Micheál Martin
Ceist:149 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Oideachais an bhfuil figiúirí aici maidir le méid an phobail Ghaeilge atá páirteach i ngluaiseacht na nGaelscoileanna, thuaidh agus theas, ar an oileán seo. [2065/95]
Vol. 448 No. 6
149 D'fhiafraigh Mr. Martin den Aire Oideachais an bhfuil figiúirí aici maidir le méid an phobail Ghaeilge atá páirteach i ngluaiseacht na nGaelscoileanna, thuaidh agus theas, ar an oileán seo. [2065/95]
Níl aon sonraí ar fáil san Roinn Oideachais maidir le méid an phobail Ghaeilge atá páirteach i ngluaiseacht na nGaelscoileanna.
Sa Chóras bunoideachais tá 588 múinteoir ag múineadh thart ar 14,500 dalta i 80 Gaelscoil lasmuigh den Ghaeltacht.
Sa chóras iarbhunoideachais tá 273 oide lánaimseartha agus 115 oide páirtaimseartha ag múineadh 4,078 dalta i 25 Gaelscoil lasmuigh den Ghaeltacht.