Tá Corr Iasc Teo, fochuideachta faoi lánúinéireacht Údarás na Gaeltachta atá ag gabháil don tionscal oisrí, ag feidhmiú ag dhá ionad ar leith, i.e., i gCuan na Gaillimhe agus i gCuan an Inbhir, na Muingí, Contae Mhaigh Eo. Bhí fiontar nach beag ag gabháil leis an togra seo ó thús agus tuigim ón Údarás go raibh deacrachtaí nach rabhthas ag súil leo sa ghnó ó bunaíodh é i 1987 — idir laghdú i bpraghas oisrí agus síol oisrí agus fadhbanna suímh. Ar ndóigh chuir siad sin isteach go mór ar an gcuideachta. Tá beirt ag obair sa ghnó anois — duine amháin i gContae Mhaigh Eo.
Tuigtear ón Údarás gur tugadh cuidiú — idir scaireanna agus deontais — de thimpeall £600,000 don chuideachta go dtí seo. Chomh maith leis sin cuireadh áiseanna ar chostas £282,000 ar léas don chuideachta ag na Muingí.
Tá an tÚdarás sásta go bhfuil áiseanna luachmhara agus teicneolaíocht fhiúntach ag an gcuideachta agus tá na roghanna maidir le todhchaí an tionscail á scrúdú acu. San idirlinn táthar ag súil leis an gnó a choimeád ar siúl ar scála laghdaithe.