Níl sé ar intinn agam Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) a tharraingt siar.
Maidir le cúrsaí Meastachán de, tá beagnach €77 milliún curtha ar fail don rannán Gaeilge, Gaeltachta agus oileán de mo Roinnse don bhliain 2003, a mbaineann breis is €45 mhilliún de le caiteachas caipitiúil. Tá an soláthar sin ina fhianaise ar thiomantas leanúnach an Rialtais i leith bonneagar sna ceantair Ghaeltachta agus sna hoileáin a fheabhsú. Cé go bhfuil laghdú i gceist i gcomparáid le soláthar na bliana 2002 de €85.5 milliún, tá soláthar iomlán na bliana 2003 don Ghaeltacht agus do na hoileáin 60% níos mó ná soláthar na bliana 1997 de €48 milliún.
Cé go bhfuil laghdú freisin ar an leithdháileadh do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht, is ceart é sin a mheas i gcomhthéacs na hinfheistíochta suntasaí agus éifeachtúla i gceantair Ghaeltachta le blianta beaga anuas. Tá mé sásta go leanfar den chlár soláthair do bhonneagar na n-oileán agus do bhóithre Gaeltachta le linn 2003 mar chuid de chlár ilbhliantúil.
Tá soláthar breise de thart ar €1 milliúin curtha ar fáil do na scéimeanna cultúrtha agus sóisialta chun tacaíochta níos mó don Ghaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú. Ina theannta sin, tá an soláthar don chiste Gaeilge méadaithe 8% agus do na hoileáin méadaithe 9%.
Maidir leis an leithdháileadh laghdaithe d'Údarás na Gaeltachta, tá mé sásta go mbeidh an soláthar sin leordhóthanach ag cuimhneamh ar an éileamh ar dheontais thionsclaíocha nua a bhfuiltear ag súil leis. Tá plé le hÚdarás na Gaeltachta i ndáil le roghanna maoinithe nua dá chlár foirgníochta tar éis deiseanna nua a thabhairt chun solais a dhéanfar a shaothrú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh ioncam a sholáthar.
Sna cúinsí sin ar fad, tá mé lán-sásta go leanfar ar aghaidh an bhliain seo chugainn le clár suntas ach oibre ar mhaithe leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hoileáin agus go mbeidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), ach é a bheith achtaithe, ina chabhair mhór chun a chinntiú go rachfar ar aghaidh le bealaí praiticiúla a aimsiú chun caighdeán níos fearr a bhaint amach i ndáil le seirbhísí Stáit a sheachadadh trí don phobal.