Dinny McGinley
Ceist:264 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo maidir leis an bhfiosrúchán fá chás na gcearta iascaireachta i gCuan Theilinn; cé na hiarrachtaí a dhéanfar le socrú a dhéanamh roimh an chéad séasúr eile iascaireachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5116/00]