Cuireann an méid atá a rá ag an Teachta íontas orm. Ar lámh amháin tá sé ag rá gur cheart airgead a chaitheamh ar infrastruchtúr. Nuair a dhéanaim airgead na Gaeltachta a roinnt idir infrastruchtúr agus airgead don údarás tá sé ag tabhairt amach. Nuair a bhí a pháirtí féin i Rialtas ní raibh pingin á chaitheamh ar bhóithre na Gaeltachta. Tá plean mór ag an Rialtas á chur i bhfeidhm bliain i ndiaidh bliana ar bhóithre straitéiseacha na Gaeltachta. Bíonn roghanna le déanamh ag Airí agus cuirim-se an-bhéim ar infrastruchtúr.
Tré H2 and H3 le chéile agus tré €1.5 milliún a thabhairt ag deireadh na bliana seo, móide cead a thabhairt €2 mhilliún a aistriú ó H2 go H3 níos luaithe i mbliana, níl aon amhras orm ach go mbeidh an t-údarás in ann dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn le clár tógála chomh mór le clár na bliana seo.
Tá plé déanta agam leis an údarás mar creidim, maidir le go leor de na modhanna atá á úsáid acu and le cúrsaí tógála, go bhfuil bealaí níos fearr leis an obair a dhéanamh. Ní fheicim gur gá gach foirgneamh a thógáil. Tá cead tugtha agam don údarás breathnú, mar shampla, ar dheontais a thabhairt seachas gach foirgneamh a thógáil é féin. Níl amhras orm ach gur bealach i bhfad níos costasaí le foirgnimh a thógáil ná go dtógfadh an t-údarás féin iad.
Tá mé ag plé leis an údarás chomh maith maidir le roinn sealúchas a dhíol. Tá níos mó ná €150 milliún sealúchas i lámha agus ní fheicim cúis ar bith go gcoinneodh an t-údarás greim ar an iomlán.