Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Mar 1998

Vol. 488 No. 7

Written Answers. - Ceantair Thoghcháin.

Mary Coughlan

Ceist:

327 D'fhiafraigh Miss Coughlan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon aighneacht déanta aici chuig an choiste atá bunaithe ag an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil le scrúdú a dhéanamh ar na ceantair thoghcháin do na húdaráis áitiúla. [7040/98]

Chuir mé moltaí chuig an gCoiste atá ag déanamh athbhreithniú ar theorainneacha na gceantar toghchán do na húdaráis áitiúla ar 5ú Márta. Tá cóip de na moltaí leis seo.

Maidir le halt 3 de na Téarmaí Tagartha tá an tAire Stáit go láidir den tuairim gur ceart, chomh fada agus is féidir na ceantair Ghaeltachta go léir atá suite i gceantar údarás áitiúil a bheith áirithe sa cheantar toghcháin céanna chun críche toghacháin áitiúla ionas go mbeadh ionadaíocht chomhtháite ag pobal na Gaeltachta ar an údarás áitiúil cuí, agus chun a chinntiú go ndírítear ar riachtanais shainiúla na bpobal Gaeltachta ag leibhéal rialtais áitiúil. Murar féidir é sin a dhéanamh, ba cheart staid na Gaeltachta mar chomhluadar nádúrtha a chur san áireamh agus cinnte á ndéanamh maidir le teorainneacha na gceantar toghacháin.
Barr
Roinn