Is cinnte go dtitfidh costais bhreise ar an earnáil phoiblí chun forálacha na reachtaíochta atá beartaithe a chur i bhfeidhm ach gan staidéar cuimsitheach costasach a choimisiúnú – staidéar gur doiligh dó, b'fhéidir, eolas iontaofa a chur ar fáil ar go leor cúiseanna agus mar gheall air sin nach bhfuil i gceist agam tabhairt faoi – níl sé indéanta meastachán fiúntach a dhéanamh ar na costais sin. Mheasfainn, áfach nach mbeadh an costas thar cuimse, ag cur san áireamh an gá atá ann go bhfeabhsófaí go mór an fáil atá ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge.