Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 Apr 1994

Vol. 441 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coláistí Samhraidh.

Dinny McGinley

Ceist:

18 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cén uair dheireanach ar ardaíodh an deontas a íocann a Roinn i leith daltaí a dhéanann freastal ar chúrsaí Gaeilge i gColáistí Samhraidh.

Donegal South-West): Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist eile maidir leis an ábhar seo ar 23 Feabhra 1994 (Uimh. 51). Tá an ráta £3.50 in bhfeidhm ó 1990.

Nach n-aontódh an tAire Stáit — agus an tAire é féin — gur páirt thábhachtach de ghréasán eacnamaíochta na Gaeltachta na coláistí samhraidh. Go minic sna háiteanna a bhfuil na coláistí samhraidh lonnaithe, ní bhíonn aon fhoinse ioncaim ag na mná tí ná ag an phobal ansin ach amháin na coláistí samhraidh, mar shampla ar na hoileáin. Nach n-aontódh an tAire Stáit go bhfuil sé thar a bheith in am ardú fiúntach eile a thabhairt do na mná tí nuair a chuimhnítear ar an caighdeán cothabhála a chuireann siad ar fáil. Do cheithre bhéile sa lá is beag ar fad é £3.50. An bhféadfadh sé a rá an bhfuil sé ar intinn aige ardú eile a thabhairt do na mná tí i mbliana?

(Donegal South-West): A Leas-Cheann Comhairle, caithfidh mé a rá nach bhfuil sa chúnamh de £3.50 a íocann an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ach cuid den teacht isteach a bhíonn le fáil ag mná tí na Gaeltachta. Mar is eol don Teach agus don Teachta McGinley, íocann tuismitheoirí na ndaltaí taí táillí le húdaráis na gcoláistí, agus íocann na coláistí costais lóistín leis na mná tí as na táillí sin. Mar sin de, níl sé ceart a rá gurb é seo an t-aon teacht isteach atá ag na mná tí, mar tá teacht isteach eile acu ó údaráis na gcoláistí as na táillí a íocann na tuismitheoirí leis na coláistí. Go dtí an bhliain 1990 bhí £3.10 á íoc in aghaidh an lae ó 1986 leis na mná tí. Is mise a d'ardaigh é seo go dtí £3.50 ó £3.10. Ar ndóigh, ní hionann sin agus a rá nach bhfuil i gceist ach ardú ag teacht ó sholáthar mo Roinnse. Sa bhliain 1990 d'fhreastáil 18,725 dalta ar na coláistí, ach tá sé sin ardaithe anois go dtí 23,110, ardú de tuairim is 25 faoin gcéad thar an tréimhse sin agus i mbliana arís tá súil agam go mbeidh ardú i líon na ndaltaí a bheidh ag freastal ar na coláistí Ghaeilge. Tá ardú sa soláthar laistigh den Roinn. Ach, ar ndóigh, beidh mé féin agus an tAire ag plé na ceiste seo i mbliana agus beimid sásta an cheist seo a chíoradh nuair a bheidh meastacháin na bliana 1995 á bplé.

Mar is eol don Aire Stáit agus don Aire, tá cruinnithe ar siúl ar fud na Gaeltachta i láthair na huaire idir na mná tí agus údaráis na gcoláistí. Tá tithe á gceannach agus á gcur in oiriúint agus costais mhóra ar na mná tí. Nuair a chuimhnítear go bhfaigheann gach aicme eile den phobal, an earnáil phoiblí, an earnáil phríobháideach, daoine ag brath ar íocaíochtaí ón Roinn Leasa Shóisialaigh, ardú bliantúil — fiú amháin Teachtaí Dála agus Seanadóirí is bocht an rud go bhfuil mná tí ag fáil an liúntas céanna ó 1990 i leith. Má thuigim an tAire Stáit i gceart níl sé ar intinn aon ardú a thabhairt i mbliana ach an oiread. An bhféadfadh sé a insint cá mhéad a chosnódh sé ardú de 50 pingin sa lá a thabhairt do na mná tí, nó an bhfuil an t-eolas sin aige.

(Donegal South-West): Níl mé ag iarraidh dallamullóg a chur ar mhná tí na Gaeltachta. Mar a dúirt mé, beidh muid sásta scrúdú a dhéanamh ar an gceist seo nuair a bheidh meastacháin 1995 faoi chaibidil, agus mar fhreagra ar cheist an Teachta McGinley, dá mbeifí le 50 pingin breise a dheonú, b'ionnainn sin agus 14 faoin gcéad den soláthar.

Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire, an bhfuil sé sásta go bhfuil gach aon dalta, a theastaíonn uaidh freastal ar choláiste Gaeilge, in ann dul chuig an Ghaeltacht. Caithfidh sé aontú liom go bhfuil an costas an-ard faoi láthair ar na tuismitheoirí a gcuid páistí a chur chun na Gaeltachta de dheasca na gcostas atá ann agus tá sé dochreidte nach mbeadh an Rialtas sásta fiú amháin an 50 pingin d'ardú atá á iarraidh ag an Teacht McGinley a thabhairt. Creidim féin go mba chóir go mbeadh punt nó níos mó de mhéadú ann. Is beag an tsuim airgid atá i gceist mura bhfuil ach 20,000 dalta ag freastal ar an nGaeltacht faoi láthair. An aontódh an tAire go mba chóir go mbeadh polasaí aige na figiúirí a ardú go dtí 100,000 páiste chun a chur ar a gcumas freastal ar an nGaeltacht sa samhradh chun a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fheabhsú i dtimpeallacht thaitneamhach, rud a bheadh lena leas ó thaobh na Gaeilge de. Is iontach an tairbhe a bhaineann na páistí seo as freastal ar na coláistí Ghaeilge agus cuidíonn sé le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir go mbeadh líofact Ghaeilge ag na bpáistí tar éis mí a chaitheamh sa Ghaeltacht ag freastal a choláiste samhraidh. Ní aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Aire, a chuireann in iúl go bhfuil sé sásta le líon na ndaltaí. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó daltaí i gceist ach tá an costas róard, go háirithe má théann beirt nó triúr ón aon chlann amháin. Ba cheart go mbeadh an Stát sásta i bhfad níos mó cabhrach airgid a thabhairt, in ionad bheith chomh suarach sin faoi arduithe.

(Donegal South-West): Mar a dúirt mé, a Leas-Cheann Comhairle, tá méadú suntasach tagtha ar an uimhir. Sa bhliain 1980 chuaigh 16,868 go dtí an Ghaeltacht; anuraidh, bhí an uimhir chomh hard le 23,110 — sin ardú de 40 faoin gcéad thar an tréimhse sin agus tá a fhios ag an Teachta agus an Teach go raibh am ann, ag deireadh na n-ochtóidí, nuair a bhí uasteorainn leis an líon daltaí. Sin an riail a bhí ann ag an am sin agus bhí mé féin, agus is dócha an dá Theachta eile a labhair anseo glan i gcoinne sin. Má tá éileamh fá choinne áiteanna sa Ghaeltacht ba mhaith liomsa amach anseo go mbeadh suas le 100,000 dalta ag iarraidh freastal ar na coláistí sin. Ní dóigh go gcuirfeadh ardú de 50 pingin i gcóir gach dalta go mór le líon na ndaltaí. Níl uasteorainn ar bith ansin, mar is féidir le 25,000 nó 30,000 dalta breise freastal ar na coláistí samhraidh agus maidir le soláthar na Roinne, beidh an Rialtas, an tAire agus an Roinn sásta an t-airgead breise a chur ar fáil. Go hachomair, aontaím leis an Teachta Molloy, cé chomh tábhachtach is atá na coláistí seo ó thaobh chúrsaí geilleagair na Gaeltachta agus cé chomh fíorthábhachtach is atá siad maidir leis na mná tí. Is cinnte go bhfuil a fhios seo ag an Techta Molloy os rud é go raibh sé ina bhall den Rialtas nuair a bhí fadhbanna a bhain le teacht isteach na mná tí faoi chaibidil go háirithe i gcás na Roinne Leasa Shóisialaigh, nuair a cuireadh reachtaíocht tríd an Dáil nach gcuirfí an t-ioncam ó na coláistí samhraidh san áireamh. B'shin céim ar aghaidh agus ghabh deacrachtaí lei ach aontaím freisin go bhfuil sé tábhachtach daltaí óga seo a chur chun na Gaeltachta, an áit is fearr, is cinnte, chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus iad sáite sa aíocht Ghaelach. Ach beimid sásta amharc ar an cheist seo agus gcuirfear cás mhná tí na Gaeltachta san áireamh nuair a bheidh meastacháin na bliana 1995 á bplé.

Nílim sásta leis an bhfreagra sin ar chor ar bith. Is é an rud is mó a bhí ag cur as dom ná, agus an aontódh an tAire liom nach bhfuil seans ag páistí a bhfuil a dtuismitheoirí ar an ngannchuid freastal ar na coláistí samhraidh de dheasca an chostais aird chuige sin. Mura bhfuil post an-mhaith ag na tuismitheoirí tá sé an-deacair íoc as na costais sin. Tá an fhadhb sin ann agus níor fhreagair an tAire an cheist sin ar chor ar bith. An aontaíonn sé gur fadhb é sin agus go bhféadfaí suas le 100,000 dalta bheith ag freastal ar na coláistí samhraidh seo dá mbeadh na tuismitheoirí in ann íoc as seo. Is beag cabhair a thugann an Stát.

(Donegal South-West): Ní ghlacaim leis gur constaic é sin. Cuir i gcás go dtabharfaí ardú de 50 pingin, sin £10 le haghaidh gach dalta in aghaidh na bliana. Fiú amháin nuair nach raibh ardú ar bith ann, cuir i gcás idir an bhliain 1988 agus 1989, bhí laghdú ann an t-am sin i líon na ndaltaí ó 16,868 go dtí 16,538, ach ina dhiaidh sin nuair a cuireadh deireadh leis an uasteorainn agus leis an riail, riail nár aontaigh mé leis, b'éigean do na coláistí cloí leis na huimhreacha a leagadh síos an bhliain roimhe sin, ach tháinig ardú suntasach ina dhiaidh sin, 40 faoin gcéad ó 1988 go dtí 1993. Ní aontaím leis an Teachta gur constaic é sin, dá gcuirfí ardú suntasach ar fáil go mbeadh suas le 100,000 dalta ag iarraidh dul chun na Gaeltachta. Mar a dúirt mé leis an Teachta McGinley i dtosach, ní hé seo an t-aon teacht isteach atá ag na mná tí. Bhí an Teachta McGinley ag déanamh cáis do na mná tí agus bhí an Teachta Molloy ag déanamh cáis do na coláistí sa Ghaeltacht. Glacaimse leis gur constaic é seo ach caithfidh mé a rá arís go gcíorófar an cheist seo i rith na bliana roimh ullmhúchán na meastachán.

Will the Minister ensure that during the World Cup students attending Gaeltacht colleges will be allowed to listen as well as to view broadcasts of it?

(Donegal South-West): Irish colleges are autonomous but I am sure they will take that into consideration. The Deputy, who has Donegal connections, will appreciate it will be difficult in Donegal Gaeltachts to persuade children not to listen to broadcasts as that is from where Packie Bonner, an Irish speaker comes.

That is a parochial remark.

(Donegal South-West): I do not apologise for being parochial.

Barr
Roinn