Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Jul 1995

Vol. 455 No. 5

Adjournment Debate. - Ainmniú Bóthar ina Phríomh Bhóthar Náisiúnta.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Aire, as ucht teacht isteach sa Teach agus eisteacht len a bhfuil le rá agam. Tá sé de chúirteis ag an Aire Comhshaoil éisteacht leis na rúin ar an Athló, agus bíonn air éisteacht liomsa go minic.

Go bunúsach an moladh atá agam ná go dtiocfadh an bóthar náisiúnta N6 in éineacht leis an mbóthar náisiúnta N4 ó chósta go costa. I láthair na huaire stop-ann an bóthar N6 ag Cathair na Gaillimhe agus ní théann sé chomh fada le Béal Chuan na Gaillimhe.

Tá gá ar mhaithe le forbairt chothrom a dhéanamh ar an tír go mbeadh bóithre náisiúnta den chéad grád ag dul ó chósta go costa go mór mhór nuair atá gá leis le freastal ar fhorbairt atá tarlaithe cheana agus nuair atá gá leis ó thaobh tráchta.

Nuair a bhíonn an gá atá ann le bóithrí a mheas bunaítear é go minic ar chomhaireamh ADT, no Mean Trácht Laethúil. Má chuirtear an trácht ar an mbóthar seo i gcomparáid leis na bóithre náisiúnta den chéad grád sa gContae, is léir go bhfuil an trácht ar an mbóthar seo inchurtha leo. Mar shampla bheadh an trácht ar an mbóthar seo inchurtha leis an trácht ar an N6, N17 agus N 18.

Idir Gaillimh agus Barna, tá trácht de cúig mhíle dhéag aonad sa lá agus siar sa Spidéal, tá an meán trácht de chúig mhíle cúig céad aonad sa lá. Ar ndóigh bheadh trácht i bhfad níos troime ar an mbóthar seo sa samhradh ná san ngeimhreadh de bharr cúrsaí turasóireachta.

Ar an mbóthar seo tá na hinstitiúdí seo leanas:

Ceann Cheathrú Údarás na Gaeltachta agus Oifigí Roinn na Gaeltachta. Tá Eastáit Tionsclaíochta sa Spidéal, sa gCoill Rua in Indreabhán, i mBaile na hAbhann, Ros a Mhíl, Casla agus an Cheathrú Rua. Freisin déanann an bóthar seo freastal ar na heastáit tionscail ar fad i gceantar na n-oileán agus freisin i Rosmuc, Cill Chiaráin agus Carna.

Ta Ceann Cheathrú Raidio na Gaeltachta ar an mbóthar seo agus Ceann Cheathrú Teilifís na Gaeilge.

Ta Aerfort Chonamara ar an mbóthar seo atá ag freastal ar Oileán Árainn agus freisin tá príomh chalafairt iascaireachta an iarthair i Ros a Mhíl. Usáidtear Ros a Mhíl freisin mar bhun-áit do na báid farantóireachta go dtí Oileáin Arainn agus tá suas agus anuas le céad míle paisnéirí ag dul go hÁrainn ón ionad seo gach bliain.

Tá Lár Ionad Fisean sa spidéal agus freisin tá stiúideo Fisean á thógáil i mBaile na hAbhann.

Freisin tá forbairt mhór ádíanamh ar an bhfeilméireacht éisc. Sa gciontán seo ar iascaireacht sliog éisc.

Ar ndóigh tá go leor trácht turasóireachta ar an mbóthar seo mar aon le ostáin mhóra ar nós Ostán Cois Fharraige, Ostán na Páirce agus Ostán na Ceathrú Rua. Ta Ionad Ceardaíochta Mór sa Spidéal.

Freisin, ar ndóigh, tá daonra mór sa gceantar seo siar an bealach uilig go dtí an Cheathrú Rua, agus tá os coinn cúig mhíle duine in a gcónaí sa gCeathrú Rua féin.

Mar cheantair fhorbartha agus mar cheantair Ghaeltachta, ba cheart go mbeadh soláthar ceart bóithre iontu. Ní ceart glacadh leis níos mó go gcaithfidh gach rud stopadh ag an mBaile Mór.

Déanfar an cás go bhfuil an bóthar ro-dhona le bheith ina phríomhbhóthar náisiúnta. D'fhéadfá, áfach, an cás céanna a dhéanamh roimhe seo faoin mbóthar a bhí ag dhul trí Léim an Bhradáin agus Maghnuad go Cill Coca. Ach de bharr go raibh an trácht ar an mbóthar seo agus go mba phríomhbhóthar náisiúnta é bhí an Rialtas in ann airgead ón Eoraip a úsáid le bóthar ceart a thógáil ann. Mar a chéile don bhóthar go dtí an Cheathrú Rua.

Fiú leis an airgead atá ar fáil do bhóithre reigiúnacha ar nós an R336 go dtí an Cheathrú Rua ón Eoraip, ní bheidh dóthain ann go deo le caoi cheart a chur ar an mbóthar. Bóthar nua iomlán atá ag teastáil de bharr na cúinsí atá luaite agam. Ní bheidh sé seo ar fáil mura mbeidh an t-aitheantas cuí ar fáil don bhóthar go náisiúnta chun gur féidir ár gcás a chur ar aghaidh le haghaidh cistíocht chuí ón Eoraip. Tá mé cinnte go mbeidh an tAire sásta breathnú go báúil ar an gceist seo agus beidh mé ag súil le freagra dearfach uaidh.

Le linn 1993 agus 1994, rinne mo Roinn athbhreithniú ar rangú na mbóithre náisiúnta. B'é seo an chéad athbhreithniú cuimsitheach a rinneadh ó cuireadh an rangú náisiúnta ar bun i 1977.

Mar thoradh ar an athbhreithniú seo, cuireadh rangú suas chun dáta ar bun do ghréasán na mbóthar náisiúnta. Tá sé seo leagtha amach san Ordú um Bóithre Náisiúnta a rinneadh ar 14 Iúil 1994. Deineadh athruithe i gcás bóithre chuig calafoirt thábhachtacha agus chuig na haerfoirt nach raibh rangaithe cheana mar ghóithre náisiúnta, agus freisin, bóithre nua a tógadh ó 1977 i leith. Cuireadh san áireamh, freisin, athruithe i bpátrún tráchta a tharla le roinnt blianta anuas.

Cuireadh an t-athbhreithniú seo i gcrích i gcomhairle leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta agus na húdaráis áitiúla, agus cuireadh san áireamh na hiarratais uilig a bhí ag mo Roinn ó ghrúpaí áitiúla. Ní fheicim go mbeidh gá le hathbhreithniú eile mar seo roimh dheireadh an chéid.

Nuair a déanadh scrúdú ar rangú na mbóithre, socraíodh gurb í Cathair na Gaillimhe an suíomh is oiriúnaí do phointe deiridh an phríomhbhóthair náisiúnta, an N6, mar go bhfuil sé socraithe mar phrionsabal go mbeadh na príomhbhóithre náisiúnta mar cheangail idir príomhchathracha agus bailte móra.

Ní hionainn athrangú agus breis infheistíochta. Dá gcuirfí an bóthar ón gCeathrú Rua go Cathair na Gaillimhe in áirithe mar chuid den N6, ní tharlófaí dó ach go mbeadh sé ag deireadh scuaine fada de bhóithre náisiúnta a bhfuil infheistíocht ag teastáil uathu.

Is í an fhírinne ná go bhfuil an gréasán de bhóithre náisiúnta thar a bheith sásúil d'éileamh tráchta an lae inniu agus don todhchaí. Socraíodh ar an ngréasán sin i ndiaidh próiséis fhada agus tar éis an-chuid comhairle a lorg. Ní dhéanfadh méadú ar an ngréasán ach éifeacht an chiste atá ar fáil don ghréasán náisiúnta a lagú, tríd an méid chéanna airgid a scaipeadh thar bhóithre breise.

I Mí na Nollag 1994, cuireadh rangú na mbóithre réigiúnach ar bhonn reachtúil don chéad uair. Faoi láthair, tá an bóthar ón gCeathrú Rua go Gaillimh rangaithe mar bhóthar réigiúnach — an R336. Ag cur san áireamh an méid atá ráite agam, agus na slait tomhais a úsáidtear le haghaidh athrangú bóithre, ní dóigh liom go bhfuil aon chúis ann chun an bóthar seo a athrangú mar bhóthar náisiúnta.

I 1995, faoin scéim deontaisí comhíoctha ag an Aontas Eorpach le haghaidh feabhsuithe a dhéanamh ar bhóithre nach bóithre náisiúnta iad, fuair Comhairle Chontae na Gaillimhe deontas de £200,000 do scéim feabhsúcháin ar an mbóthar so ag Casla. Tabharfaidh sé seo cabhair do chúrsaí fiontair agus tuarasóireachta sa cheantar. Beidh Comhairle Chontae na Gaillimhe in ann iarratas eile a chur isteach i mbliana faoin scéim chéanna chun deontas a fháil le haghaidh codanna eile den bhóthar seo i 1996.

Barr
Roinn