Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Nov 1999

Vol. 511 No. 2

Written Answers. - Oileáin Amach Ón gCósta.

Eamon Gilmore

Ceist:

26 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bhunófar Comhairle Oileán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23705/99]

Tá sé ráite san athbhreithniú ar chlár an Rialtais don mhílaois go mbunófar comhairlí oileánda a bheidh tofa. Tá an cheist seo á plé i gcónaí ag mo Roinnse leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil i gcomhthéacs an Bhille Rialtais Áitiúil atá á ullmhú ag an Roinn sin faoi láthair.

27. D'fhiafraighDr. Upton den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na céimeanna is gá a ghlacadh, i gcomhpháirtíocht le muintir na n-oileán, lena chinntiú go ndéanfar forbairt ar chúrsaí sóisialacha, cultúrtha, agus eac namaíochta na n-oileán; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23707/99]

Tháinig na hoileáin amach ón gcósta faoi chúram mo Roinnse i mí Iúil 1997. Tar éis dom cuairt a thabhairt ar fhormhór na n-oileán le daonra orthu agus tar éis dom labhairt le pobal na n-oileán ba léir gurb é an rud ba mhó a bhí le déanamh ná go soláthrófaí íosleibhéal inmhianaithe iompair do gach oileán. Rinneadh ainilís ar riachtanais rochtana na n-oileán, chomh maith le scrúdú ar na háiseanna teacht i dtír.

Mar thoradh air seo caitheadh suim £2.34 milliún i 1998 ar thionscadail éagsúla infrastruchtúir ar oileáin amach ón gcósta. Ceadaiodh £1.7 milliún do chéibheanna a dhéanann freastal ar chúig cinn de na hoileáin amach ó chósta Chorcaí. Dháil mé £696,000 i rith 1998 do thionscadail reatha, ar a n-áirítear seirbhísí farantóireachta a sholáthar agus a fheabhsú chuig na hoileáin. Chuidigh an maoiniú seo le seirbhís paisinéirí agus lastais as Gaillimh agus Ros a'Mhíl go hÁrainn chomh maith le seirbhís farantóireachta idir Inis Bó Finne, Inis Túirc agus Oileán Chliara agus an mórthír.

Go dtí seo i 1999, tá os cionn £2.9 milliún ceadaithe agam i gcomhair cláir nua d'oibreacha chun infrastruchtúr fisiciúil na n-oileán a fheabhsú. Curtha san áireamh sa chlár seo tá airgead i gcomhair miontograí ar a n-áirítear bóithre, céibheanna beaga agus oibreacha cosaint chósta ar na hoileáin, mar aon le h-airgead i gcomhair móroibreacha, eadhon, £825,000 le haghaidh saoraidí calaíochta ag Léadbh Gharbh, Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall a fhorbairt agus suim chomhionann le haghaidh droichead nua a thógail ag Inis Ní, Condae na Gaillimhe.

Maidir le seirbhísí farantóireachta, tá conarthaí nua trí bliana ceadaithe agam chun seirbhísí feabhsaithe do phaisinéirí a chur ar fáil do na hOileáin Árann agus Inis Bó Finne, Contae na Gaillimhe agus d'Inis Túirc agus Oileán Chliara, Contae Mhaigh Eo le héifeacht ó 1 Mean Fómhair 1999. Chomh maith leis sin, iarradh le déanaí, den chéad uair riamh, tairiscintí le haghaidh seirbhísí farantóireachta idir Oileán Faoide, Oileán Béara agus Inis Earcáin, Contae Chorcaí agus an mórthír. Tá i gceist agam go mbeidh na seirbhísí sin ag tosú ar 1 Eanáir 2000.

I measc na gcéimeanna atá tógtha agam chun feabhas a chur ar shaol sóisialta agus cultúrtha na n-oileán tá deontais £142,000 agus £80,000 ceadaithe agam i mbliana le haghaidh forbairt ionaid pobail Oileán Thoraí agus páirc peile Inis Oírr faoi seach.

Tá dualgais ar go leor ranna Stáit eile i leith gnéithe eagsúla d'fhorbairt na n-oileán. Faoi mo chathaoirleacht féin, tá ról lárnach tógtha ag an gcoiste idir-rannach do na hOileáin, an Ghaeltacht agus an Ghaeilge i gcomhordú seirbhísí riachtanacha do phobail oileánda ag an bun leibhéal agus tá cinntithe aige go bhfuil polasaí an Rialtais á chur i bhfeidhm ar bhealach com hordaithe agus éifeachtach. Reachtáiltear cruinnithe rialta dáthaobhacha le ranna Stáit, boird sláinte, udaráis aitiúla etc., go gcuirtear feabhas agus cóimheas ar na seirbhísí do na hoileáin agus chun leigheas ar laigeachtaí i leith na seirbhísí a chur ar fáil nuair is féidir.

I spiorad na comhpháirtíochta beidh mé féin agus oifigigh mo Roinne – mar a bhíomar go dtí seo – i dteagmháil rialta leis na hoileánaigh agus leis na heagrais a dhéanann ionadaíocht thar a gceann mar shampla, comharchumainn, coistí forbartha, Comhdháil Oileán ha hÉireann.

In aineoinn an méid oibre atá déanta, tá go leor fós le déanamh. Tá i gceist agam sna blianta amach romhainn, leanúint le forbairt chothaitheach na n-oileán a bhfuil daonra orthu a chur chun cinn agus le caighdeán na rochtaine chuig na h-oileáin agus a n-infrastruchtúr a fheabhsú – seirbhísí aer chuig roinnt oileáin san áireamh, nuair is gá.

Barr
Roinn