Faoi réir Buan-Ordú 87, sheolfar an teachtaireacht seo chuig an Dáil:
Tá an Comhchoiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireacht, Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis a bhreithniú ar an tairiscint seo leanas a chríochnú:
Go molann Dáil Éireann an tUasal Seán Ó Cuirreáin lena athcheapadh ag an Uachtarán mar an Coimisinéir Teanga.
Faoi réir Buan-Ordú 72, sheolfar an teachtaireacht seo chuig an Seanad:
Tá an Comhchoiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireacht, Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta tar éis a bhreithniú ar an tairiscint seo leanas a chríochnú:
Go molann Seanad Éireann an tUasal Seán Ó Cuirreáin lena athcheapadh ag an Uachtarán mar an Coimisinéir Teanga.