Tá mé buíoch den Teachta as an oiread suime a nocht sé, mar tá an spéis i gcúrsaí teilifíse for-leathan sa tír seo. Is cóir dó na moltaí atá agam i leith theilifís na Gaeilge a chur in gcomhthéacs na nithe eile atá á ndéanamh agam, is é sin, beidh tábhacht ag baint le fís teilifíse, le cúrsaí scannánaíochta, mar is cóir na nithe atá ar siúl agam a thógáil le chéile. Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé ag obair air seo gur luadh meastachán i suirbhé áirithe go raibh níos mó ná 200 post i gceist maidir le teilifís na Gaeilge. Má chuireann tú an tionscal scannánaíochta agus an tionscal fhís teilifíse san áireamh beidh níos mó post ann fós. Tá sé róluath, b'fhéidir, na mionsonraí ar na conarthaí a thabhairt, agus mar sin de; mar is eol don Teachta caithfear seans a thabhairt don choiste bunaithe agus don choiste teicniúil dul i mbun oibre. Ach tuigim go bhfuil sé dáiríre faoin cheist a chuir sé orm agus luaigh sé na daoine atá ag tabhairt cuairte ar an Dáil. Beidh atmaisféar an-dóchasach ann i gcás na ndaoine atá ag smaoineamh ar dhul isteach sna tionscail seo sna blianta atá le teacht.