Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Jun 2003

Vol. 569 No. 3

Written Answers. - Polasaí Dátheangachais.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

91 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Sláinte agus Leanaí an féidir leis a chinntiú gurb é polasaí an Stáit an dátheangachas a chur chun cinn agus dá réir sin gur chóir go mbéadh páipéarachas an Státchórais agus a institiúidí dátheangach ar a laghad; cén fáth mar sin a bhfuil páipéarachas rannán seirbhísí leighis ginearálta na Roinne Sláinte agus Leanaí go huile agus go hiomlán as Béarla nó go bhfuil páipéarachas Bhord Sláinte an Limistéir Thiar Theas i mBéarla chomh maith; seachas feitheamh leis an mBille teanga an bhfuil sé i gceist ag an Aire a mheabhrú do na Ranna agus do na heagrais Stáit go bhfuil dualgas orthu i dtaobh an dátheangachais agus gur gá dóibh a bpáipéarachas ar a laghad a bheith sa dá theanga oifigiúla. [14452/03]

Ba mhaith liom a chinntiú don Teachta go bhfuil an dátheangachas á chur chun cinn ag mo Roinn féin. Usáideann an rannán seirbhísí leighis ginireálta de mo Roinn páipéireachas oifigúil na Roinne Sláinte agus Leanaí atá i nGaeilge agus i mBéarla. Maidir le ceist an Teachta i dtaobh an pháipéarachais oifigiúil i mBord Sláinte an Limistéir Thiar Theas tá an scéal curtha faoi bhráid Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir sin agam chun freagra díreach a chur chuige.

Titeann freagracht ginearálta maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar mo chomhghleacaí, an t-Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, an Teachta Ó Cuív. Tá curtha in iúl aige dom go bhfuil foráil i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2002, atá faoi bhráid na Dála faoi láthair, faoi alt 10 go bhféadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil gur i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a mhéid a bheidh sonraithe, a bheidh ceannteidil stáiseanóireachta a úsáideann comhlacht poiblí agus ábhar nó cibé cuid d'ábhar agus leagan amach aon chomharthaí nó fógrán dáchuid "agus bféadfar forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le haicmí éagsúla comhlachta, stáiseanóireachta, comharthaí nó fógrán".

Barr
Roinn