Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Jun 1993

Vol. 431 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Roinn na Gaeltachta.

Trevor Sargent

Ceist:

8 D'fhiafraigh Mr. Sargeant den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta conas ar cuireadh deireadh le Roinn na Gaeltachta mar a bhíodh; agus cad iad na téarmaí tagartha dá Roinn á cur san áireamh na hoifigigh a bhíodh ag Roinn na Gaeltachta sna Forbacha agus an ról atá anois ag na hoifigigh chéanna i gcomhthéacs na Roinne nua.

Faoi Ordú Rialtais den 20 Eanáir 1993 athraíodh ainm Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Tá an Roinn nua freagrach as:—polasaí náisiúnta i ndáil leis na healaíona agus leis an gcultúr a cheapadh — tagann An Chomhairle Ealaíon faoina scáth; leas cultúrtha, sóisialach agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn agus caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar ghnáthurlabhra; an Músaem Náisiúnta, an Leabharlann Náisiúnta, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, an Chartlann Náisiúnta, an Ceoláras Náisiúnta, an Chomhairle Oidhreachta Náisiúnta agus Músaem na Nua-Ealaíne; polasaí náisiúnta i ndáil le cúrsaí craolacháin agus an tionscal closamhairc a cheapadh; agus polasaí náisiúnta i ndáil le Cúrsaí Oidhreachta a cheapadh, ar a n-áirítear Uiscebhealaí Intíre, Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mar aon le Séadchomharthaí Náisiúnta agus Maoine Stairiúla.

Níl aon athrú ar ról na n-oifigeach de chuid na roinne atá lonnaithe san Forbacha mar thoradh ar an Roinn nua a bheith bunaithe.

An cheist atá agamsa i ndáiríre ná an bhfuil trí chuid ins an Roinn anois toisc go bhfuil trí chuid sa teideal. Tá mise buartha faoi seo. An bhfuil brú á chur ar dhaoine atá fostaithe ag an Roinn, sna Forbacha cuir i gcás, agus a bhíonn ag plé le cúrsaí na Roinne trí Ghaeilge de ghnáth, Béarla a úsáid toisc go bhfuil téarmaí na Roinne leathnaithe amach chomh mór sin? Taímid ag plé cúrsaí na Gaeltachta anseo ach níl ach dha cheist ar an leathanach seo i nGaeilge as 13 ar fad — tá na cinn eile i mBéarla. Measaim féin go bhfuil dímheas as an nGaeilge taobh amuigh den Teach chomh maith.

Conas atá ag éirí le húsáid na Gaeilge ins an Roinn? Sin í an cheist bhunúsach. An bhfuil Béarlóirí anois ag plé le cúrsaí na Gaeltachta? Cén seans atá ag lucht labhartha an Bhéarla Gaeilge a fhoghlaim ins an Roinn agus in áiteanna eile?

Tá na ceisteanna ró-fhada ar fad. Ceist gan oráid.

Sin í an cheist go bunúsach.

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil úsáid na Gaeilge ag dul i méid. Mar adúirt an Teachta, tá trí ranna oifigiúla faoi mo chúram — Ealaíon, Cultúir agus Gaeltacht. Ba mhaith liom úsáid a bhaint as an ócáid seo chun iarraidh ar an lucht poiblíochta an teideal iomlán a thabhairt dom mar cuireann sé as do dhaoine áirithe nuair nach luaitear an Ghaeltacht sa teideal. Chomh maith leis sin tá cúrsaí oidhreachta agus craolacháin faoi mo chúram.

Níl brú ar éinne sna Forbacha Béarla a úsáid. Chomh maith leis sin tá fuinneamh nua sa Roinn toisc go bhfuil lucht na Gaeilge agus lucht na Gaeltachta ag labhairt le daoine sa Roinn atá ar bheagán Gaeilge agus le daoine atá ag iarraidh teacht isteach ar an nGaeilge. Tá fáilte i measc an phobail roimh an Roinn leathan nua agus tá seans taobh istigh den gcomhthéacs cultúir go mbainfear úsáid as an nGaeilge ar bhealaí nua. Ní chabhraíonn sé leo siúd atá ag déanamh iarracht maidir leis an teanga easaontas a chothú eatarthu nó a bheith ag iarraidh ormsa freastal orthu ar bhealach an-chúng.

Chomh maith leis sin táimid ag iarraidh sampla a thabhairt. Tá litreacha scríofa agam go dtí gach Roinn Stáit agus go dtí gach Aire — an Tánaiste agus an Taoiseach ina measc — ag iarraidh orthu iarracht nua a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge.

Tréasláim leis an Aire as ucht an focal fuinneamh a úsáid ach ba mhaith liom ceist a chur air maidir leis an bhfocal sin. An gciallaíonn sé sin go bhfuil ranganna agus áiseanna leis ar fáil do na daoine atá fostaithe sa Roinn nó sna trí rannóg aige chun níos mó Gaeilge a fhoghlaim? An féidir le daoine plé a dhéanamh le gach Roinn ansin tré mheán na Gaeilge? An féidir linn glacadh leis go bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach de gach rannóg sa Roinn?

Ar an gcéad dul síos ní hionann Roinn na Gaeltachta a bhí agus an Roinn nua. Tá daoine sa Roinn nua a bhfuil taithí acu go speisialta, mar shampla, ar chursaí craolaidh. Tá daoine eile ann agus taithí speisialta acu ar chúrsaí scannánaíochta. Tá siadsan úsáideach agus riachtanach domsa. Tá siad ag freastal ar chúrsaí Gaeilge go deonach agus ag déanamh iarrachta agus is iontach an rud é go bhfuilim in ann a chinntiú nach gearrfar aon choinníoll caolaigeantach orthu. Feidhmíonn siad mar státseirbhísigh agus ní bheidh mé ag cur brú orthu. Oibreoidh baill na foirne le chéile. Caithfimid deireadh a chur leis an gcaolaigeantas agus an sean-aimsireachas agus ráflaí nach bhfuil bunús leo agus mar sin de.

Go dtí seo bhí cumas Gaeilge ag gach oifigeach agus ag gach duine eile a bhí ag obair i Roinn na Gaeltachta. An mbeidh an cumas céanna á lorg ó na daoine a bheidh ag obair sa Roinn nua?

Ba mhaith liom go mbeadh an Ghaeilge go foirfe ag gach duine sa Roinn nua. Táim ag iarraidh é sin a thabhairt i gcrích trí spreagadh a thabhairt.

Tá daoine ann, b'fhéidir, nach bhfuil ag obair domsa nó ag fáil tacaíocht on bpobal ach a cheapann go bhfuil sé tábhachtach sórt rearguard action a chur ar siúl i gcoinne na Roinne nua. Is féidir liom a rá os na céadta litreach atá faighte agam go bhfuil comhluadar na Gaeilge agus comhluadar na Gaeltachta sásta leis an Roinn nua. Beidh an Ghaeilge in úsáid; sin í m'aidhm. Tá sí in úsáid láthair agus sin mar a bheidh. Ar an dtaobh eile de táimid ag freastal ar réimsí níos leithne ar leibhéil fealsúnachta agus polasaithe de agus ag baint taitneamh as.

Ag na meastacháin nuair a bhí an Coiste ar siúl, labhair mé féin agus a lán Teachtaí eile i nGaeilge. Fáiltím roimh ceisteanna i nGaeilge nó úsáid na Gaeilge aon uair. Tá súil agam go mbeidh sé ag méadú ag gach Tráth na gCeisteanna agus tugann an Ceann Comhairle sampla maith dúinn.

Barr
Roinn