Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga: Díospóireacht

Cuirimid tús leis an seisiún seo den Joint Sub-Committee on the Ombudsman. Cuirim fíor fháilte roimh an gCoimisinéir Teanga, Mr. Rónán Ó Domhnaill, agus Mr. Colm Ó Coisdealbha, stiúrthóir Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá súil agam go mbeidh siad anseo go bliantúil amach anseo chun plé a dhéanamh ar an méid atá sa tuarascáil bhliantúil acu agus freagra a thabhairt ar aon cheisteanna a bhíonn ag comhaltaí. Tá deis anois ag an gcoimisinéir cúpla focal a rá mar sheoladh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Gabhaim buíochas leis an bhfochoiste as an gcuireadh teacht ina láthair inniu chun plé a dhéanamh ar thuarascáil bhliantúil na hoifige don bhliain 2014 mar aon leis an tuarascáil speisialta a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas níos luaithe i mbliana agus a bhain leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Is i mí an Mhárta i mbliana a chuir mé an tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Aire Stáit le cúram ghnóthaí Gaeltachta agus seoladh an tuarascáil go hoifigiúil ar an 14 Bealtaine.

Tá trí phríomhchúram leagtha ag an Oireachtas ormsa mar Choimisinéir Teanga. Is iad sin feidhmiú mar sheirbhís ombudsman, feidhmiú mar ghníomhaireacht ghéilliúlachta i dtaca le seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus comhairle a sholáthar i dtaca le cearta agus dualgais teanga. Mar atá ráite go minic roimhe seo, is oifig bheag í m’oifigse, ceann de na cinn is lú sa Stát, le seisear státseirbhíseach a chuireann réimse mór oibre díobh gach bliain.

Le linn na bliana seo caite, dhéileáil m’oifig le 709 gearán agus iarratas ar chomhairle ón bpobal maidir lena gcearta teanga. Is ardú de bheagán a bhí anseo le hais na bliana roimhe sin. Bhain an tríú cuid de na gearáin a fuair m’oifig le seirbhísí a bhí clúdaithe i scéimeanna teanga, an ceathrú cuid le húsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht agus an deichiú cuid araon le deacrachtaí a bhí ag daoine in úsáid an leagan Gaeilge dá n-ainm agus seoladh agus a bheith ag fáil freagra i mBéarla ar chomhfhreagras i nGaeilge. I dteannta gearán maidir le comharthaí bóthair, ar tháinig titim orthu anuraidh, tá patrún sonrach le haithint anois gurb iad seo na réimsí ábhair is mó a mbíonn deacrachtaí ag lucht labhartha na Gaeilge leo ina gcuid idirghníomhaíochta leis an Stát.

Réitítear formhór na ngearán tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil gearán a fheidhmíonn san oifig. Mar sin féin, i gcásanna áirithe ní bhíonn de rogha agam ach dul i muinín an phróisis fhoirmiúil imscrúdaithe nuair nach mbíonn aon toradh sásúil ar an bpróiseas neamhfhoirmiúil. I rith na bliana seo caite thionscain mé seacht n-imscrúdú oifigiúla ar ábhair éagsúla. Chomh maith leis sin, d’eisigh mé trí thuarascáil imscrúdaithe le linn na bliana a bhain leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, Bus Átha Cliath agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ar cheann de na hábhair nach miste liom aird an fhochoiste a tharraingt air ná an líon gearán nach raibh ar chumas m’oifige iad a fhiosrú de bhrí nár tháinig na comhlachtaí poiblí ábhartha faoi scáth an Achta. Ar an iomlán bhí 115 gearán den chineál seo i gceist. Bhain 35% acu sin leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus 15% le hUisce Éireann. I gcásanna mar seo bíonn m’oifig ag brath ar dhea-thoil na gcomhlachtaí poiblí chun ábhar na ngearán a réiteach nó go deimhin bíonn orainn a chomhairliú don phobal nach bhfuil aon spás ar fáil dúinn chun gníomhú. Tarlaíonn sé seo de bharr gur faoi chéadsceideal an Achta a ainmnítear na comhlachtaí poiblí sin a thagann faoi scáth an Achta. Is ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an t-údarás nuashonrú a dhéanamh ar an sceideal agus tá os cionn naoi mbliana caite ó rinneadh é sin go deireanach, i mí Iúil 2006. Tá an iliomad athruithe déanta ó shin ar eagraíochtaí, fheidhmeanna agus sheirbhísí Stáit ó tugadh faoi athchóiriú na seirbhíse poiblí. Is fadhb leanúnach í seo is furasta a réiteach agus ba chóir a bheith déanta i bhfad roimhe seo.

Déantar cur síos sa tuarascáil bhliantúil ar an gclár monatóireachta nó faireacháin a chuir m’oifig i gcrích le linn na bliana seo caite. Tá sé le feiceáil gur leanadh den scrúdú ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga agus moltaí a bhí déanta i dtuarascálacha imscrúdaithe. Is gnách le m’oifig freisin faireachán a dhéanamh ar ghné éicint de na dualgais dhíreacha atá leagtha ar chomhlachtaí poiblí. Le linn na bliana seo caite scrúdaigh m’oifig an bealach a raibh údaráis áitiúla ag tabhairt faoi chur i bhfeidhm na ndualgas a bhaineann le fógairtí taifeadta béil ar chórais teileafóin, dualgais atá i bhfeidhm ó mhí Iúil 2013 agus nár scrúdaíodh roimhe seo. Ba é príomhthoradh an iniúchta sin nach raibh ach dhá údarás áitiúla, as an 32 a tháinig faoi scóip an iniúchta, a bhí ag cloí go hiomlán leis na dualgais teanga atá leagtha orthu sa réimse seo.

I gcaitheamh na mblianta rinneadh cuid mhaith cur agus cúiteamh faoi chóras na scéimeanna teanga. Mothaím nach bhfuil mórán sa bhreis is féidir a rá fúthu nach bhfuil ráite roimhe seo. Táim go mór in amhras faoin gcóras seo mar mhodh cuimsitheach do sholáthar seirbhísí Stáit do lucht labhartha na Gaeilge. In ainneoin roinnt scéimeanna lena mbaineann méid áirithe fiúntais, measaim gur córas fabhtach é seo agus gur cheart sampla na Breataine Bige a leanúint trí éabhlóidiú chuig córas caighdeán. Admhaím go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á n-aontú anois ná mar a aontaíodh le tamall de bhlianta. Dhaingnigh an tAire 21 scéim teanga le linn na bliana seo caite. Ceistím mar sin féin fiúntas na ngealltanas i roinnt scéimeanna a bhíonn teoranta agus coinníollach. Níor chóir go mbeadh aon áit do chroimeasc den chineál seo i scéimeanna reachtúla teanga.

Cuireann sé imní orm freisin nach bhfuiltear go fóill ag aithint poist a mbeidh riachtanais Ghaeilge bainteach leo sna scéimeanna teanga atáthar á n-aontú. Is mar chuid den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a tugadh le fios ar dtús go mbeadh na poist seo á n-aithint i scéimeanna teanga feasta. Tá an cheathrú chuid de thréimhse na straitéise sin caite anois agua níl aon leithscéal nach mbeifí ag aithint na bpost seo ar bhealach córasach agus cuimsitheach, faoi mar a gealladh.

Ag deireadh na bliana seo caite bhí 99 iarratas déanta ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chomhlachtaí poiblí dréachtscéim teanga de chineál éigin a ullmhú. Ón am a eisíonn an tAire fógra i dtaobh scéim a ullmhú, bíonn de ghnáth sé mhí ag an gcomhlacht poiblí chun dréacht a chur ar fáil. Ag deireadh na bliana seo caite bhí os cionn ocht mbliana caite ó iarradh ar ocht gcomhlacht phoiblí scéim teanga a ullmhú, ina measc an Ceoláras Náisiúnta, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an Chomhairle Oidhreachta.

Ba le linn na bliana seo a thug an Breitheamh Colm Mac Eochaidh a bhreithiúnas maidir leis an achomharc a bhí déanta ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gcoinne cinneadh imscrúdaithe de chuid na hoifige. Ba é seo an chéad agus an t-aon achomharc a rinneadh go dtí seo i gcoinne fhionnachtain imscrúdú de chuid an Choimisinéara Teanga agus 100 imscrúdú nó mar sin atá seolta ag an oifig in imeacht na mblianta. Ba dhearbhú é cinneadh na cúirte, i gcoinne an achomhairc, go raibh an bhrí chruinn á baint ag an oifig seo as an gcuid áirithe sin den reachtaíocht. Is mór a thacaíonn fasach dlí den chineál seo le soiléiriú a thabhairt ar phíosa reachtaíochta agus fáiltím roimhe. Tacaím freisin leis an méid a bhí le rá ag an mbreitheamh léannta mar fhreagra ar áitiú na gCoimisinéirí Ioncaim go bhféadfadh comhlachtaí poiblí bealaí a aimsiú le hoibriú thart ar an reachtaíocht nuair a dúirt sé, “Nílim den tuairim go mbeadh an cineál sin iompair ar bun ag comhlachtaí freagracha poiblí”.

I mí Aibreáin na bliana seo caite a foilsíodh scéim ghinearálta Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014. Rinne mé cur i láthair ar an ábhar seo os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i mí na Bealtaine 2014. Dúirt mé ag an am sin gur beag a bhí sa Bhille beartaithe chun riachtanais lucht labhartha na Gaeilge a shásamh. Thug mé le fios chomh maith nár tugadh mórán airde ar na moltaí a rinne m’oifig ná go deimhin ar mholtaí an phobail sna ceannteidil a foilsíodh. Níor cuireadh san áireamh, mar shampla, aon riachtanas go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oibrithe an Stáit a bhíonn ag cur seirbhís ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ná go deimhin go gcuirfí malairt córais in áit chóras na scéimeanna teanga. Aontaím leis an dearcadh a léirigh an comhchoiste traspháirtí, agus é ag déanamh 34 moladh ar na 13 cheannteideal, go gcaithfeadh an Bille nua a chinntiú go bhféachfaí leis an nGaeilge a chur chun cinn seachas a feidhm a theorannú i réimsí ar leith.

Mar a thug mé le fios roimhe seo, lasmuigh d’athruithe teicniúla níl ach dhá mhír sna ceannteidil a foilsíodh a bhfeicim fiúntas lena gcuspóir, is é sin go dtabharfaí comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi scáth an Achta agus go dtabharfaí cosaint reachtúil d’úsáid an leagan Gaeilge d’ainm agus de sheoladh. Léiríodh dúinn le deireanaí a thábhachtaí is atá sé go mbeadh cosaint reachtúil ann d’úsáid ainm agus seoladh tar éis do dhaoine a gcóid phoist nua a fháil ag seoltaí a bhí i mBéarla agus in ainm nár aithin siad. Tá cuid mhaith gearán faighte ag an oifig seo maidir le Eircode agus an rud is mó a ghoill ar dhaoine ná gur seoladh an cód poist nua chucu faoi ainm agus sloinne a bhí i mBéarla cé nár ghnách leo a leithéid a úsáid riamh. Is ábhar é seo atáim á fhiosrú faoi láthair ach ní miste liom a rá go bhfuil cuing áirithe orm de bhrí nach ann d’fhoráil chun cearta a chosaint i ndlí teanga na tíre.

Tá ceithre bliana nach mór caite anois ó fógraíodh an t-athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí na Samhna 2011. Níl aon amhras ormsa faoin méid atá ag teastáil. Tá na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Acht reatha ráite agus athráite. Mar Choimisinéir Teanga teastaíonn uaimse go mbeadh Acht againn a bheadh ina chrann taca do sholáthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a chuideodh leo siúd nach mian míréasúnach dóibh a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le forais oifigiúla na tíre seo. Go cinnte teastaíonn bearta, acmhainní agus tacaíochtaí, an ceann is lú díobh dóthain foirne le Gaeilge, chun an méid sin a chinntiú. Ach bheadh muid ag cur dallamullóg orainn féin dá sílfeadh muid gur leor na bearta sin gan Acht neartaithe ag luí taobh thiar díobh.

Le linn dom a bheith ag seoladh na tuarascála bliantúla i mí Bealtaine na bliana seo, sheol mé tuarascáil speisialta chuig Tithe an Oireachtais chomh maith faoi alt 26(5) den Acht. Tá sé de chúram orm an méid seo a dhéanamh nuair a thagaim ar an tuairim nach bhfuil comhlacht poiblí tar éis moltaí a bhíonn déanta i dtuarascáil imscrúdaithe a chur i bhfeidhm go sásúil. Bhain an tuarascáil áirithe seo leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a teip, dar liom, socruithe sásúla a chur i bhfeidhm a chinnteodh nach gceapfaí ach múinteoirí le Gaeilge líofa i scoileanna Gaeltachta.

Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán ó Scoil na Rinne i bPort Láirge ar an ábhar seo, ba léir go raibh tús áite á thabhairt do chearta painéil a tháinig salach nó nár thug aird ar na dualgais teanga a bhí ar an Roinn faoin Acht Oideachais 1998.

Fáiltím roimh an bpróiseas a sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna do mholtaí polasaí don soláthar oideachais i limistéir Ghaeltachta níos luaithe i mbliana. Tá tagairt déanta sa cháipéis sin don ábhar a bhí mar bhunús leis an ngearán, is é sin ath-imlonnú múinteoirí, agus é ráite go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar éifeachtúlacht na socruithe atá i bhfeidhm. Teastaíonn níos mó ná sin agus go gcuirfí socruithe i bhfeidhm a chinnteodh gan aon amhras go gcaithfeadh Gaeilge líofa a bheith ag múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go deimhin i scoileanna lán-Ghaeilge. Tar éis dom cur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe a mheas, tháinig mé ar an tuairim nach raibh dóthain déanta ag an Roinn chun talamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheadh. Is ar an mbonn sin a chuir mé an tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Tá súil agam go dtugann an ráiteas seo léargas don chomhchoiste ar bhuaicphointí na hoifige le linn na bliana seo caite agus fáiltím roimh aon cheisteanna atá ag comhaltaí.

Dhein mé dearmad fógra a thabhairt a bhfuil orainn a thabhairt i gcónaí. Tá an nóta seo as Béarla ach déanfaidh mé iarracht é a aistriú. Baineann sé le pribhléid parlaiminte, go háirithe agus finné ag tabhairt freagra ar cheisteanna a gcuireann comhaltaí. De réir alt 17(2)(l) den Defamation Act 2009 tá absolute privilege ag na bhfinnéithe maidir lena bhfianaise don choiste. Má iarrann an coiste orthu stad a chur leis an bhfianaise atá á thabhairt acu ar ábhar áirithe agus má leanann siad leis, níl siad ach i dteideal pribhléid cáilithe maidir lena bhfianaise. Iarrtar orthu gan ach fianaise maidir leis an ábhar atá á phlé againn a thabhairt agus aird a bheith acu ar an gcleachtadh parlaiminte nach ndéanfaí líomhaintí in aghaidh daoine atá ainmnithe ar bhealach ar bith.

Beidh ceisteanna againn anois. Tosóimid leis an Seanadóir Ó Clochartaigh. Ansan beidh ceisteanna ón Teachta John Halligan agus ón Seanadóir Susan O'Keeffe. Iarraim ar na comhaltaí gan a bheith rófhada mar thiocfaimid ar ais timpeall agus iarraim ar an Seanadóir Ó Clochartaigh gan na ceisteanna maithe ar fad a sciobadh.

Ceart go leor. Fáiltím roimh an gcoimisinéir agus roimh an obair an-mhór atá á dhéanamh anseo. Rud cinniúnach atá ráite ag an gcoimisinéir maidir leis an gcás cúirte ná gur sheas sé an fód agus gur éirigh leis sa chás cúirte. Molaim é as ucht an seasamh sin a thógáil.

Nuair a bhreathnaítear ar an bpictiúr iomlán, go háirithe i gcás faireacháin, nuair a théann siad isteach agus iad ag seiceáil go bun an bhfuil na heagraíochtaí sin ag comhlíonadh na scéimeanna atá siad féin in ainm á dhéanamh, léirítear go bhfuil neamhaird á tabhairt ag cuid mhaith eagraíochtaí ar obair na hoifige agus, dá bhrí sin, ar an dlí. Tá an Roinn i bhfad ar gcúl ó thaobh dhaingniú scéimeanna agus daingniú na scéimeanna nua ag teacht chun cinn. Ní léir dom go bhfuil aon fheabhas mór ag teacht ar an Státchóras a bheith ag tacú le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus an obair atá ar bun ag an gcoimisinéir. Dá mbeadh an cás sin ag tarlú le haon duine de na Ombudsmen eile, bheadh raic mhór mhillteach sna Tithe seo. Bheadh raic sa Dáil agus bheadh díospóireacht mhór mhillteach agus daoine ag rá nach rabhthas ag leanacht dlí na tíre.

Ar chúis amháin nó ar chúis eile, is cuma leis an Stát faoin nGaeilge. Ceaptar gur féidir beag is fiú a dhéanamh de. Chonaic muid é seo roimhe seo i gcás an Roinn Coimirce Sóisialaí nuair a dúradh nach raibh an t-airgead ann agus, dá bhrí sin, ní raibh an Roinn chun aird a thabhairt ar bhreith an Ombudsman atá ag plé le cúrsaí Gaeilge. Níl sé sin maith go leor. Cad iad tuairimí an choimisinéara ina leith sin?

Tá an coimisinéir ag leagadh cúpla dualgas os ár gcomhair. Maidir leis na comhlachtaí nach dtagann faoin Acht ar nós an tÚdarás um Shábhailteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann, tá ról againn, b'fhéidir, scríobh chuig an Aire ag iarraidh nuashonrú a dhéanamh ar an liosta sin agus an péire sin ach go háirid a chur ann mar aon le haon chomhlachtaí eile a bhfuil an oifig ag fáil gearán fúthu.

Nuair a chonaic muid cinn Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014, bhí muid an-bhuartha go dtiocfadh sé chun cinn. Ar bhealach, dúirt muid gurbh fhearr linn nach dtiocfaidh sé chun cinn más iad cinnteidil nua a bhí ann a bhí le teacht ar aghaidh, ach tá gá le h-uasghrádú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. B'fhéidir go ndéarfadh an coimisinéir níos mó linn faoin gá atá ann leis an gcóras caighdeáin seachas na scéimeanna. Is léir gur cineál rud roghnach atá sna scéimeanna agus go bhfuil ag teip ar sin.

B'fhéidir gurb fhiú dúinn labhairt leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis an riachtanas Gaeilge ó thaobh na bpost. Is é an Roinn san atá i gceannas earcaíocht sa Státseirbhís agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh an choiste seo i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Howlin, maidir le daoine le Gaeilge a fhostú sna Ranna Stáit. Mar a deir an coimisinéir, níl sé sách maith nach mbeadh sé sin ag leanacht ar aghaidh.

Tá imscrúdú leagtha ag an gcoimisinéir os comhair na Tithe. Tá an coimisinéir ag leagadh ról os comhair an choiste seo go pointe áirithe. Nuair a leagann an coimisinéir imscrúdú os comhair na dTithe, is fúinne atá sé ag feidhmiú. Bheadh sé feiliúnach go dtiocfadh muide le chéile agus go n-iarrfadh muid ar an Roinn Oideachais agus Scileanna teacht os ár gcomhair maidir leis na ceisteanna atá ardaithe ag an gcoimisinéir maidir leis an imscrúdú áirithe seo.

Luaigh an coimisinéir an cás faoi Eircode. Tá cuid mhaith gearán cloiste againn faoi sin. Tuigim go bhfuil cuing áirithe ar an gcoimisinéir ó thaobh chúrsaí dlí ach an bhféadfadh sé míniú a thabhairt dúinn ar na deacrachtaí a chonaic sé ag teacht ós a chomhair? Céard iad na cinéal gearáin atá déanta agus céard iad na céimeanna sa phróiseas a bheas á leanacht ó thaobh Eircode de?

Scéal mór eile ar baineadh cuid mhaith ábhar as i rith na bliana ná an rud seo faoi na pointí pionóis a chuireadh ar ceal de bharr nach raibh an taifead a tugadh do na dhaoine a bhí tar éis an dlí a shárú, de réir mar a thuig muid, ach i mBéarla amháin. Ní dóigh liom go bhfuil se sin ina luí i ndáiríre le bun-phrionsabail Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ar féidir aon cheol breise a dhéanamh ar an ábhar sin?

Gabh mo leithscéal ach beidh orm fágáil ar 5 p.m. Má imím, ní drochmheas ar an gcoimisinéir atá ann ach de bharr cúraimí eile atá sé. Fáiltím go mór roimh an gcoimisinéir agus an obair ar fad atá ar bun aige.

Ar mhaith leis an gcoimisinéir na ceisteanna sin a fhreagairt anois nó an dtógfaimis-----

Gabh mo leithscéal, a Chathaoirligh Ghníomhaigh, ach tá fadhb ann leis an bhfuaim. Ní raibh fadhb ann nuair a bhí an coimisinéir ag caint ach tá fadhb ann anois. Tá sé an-deacair é a chloisint. Tá hum de shaghas éigin ann anois ach ní raibh sé ann nuair a bhí an ban-ateangaire ag caint níos luaithe.

Déanfaidh muid iarracht éisteacht leis.

There was no problem at the beginning but there is a problem now. Whoever was speaking-----

An déja vu a deirtear? Ní déja vu atá i gceist agam ach Groundhog Day. Sin an téarma a bhí uaim. Tosóimid arís.

I think it may be something small on the male interpreter's end because it was perfectly fine when the woman was speaking.

Tá sé cosúil le bheith i monarchan. Beidh ceisteanna againn ón mbeirt eile fad is a bhfuilimid ag déileáil leis sin.

Tá brón orm nach bhfuil Gaeilge agam. I will put my questions in English. Will the commissioner clarify the complaints that do not come within the scope of the Act? The commissioner mentioned 115 complaints last year, 35 of which related to the Road Safety Authority. The commissioner spoke about teachers with fluent Irish in Gaeltacht schools. Do those teachers not have fluent Irish and the relevant qualifications given most primary and secondary school teachers have qualifications in Irish? What would define a fluent Irish-speaking teacher or an Irish-speaking teacher that teaches in a Gaeltacht school?

Níl móran Gaeilge agamsa freisin agus mar sin b'fhearr liom labhairt as Béarla. The commissioner stated that the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht has the capacity or the capability to change the public bodies named in Schedule 1 to the Act. What is the commissioner's understanding of the reason that has not happened?

What debate has there been, if any? What engagement has there been, if any? Is it something that just has not happened, the way things sometimes do not happen, or has it been refused? There is a clear difference. Mr. Ó Domhnaill says his own office examined the local authorities' response and only two of the 32 were in full compliance. Did Mr. Ó Domhnaill analyse the reasons given by the remaining 30 that did not comply and did he produce a survey, or was this just an internal document for his office's use? Can he indicate the sorts of reasons they gave or whether they responded at all to his inquiries?

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Freagróidh mise na ceisteanna. Bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag tagairt do chóras na scéimeanna teanga agus dearcaithe an Státchórais go ginearálta maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla. Mar a dúirt mé san óráid, caithfear a admháil go bhfuil níos mó scéimeanna teanga á ndaingniú anois ná mar a bhí le blianta beaga anuas. Tá níos mó ag teacht isteach san oifig seachtain i ndiaidh seachtaine agus bheadh muid ag faire oraibh sin.

An fhadhb a fheicimse leis go ginearálta ná go mbíonn go leor de na gealltanais atá tugtha sna scéimeanna céanna an-choinníollach. Deirtear go minic go mbíonn siad ag brath "ar acmhainní a bheith ar fáil" agus bíonn sé deacair dúinne mar oifig a bhíonn ag faire air seo ó thaobh géilliúlachta de an scéim teanga sin a mhonatóiriú mar gheall air sin. Má deir comhlacht go bhfuil fadhb ann ó thaobh acmhainní agus má tá sé sin daingnithe sa scéim teanga, cruthaíonn sé sin deacrachtaí. Mar shampla, tá ceann ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus deir sé go ndéanfaidh iarracht urlabhraí Gaeilge le húdaráis leordhóthanach a chur ar fáil do agallamh leis na meáin. Tá sé an-deacair dúinne rud mar sin a mheas - céard is "iarracht" ann - seachas fíricí lom faoi líon na gcainteoirí a bheas ann nó líon na seirbhísí atá siad sásta a chur ar fáil a bheith breactha síos go cuimsitheach.

Luadh an córas ó thaobh caighdeáin de. Go bunúsach, séard atá i gceist ansin ná seachas a bheith ag brath ar scéimeanna teanga den chuid is mó, mar is iad na scéimeanna teanga faoi láthair an phríomhuirlis atá ann maidir le dualgais teanga. in áit dualgas díreach a bheith ann maidir le comharthaíocht, stáiseanóireacht, agus fógairtí taifeadta béil. Dá mbeadh córas caighdeáin leagtha síos, mar atá théis tarlú sa mBreatain Bheag, bheadh go leor buntáistí leis sin. Séard a chiallaíonn sé go bunúsach ná go ndéanfaí rangú ar chomhlachtaí poiblí - mar shampla, go mbeadh Ranna i gcatagóir amháin, institiúidí tríú leibhéal i gcatagóir eile agus údaráis áitiúla i gcatagóir eile - agus go leagfaí na dualgais ar na catagóirí sin ag brath ar cén chatagóir ina raibh siad agus go leagfaí na dualgais is troime orthu siúd is mó a bhfuil teangmháil acu leis an bpobal. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann leis sin ná go ndéanann sé an córas i bhfad níos simplí do na comhlachtaí poiblí iad féin agus don saoránach freisin. Go minic faigheann muide glaoch nó ríomhphoist ó shaoránaigh nach mbíonn a fhios acu céard iad na cearta a bhfuil siad i dteideal mar braitheann sé ar céard atá aontaithe sa scéim teanga. Dá mbeadh caighdeán comónta ann do na heagrais seo, chuideodh sé go mór le cúrsaí agus sin ceann de na moltaí a rinne m'oifig maidir leis na ceannteidil ar an mBille.

Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh riachtanais post freisin, go mba cheart go mbeadh poist sainaitheanta ann le Gaeilge agus an gá atá ann dul i dteangmháil leis an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe faoi seo. Is í sin an Roinn atá i gceannas ó thaobh earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus mar sin de. Dúradh i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge thiar i 2010 go mbeadh poist á sainaithint as seo amach i scéimeanna teanga. B'in cúig bliana ó shin. Níl sé sin tarlaithe ar aon bhealach córasach agus caighdeánach go dtí seo. Tá sé sin an-soiléir d'éinne a bhreathnaíonn ar scéimeanna teanga. Séard atá ráite ag go leor acu, an Roinn Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe ina measc, a bhfuil scéim teanga aontaithe aici le deireanaí, ná go bhféachfaidh siad air sa bhliain amach romhainn maidir le poist a shainaithint agus níl aon phost sainaitheanta ann faoi láthair. Seo cúig bliana anois tar éis é a bheith ráite sa straitéis 20 bliain go raibh a leithéid le cur i bhfeidhm. Is léir go bhfuil fadhb ansin nach bhfuil dóthain daoine le Gaeilge ann chun na seirbhísí a chur ar fáil agus caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb, ach beidh sé an-deacair dul i ngleic léi ar aon bhealach cuimsitheach, córasach, caighdeánach mura bhfuil dóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu á n-earcadh. Caithfidh Ranna agus comhlachtaí poiblí a aithint go bhfuil gá lena leithéid.

Cuireadh roint ceisteanna sa Dáil faoi seo le dearnaí freisin. Bhí cuid de na figiúirí do na Ranna an-íseal. Bhí cuid acu ag rá go raibh beirt, triúr nó ceathrar sa Roinn a raibh Gaeilge acu. Bhí Ranna eile níos fearr, ar nós an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach bhí Ranna eile ina raibh líon na ndaoine le Gaeilge an-íseal. Chomh maith leis sin, nuair a cuireadh an cheist faoin méid daoine a bhí ag teastáil uathu le Gaeilge bhí go leor de na Ranna céanna ag rá nár theastaigh duine ar bith, nó nár theastaigh ach duine nó beirt. Níl sé sin ag teacht leis an méid atá mise á chloisteáil i m'oifig ó dhaoine atá ag glaoch isteach agus daoine atá ag déanamh gearán faoi easpa sheirbhísí trí Ghaeilge.

Luaigh an Seanadóir an t-imscrúdú atá déanta againn maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, atá curtha agam faoi bhráid an chomhchoiste. Ar bhealach, is ceann de na nithe is dáiríre é seo go bhféadfadh aon choimisinéir ná aon ombudsman a bheith ag déileáil leis: ceist oideachais do ghasúir sa nGaeltacht. Is deacair a shamhlú go mbeadh aon rud níos tábhachtaí ná sin. Is léir go bhfuil easaontas idir m'oifig agus an Roinn Oideachais agus Scileanna faoi seo. Rinne muid imscrúdú. Frítheadh go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag sárú an Acht Oideachais faoi seo, go ndearnadh iarracht múinteoir gan a ndóthain Gaeilge a bhrú ar scoil sa nGaeltacht a bhí ag teagasc trí Ghaeilge.

Ag tagairt don cheist a cuireadh ar ball, ceann de na hargóintí a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ná go bhfuil chuile mhúinteoir cáilithe le múineadh trí Ghaeilge tar éis dóibh imeacht ón gcoláiste oiliúna, in ainneoin thuarascáil chigirí na Roinne, a bhí ag tabhairt le fios go raibh fadhbanna móra ann ina leith seo. Is rud uafásach tábhachtach é seo agus ar bhealach caithfidh mé é a fhágáil faoin gcomhchoiste anois féachaint céard ar mhaith leis a dhéanamh faoi, ach tá mo chuid dualgas comhlíonta agam. Mhol mé go gcaithfeadh an Roinn Oideachais agus Scileanna a chinntiú nach dtarlódh an rud céanna arís agus níl mé sásta go bhfuil na moltaí sin san imscrúdú curtha i bhfeidhm in a iomláine agus an dualgas atá orm anois mar Choimisinéir Teanga é sin a leagaint faoi bhráid an chomhchoiste. Is faoi na comhaltaí atá sé anois déileáil leis an gceist sin.

Luadh chomh maith Eircode agus dúirt mé san óráid go bhfuil cuing áirithe ag baint leis sin. Ó thosaigh mise sa bpost, níor tháinig aon líon gearán gar don mhéid gearán a fuair muid faoin gceist seo. Bhí olc dubh ar dhaoine. Bhí daoine an-churtha amach faoi, go raibh leaganacha dá n-ainmneacha nár aithin siad ar chor ar bith ó saolaíodh iad in aon cháipéis Stáit a bhí acu riamh á n-úsáid chun na Eircodes seo a chur chucu. Fuair muid os cionn 60 gearán maidir leis an ábhar agus is mór an mhéid é sin don oifig. Bhain siad le trí ábhar faoi leith: ainmneacha a bheith aistrithe do Bhéarla cé nár úsáideadh an leagan Bhéarla riamh, seoltaí a bheith aistrithe go Bhéarla sa nGaeltacht agus seoltaí a bheith aistrithe taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ceann de na ceannteidil ar an mBille ná go mbeadh dualgais reachtúil ann go mbeadh cead ag duine leagan Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid. Níl a leithéid ann i reachtaíocht teanga na tíre faoi láthair. Mar gheall air sin, tá cuing ann ó thaobh cé mhéad gur féidir a fhiosrú, ach ó chuir an Seanadóir an cheist, ba chóir a rá go bhfuil imscrúdú foirmiúil tionscanta agam anois leis an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha mar gheall air seo. Níl aon réamhbhreithiúnas á thabhairt, ach feictear dom go bhfuil cás le freagairt agus feicfimid céard a thiocfaidh as. Tá gealltanas áirithe sa scéim teanga de chuid na Roinne, mar shampla, ó thaobh logainmneacha sa nGaeltacht agus feidhmeoimid dá réir sin agus tiocfaimid ar thoradh ar an imscrúdú sin in am tráth.

Luadh chomh maith ceist na bpointí pianóis. Is ceist í seo a ghoill go mór ar dhaoine ar chuile thaobh den argóint faoi ól agus tiomáint agus ar chuile thaobh den argóint faoin nGaeilge.

Ghoill sé ar lucht labhartha na Gaeilge gur mheas siad go raibh an Ghaeilge á húsáid, ar bhealach, mar bhata anseo. Bhí go leor scríofa sna meáin faoi seo agus b'fhiú cúpla rud a chur ar an dtaifead faoi seo. Ar an gcéad dul síos, níor bhain sé seo, beag ná mór, le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Bhain sé leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre. Ní chúisítear ná ní chinntítear éinne mar gheall ar eolas tiomána faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tarlaíonn seo faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre.

An dara rud ná ní lúb ar lár atá anseo, ná baol ar sin. An rud atá ann ná go raibh dualgas soiléir leagtha síos i reachtaíocht na tíre go gcuirfí leagan Béarla agus leagan Gaeilge den taifead a bhí ag teacht ón meaisín ar fáil ach mar gheall ar fhadhb riaracháin, ní raibh sé seo ag tarlú. Níl an locht ar an nGaeilge mar gheall ar sin ná níl an locht ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an locht ar an gcóras, ar an Stát. Bhí dualgas soiléir leagtha síos, ach níor cuireadh i bhfeidhm é. Is é atá ag tarlú anois ná go bhfuil rialachán nua tagtha isteach, ag rá go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla. De réir mo thuiscint chomh maith, tá cead achomharc a lorg i gcoinne cinnidh na hArd Cúirte.

Sin ráite, go ginearálta, feictear dom go mbíonn sé níos fearr nuair a chuirtear cáipéisí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla - gur fearr a chuidíonn sé sin. Tóg mar shampla an Roinn Coimirce Sóisialaí le hUisce Éireann faoi láthair, ag cur amach na litreacha faoin deontas €100. Tá an Ghaeilge ar taobh amháin agus an Béarla ar an dtaobh eile agus níl aon argóint ná cheist faoi mar tá sé ar fáil sa dá theanga. Anois, deirtear linn maidir leis an meaisín seo ó thaobh eolas tiomána, go mbeidh sé ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla. An rud atá tábhachtach anseo ná go leanfadh muid treoir atá i bhfeidhm go mór, i gCeanada mar shampla, go ndéanfaí an tairiscint réamhghníomhach - go ndeirfear leis an duine atá ag fáil an taifid seo, "Ar mhaith leat é i nGaeilge nó ar mhaith leat é i mBéarla?" Más é go bhfuil siad chun é a fháil i mBéarla agus má chuimhníonn siad air nó má chuimhníonn an té atá á chur ar fáil, ba cheart go dtabharfaí an rogha dóibh. Ba cheart go mbeadh sé leagtha síos go dtabharfaí an rogha sin dóibh.

Tá trí bliana caite anois ó chuaigh scéim teanga an Gharda Síochána in éag agus níl ceann nua daingnithe go fóill. Ceann de na moltaí a bheadh agam ná go bhféadfaí foráil a chur isteach sa scéim teanga - go ndéanfaí an tairiscint réamhghníomhach seo. Is dóigh liom go bhfuil ceisteanna an Seanadóra clúdaithe agam.

Cad mar gheall ar na ceisteanna a chur an Teachta Halligan? Is féidir iad a fhreagairt as Gaeilge nó as Béarla.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Chuir an Teachta ceist orm faoi na gearáin nach dtagann faoi scáth an Achta. Ó 2006, ní dhearnadh aon uasdátú ar an Sceideal. Mar sin, ní thagann aon chomhlacht a tháinig ar an saol ó shin faoi scáth an Achta. Is iad an t-Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Uisce Éireann an dá cheann is mó i measc sin a thagann chun cinn. Fuair muid gearán mar shampla faoi: foirmeacha iarratais; suíomhanna gréasáin; teagmháil a dhéanamh ar chórais teileafóin; agus a leithéid. Bíonn muid ag brath ar dea-thoil na n-eagraíochtaí sin agus go minic faigheann muid an dea-thoil sin. Ach i gcásanna eile go minic, mar gheall nach bhfuil dualgas ann, bíonn orainn a rá leis an té atá ag déanamh gearáin nach bhfuil an dualgas sin ar an gcomhlacht poiblí mar ní thagann sí faoi scáth an Achta. Ní maith liomsa, mar Coimisinéir Teanga, mar dhuine atá ceaptha le cearta teanga an dhuine a chosaint, a bheith ag rá sin. Ábhar eile a tháinig chun cinn ná an ceadúnas tiomána. Níor tháinig an t-Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi scáth an Achta agus mar gheall ar sin ní raibh an dualgas sin ann. Bhí go leor fadhbanna faoi sin.

Chuir an Teachta ceist chomh maith faoi mhúinteoirí le líofacht Gaeilge agus cén cáilíochtaí ar cheart a bheith ann. Dúirt sé nach bhfuil múinteoirí cáilithe ar aon nós nuair a thagann siad amach ó na coláistí oiliúna. Sin argóint a bhí ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Léirigh scrúdú a rinne cigirí na Roinne go raibh fadhbanna móra ann ó thaobh an chaighdeán Gaeilge a bhí ag go leor daoine a bhí ag teacht amach ó na coláistí oiliúna. Maidir leis an scoil sa Rinn, i bPort Láirge, bhí sé le rá ag na múinteoirí iad féin a bhí ar an bpainéal nach raibh an Ghaeilge acu, nach raibh a ndóthain Gaeilge acu le múineadh i scoil a bhí ag feidhmiú trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Ach fós, rinneadh iarracht iad a bhrú ar an scoil sin agus ní raibh sé sin pioc sásúil.

Chuir an Seanadóir O'Keeffe ceist orm faoin gcéad Sceideal, ó 2006, agus cén fáth nach bhfuil a leithéid tarlaithe go dtí seo. B'fhiú dom a lua, sna ceannteidil a foilsíodh ar an mBille, Bille na dteangacha oifigiúla (leasú), i mí Aibreáin anuraidh, tá sé beartaithe go ndéanfaí uasdátú ar an Sceideal agus go dtarlóidh sin go huathoibríoch. Tá sin an-tábhachtach, mar bheadh sé as dáta mí, bliain nó leathbhliain ina dhiaidh sin nuair a thiocfadh comhlacht eile ar an saol arís. Mar sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaí uasdátú uathoibríoch ar an Acht.

Cuireadh ceist freisin faoi na húdaráis áitiúla agus ceist faoi fhógairtí taifeadta béil ar an teileafóin mar nach raibh ach péire as 32 iomlán géilliúil maidir le sin. Tá feabhas tagtha ar an scéal ó shin. Cuireadh ceist orm faoin scrúdú a rinne muid dúinn féin agus an raibh sé poiblí. Bhí seo istigh sa tuarascáil bhliaintúil, mar cheap muid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine ar an eolas faoi na caighdeáin agus na seirbhísí atáthar á chur ar fáil agus an bhfuil údaráis áitiúla, chomh maith le comhlachtaí poiblí eile, ag comhlíonadh na ndualgas atá orthu. Fuair muid amach nach raibh ach péire as 32 go hiomlán géilliúil, ach tá athrú beag tagtha ar sin ó shin. Anois, tá sé chomhairle contae géilliúil go hiomlán agus céimniú chun feabhais glactha ag 11 de na comhairlí contae, ó 2014, ardú de 37%. Is feabhas é sin.

Nuair a bhíonn mionteanga ann, léiríonn an staidéar go ginearálta go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh an teanga sin feiceálach. Sin an fáth go bhfuil comharthaíocht, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil chomh tábhachtach, go gcloisfeadh agus go bhfeicfeadh daoine an Ghaeilge agus go mbeadh sí mar chuid nádúrtha den saol poiblí dóibh agus iad ag déileáil leis an Stát. Is údar díomá é go raibh an leibhéal ghéilliúlachta chomh híseal sin. Ach is maith go bhfuil sé ag feabhsú agus tá súil agam go dtiocfaidh tuilleadh feabhais air i rith na bliana.

Acting Chairman (Deputy Aengus Ó Snodaigh:)

Tá cúpla ceist agam féin a bhaineann leis an méid atá ráite ag an gCoimisinéir cheana agus le cuid de na freagraí a thug sé.

I dtuairim an Choimisinéara, cé mhéid comhlachtaí Stáit nó poiblí atá ann nach bhfuil clúdaithe? An bhfuil liosta de na comhlachtaí sin ag an gCoimisinéir? Tuigim go mbíonn an Coimisinéir ag scríobh go rialta chuig daoine a dhéanann gearáin agus ag rá leo nach bhfuil comhlacht faoi leith clúdaithe. Glacaim go bhfuil roinnt eolais aige ar seo mar sin. Le blianta anuas, tá mise ag déanamh iarrachta anseo go dtiocfadh comhlachtaí nua atá á mbunú ag an Stát faoi scáth fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach ní raibh an Rialtas sásta leasú a chur leis an reachtaíocht ná leis an liosta de na comhlachtaí atá clúdaithe ag an reachtaíocht. Conas is féidir sin a athrú ionas go ndéanfaí é sin go huathoibríoch? An dtarlaíonn sin sa Bhreatain Bheag agus an bhfuil gach comhlacht a fhaigheann maoiniú ansin clúdaithe ag an reachtaíocht ansin? Conas is féidir é seo a dhéanamh? Glacaim go bhfuil bealach ann le seo a dhéanamh, ach níl aon eolas agam faoi.

Luaigh an Coimisinéir scéim teanga a bhí aontaithe aige leis an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe. Is maith an rud é go bhfuil an scéim sin aontaithe, ach an bhfuil soiléiriú déanta ar an ról atá ag an Roinn nó ag an Aire maidir le sin? Anuraidh, bhí an tAire Stáit i bhfeighil na Gaeltachta ag an am, an Teachta McGinley, os ár gcomhair agus dúirt sé nach raibh dualgas air maidir leis na moltaí a bhí i dtuairisc oifigiúil an Choimisinéara ag deireadh na bliana. Dúirt sé nach raibh dualgas air féachaint chuige go gcloífadh comhlacht leo nó go ndéanfaidís gníomh faoi leith dá bharr.

Bhí sé den tuairim go raibh an ról sin ag cloí le ról an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin cinntithe nó soiléirithe ó shin. Má tá, an bhfuil caidreamh níos fearr ann anois? B'fhéidir nach raibh sé go dona roimhe sin. Tá an scéim teanga ann, dar ndóigh, ach bheadh sé sin ag aon Roinn. An bhfuil caidreamh maith idir Oifig an Choimisiéara Teanga agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ionas gur féidir a chinntiú go bhfuil gníomh á dhéanamh de réir na moltaí atá i dtuarascáil bhliantúil an choimisinéara? Cad go díreach a tharlaíonn faoi láthair? An bhfuil aon duine sa Roinn sin atá freagrach as bualadh leis an gcoimisinéir nó glaoch a thógaint uaidh?

Tá ceist amháin eile agam. Cad a tharlaíonn nuair a dhéanann Oifig an Choimisinéara Teanga tuarascáil imscrúdaithe. Luaigh an coimisinéir sa mhéid a dúirt sé go raibh trí tuarascáil den chineál sin le déanamh aige le bliain anuas. Bhain na tuarascálacha leis an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród, le Bus Átha Cliath agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí tuarascálacha eile ann roimhe seo. Is cuimhin liom an coimisinéir deireanach ag caint faoi Ard-Mhúsaem na hÉireann agus - arís - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Ní chuimhin liom an tríú eagraíocht a bhí i gceist ag an am. Sin é go fóill.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tógfaidh mé an chéad cheist ar dtús, faoin méid comhlacht poiblí nach bhfuil clúdaithe. Tá liosta ann agus cuirfidh mé faoi bhráid an choiste é. Measaim go bhfuil thart ar 40 comhlacht i gceist, ach gheobhaidh mé figiúr agus liosta críochnúil agus cuirfidh mé ar aghaidh iad.

Is slat tomhais dúinn é. Chabhródh sé linn impí ar aon Aire atá os ár gcomhair deifear nó fuadar a chur ar an Roinn a chinntiú nach bhfuil an méid sin comhlacht i gceist. B'fhéidir go bhfuil siad ag cloí leis. Tá roinnt acu go maith, ach is cuma sa tsioc le roinnt eile dóibh toisc gur dualgas reachtúil nach bhfuil anuas orthu go fóill é.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Goileann sé ar dhaoine nuair a dhéanann siad gearáin má deirtear leo nach bhfuil aon údarás ag Oifig an Choimisinéara Teanga, ar bhealach, nó nár féidir leis an oifig mórán a dhéanamh dóibh mar gheall nach dtagann an gearán faoi scáth an Achta. Níl sé sin sásúil.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Ó thaobh a bheith uasdátaithe go huathoibríoch, tá an múnla sin ann sa mhéid agus is féidir. De réir mar a thuigim, tá an múnla sin ag an Ombudsman. Is léir go ndéanfar uasdátú go huathoibríoch ar an Sceideal agus go bhfuil a leithéid ann freisin faoin Acht um Mhíchumas. Tuigim go bhfuil sé molta i gcinn an Bhille go ndéanfar é go huathoibríoch chomh maith.

Mr. Colm Ó Coisdealbha

Ba mhaith liom cur leis sin. Is dócha go bhfuil se i gceist go ndéanfar sainmhíniú ar céard atá i gceist le "comhlacht poiblí" agus go dtiocfaidh aon eagraíocht a cháilíonn mar chomhlacht poibí faoi bhrí an tsainmhínithe sin faoi scáth na reachtaíochta. Is é sin go hiondúil an córas atá i gceist. B'fhéidir gur cheart dom gné thábhachtach eile den ábhar seo a lua. Tá sé thábhachtach go mbeadh fochuideachtaí de chuid comhlachtaí áirithe curtha san áireamh.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Chuir an Teachta ceist eile orm faoin scéim teanga atá daingnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is dócha gurb é an cúram atá orm na a chinntiú go gcuirtear an méid atá sa scéim i bhfeidhm. Maidir leis an méid atá aontaithe, is ceist é sin don Roinn agus don Aire. Cuirtear an scéim ar aghaidh chugam agus measaim an bhfuil sí á cur i bhfeidhm. Is léir go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Roinn sin ós rud é go bhfuil sí i gceannas ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí ar go leor bealaí. Luaigh an Teachta an caidreamh ata agam leis an Roinn sin. Bhí sraith cruinnithe agam le hArd-Rúnaithe na Ranna Rialtais ó tháinig mé isteach sa phost seo, agus cruinniú le hArd-Rúnaí na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina measc. Chuir mé in iúl dó an tábhacht, dar liom, atá ann go mbeadh dóthain daoine le Gaeilge á n-earcú isteach sa Státseirbhís. Tá sé sin ríthábhachtach. Mar a nótáil mé níos luaithe, níl aon phost sainaitheanta go fóill ag an Roinn sin sa scéim teanga seo. Is fiú a lua go bhfuil cúig bliana caite ón am gur leag an straitéis 20 bliain amach go mbeadh poist á sainithint i scéimeanna teanga amach anseo.

Maidir le tuarascálacha imscrúdaithe, tá roinnt imscrúdaithe curtha faoi bhráid an choiste seo, mar shampla i gcás comharthaí leictreonacha Iarnród Éireann. Luaigh mé cás an Roinn Oideachais agus Scileanna leis an Seanadóir Ó Clochartaigh níos luaithe. Dé réir an Achta, nuair atá imscrúdaithe á dhéanamh againn, i dtús báire déanaimid iarracht réiteach neamhfhoirmiúil a fháil agus déanaimid imscrúdú foirmiúil muna n-éiríonn leis sin. Déanaimid moltaí ina dhiadh sin. Iarradh orm an bhfuil ceangal leis na moltaí sin nó nach bhfuil. Dé réir an Achta, is féidir le comhlacht poiblí athchomharc chuig an Ard-Chúirt a lorg. Níl sé sin ach tarlaithe ach i gcás amháin - cás na Coimisinéirí Ioncaim, a luaigh mé roimhe seo - go dtí seo. Muna lorgaítear athchomharc, is é an dearcadh atá agam ná go bhfuil siad ag glacadh leis an imscrúdú agus go bhfuil siad chun na moltaí a chur i bhfeidhm. Dé réir an Achta, má tá mé den bharúil tar éis tréimhse réasúnta ama nach bhfuil na moltaí á gcur i bhfeidhm, cuirim an t-imscrúdú sin faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Is maith an rud é go bhfuil an coiste seo bunaithe anois agus go dtéann na himscrúdaithe sin chuig an gcoiste. Nuair atá an t-imscrúdú déanta agam, tá cinneadh déanta agam go bhfuil pé comhlacht poiblí atá i gceist ag sárú pé Acht atá i gceist, tá moltaí déanta agam agus táim den bharúil nach bhfuil na moltaí sin á gcomhlíonadh, cuirim an ábhar ar aghaidh go dtí Tithe an Oireachtais. An moladh atá agamsa don choiste ná gur cheart féachaint ar sin, más féidir. Luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh ceann de na hargóintí a thagann chun cinn. Go minic, ní bhíonn argóint ann faoi an bhfuil an chomhlacht ag sárú na dualgais nó nach bhfuil - deirtear gur cheist acmhainní atá ann. Ní féidir liomsa mar Choimisinéir Teanga glacadh leis má deireann aon chomhlacht poiblí "tuigimid go bhfuil dualgas orainn, ach níl an t-airgead againn agus nílimid chun an dualgas sin a chomhlíonadh". Tá an reachtaíocht seo daingnithe ag Baill an Oireachtais.

Aontaím leis an gcoimisinéir. I slí amháin, ní féidir an cheist seo a fhreagairt. Nuair a bhí an cheist seo á phlé againn roimhe seo, dúirt Aire Stát na Gaeltachta thar ceann an Aire shinsearaigh nach raibh sé de dhualgas orthu a chinntiú go gcloíonn an Státchóras leis na moltaí, cé go bhfuil sé de dhualgas orthu na scéimeanna teanga a aontú agus a chinntiú go bhfuil siad ann. A luaithe agus a chuireann an choimisinéir moladh nó imscrúdú chun cinn, bíonn sé de dhualgas orainn déileáil leis, mar shampla trí cuireadh a thabhairt don Aire nó don chomhlacht teacht os ár gcomhair. Ina dhiaidh sin, tá sé de dhualgas ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, nó ba é sin an tslí a ghlac mé leis an méid a dúirt an tAire Stáit, an Teachta McGinley, ag an am. I slí amháin, luíonn sé sin leis an méid atá á rá ag an gcoimisinéir. Má tá sé mar leithscéal ag an Roinn nach bhfuil an t-airgead ann, is é an tAire atá i gceannas.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá próiseas i gceist. Nuair a dhéantar an t-imscrúdú, bíonn sraith moltaí ann. Go hiondúil, deirimid go bhfuil trí mhí nó sé mhí ag na comhlachtaí iad a chur i bhfeidhm. D'fhéadfadh sé bheith níos faide ná sin i gcásanna áirithe. Déanaimid an monatóireacht ar sin. Comhlíontar na moltaí sin sa chuid is mó. Tá os cionn 100 imscrúdú déanta agus tá seacht gcinn acu sin curtha ar aghaidh go dtí Tithe an Oireachtais. Chuir mise mo chéad cheann, leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, ar aghaidh i mbliana. Don chuid is mó, comhlíontar na moltaí atá déanta. Níl an chumhacht agam dul níos faide ná sin.

Mr. Rónán Ó Domhnaill

Tá na moltaí ann agus ansin cuirtear ar aghaidh iad.

Táimid tar éis déileáil le fir an phobail, nó Ombudsmen, difriúla. Tá an sórt cleasaíocht céanna - agus an frustrachas céanna, b'fhéidir - orainn. Tuigimid an leigheas nó an moladh atá curtha chun cinn, ach ní féidir linn é a chur i bhfeidhm. I mo thuairim, tá sé níos measa sa chás seo. Dá mbeadh sé i Roinn, nó faoi ghné eile den saol, bheadh fuadar faoin Rialtas déileáil leis. Bheadh náire orthu gan déileáil leis. I gcás na Gaeilge, measaim uaireanta go bhfuil siad sásta moill a chur air nó neamhaird a dhéanamh air.

Is rud spéisiúil é go raibh cás cúirte ann le déanaí a bhain leis an Ombudsman Pinsean ina ndúirt an breitheamh nach féidir leis neamhaird a bheith aige don dualgas reachtúil. Sin an píosa atá in easnamh go fóill maidir leis an reachtaíocht. Nuair atáimid ag déileáil leis an reachtaíocht nua, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil an dualgas reachtúil níos láidre nó níos práinní. Sin an dúshlán atá ann dúinn. Má tá sé á lorg ag an gcoimisinéir, an coiste seo nó an pobal i gcoitinne maidir le comhlacht atá ag iarraidh a bheith glic le daoine, caithfimid déanamh cinnte go bhfuil an chomhlacht sin ag déanamh beart de réir an briathar atá ina scéim teanga nó de réir pé dualgas reachtúil eile atá ann.

Sin an méid atá le rá agamsa. Gabhaim mo bhuíochas leis an mbeirt fhinné. Tá súil agam go mbeimid in ann obair ar an méid atá sa tuarascáil. Má smaoiníonn an coimisinéir ar rud nár fhreagair sé nó má tá aon eolas breise aige, is féidir leis é a chur ar aghaidh chugainn, déileálfaidh muid leis agus tiocfaidh muid thar n-ais chuige.

The joint committee adjourned at 5.25 p.m. sine die.