I move: "That the Bill be now read a Second Time."
Is Bille gairid é seo agus is é an cuspóir atá leis ná an tréimhse ama incheadaithe is faide idir toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó cúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Beidh níos mó le rá agam faoi seo ar ball.
Faoi mar is eol don Teach tá sé fógraithe agam anseo cheana go bhfuil an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúradh a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá obair ar siúl i gcónaí chun críoch a chur le dréachtú Bille a dhéanfaidh leasú substaintiúil ar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1993, chun feidhm a thabhairt do chinntí an Rialtais i dtaobh na ceiste. Is trua nach bhfuil an Bille cuimsitheach réidh agus gur gá an Bille seo a thabhairt isteach a bhfuil de chuspóir leis ná toghchán an Údaráis a chur siar. Go príomha is í an chúis nach bhfuil an Bille cuimsitheach ullamh ná go raibh ar an bhfoireann sa Roinn atá ag plé leis an reachtaíocht sin tús áite a thabhairt don obair a bhain leis an bhforas Teanga Thuaidh Theas sa chéad ráithe den bhliain seo. Is mian liom a rá go soiléir nach bhfuil aon mhoill dhosheachanta á cur leis an mBille cuimsitheach sin. Bhí deis agam pairt a ghlacadh sa díospóireacht a bhí ag an Rialtas faoi na moltaí i dtaca le hathstruchtúradh an dhéanamh ar an Údarás. Níl aon amhras orm ach go dtuigeann an Rialtas cé comh tábhachtach is atá na moltaí sin don Ghaeltacht. Freisin tá tacaíocht an Rialtais don Ghaeltacht le feiceáil sa soláthar airgid atá curtha ar fáil don Údarás agus do scéimeanna Gaeltachta mo Roinnese i mbliana.
Is iad na leasuithe maidir le hathstruchtúradh de atá i gceist sa Bhille cuimsitheach ná: líon na gcomhaltaí tofa ar an Údarás a mhéadú; toghcheantar ar leith a bheith ann do gach contae Gaeltachta; agus na coisti réigiúnda de chuid an Údaráis a chur ar bhonn reachtúil. Nil i gceist agam tuilleadh a rá faoi na leasuithe sin inniu mar tá mé ag súil leis go bhfoilseofar an Bille go luath. Beidh deis ansin díospóireacht leathan a bheith againn maidir le ról an Údaráis, maidir leis an méid atá bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh é beagnach fiche bliain ó shin agus, ar ndóigh, maidir leis na moltaí sonracha a bheidh sa Bhille. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag tnúth leis an díospóireacht sin.
Ba mhaith liom anois filleadh ar an mBille atá os ár gcomhair. Faoi alt 28 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, déanfar toghchán a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana. Ciallaionn sé sin – faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm – gurb é an 8 Meitheamh 1999 an dáta is déanaí don chéad toghchán eile. Bhí sé mar aidhm agam go mbeadh an reachtaíocht leasaithe a dhéanfadh athstruchtúradh ar an Údarás rite in am chun toghchán an Údarás a chur ar siúl faoi réir na socruithe nua toghchánaíochta in Aibreán/Bealtaine na bliana seo nó fiú ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Mar atá mínithe agam, níl sé sin indéanta anois. Bheadh gá le reachtaíocht leasaithe cibé scéal é chun an toghchán don Údarás a chur ar siúl ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla toisc go mbeadh tréimhse níos faide ná cúig bliana i gceist ó dháta an toghcháin ba dhéanaí, is é sin, an toghchán a bhí ann ar 9 Meitheamh 1994. Is léir mar sin nach féidir cloí leis an dáta 8 Meitheamh nó fiú leis an dáta 11 Meitheamh más toghchán faoin struchtúr nua atá le bheith ann. Tá moltaí an Rialtais maidir le hathstruchtúradh a dhéanamh ar an Údarás fógraithe go poiblí agus tá pobal na Gaeltachta ag tnúth leis na socruithe nua. Ní bheadh sé ceart ná ciallmhar mar sin an toghchán a reachtáil faoin seanstruchtúr toghchánaíochta. Measaim go n-aontódh gach duine anseo leis an deareadh sin. Feictear domsa go gcaithfear a bheith praiticiúil faoi dháta an toghcháin agus sna cúinsí go léir measaim go n-aontóidh an Teach gur socrú réalaíoch é an toghchán a chur siar.
Maidir le toghchán an Údaráis a reachtáil ar dháta ar leith ó na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, tá sé ráite gur cur amú airgead an cháiníocóra é sin. Ní aontaím leis an dearcadh sin. Faoi mar is eol don Teach ritheadh toghchán 1979 agus 1984 an Údarás leo féin. Is ó 1989 ar aghaidh a ritheadh an toghchán ar an lá céanna le toghcháin eile. Glacaim leis go mbíonn costais bhreise i gceist má bhíonn toghchán an Údaráis ar siúl ar dhátaí ar leith ó thoghcháin eile ach ní suim shubstaintiúil bhreise a bheidh i gceist. Táimse féin den tuairim gur maith an rud é toghchán an Údaráis a bheith ar siúl ar dháta ar leith ó thoghcháin eile chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus na meáin díospóireacht cheart a bheith acu maidir leis na ceisteanna thábhachtacha a bhaineann leis an Údarás, leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Ar an taobh eile den scéal, d'ainneoin toghchán na bliana seo den Údarás a chur siar, ní bheidh cosc ann amach anseo an toghchán sin a chur ar siúl ar an dáta ceanna leis na toghcháin Eorpacha nó na toghcháin áitiúla nó fiú olltoghchán fad is atá an dáta dó laistigh den tréimhse in alt 28 den reachtaíocht. Leis an leasú atá á mholadh sa Bhille, beidh níos mó solúbthachta ann feasta chun an toghchán don Údarás agus toghcháin eile a reachtáil ar an dáta céanna toisc go bhfuil an tréimhse incheadaithe is faide i gcás thoghchán an Údaráis á méadú.
Leis an mBille gairid seo ina Acht agus leis an mBille cuimsitheach a fhoilseofar go luath rite roimh shos an tsamhraidh bheadh na socruithe toghchánaíochta nua atá luaite agam i bhfeidhm in am chun an toghchán don Údarás a chur ar siúl san fhómhar. Ní féidir liom a rá ag an bpointe séo cathain go díreach san fhómhar a bheidh an toghchán sin ar siúl. Déanfar an dáta a fhógairt i dtráth chuí. Beidh gá le leasú a dhéanamh sna Rialacháin a bhaineann le toghchán an Údaráis chun iad a thabhairt suas chun dáta agus tá an obair sin idir lámha freisin.
Mar achoimre tá reachtaíocht chuimsitheach á dréachtú maidir le hÚdarás na Gaeltachta go háirithe i dtaca le hathstruchtúradh an bhoird de agus tá ciall leis an bhforáil sa Bhille gairid seo chun síneadh ama de sé mhí a chur leis an tréimhse is faide idir toghcháin don Údarás le go bhféadfar an chéad toghchán eile don Údarás a chur ar siúl faoi na socruithe nua a shonrófar sa Bhille cuimsitheach atá á dhréachtú. Tá ar intinn agam, mar atá ráite agam níos túisce san óráid seo, an chéad toghchán eile don Údarás a chur ar siúl san fhómhar. Dár ndóigh, is é an dáta is deireanaí faoin mBille seo go bhféadfaí é a chur ar siúl ná 9 Nollaig seo chugainn. Molaim an Bille don Teach.