoighneach ar fad nuair atá tú ag caint Gaeilge. Is cuimhin liom nuair a chuir mé féin ceisteanna síos don Taoiseach, Aire na Gaeltachta, nach labhraíonn go minic i nGaeilge sa Teach seo, agus a thóg cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air féin mar go raibh an grá aige don Ghaeilge chomh mór sin. Tá sé de nós ag daoine rith as an áit, fiú amháin na hiriseoirí. Fanann duine nó beirt. Lá amháin d'fhan ceathrar, rud a chuir iontas orm. Rinneadh stair ar an ócáid sin.
Dá bhrí sin ar bhealach tá sé "consistent" ar fad don Rialtas agus an príomh-pháirtí san Fhreasúra a bheith ar aon aigne faoi gan díospóireacht a ligean le muintir na Gaeltachta faoi láthair ar dí fhostaíocht, imirce, drochbhóithre, mar a luaigh an Teachta Molloy, easpa fhorbairt chalafort, easpa aon chóras pleanála, aon pholasaí cultúrtha, easpa cheartanna, dáiríre. Ní bheadh aon díospóireacht ann, mar nach mbeadh sé áisiúil. B'fhéidir go leanfaidh na baill ainmnithe ar aghaidh go tréimhse bheag eile. Dá mba rud é go raibh ciall ag baint leis an bplean na toghcháin do Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin Eorpacha a bheith ar an lá céanna, cén fáth nár cuireadh plean ar bith faoi na Gaeltachtaí don Eoraip? Chuir mé ceist síos faoi. Bhí duine de na hoifigigh as Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú ar an gcoiste comhairle i nGaillimh agus, an coiste comhairle bocht, níor imigh an plean a cheap siadsan ar aghaidh, fiú amháin, don Eoraip. Ach níor dearnadh tada faoi thaighde a dhéanamh do riachtanais na Gaeltachta, leibhéal eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha. Táimid sleamhnaithe siar go dtí an cúpla focal arís, ag tús óráidí, ag deireadh óráidí, nó b'fhéidir chun cúpla focal a rá do na turasóirí. B'fhéidir go labhródh an Taoiseach Gaeilge sa tSeapáin.
Tá agus bhí laigí móra ag baint leis an Údarás ó thús. Ar an gcéad dul síos, seachtar tofa atá ann, seisear ainmnithe, agus tagann an cathaoirleach as an seisear sin. An chéad rud, nach raibh seans ann, mar shampla, neamhspleáchas a thabhairt don chathaoirleach. Cén fáth nach mbeadh an cathaoirleach tofa i measc na mball ar fad, gan a bheith tofa as na daoine ainmnithe. Mar shampla, agus ceapaim go bhfuil an tAire féin, fear ón nGaeltacht féin, báúil don mhéid seo — bhí laige mhór ag baint leis an dualgas agus an chumhacht a bhí ag an Údarás i leith cúrsaí cultúrtha, mar shampla. An chuid den Acht 1979 a bhaineann leis seo tá sé in alt 9 (1):
For the purpose of promoting the economic, social, cultural, linguistic and physical development of the Gaeltacht, an tÚdarás shall have, in addition to the functions specified in this Act, apart from this section, such powers as are conferred on it by order made by the Government.
Dá gcuirfí díospóireacht ar bun, bheadh seans againn na ceisteanna seo a chur: Cad iad na cumhachtaí breise a tugadh don Údarás? Cad iad na cumhachtaí breise a lorgaíodh ón Aire? Cad iad na cumhachtaí breise a bhí á dtairiscint ag an Roinn don Údarás? Cén fáth nár tugadh na cumhachtaí breise, go háirithe i leith cúrsaí cultúrtha?
An deacracht a bhain leis an ghné sin de, in Acht 1979 bhí sé ann ar nós na "social aspirations" i mBunreacht na hÉireann arís: "to cherish all the children of the nation equally", and the other pieces of "guff" which were thrown in for Catholic social teaching of the 1930s padding i mBunreacht na hEireann. Díreach an rud céanna atá in Acht 1979. Níor tugadh an t-airgead don Údarás chun an aidhm seo a bhaint amach, go díreach, mar bhí ceist thíos agam sa Dáil mar gheall air. Fuair mé freagra air agus sheol mé litir chuig an Údaráis féin, agus fuair mé freagra ar an litir sin. Is é a d'fhiafraigh mé ná an raibh sé ar intinn ag an Aire duine a fhostú chun an aidhm a luaitear in alt 9.1. a bhaint amach. Bhí an freagra mar is gnáth "go gcaithfear aidhmeanna ginearálta an Údaráis a bhaint amach i gcomhthéacs an chiste atá curtha ar fáil dóibh ó bhliain amháin go bliain eile" agus mar sin de. Caithfidh an uile rud géilleadh do na deacrachtaí eacnamaíochta atá á bhfulaingt ag an tír faoi láthair. Is é a tharla ná gur déanadh tagairt in alt den Acht agus nár tugadh aon chumhacht chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích. D'fhéadfainn samplaí eile a thabhairt daoibh. Tá an cheist amhlaidh maidir le cumhachtaí eile atá de dhíth ar an Údarás.
Tá míthuiscint ann sa mhéid seo. Ní amháin nach bhfuil muintir na Gaeltachta ag fáil a gcearta ó thaobh bun-sheirbhisí de, go háirithe i gcúrsaí tithíochta, ach is é an tuairim atá ag roinnt údarás áitiúla ná nach orthu atá an cúram seo, toisc go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann. Mar shampla, níor bhunaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon scéim tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe. Cén fáth nár cuireadh aon scéim tithíochta poiblí ar bun leis na blianta? Tá an-chuid daoine san Údarás atá dáiríre faoin obair atá ar siúl acu agus d'iarr siad ar an Roinn agus ar Airí éagsúla cumhachtaí i leith tithíochta a ghéilleadh dóibh faoi Acht 1979. Níl deis againn an cheist seo a phlé, ach oiread.
Do chríochnaigh an Teachta Molloy a chuid cainte ar cheist seo na mbóithre. Ábhar grinn é seo i nGaeltacht Chonamara faoi láthair. Meastar nach fada eile go mbeidh daoine ag dul ag iascaireacht sna "potholes", nuair a cheadófar an caitheamh aimsire seo arís. Bhí mé féin i mo bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe le blianta agus tugadh an freagra céanna ar an gceist seo i gcónaí, go gcaithfear na bóithre go léir a dheisiú as an méid airgid a fhaightear ón Roinn, nach bhfuil aon chiste speisialta ann do bhóithre na Gaeltachta.
Tá daoine ag magadh faoi mhuintir na Gaeltachta faoi láthair agus á maslú nuair a deir an mhuintir sin go mbeidh cothromáiocht acu i ndíospóireacht ar bith faoi chúrsaí Eorpacha agus faoi chúrsaí Gaeltachta. Luafaidh mé sampla eile. In Imleabhar Oifigiúil 309, go h-áirithe idir cholúin 35 agus 38 luaigh an Teachta Horgan ag an am go mba fiú smaoineamh ar chúram cúrsaí oideachais, mar shampla, laistigh den Ghaeltacht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.
Rinne an Teachta McGinley tagairt don obair atá ar bun ag Muintearas na nOileán i Litir Mealláin agus na téacsleabhair atá á gcur ar fáil acu. Níl siollabas na gcúrsaí nua ar fáil trí Ghaeilge fós sna scoileanna. Ní amháin nach bhfuil na leabhair ann do na daltaí, go háirithe ag an dara leibhéal ach deir na clódóirí go bhfuil a lán de na leabhair as cló agus nach bhfuil aon ullmhúchán déánta chun leabhair a chur i gcló ina n-áit. Ach níl siollabas ar fáil go fóill agus mar is gnách, tá sí ina chúis achrainne idir an Roinn agus an curriculum board maidir le cé acu an bhfuil an cúram seo orthu. An t-aon toradh atá air seo, ná nach bhfuil an siollabas ar fáil ag na Gaeilgeoirí oifigiúla — masla eile do mhúinteoirí, do scoileanna, do pháistí agus do mhuintir na hÉireann agus do aon duine eile a bhfuil suim aici nó aige i dteagasc na Gaeilge.
Is féidir liom é seo a dhearbhú mar tá an fhianaise agam féin. Tá triúr de mo chlann féin ag freastal ar scoil lán-Ghaelach agus tuigim go maith a bhfuil le fulaingt acu toisc nach bhfuil a gcearta ó thaobh oideachais de, ar fáil dóibh sna scoileanna—polasaí scannalach, leisciúil bréan, mí-dhleathach, chun an fhírinne a rá. Os rud é go bhfuil suim ar leith ag an Aire sa cheist seo beidh sé spéisiúil freagra a fháil ón Aire Rialtas Áitiúil atá i mbun an Bhille seo. An bhfuair sé comhairle ón Eoraip an dá rud a reachtáil ar an lá céanna, agus an bhfuil siad ansásta leis an seift?
Nár hiarradh nuair a bhí na bunullmh-úcháin ar siúl do thoghcháin na hEorpa, nach mbeadh aon toghchán eile ar siúl ar an lá céanna? Ghlac baill eile an Chomhphobail leis sin ach is féidir linne a rá leo go bhfuil toghcháin eile ar siúl ach nach bhfuil morán tábhachta ag baint leo; baineann siad le muintir na Gaeltachta. Is fiú freagra a fháil ar an mionphointe dlí sin. Ar ndóigh, amach anseo, beidh sé de cheart ag muintir na Gealtachta dul go cúirt na hÉorpa chun a gcearta a bhaint amach. Tá fear óg i Loughan House faoi láthair toisc gur dhiúltaigh sé fineáil a gearradh air a íoc, de bharr staid na mbóithre. Sin mar a chaitear i gcónaí le muintir na Gaeltachta. Iarradh orthu, sa seanchóras polaitíochta, a bheith sásta glacadh le bun riachtanaisí ar bhonn deonach. Bheidís i dtuilleamaí na bpolaiteoirí éagsúla. Ach tá bunchearta acu, ó thaobh oideachais agus tithíochta de.
Fillfidh mé ar laige eile in Acht 1979. Cá háit, san Acht sin, a dtugtar cúram don Údarás córas pleanála ceart a bhunú? Deirtear ann go bhfuil sé de cheart ag an Údarás comhairle a thabhairt agus tá daoine ainmnithe ann chun labhairt ar son an Rialtais agus bíonn na hoifigigh ann chun an scéal a thabhairt ar ais, ar eagla go dtárlódh rud ar bith. Thairis sin, cén córas pleanála atá ann? An mó duine atá fostaithe faoi láthair ag plé le cúrsaí pleanála san Údarás? Céard a tharla do na moltaí a sheol ceardchumainn an Údaráis chuig na hAirí éagsúla leis na blianta ag lorg athstructúrú ar an Údarás? An bhfuair siad freagra? Mar shampla, ní rabhadar ró-shásta leis an gcaoi ina raibh eolas ag sleamhnú amach ón Údarás, go minic trí bhéal na mball tofa éagsúla. Dúirt lucht bainistíochta liom ar ócáid amháin nach féidir aon rud a dhéanamh, mar ar láimh amháin bhí na pleananna ag sleamhnú amach agus ar an láimh eile ní raibh cead acu aon rud a dhéanamh. Cén sórt boird a cheapfá in aon chor a bheith ann? Is cuimhin liom, i 1979, nuair a rinneadh comparáid idir an Highlands and Islands Board agus údaráis mar iad. An bhfuil cúrsaí chomh sona sásta go nglacaimid ag an bpointe seo dul ar aghaidh leis na toghcháin agus gan aon díospóireacht a bheith againn ar na pointí a luaigh mé? Sin an chéad chúis go bhfuil muidne i gcoinne na toghcháin a chur ar aghaidh ar an lá céanna.
Ceapaim, agus ceapann Páirtí an Lucht Oibre, go bhfuil cúrsaí na Gaeltachta á gcur faoi cheilt, go bhfuil siad á múchadh, nach mbeidh seans ag gnáthmhuintir na Gaeltachta a dtuairimí a nochtadh faoi na hábhair a luaigh mé. Tá áiteacha taobh istigh den Ghaeltacht a bhfuil eolas agam féin fúithi, is í sin Gaeltacht Chonamara, agus tá siad beagnach bánaithe faoi láthair le himirce. Aon sampla beag amháin de chúram an oideachais dá mba rud é go raibh sé ag an Údarás, Gairmscoil Cholmcille in Indreabhán, tá ar na páistí sa scoil dara leibhéal sin dul thar an mbóthar sé nó seacht nó ocht n-uaire sa lá chun freastal ar dhá mhonarcha atá ar léas ag an VEC ó Údarás na Gaeltachta do chuspóirí oideachais. Deirtear go minic go bhfuil siad anois ag barr an liosta. Sin an rud atá ag tarlú faoi láthair — togha scoile; tá na torthaí ann, tá na daoine an-fhial don chóras atá ann; tá na múinteoirí den chéad scoth, agus mar sin de. Caithfidh siad dul thar an mbóthar. Níl aon seomra don fhoireann teagaisc. Níl aon áit le haghaidh chaitheamh aimsire agus mar sin de. Tá an trealamh go léir acu chun éargna a mhúineadh ach níl aon spás acu san fhoirgneamh atá ann.
An botún is mó rinne muintir Indreabhán agus muintir na Gaeltachta i gcoitinne go rabhadar ró-fhial don sean-dream. Arís, bhí cruinniú mór acu i bhFaiche Mhór na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin. Labhair duine den Údarás, ball tofa de chuid Fhianna Fáil. Sheas sé suas agus ar seisean, "Tá mise ag troid i gcónaí ar an Údarás chun córas farantóireachta ceart a chur ar fáil ó Oileán Árann do chathair na Gaillimhe". Níl aon chumhacht ag an Údarás tada a dhéanamh. Bhí an tAire Stáit amuigh in Oileán Árann mí roimhe sin agus dúirt sé, "Is féidir liomsa an méid seo a gheallúint daoibh, tá an rud seo á chur isteach faoi láthair don Structural Fund". Cúpla bliain ó shin tháinig deus ex machina, an Taoiseach féin as héalacaptar, agus dúirt sé leo, “Beidh córas taistil ceart agaibh”. Cathain a thiocfaidh stop leis an sórt magaidh seo ar mhuintir na Gaeltachta?
Luaigh an cainteoir romham, an Teachta Molloy, na rialtais áitiúla. Tá sé an-suimiúil. Bunfhoirmeacha atá ag teastáil chun gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, níl siad ar fáil ach ó rialtas áitiúil amháin, Comhairle Chontae an Chláir. Níor lean na rialtais áitiúla eile sampla Chontae an Chláir, agus tá siad ag cur foirmeacha amach i mBéarla do dhaoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí agus, níos measa fós, tá siad ag aistriú ainmneacha daoine ón leagan Gaeilge go dtí an leagan Béarla. Níl de cheart agat sa tír seo, sna Gaeltachtaí, fiú amháin do ainm a bheith agat go hoifigiúil ó roinnt rialtas áitiúil ar fhoirm Ghaeilge. Nach iontach an dul chun cinn atá déanta againn. B'fhéidir gur maith an rud é; beimid ag gearradh síos ar na costais más rud é go mbeidh na toghcháin ar siúl ar an lá céanna. Bille beag atá i gceist. Rud beag atá déanta.
An chéad fáth, mar a dúirt mé, go bhfuil muidne i gcoinne an Bhille seo náan gá atá le díospóireacht iomlán do chúrsaí na Gaeltachta. An dara rud, is aisteach an rud é gur bhuail an taom isteach i gceann an Aire timpeallachta, is é sin, ón Roinn Comhshaoil. Why this sudden inspiration? Tá sé de cháil aige go dtagann smaointe uafásacha chuige go minic. Ach cén fáth nach raibh an méid seo ciallmhar cúpla mí ó shin? Cén fáth go bhfuil sé ag tarlú anois? Is ceart gan a cheapadh gurb é an sórt cuspóra atá leis ná an vóta, mar a dúirt an Teachta McGinley, dealagáid de Fhine Gael, chomh maith, an vóta a tharraingt amach. "Winkle them out for the Údarás and European elections at the same time." That's what is all behind it.
Ceist bheag eile. Ó thaobh an méid ama a bheadh ar fáil ar raidió agus teilifís, dá mba rud é go raibh tú mar ghnáthdhuine, mo dhála féin, sa dá fheachtas, agus dá mba rud é go raibh sé ag teastáil uaimse argóintí a chloisteáil do thoghchán Údarás na Gaeltachta, cá mhéad clár a thabhairfaí do thoghchán Údarás na Gaeltachta ar theilifís, ar raidió? Cá mhéad colún sna páipéir nuachta? Is fiú an cheist sin a chur.
Céard faoin bhfeachtas don Eoraip? Is féidir a rá go mbeidh an sórt fealsúnachta ag baint leis an bhfeachtas don dá rud. Más fíor sin, cén fáth nach ndearnadh tada do riachtanais na nGaeltachtaí a luadh sa bhunphlean a cuireadh ar aghaidh go dtí an Bhruiséil? Agus cén fáth nach bhfuil iarrthóirí don Eoraip, agus tá eisceachtaí ann, ag caint i nGaeilge sa Ghaeltacht? Tá an Teachta Molloy ann. Bhí sé ag caint ag cruinnithe i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar don Eoraip. Tá iarrthóirí Pháirtí an Lucht Oibre sásta Gaeilge a labhairt. An mbeidh seans ag muintir na Gaeltachta na hiarrthóirí a chlos i nGaeilge? Beidh sé suimiúil eolas a fháil ina dtaobh. B'fhéidir go bhfuil saintréith ar leith ag na hiarrthóirí atá ag seasamh don Eoraip sa mhéid nach dteastaíonn uathu éisteacht le muintir na Gaeltachta.
Ba mhaith an rud dá mbeadh spreagadh eacnamaíochta buan i gceist agus go bhféadfaí réiteach fiúntach a fhail ar fhadhb na dífhostaíochta, ar fhadhb na himirce, ar fhadhb an bhochtanais, ar fhadhb na mbunstructúr, ar fhadhb an easpa tithíochta agus ar an bpraiseach atá déanta d'oideachas ar gach leibhéal; dá mbeimís i ndáiríre faoi cheartanna a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ionas nach mbeidís dá gcur i bpríosún nuair nach bhfuil siad sásta faoin méid atá á fháil acu; fiú amháin dá mbeimís sásta ceist córas cumarsáide don Ghaeltacht a phlé. Tá díospóireacht ann maidir le soláthar scéim teilifíse Ghaeilge nó scéim teilifíse Ghaeltachta agus creidim go bhfuil a lán daoine, fiú amháin sa Rialtas, i ndáiríre faoin gceist seo. Measaim féin go bhfuil na hargóintí is treise ar thaobh scéim teilifíse Ghaeltachta, ach ní bheidh an t-ábhar seo á phlé.
Cad iad na leasuithe a ba chóir a dhéanamh ar Acht 1979 maidir le cúrsaí cumarsáide? Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar phointe dlí freisin, maidir le Acht 1979. Ní raibh mé soiléir riamh faoi phointe bunreachtúil amháin a bhaineann leis an Acht seo, maidir le sainmhíniú na Gaeltachta. Tá dualgaisí áirithe ar an Roinn Comhshaoil maidir leis an mBunreacht agus i dtaobh na nAchtanna um thoghcháin ach tá sé beagáinín doiléir. Abair go dtabharfaí cás os comhair na cúirteanna idir bheirt; duine amháin acu a cheap go raibh sé ina chónaí i nGaeltacht oifigiúil agus duine eile a cheap go raibh sé ina chónaí i bhfíor-Ghaeltacht, áit a raibh Gaeilge á labhairt sna teaghlaigh. Arbh fhéidir an dá sórt ceartanna a chur i gcomhréir?
I Namibia, fiú, tá iarracht á dhéanamh le go mbeadh an modh cláruithe soiléir agus macánta. Dúirt an Teachta Gallagher faoin Acht 1979 go raibh sé sásta seans a thabhairt do na breac-Ghaeltachtaí. Ba mhaith liom a bheith an-bheacht sa mhéid a deirim — Gaeltachtaí bréaga atá i gceist agamsa. Cén fáth nár tugadh deis roimh na toghcháin chun na treoracha a mheas arís agus chun léarscáil ceart a chur ar fáil? Is féidir fíor-Ghaeltachtaí agus breac-Ghaeltachtaí agus Gaeltachtaí eile a bheith ann, ach níl baint ag aon tír eile leis an cur i gcéill a deireann gur de bharr cúiseanna tíreolaíochta, stairiúla agus polaitiúla atá Gaeltachtaí ann nach bhfuil Gaeilge á labhairt iontu. Níor pléadh é seo.
Ní bheidh deis againn arís díospóireacht a bheith againn i dtaobh Acht 1979. Ní bheidh deis againn ach oiread cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a phlé. Ní bheidh fáil againn ar na meáin chumarsáide ach chomh beag. Ní bhfuaireamar seans éisteacht leis na codanna sin den tír ina bhfuil an ráta dífhostaióchta agus an ráta imirce i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta.
Tá a lán daoine ag ullmhú do thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Tá sé ar intinn ag Páirtí an Lucht Oibre iarrthoirí a chur ar aghaidh don chéad uair. Ní dhearnamar an uair dheiridh é toisc gur chreideamar go mba chóir go dtiocfadh na hiarrthoirí ón nGaeltacht féin. Ach is iontach an dearcadh atá ar fáil ar an Údarás, maidir le buntáistí agus míbhuntaistí atá ag gabháil leis, ó nuachtáin agus Raidió na Gaeltachta, agus ó ráitisí ó ionadaithe neampspleácha ar nós Peadar Ó Tuathail as Cumhacht.
Tuigeann na hoibrithe go léir laistigh den Údarás an rud atá ag teastáil. Tá tuarascáil an-fhiúntach curtha le chéile ag an ceardchumann is mó. Bhí moltaí ann i dtaobh bhunstructúr an Údaráis fhéin, faoi fheidhmeannaigh nua, agus déanadh trácht ar laigí an Údaráis. Níor tugadh aird ar bith air, faraor. Tá ualach agus cúram an fheidhmeannais ar na daoine seo ach ní thugtar seans dóibh rud ar bith fiúntach a dhéanamh. Bhí súil acusan leis, le díospóireacht. Níl sé ar intinn ag aon tír na toghcháin a reachtáil ar an lá céanna. Thar aon ní eile, tá sé scannalach agus maslach gan an deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus dóibh siúd a bhfuil suim acu in athbheochan na Gaeilge, díospoíreacht neamhspleách a bheith acu. Is ar an gcúis seo atá baill Pháirtí an Lucht Oibre ag cur in gcoinne an Bhille seo.