Baineann scéimeanna agus caiteachas mo Roinnse le forbairt na Gaeilge. Ar ndóigh, baineann cuid de na scéimeanna sin go hindíreach leis an nGaeilge féin, mar shampla scéimeanna chun bunstructúr na Gaeltachta a fheabhsú agus scéimeanna i ndáil le forbairt tionscail sa Ghaeltacht. Is ar mhaithe le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dhúchais — sa Ghaeltacht agus lasmuigh de — áfach, atá cúnamh á chur ar fáil tríd mo Roinne.
Tá scéimeanna eile mar shampla (i) Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha (soláthar £2 milliún i 1992); (ii) Cúnamh Do Bhord na Gaeilge (soláthar £1.5 milliún i 1992); (iii) Cúnamh d'Eagrais Dheonacha Gaeilge (soláthar £1.75 milliún i 1992); (iv) Scéimeanna Cultúrtha éagsúla as Ciste na Gaeilge (soláthar £1.84m i 1992); a baineann go díreach le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dhúchais agus is léir ón soláthar airgid atá curtha ar fáil i mbliana (.i. £7.09 milliún) go bhfuil tacaíocht nach beag á tabhairt don Ghaeilge go díreach ag mo Roinnse.
Níl buiséad ar leith ag Udarás na Gaeltachta i leith cur chun cinn na Gaeilge ach tá breis agus £15.5 milliún (le haghaidh caiteachas chaipitil agus reatha) curtha ar fáil ag an Stát don Udarás i mbliana le caitheamh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht go príomha trí fhostaíocht a chur ar fáil agus a chaomhnú.