Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Mar 1992

Vol. 417 No. 5

Written Answers. - Tionscal do Ghleann Cholm Cille (Dún na nGall).

96. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil socrú tionscal a lonnú i monarcha na mart i nGleann Cholm Cille; cén sórt tionscail atá i gceist; an dáta ar ceadaíodh an tionscal; agus cén uair a bheas sé faoi lánseol.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta: go bhfuil tionscal siúinéireachta le dul i mbun gnó sa mhonarcha i gceist — atá athchóirithe agus innealra nua curtha isteach inti ag na príomhaithe — thart faoi dheireadh na míosa seo; gur ceadaíodh an togra sin sa chéad dul síos i mí an Mheithimh 1990, gur ceadaíodh cúnamh breise dó i mí Aibreán 1991 ach go raibh moill lena thosú; agus go meastar go mbeidh an tionscal faoi lánseol laistigh de sé mhí nó mar sin ó dháta a thosaithe.

Barr
Roinn