Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil)

ALT 6
Atógadh an díospóireacht ar leasú Uimh. 125:
I leathanach 15, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:
“(3A) Beidh an Coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna.”.
- (An Teachta Aengus Ó Snodaigh)

Ag an gcruinniú deireanach, a bhí againn ar 9 Márta, d'iarr mé ar an Aire Stáit treoir a chur síos chun scóip an Bhille a leathnú. Níl a fhios agam an raibh sé ag smaoineamh air sin ó shin. D'ardaíodh ag an gcruinniú go bhfuil an chumhacht aige, faoi na Buan-Orduithe, scóip an Bhille a leasú chun glacadh le roinnt de na leasuithe a bhí as ord. Tá 20 leasú as ord toisc nach luíonn siad laistigh de scóip an Bhille. An bhfuair an tAire Stáit deis chun smaoineamh i gceart air sin ó shin?

Tá ceist na leasuithe dícheadaithe pléite go minic ag an gcoiste seo. Níl aon ról agam sa phróiseas, mar is eol don Chathaoirleach. Tá próiseas ann agus cuirtear i bhfeidhm é le haghaidh gach Bille. Scríobh an coiste chuig an gCeann Comhairle maidir le cinntí Oifig na mBillí agus fuair sé freagra soiléir ar ais nach raibh aon rud mícheart leis an bpróiseas. I mo thuairim, tá sé in am anois bogadh ar aghaidh. Táimid ag obair air seo ón 22 Eanáir agus níl ach beagáinín os cionn leath de na leasuithe pléite againn. Tá daoine ag éirí amhrasach faoin moill atá le Céim an Choiste agus tá faitíos orthu nach mbeidh an Bille seo achtaithe roimh an samhradh. Táimid ar fad ag iarraidh Bille láidir a thabhairt tríd chomh luath agus is féidir ionas gur féidir tús a chur leis an obair fíorthábhachtach a bheidh ag eascairt ón mBille. Sílim go bhfuil sé soiléir ón bplé go dtí seo go bhfuil mé oscailte chun féachaint ar leasuithe a láidreoidh an Bille. Phléigh muid leasú maidir le scóip an Bhille, Uimh. 4, agus thóg an coiste vóta air. Níor glacadh leis an leasú sin. Mar sin, tá toil an choiste feicthe againn agus sílim gur chóir anois bogadh ar aghaidh leis na leasuithe atá in ord chun gur féidir linn an obair ríthábhachtach sin a chur i gcrích.

Tá sé fós faoin Aire Stáit scóip an Bhille a leasú más mian leis. Tá an chumhacht sin aige. Tá sé ráite aige nach mbeidh sé sin ag tarlú so bogfaimid ar aghaidh. Bhí muid ag déileáil le leasú Uimh. 125 an lá deireanach, leasú a bhaineann le halt 6. Bhí mé ag fanacht ar an Aire Stáit le freagra ar an méid a ardaíodh ag an am. Iarrfaidh mé ar an Teachta Calleary an Chathaoir a ghlacadh mar tá an leasú seo i m'ainm féin.

Ghlac an Teachta Calleary an Chathaoir.

Bhí muid ag caint faoi seo an lá deireanach. Is é an rud a bhí i gceist ná cinntiú gur coiste neamhspleách a bheadh i gceist agus go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste. Ní raibh muid ag súil go mbeadh aon raic faoi sin. Níor thuig mé cén deacracht a bhí le hé a chur i scríbhinn gurbh í an Ghaeilge an teanga oibre. Dá mba rud nach raibh ach an Béarla amháin ag finné nó fiú ag baill den choiste, d'fhéadfaí acmhainní breise a chur ar fáil dóibh, mar shampla, córas aistriúcháin comhuaineach nó aistriúcháin ar dhoiciméid. Ba chóir go gcuirfear amach teachtaireacht gurb í an Ghaeilge an teanga oibre agus gur féidir léi a bheith amhlaidh, toisc go raibh dabht ar a lán daoine thar na blianta gur féidir. Cheap siad nár theanga nua-aimseartha í an Ghaeilge, go raibh sí gafa leis an stair agus nach bhféadfaidh obair cheart a dhéanamh léi i ngnéithe d'obair an Stáit nó i réimsí eile. Is léir go bhfuil an meon sin fós ag roinnt daoine agus go gceapann siad nach féidir é a dhéanamh.

An lá faoi dheireadh, luaigh mé an bealach ina ndéanann tíortha eile déileáil le cúrsaí nuair atá dhá theanga nó níos mó ná sin i gceist. Ní fadhb é a bhaineann le hÉirinn amháin. Is gnáthfhadhb é in a lán tíortha timpeall an domhain. Tagtar timpeall í cuibheasach tapa. Sa chás seo, ba chéim síos eile don teanga náisiúnta é muna mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste a bheadh ag déileáil le pleananna a chur le chéile do thodhchaí na Gaeilge maidir le hearcaíocht agus a bheadh ag smaoineamh ar bhealaí inar féidir daoine a earcú mar státseirbhísigh chun seirbhísí a chur ar fáil do lucht na Gaeilge agus do phobal labhartha na Gaeilge. Is ait an rud é. Nuair a thairg mé an leasú seo, níor shíl mé go mbeadh aon chonspóid i gceist. Shíl mé gur bhotún é nach raibh sé ann sa chéad dul síos.

Anois, tá daoine ag rá nach féidir leis tarlú toisc go mbeadh aíonna le speisialtóireachtaí áirithe os comhair an choiste nach mbeadh an Ghaeilge acu. Is féidir déileáil leis sin. Nuair a bhí Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán sa Dáil dheireanach ag déileáil le príomhoifigigh ó na Ranna difriúla, ba léir gur féidir déileáil le ceist na hearcaíochta trí Ghaeilge agus aistriúcháin a chur ar fáil, ó Bhéarla go Gaeilge agus ón nGaeilge go Béarla, dóibh siúd nach raibh an Ghaeilge acu. Is rud cuibheasach bunúsach é. Níl aistriúcháin idir trí nó ceithre theanga i gceist. Tá breall ar an Aire Stáit gan glacadh leis seo. Mar a dúirt mé, níor shíl mé gur rud mór é sin. Tá sé soiléir dom go mbeadh sé seafóideach agus tubaisteach muna leagfar síos an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste. Is féidir teachtaireacht a chur amach go bhfuil ré nua ag teacht ó thaobh an státchórais agus go bhfuil muid in ann gach uile rud a dhéanamh trí Ghaeilge ach na hacmhainní a chur ar fáil agus cur chuige ceart a bheith againn.

Thug mé freagra air sin an tseachtain seo caite. Tá freagra eile agam ach ar mhaith le héinne eile aon rud a rá?

Labhair mé an uair dheireanach. Níl a fhios agam an bhfuil cead agam teacht isteach arís? Ba mhaith liom teacht isteach nuair atá an tAire Stáit críochnaithe.

Labhair an Teachta ar an leasú seo an uair dheireanach.

Labhair ach críochnaíodh an cruinniú ag an bpointe sin. Táimid díreach ar ais ag an bpointe sin arís, an bhfuil? Tá. Tá súil agam go bhfuil athrú meoin agus athrú intinne i gceist ach nach mbeidh an tAire Stáit ag rá an rud ceannann céanna inniu, is é sin nach bhfuil sé chun glacadh leis an leasú seo.

Bhí teachtaireacht ón Aire Stáit ag tús an chruinnithe.

Gabh mo leithscéal. Bhí mé gafa le rud.

Dúirt sé go bhfuil sé ag féachaint ar leasú le haghaidh Chéim na Tuarascála ach go bhfuil sé ag iarraidh leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas seo. Is cineál summation den mhéid a bhí á rá aige é sin.

Ach an bhfuil an Rialtas ag glacadh leis an nGaeilge mar theanga oibre an choiste?

Fanfaidh mé go gcloisfidh mé an freagra agus ansin tiocfaidh mé isteach.

Cá seasann an leasú?

Tá rud beag le rá agam. Maidir le leasú Uimh. 125, mar a dúirt mé roimhe seo, beidh mo Roinn féin ag soláthar rúnaíochta agus feidhmeannach feidhmiúcháin don choiste comhairleach. Beidh siad ar fad ar fáil trí Ghaeilge. Is tríd a bheith ag lorg daoine sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí cuí le bheith ar an gcoiste ag amanna trátha a bheidh muid in ann tionchar a imirt ar an gcóras earcaíochta. Tá an fhéidearthacht ann go mbeidh baill ar an gcoiste nach mbeidh an Ghaeilge acu. Tá sé tábhachtach go mbeidh na daoine seo páirteach le go mbeadh rath ar obair an choiste. Táim airdeallach go mbeidh ionadaithe ón nGaeltacht agus ó phobal labhartha na Gaeilge i láthair ag na cruinnithe seo agus táim ag féachaint ar fhoclaíocht a chinnteoidh go mbeadh cead ag baill an choiste pé ceann den dá theanga oifigiúil a úsáid ag cruinnithe an choiste.

Bheadh sé níos tubaistí fós muna mbeadh cead ag daoine an Ghaeilge a labhairt ag an gcoiste. Ní sin an cheist agus níor shíl mé go mbeadh aon cheist ann ach go mbeadh sé de chead ag duine a bhfuil ag déileáil leis an nGaeilge, agus le todhchaí na Gaeilge, an Ghaeilge a labhairt. Anois tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil sé chun meamram a chur le chéile nó rud éigin a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an cead sin ag lucht an choiste.

Níl fadhb ar bith ann ó thaobh na rúnaíochta de. Is buntáiste don choiste é go bhfuil daoine ann ón Roinn a bhfuil tuiscint iomlán acu ar an státchóras agus ar na seirbhísí Gaeilge agus a raibh ag triall thar na blianta cuidiú leis na Ranna eile agus leis na comhlachtaí Stáit níos mó Gaeilge a fhoghlaim. Níl an locht orthu toisc teip an státchórais in aon chor. Dá mbeadh an tAire Stáit ag caint faoi seo 30 bliain ó shin, bheadh Gaeilge den scoth ag a lán díobh siúd a bhí i gceannas ar na Státchomhlachtaí agus ar na Ranna. Tá athrú atá tar éis tarlú le 30 bliain anuas, áfach. Tá léiriú á thabhairt ag an Aire Stáit ar cé chomh tubaisteach is atá leibhéal na Gaeilge ag aon leibhéal den státchóras nach féidir leis an Aire Stáit cinneadh a ghlacadh go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste seo.

Sa deireadh thiar, níl an tromlach agam má tá vóta ar an gceist seo. Tá tuiscint difriúil ag daoine atá Gaeilge acu ó thús nó atá tar éis í a fhoglaim, agus iad ag iarraidh déileáil leis an státchóras, ná mar atá siúd atá Béarla amháin acu. Uaireanta, ní thuigeann Béarlóirí cad atá á rá againne nuair a táimid ag caint faoi dhiúltú seirbhísí agus nuair a táimid ag caint faoi cé chomh lag is atá an státchóras. Chuideodh sé leis an gcoiste dá mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre aige.

Níl mé ag rá nach dtiocfaidh doiciméid isteach i mBéarla. B'fhéidir go dtiocfaidh doiciméid isteach ón mBreatain Bheag, mar shampla, ag léiriú conas mar a d'éirigh leis an tír sin i dtaobh na Breatnaise. Is féidir na doiciméid sin a aistriú go Gaeilge agus go Béarla más gá. Sin an gnáthchleachtas oibre atá timpeall an domhain ar fad. Is ait an rud é agus ní fheicim conas a bheadh sé inghlactha in aon tír eile go bhfuil céim níos ísle á tabhairt don teanga náisiúnta i gcoiste atá ag déileáil léi agus atá ag déileáil le cur chun cinn na teanga sin. Má tá an tAire Stáit ag iarraidh gan ghlacadh leis seo - mar a dúirt mé, níor shíl mé gur rud conspóideach a bhí ann - tá mise chun é a chur chun vóta.

Tá sé seo dochreidte. Bhí sé ar intinn agam bogadh ar aghaidh go sciobtha agus gan mórán cainte a dhéanamh mar tá mé ag tnúth leis an gcéad Chéim eile sa Dáil nuair a bheas Bille níos láidre againn a bhfuil bunaithe ar na riachtanais atá ar an talamh agus a bhfuil ag eascairt as na géarchéime atá i gceist ó thaobh na Gaeilge de. A mhalairt atá i gceist anseo. Tá an rud seo chomh bunúsach. Níor smaoinigh mise ar an leasú seo a thairiscint agus gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh as é a thairiscint. Níor smaoinigh mé air seo mar ghlac mé leis go mbeidh an coiste ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre an choiste. Buíochas le Dia go bhfuil an leasú seo tairgthe agus go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl. Ní féidir le haon Teachta anseo gan tacaíocht a thabhairt don leasú seo. An bhfuil an Rialtas ag rá nach féidir leis an gcoiste feidhmiú i nGaeilge agus córas ateangaireachta a úsáid? An é sin atá á rá? Ní thuigim na freagraí.

Táimid anseo le Bille láidir a chur i gcríoch. Níl mise sásta leis an mBille agus ní raibh mé sásta leis mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán fiú ach bhíomar réasúnta ionas go mbeadh, ar a laghad, Bille de láidreacht éigin againn. Mar a dúirt mé go minic, bhí daoine ar buile liom agus leis an gcoiste nach rabhamar níos radacaí ach dúramar go raibh géarchéim ann agus go raibh gá le Bille láithreach. Bhíomar ag iarraidh chuile dhuine a mhealladh don taobh céanna leis sin. Tagraím do na moltaí ón gcoiste a bhfuil neamhaird déanta orthu. Tá an Rialtas ag insint an scéal ceannann céanna, go mbeimid ag caint maidir leis an nGaeilge i mBéarla, go leanfaimid ar aghaidh leis an gcur i gcéill agus go bhfuil sé i bhfad níos tábhachtaí a bheith ag caint i mBéarla ó thaobh na Gaeilge de seachas a bheith ag caint i nGaeilge. Má tá comhaltaí an choiste chun glacadh leis seo, géillfidh mé.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá ar son an leasaithe seo. Bhí comóradh ar siúl an deireadh seachtaine seo caite mar gheall ar an Headford ambush nó luíochán Lios na gCeann. Bhí cúpla duine ag dul go dtí an comóradh agus chonaic siad an comhartha bóthair a bhí ann. Maíodh logainmneacha Macroom, Knockanes agus Kenmare ar an gcomhartha bóthair agus ní raibh an Ghaeilge air in aon chor. Bhí mé ag caint leis an gcomhairle contae agus insíodh dom go n-aistreofar an comhartha. Bhí fadhb eile maidir le "Pairceanna Na Glas" sa Daingean cúpla seachtain ó shin.

Mar a dúirt an Teachta Connolly, tá sé seo bunúsach, tá géarchéim ann agus táimid go léir ag tnúth le Bille níos láidre. Tá an leasú seo bunúsach. Tá easpa ómóis don teanga in a lán de na heagraíochtaí agus sa státchóras. Chuala mé scéal le déanaí maidir le bean a chaill a fear chéile. Fuair sí an certificate ó oifig an chróinéara agus bhí ainm a fear chéile i mBéarla, fear a d'úsáid a ainm as Gaolainn a saol ar fad. Tá fadhbanna eile sa Revenue Online Service, ROS, i mBanc na hÉireann agus in Aer Lingus.

Caithimid go léir an meon a athrú agus tosaíonn sé anseo. Is cuimhin liom dul thar sáile le mo mhac tráth agus an t-ainm atá air ná Seán Ó Dálaigh. Nuair a fuair sé an cárta E111 ar ais, maíodh "Sean Daly" air. Bhí orainn scríobh go dtí an oifig sin agus é a athrú. Níl an meon sin i gceart agus tá orainn tosú anseo leis sin a réitigh.

Aontaím go bhfuil athrú meon ag teastáil agus ní dócha go shéanfadh aon Ghaeilgeoir nó éinne a labhraíonn Gaeilge chuile lá agus atá ag plé leis an státchóras é sin. Tá sé sin pléite go mion minic anseo. Mar shampla, sa chás a luann an Teachta Daly, go bhfuil comhartha bóthair thuas i mBéarla amháin, tá sé in aghaidh an dlí má tá logainm air. Mar sin ní hé an dlí atá lochtach ach an comhairle contae agus ba cheart gearán a dhéanamh ag an gCoimisinéir Teanga. Ní bhacfainnse dul ag an gcomhairle chontae níos mó, seachas ag an gCoimisinéir Teanga. Cén fáth go gcuirfinnse mo chuid ama amú nuair atá ceart dlíthiúil i gceist?

Sa chás seo, go teoiriciúil thiocfainn leis an leasú ach go praiticiúil, glacaim leis nuair a bhí an Roinn ag plé leis an Public Appointments Service, PAS, leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus le Ranna eile, mar a tharla linne, is go dhátheangach nó trí Bhéarla mar theanga oibre a bhí orthu plé. Sa chás seo, níl aon shainmhíniú ann ar céard í teanga oibre an choiste. Mar shampla, níl aon mhíniú ann go gciallaíonn sé sin nach féidir Béarla a úsáid istigh ag an gcoiste, fiú le haistriúcháin.

Chonaiceamar sampla maith de sin. Is léir gur é an Béarla teanga oibre teach na Parlaiminte thall. Fiú níl aon aistritheoir ar bun agus má labhraítear Breatnais, Gaeilge nó Gàidhlig mar shampla, níl sé ceadaithe. Sin teanga oibre na Parlaiminte sin. Cuir é sin droim ar ais. Má thógtar an ciall sin as teanga oibre, chiallódh sé sin nach mbeadh na daoine sinsearacha in PAS agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheadh ar an gcoiste ag déileáil leis an gcoiste i mBéarla.

Agus é sin ráite, má tharlaíonn sé go bhfuil sé i gceist an earcaíocht iontach seo ar fad a dhéanamh sa Roinn agus go mbeidh daoine á n-earcú agus ag dul suas na céimeanna éagsúla, ghlacfainn leis dá mbeadh sé ráite go bhfeidhmeoidh an coiste trí Ghaeilge amach anseo agus dáta a chur air. Má táimid ag iarraidh é sin ar na daoine sinsearacha sa dá Roinn sin faoi láthair, ámh, níl sé praiticiúil. Mar Ghaeilgeoir, mar dhuine atá díograiseach i dtaobh na Gaeilge agus a dhéanann an oiread gnó agus is féidir liom trí Ghaeilge, mar shaoránach agus mar pholaiteoir, is minic go raibh orm, fiú nuair a bhí mé ag déanamh obair na Gaeilge, tiontú ar an mBéarla. Go réalaíoch, is mar sin atá an saol.

Mar shample, bhí cruinniú ann aréir faoi cheann de na bailte seirbhíse Gaeilge sa Ghalltacht. Ó tharla gur baile taobh amuigh den Ghaeltacht a bhí ann, bhí an cruinniú den chuid is mó i mBéarla agus thuigfinn cén fáth sin mar ní raibh córas aistriúcháin comhuaineach ann. Is cruinniú Zoom a bhí ann agus leathchéad duine páirteach ann. Bhí daoine ag iarraidh ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu a mhealladh i dtreo na Gaeilge.

Is ceist chigilteach í cén uair a labhraímid an Ghaeilge agus cén uair a labhraímid an Béarla. Má scrúdaíonn gach uile dhuine a gcoinsias féin, ghlacfar bealach réadúil faoi seo sa ghnáth-bhealach. Labhraím Béarla sa Dáil agus is minic a labhraím ann é agus níl a fhios agam aon duine nach labhraíonn Béarla ann. Is cuimhneach liom casadh le Feisire thall i bParlaimint na Breataine Bige, sa Senedd thall ansin, a dúirt liom nár labhair sé riamh aon Bhéarla ann agus gur Breatnais uilig a bhíodh aige.

D’iarrfainn ar an Aire Stáit breathnú air seo, ní láithreach, ach go mbeadh spriocdháta cinnte reachtaíochta ann agus tar éis é sin go bhfeidhmeodh an coiste seo trí Ghaeilge. Ní bheadh sé sin praiticiúil má táimid ag iarraidh é sin ar na daoine sinsearacha i láthair na huaire. D'iarrfainn ar an tAire Stáit teacht ar ais chugainn ar Chéim na Tuarascála.

Is é an dara rud ná go gcaithfear sainmhíniú a dhéanamh ar céard a chiallaíonn "teanga oibre" an choiste. Caithfimid é sin a thuiscint mar is í an fhadhb atá ann ná gur dlí atá i gceist anseo. Ciallaíonn an rud atá ann an rud atá scríofa. Níl sé cosúil le treoirlínte nó le haon rud eile. D’fhéadfadh gach uile fhocal atá anseo a thabhairt chun cúirte. Tá difríocht ann.

Is cuimhneach liom go raibh treoirlínte iontacha ag Foras na Gaeilge don Ghaeilge fadó a bhí thar cionn ar fad. Bhí gach uile rud ann agus bhí siad i bhfad níos uaillmhianaí ná mar atá an Bille seo, gan trácht ar an gcéad Acht na dTeangacha Oifigiúla. Thug an tAire mar a bhí ag an am, an tUachtarán mar atá anois ann, Micheál D. Ó hUiginn, isteach iad. Nuair a chuir mé ceist faoi cén fáth go nglacfadh an tseirbhís phoiblí leis dá gcuirfí i bhfeidhm iad, dúradh liom nach raibh aon cheist go gcuirfí i bhfeidhm iad mar nach raibh iontu ach treoirlínte. Tá dlí i gceist anseo, áfach, agus seasaimid leis an dlí. Ba cheart go mbeadh an dlí inchurtha i bhfeidhm. Déantar amadán den dlí má chuirtear rud sa dlí nach seasfaidh daoine leis. D’iarrfainn ar an Aire Stáit go mbeadh tuilleadh plé ar an gceist seo mar go bhfuil sé sin ag teastáil idir seo agus Céim na Tuarascála. Tá an rud atá á mholadh inmhianaithe ach ceapaim go bhféadfaí toradh a bheith air i láthair na huaire nach mbeadh na daoine a theastaíonn uainn a thabhairt isteach leis na fadhbanna atá ann ó thaobh earcaíochta, srl., atá le réiteach ar fáil ar an gcoiste cheal Gaeilge a bheith acu. Is í sin an cheist. Braitheann sé ar an sainmhíniú ar "theanga oibre".

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Ar mhaith le haon Teachta nó leis an Aire Stáit labhairt anois?

Níl mé ag iarraidh labhairt anois.

Glaoim ar an Teachta Ó Snodaigh anois.

Tuigim an méid atá á rá ag an Teachta Ó Cuív. Is ait nach bhfuil an tAire Stáit sásta glacadh leis an gcomhairle óna chúlbhinseoirí féin agus uathu siúd a bhí sa Roinn cheana mar go bhfuil tuiscint éigin acu. Tuigim an sáinn a bheidh ann mura bhfuil sé leagtha síos. Is féidir liom leasú a chur le chéile ag tabhairt sonraí go díreach ar cad is "teanga oibre" ann. Measaim go bhfuil tuiscint ann ar an méid sin. Tuigim nár chóir go mbeadh rudaí sa dlí nach féidir linn a chur i bhfeidhm. Táim fós den tuairim gur chóir go nglacfaí leis an leasú seo ach tá bealaí timpeall air. D'fhéadfadh an tAire Stáit féachaint air mar is eisean a dhéanann an cinneadh maidir leis an teanga oibre. Bheinn ag brú air ansin gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre. Táimid ag déanamh an athraithe seo ar alt 6 den Bhille a deir: "Is é nó is í an tAire a sholáthróidh rúnaireacht agus feidhmeanna feidhmiúcháin an Choiste Chomhairligh." Táim fós den tuairim - agus is é seo an rud a bhí mé ag iarraidh a chur isteach ann - gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre. Is féidir, dá mbeifeá ag iarraidh gan an raic seo a bheith ann ar Chéim na Tuarascála, go bhféadfadh an tAire Stáit féachaint air sin agus go mbeadh an cinneadh ag an Aire Stáit maidir le cad go díreach í an teanga oibre nó an cleachtas ó thaobh na teanga náisiúnta ar an gcoiste seo. Táim fós den tuairim gur chóir go mbeadh sé mar sin ach níl mé ag iarraidh moill a chur air seo agus táim ag críochnú leis an méid seo.

Ba chóir don Aire Stáit féachaint ar an gceist seo an athuair. Tá sí níos tromchúisí ná mórán de na ceisteanna eile atá an tAire Stáit tar éis iarraidh orainn leasuithe ina dtaobh a tharraingt siar ionad go bhféadfaimid féachaint orthu an athuair roimh Chéim na Tuarascála. Is rud bunúsach é nach mbeadh an tAire Stáit ag leagan síos go nglacfaimís leis go mbeidh Béarlóirí ag déanamh na cinntí dúinn agus don státchóras maidir leis an tseirbhís Ghaeilge a bheidh ar fáil dúinn amach anseo. Chonaiceamar cheana féin céard atá tar éis tarlú de thairbhe cinntí mar sin. Má tá Gaeilgeoirí i lár an phróisis agus má tá siadsan ag déileáil leis, tá sé i bhfad Éireann níos éasca na cinntí sin a dhéanamh agus beidh siad níos foirfe.

B’fhéidir go bhfuil breall orm ach tá sé an-éasca córas ateangaireachta a chur ar fáil do choistí ó thaobh teangacha sa atá inniu ann. D’fhéadfaí gur ag an gcoiste foirmiúil a bheadh sé seo i gceist agus gur ar an staid sin a bheadh an teanga oibre ag na cruinnithe oifigiúla a bheadh ag an gcoiste. Ar a laghad bheadh sé sin ann ach gan aon treoir a bheith tugtha, tá a fhios agam go dtarlóidh an rud ceannann céanna a tharlaíonn ar gach uile choiste a bhí mé páirteach ann, ní amháin sa Dáil anseo ach fiú amháin i mo pháirtí polaitíochta féin - casann daoine ar an mBéarla mar is é sin an bealach is éasca. Ní gá go mbeimis ag glacadh an bealach is éasca i gcónaí. Má ghlacaimid an bealach sin, is féidir linn fáil réidh leis an nGaeilge ó thaobh an státchórais de, agus ní hé sin atá i gceist againn. Tuigim an méid sin agus ní hé sin atá i gceist ag an Aire Stáit ach an oiread ná ag aon Aire le blianta anuas, ach is é sin an sórt teachtaireachta atá á cur amach againn mura bhfuil cinneadh á dhéanamh go mbeidh an Ghaeilge go láidir i lár an aonaigh, agus gurb í sin an teanga a bheidh ag an gcoiste. Más gá Béarla nó Sínis nó aon teanga eile a labhairt, ba chóir go mbeadh córas ateangaireachta ar fáil agus go mbeadh doiciméid ar fáil i nGaeilge, i dtús báire, ach go dátheangach nó trítheangach, más gá nó más mian le daoine teanga eile a bheith á húsáid acu.

An bhfuil an Teachta chun leasú Uimh. 125 seo a bhrú?

Táim. Is leasú Uimh. 126 atá i gceist.

An leasu Uimh. 126 atá i gceist? Tá brón orm. Cá seasann leasú Uimh. 126, mar sin?

Measaim go bhfuil muid críochnaithe le leasú Uimh. 125. Bhí botún-----

Caithfimid an cheist a chur maidir le leasú Uimh. 125 ar dtús.

An bhfuil an Teachta chun an leasú Uimh. 125 a bhrú?

Níl siad ceangailte le chéile. Táimid tar éis déileáil leis an-----

Tá leasú Uimh. 125 sa ghrúpa céanna le leasú Uimh. 126 agus leasú Uimh. 148.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 126 in éineacht le leasú Uimh. 125.

Tairgim leasú Uimh. 126:

I leathanach 15, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach:

“(3A) Is í an Ghaeilge teanga oibre an Choiste.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Tá baint ag leasú Uimh. 127 le leasuithe Uimh. 128 go 131, go huile, agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 127:

I leathanach 15, líne 33, “de réir phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí” a chur isteach i ndiaidh “gach duine acu”.

Tá an leasú bainteach leis an gcoiste comhairleach atá á bhunú ag an Aire. Tá mé den tuairim nach bhfuil go leor sonraithe ann agus gur chóir roinnt sonraí atá ann a athrú. D'fhéadfadh an tAire a rogha duine a cheapadh sa choiste chomhairleach. Luaigh sé cheana féin go raibh daoine cuí in aigne aige nach mbeadh Gaeilge acu fiú. Bá é sin an comhrá a bhí againn i mBéarla. Níl a fhios agam an bhfuil daoine roghnaithe aige cheana féin. Measaim go mbeidh sé seo ag teacht isteach cuibheasach tapa le gur féidir linn bogadh ar aghaidh leis na céimeanna eile nuair atá an Bille achtaithe.

Ó thaobh leasú Uimh. 127 de, ba chóir go mbeadh próiseas ceart agus cóir chun comhaltas an choiste a cheapadh de réir critéir shonraithe in áit an tAire a dhaoine féin amháin a roghnú. Is é sin an bunús le leasú Uimh. 127. Is gnách go mbíonn an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i gceist chun comhaltaí choistí Stáit a roghnú. Mhol Foras na Gaeilge san aighneacht a chuir siadsan faoi bhráid an choiste anuraidh gur chóir go mbeadh gnáthphróiseas roghnaithe do choistí reachtaíochta i gceist anseo in áit rogha an Aire. I moladh 18 den aitheasc a thug siadsan don chomhchoiste, dúradh an méid seo a leanas:

Fágtar déanmhas an Choiste go hiomlán faoin Aire, nós atá á athrú le blianta beaga anuas agus an Státchóras ag iarraidh cur le trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras agus na n-institiúidí Stáit. Tá Foras na Gaeilge den tuairim gurbh fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuid seo den reachtaíocht le go mbeadh ballraíocht an choiste faoi réir na ngnáthphróiseas roghnaithe do choistí mar seo.

Tá moltaí Chonradh na Gaeilge i gceist leis na leasuithe sa ghrúpa seo ó leasú Uimh. 128 ar aghaidh. Bhí an conradh den tuairim gur chóir go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách agus ar dhuine ó thaobh amuigh a raibh taithí faoi leith aige nó aici. Sa Bhille mar atá sé faoi láthair, is féidir leis an Aire aon chomhalta a roghnú mar chathaoirleach, comhaltaí atá fostaithe ag Ranna Rialtais san áireamh. Ní gá ach smaoineamh gur mhinic a bhíonn coimeádachas agus cosaint sa státchóras. Ní locht é sin. Tarlaíonn sé i ngach eagras ach déantar cosaint ar an gcóras nuair a thagann sé faoi ionsaí. Má tá an duine atá i gceannas nó ina chathaoirleach ar an gcoiste ag teacht ón státchóras, bheadh an coimeádachas nó an chosaint sin i gceist go minic. Is é sin an chosaint ar dhaoine á gcaitheamh anuas air nó ag dul rófhada. D'fhéadfaidís a bheith ag déanamh cinntí ar shíl siad nach mbeadh an státchóras in ann glacadh leo seachas an rud ceart a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge nó phobal na Gaeltachta de. Clúdaíonn leasú Uimh. 128 na nithe sin go léir agus is ag tacú le moladh ón chonradh atá sé.

Beidh na Teachtaí a chur na leasuithe eile chun tosaigh ag déileáil leo, ach tá siad ar fad ag déileáil leis an gceist seo i gcoitinne. Tá inniúlacht sa Ghaeilge i gceist chomh maith maidir leis an gcathaoirleach. Bunaithe ar an gcomhrá a bhí againn ar leasú Uimh. 126, d'fhéadfadh go mbeadh cathaoirleach ann le Béarla. Tá súil agam nach dtarlóidh sé sin ach, go teoiriciúil, is féidir leis sin a bheith ann. Ní fheicim go mbeidh sé de dhánaíocht ar an Aire, fiú, é sin a dhéanamh. Feicim go bhfuil sé ag croitheadh a chloiginn agus, mar sin, glacaim leis go bhfuil duine in aigne aige cheana féin chun an post seo a ghlacadh. Tá súil agam go bhfuil sé sin ann agus gur féidir an próiseas ceapacháin a chur sa tsiúil agus gur féidir leis tarlú laistigh den trí mhí atá leagtha síos ionas go mbeidh sé ag feidhmiú chomh tapa agus is féidir.

Níl mé ag iarraidh go mbeidh aon mhoill ar an gcóras ar aon bhealach. Pé lá a bheidh an reachtaíocht seo achtaithe, ba chóir go mbeadh an fógra á dhéanamh maidir leis na ceapacháin seo ó thaobh na seirbhíse - ní fógra folúntais ach fógra go bhfuil an coiste á bhunú agus chun go mbeidh aon duine ar mhaith leo chur isteach air seo á chur a ainm nó a hainm chun cinn.

Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh. Tá orm dul go dtí coiste eile faoi láthair ach sula n-imím luafaidh mé seanfhocal seo a leanas: "siúl go díreach ar son portáin lena mhac". Táimid go léir ag caint faoin nGaeilge a bheith i gceart. Tá a fhios agam go bhfuil "Dáil Chamber" agus "23 March" ar an scáileán anseo. Dúirt duine éigin liom go raibh an Ghaeilge lochtach mar go raibh "Bille na d'Teangacha" ar an scáileán. An bhfuilimid in ann aon rud a dhéanamh mar gheall ar sin roimh chruinniú na seachtaine seo chugainn?

Is dócha go bhfuilimid in ann rud éigin a dhéanamh faoi sin.

Aontaím leis an moladh go mbeidh Gaeilge ag an gcathaoirleach. Bheadh sé áiféiseach amach is amach mura mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé tógtha ar chor ar bith leis an gcóras nua a tháinig isteach maidir le ceapacháin phoiblí ar bhoird Stáit. Tá cineál aicme duine a chuireann iad féin ar aghaidh leis a leithéid de rudaí. Tá aicme eile ann a d'fhéadfadh a bheith i bhfad níos cumasaí ach nach gcuirfeadh iad féin ar aghaidh tríd an PAS. Dhéanfadh sé nó sí jab foirfe - b'fhéidir i bhfad níos foirfe - dá gcuirfí ceist air nó uirthi.

Chomh maith leis sin, tá an cineál critéir atá ag PAS bunaithe ar pháipéar, cáilíochtaí agus an méid litreacha atá tar éis an ainm. Níl gá gur shin an rud a bheadh ag teastáil ar chustaiméir na mbord Stáit. Go deimhin, ba cheart go mbeadh meascán ar na boird Stáit. Is sampla iontach é seo den bhealach ina bhfuil cumhacht á baint ó na polaiteoirí an t-am uile agus á tabhairt do dhaoine agus gníomhaíochtaí nach bhfuil freagrach ó lá go lá. Tá PAS go hiomlán neamhspleách agus ní féidir ceist a chur uirthi sa Teach faoi chinntí a dhéanann sí. Má cheapann an tAire daoine atá ag feidhmiú go míchumasach ar an gcoiste, is féidir linn tabhairt faoi. Má chríochnaímid suas le daoine nach bhfuil in ann a ngnó a dhéanamh agus atá ceaptha ar an mbealach eile, déarfar linn go mbíonn PAS neamhspleách agus sin mar atá.

Ní aontaím le leasú Uimh. 127 ach aontaím gur cheart go mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach. Ba cheart go mbeadh sé sa reachtaíocht go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag an gcathaoirleach.

Tá sé greannmhar ach ní dóigh liom go bhfuil aon ghá le Gaeilge a bheith ag an gcathaoirleach mar beidh an coiste ag feidhmiú trí Bhéarla. Cén fáth an bhfuil Gaeilge ag teastáil ón gcathaoirleach, mar sin? Ní thuigim an rud atá ráite ag an Teachta Ó Cuív. Dúirt sé nach mbeadh sé praiticiúil don choiste feidhmiú trí Ghaeilge. Cén fáth nach mbeadh sé praiticiúil? Tá teachtaireacht thar a bheith láidir ag teacht ón Rialtas anois. Tá sé ag rá go mbeidh muid ag caint trí Bhéarla maidir leis an nGaeilge agus go leanfaimid ar aghaidh leis sin mar is é an Béarla an teanga láidir, teanga an domhain agus ní féidir na rudaí atá tábhachtach a rá trí Ghaeilge. Anois tá sé sin sa Bhille. Beidh muid ag leanúint ar aghaidh mar sin.

Ar an lámh eile táimid ag rá go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an gcathaoirleach. Aontaím leis sin ach nach bhfeiceann daoine cé chomh híorónta is atá sé? Bheadh an coiste ag feidhmiú trí Bhéarla, le Gaeilge líofa ag an gcathaoirleach ina intinn nó ina cheann ach ní bheadh sé á úsáid mar ní bheadh aon ghá. Ní féidir brú a chur ar na daoine móra le rá - na daoine sna Ranna tábhachtacha leis an airgead - feidhmiú trí Ghaeilge, nó feidhmiú trí Bhéarla tríd an gcóras ateangaireachta. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil sé praiticiúil. Tá sé dochreidte. Ag am éigin le linn na díospóireachta is dóigh go mbeidh muid in ann tuairim an Leas-Chathaoirligh a chloisteáil faoi seo agus cé chomh seafóideach is atá sé a bheith ag leanúint ar aghaidh leis an gcur i gcéill seo. Táimid nochta os comhair an tsaoil anois maidir leis an gcur i gcéill atá i gceist anseo agus maidir leis na leasuithe seo. Tuigim an drogall atá ar an Teachta Ó Cuív ó thaobh an chórais atá ann. Táim oscailte. Glacaim leis na leasuithe ó Shinn Féin go teoiriciúil agus tuigim an rud atá i gceist leo. Tá easpa muiníne i gceist anseo ó thaobh an chórais de.

Rachaidh mé ar aghaidh go dtí na leasuithe atá i m’ainm, Uimh. 130 agus 131. Deir siad gur chóir go mbeadh Gaeilge líofa ag an gcathaoirleach - is dóigh go bhfuil an Rialtas ag glacadh leis sin - agus go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách. Ón méid a chuala mé ag an gcruinniú deireanach is dócha go bhfuil an Rialtas oscailte dó sin freisin. Is easpa muiníne atá i gceist leis na leasuithe uilig. Sin an fáth go bhfuil géarchéim againn, de bharr an chuir i gcéill a bhí ann go dtí an pointe seo. Anois táimid ag cur an cur i gcéill sin isteach sa reachtaíocht. Tá easpa focal agam faoin tseafóid seo i ndáiríre. Tá gá le focail agus is gá an teachtaireacht a chur trasna. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar seo. Fanfaidh mé ar fhreagra an tAire Stáit maidir leis an ngá le cathaoirleach le Gaeilge. Tá gá le neamhspleáchas ó thaobh an róil sin freisin.

Maidir le cad a dúirt na Teachtaí, tá súil agam go mbeidh a dhóthain daoine ann le Gaeilge agus go mbeidh an coiste in ann í a úsáid. B’fhéidir go mbeidh an coiste ag labhairt trí Ghaeilge - tá súil agam go mbeidh - agus go mbeidh a dhóthain daoine sinsearacha ann chun an Ghaeilge a labhairt an t-am ar fad sa choiste comhairleach.

Maidir le leasú Uimh. 127, faoi láthair tá comhalta amháin le hainmniú mar ionadaí don limistéar Gaeltachta. Tuigim go bhfuil leasuithe curtha isteach ag Teachtaí a lorgaíonn ionadaíocht do phobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Sílim go bhfuil fiúntas leis na moltaí sin agus beidh mé sásta féachaint orthu. Maidir le ceapachán na gcomhaltaí sin, d’fhéadfadh ról a bheith ag an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus bheinn sásta leis sin. Tiocfaidh mé ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Tuigeann an Teachta go dtógann na próisis sin roinnt ama agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an tréimhse sé mhí ann chun an coiste a chur ar bonn, seachas trí mhí mar a phléigh muid níos túisce.

Maidir le leasuithe Uimh. 128 agus 129, leagtar amach san alt seo go bhfuil cumhacht ag an Aire comhalta a cheapadh mar chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach. Tar éis na leasuithe seo a imscrúdú, táim go láidir den tuairim nach bhfuil bac ar an Aire saineolaí a cheapadh mar chathaoirleach de bharr nach bhfuil teorainn ar bith luaite. Táim ag súil go mbeidh ionadaíocht ar an gcoiste ó ghrúpaí éagsúla agus go mbeidh ionadaí ón Ghaeltacht ann freisin. Ní féidir liom gealladh nach mbeidh na saineolaithe ceaptha ar an gcoiste ag obair le haon eagraíocht san earnáil phoiblí. Chuirfeadh sé sin teorainn ar an réimse daoine go bhféadfaí a cheapadh agus d’fhéadfadh sé bac a chur ar fheidhmiú an choiste. Déanfar cinnte go mbeidh an duine is oiriúnaí ceaptha sa ról seo agus sin an rud is tábhachtaí. Sa chúinse sin ní féidir liom glacadh leis na leasuithe seo.

Maidir le leasú Uimh. 130, cinnte bheadh duine le hardchaighdeán Gaeilge ag teastáil mar chathaoirleach ar an gcoiste. Tá sé intuigthe go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar. Táim sásta féachaint ar an leasú seo agus teacht ar ais le moladh ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh an Teachta sásta an leasú seo a tharraingt siar.

Maidir le leasú Uimh. 131, tá sé intuigthe go mbeadh an cathaoirleach neamhspleách ina chuid nó ina cuid dualgais agus é nó í ag déanamh cinnte go gcomhlíonann an coiste a chuid feidhmeanna faoin mBille. Ag deireadh an lae tá sé tábhachtach go mbeadh an cathaoirleach agus an coiste freagrach don Aire freisin. Tá feidhmeanna an choiste leagtha amach sa Bhille. Beidh an coiste ag tuairisciú don Rialtas agus don Choimisinéir Teanga. Beidh ar an gCoimisinéir Teanga tráchtaireacht a fhoilsiú maidir leis na tuairiscí seo. Mar sin, tá ról faireacháin ag an gCoimisinéir Teanga agus is ansin a bheidh an neamhspleáchas le feiceáil. Beidh ar an Aire na tuairiscí agus an tráchtaireacht a chur faoi bhráid an Rialtais, a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne. Mar sin, beidh sé soiléir do gach aon duine céard atá ag tarlú agus cén dul chun cinn atá á dhéanamh. Táim sásta leis an bhfoclaíocht mar atá sí agus dá bharr sin níl mé ag glacadh leis an leasú seo.

Arís, is ceisteanna bunúsacha iad seo. Níor shíl mé go mbeadh mórán fadhbanna nó conspóid fúthu, ach go mbeadh muid ag féachaint orthu chun déanamh cinnte de rudaí. Is iad siúd a bheidh ar an gcoiste comhairleach a leagfaidh amach an plean náisiúnta. Sin atá i gceist. Seo na daoine a bheidh ag moladh don Aire agus don státchóras conas gur féidir athrú bunúsach a dhéanamh sa státchóras, san earcaíocht agus ó thaobh seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil an ceart acu faoi láthair - nó nach bhfuil an ceart atá acu á shásamh faoi láthair. Tá an ceart acu ach níl sé á shásamh.

Dúradh nár chóir go mbeadh sé seo faoin tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus go mbeadh siad siúd atáimid á lorg srianta mar gheall air sin. Táimid ar fad ábalta daoine a aithint agus iad a ghríosú chun cur isteach ar a leithéid de rud seo. Tá aithne againn ar dhaoine a bheadh na cáilíochtaí atá leagtha síos agam i leasú Uimh. 128 acu agus d’fhéadfadh muid moladh a thabhairt dóibh a n-ainmneacha a chur chun cinn. Tá a lán acu gafa le cur chun cinn na Gaeilge nó saol na Gaeilge agus tá siad cheana féin ag cur polasaithe Gaeilge chun cinn sa státchóras. Bíonn siad ag snámh in aghaidh an easa go minic ach tá siad ann agus tá an saineolas agus an taithí acu atá leagtha síos agamsa i leasú Uimh. 128. Tá an inniúlacht acu ó thaobh na Gaeilge de atá leagtha síos. Labhair muid faoi inniúlacht cheana agus níor ghlac an tAire Stáit leis na leasuithe maidir leis sin. Níl mé chun dul tríd an díospóireacht mhór fhada a bhí againn faoi cad go díreach é líofacht nó inniúlacht sa Ghaeilge agus cad a bhí i gceist ansin.

Is féidir le daoine dul siar ar an taifead faoi sin.

Tá daoine ann, níos mó ná mar a bhí cúpla bliain ó shin, atá gafa le pleanáil teanga agus bainistíocht áirithe maidir le riarachán. Níl a oiread agus ba chóir a bheadh ann dá mbeadh muid in áit iomlán dhifriúil, ach tá siad ann. Go minic, tuigeann siad na constaicí atá ann. Is iadsan na daoine a bheadh in ann déileáil le fadhbanna a bhfeictear. Tabharfaidh mé léiriú simplí. An tseachtain seo caite, nó an tseachtain roimpi, nuair a cuireadh na páistí ar ais ar an meánscoil bhí ar gach uile thuismitheoir sa tír an fhoirm “Return to educational facility parental declaration form” a líonadh go hiomlán i mBéarla. Níl ach 50 nó b’fhéidir 60 focal inti. Chuir na coláistí Gaeilge an cheist ar an HSE. D’iarr siad air foirm i nGaeilge a chuir chucu. Dhiúltaigh sé. D’aistrigh mise í i ndeich nóiméad agus chuir mé go dtí an HSE í chun an obair a bhí le déanamh acu a dhéanamh. Is é sin an sórt meoin a thagann ón státchóras. Den chuid is mó de, ní bheadh an tuiscint sin ann. Ní bhím ag craobhscaoileadh gach rud. Déanaim an obair. Nuair atá sí déanta, tá sí as an mbealach.

Tá a lán tuismitheoirí ann agus daoine sa státchóras a dhéanann an obair. Tuigeann siad cá háit is atá na constaicí. Is iadsan na daoine atá ag teastáil ar choiste mar seo. Is iadsan na daoine a mbeifí á lorg ionas go mbeadh siad ag tabhairt an tsaineolais don choiste. Ní gá dóibh ar fad a bheith ar an gcoiste. Is iadsan na daoine a thuigeann conas an t-athrú sin a dhéanamh. Is é sin an fáth go bhfuil saineolas agus taithí i gceist. Glacaim leis gurb é sin a mbeifí á lorg ach níl sé leagtha síos go beacht cé go díreach atá á lorg seachas go dtiocfaidh duine ón Roinn seo nó pé áit eile atá leagtha síos. Ba chóir go mbeadh sé leagtha síos agus go mbeadh cáilíochtaí áirithe, ní cáilíochtaí oideachasúla, acu ó thaobh na taithí atá acu agus an Ghaeilge mar a dúirt mé.

Ó thaobh neamhspleáchais de, tá sé sin leagtha síos sa leasú sin chomh maith. Baineann sin le neamhspleáchas an chathaoirligh chun cinnte a dhéanamh nach mbeadh siad ceangailte leis an státchóras nó ag déanamh an iomarca cosaint ar an státchóras, agus go mbeadh siad ag glacadh seasaimh mhoilleadóireachta a bhíonn ann go minic. “Ní féidir linn é sin a dhéanamh” - sin é an chéad abairt a chloistear go minic ó a lán daoine nuair a lorgaítear orthu athrú a dhéanamh ar rud. Athrú poirt a chloistear ar nós “ní féidir linn é sin a dhéanamh”. Is léir dúinn ón bpaindéim seo gur féidir linn a lán rudaí a dhéanamh nár síleadh go mbeadh muid in ann ach cur chuige. Is é sin an fáth go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh cathaoirleach láidir ann. Níl mé ag iarraidh moill a chur ar seo. Is rudaí ar an taobh iad seo ó thaobh an Bhille de. Ba chóir go mbeadh sé seo glactha chomh go tapa agus is féidir.

Tá sé luaite i leasú Uimh. 128 nach mbeadh aon duine incheaptha ar an gcoiste seo a mbeadh "fostaithe ag comhlacht poiblí a thagann faoi mhír 1 (1) den Chéad Sceideal". An bhfuil sé sin le rá go díreach go mbaineann sé sin le daoine atá fostaithe i Ranna Stáit? Bheadh sé tábhachtach é sin a shoiléiriú.

Maidir leis an gceist a bhaineann le feidhmiú trí Ghaeilge agus an méid a bhí le rá ag an Teachta Connolly, bhí mé ar an gcoiste Gaeilge nuair a bhí sí féin mar Chathaoirleach ag glacadh le daoine a tháinig isteach ó chuid de na heagraíochtaí atá i gceist anseo agus iad ag caint i mBéarla. Níl a fhios agam cé acu teanga ach glacaim leis go raibh an dá theanga mar theangacha oibre ag an gcoiste an lá sin. Go cinnte dearfa, dá mbeidís ar an gcoiste bheadh an dá theanga mar theangacha oibre. Fiú dá mbeadh aistriú á dhéanamh ar aon bhealach, ní dhéanadh sé aon difear mar bheadh siad fós mar theangacha oibre. Mar sin, níl aon mhaith ann a bheith ag casadh an méid atá á rá agam.

Cibé an té a cheapfar ina cathaoirleach nó ina chathaoirleach, fear nó bean, beidh orthu gnó a dhéanamh go praiticiúil i mBéarla ach bheadh súil agam go ndéanfaidís a oiread gnó agus is féidir trí Ghaeilge. Níl aithne ormsa ar aon duine sa saol poiblí nach mbíonn orthu feidhmiú go praiticiúil trí Bhéarla agus nach bhfeidhmíonn trí Bhéarla. Ar ndóigh, an difríocht idir cathaoirleach le Gaeilge agus cathaoirleach le Béarla ná nuair atá deis ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge feidhmeoidh an duine sin go hiomlán trí Ghaeilge. Mar shampla, glacaim leis gur trí Ghaeilge amháin a bheidh an déileáil iomlán a bheidh ag an duine sin leis an Roinn atá freagrach as an nGaeltacht.

Nuair a bhí mise mar Aire, thiar sna Forbacha is Gaeilge amháin a bhí mar theanga oibre. Is Gaeilge amháin a bhí mar theanga oibre nuair a bhí mé ann agus nuair nach raibh mé ann. Rinneadh gach uile shórt rud trí Ghaeilge agus bhí na meamraim eadrainn i nGaeilge, agus mar sin de. Ní hé sin le rá nach raibh mé mar Aire ag plé le go leor daoine eile, fiú faoin nGaeilge, i mBéarla agus nach mbíodh orainn cóipeanna de rudaí a aistriú go Béarla más rud é go raibh gnó ag dream taobh amuigh den Roinn leo. Ní maith liom go gcasfaí é nach bhfuil mise diongbháilte ar son na Gaeltachta, ach tá mé ag maireachtáil san fhíorshaol atá ann.

Táimid ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh agus níl aon mhaith le laincisí a leagan síos sa dlí nach bhfuil infheidhmithe agus nach bhfuil a fhios againn fiú céard is ciall leo. Dá dtiocfadh duine isteach inniu agus labhair sé nó sí i mBéarla, b'fhearr liomsa go mbeadh sé aistrithe go Gaeilge ach - aisteach go leor - ní bheadh sé aistrithe go Gaeilge. Bheadh an méid atá á rá againne aistrithe go Béarla don duine sin. Ach dá labhródh an duine sin i mBéarla, ní aistreofaí go Gaeilge é. Caithfear glacadh leis go bhfuil Gaeilge agus Béarla mar theangacha oibre na Dála. Má tá daoine ar an gcoiste agus má aistrítear an méid atá á rá ag na Gaeilgeoirí go Béarla don duine sin, agus má tá cead ag an duine sin Béarla a labhairt, mar a bhí istigh sa choiste nuair a bhí an Teachta Connolly mar Chathaoirleach air, tuigtear go bhfuil dhá theanga oibre ann. Dearfa cinnte, dá mba rud é go mbeadh an duine sin mar bhall den choiste bheadh dhá theanga oibre i gceist. Is é sin an áit atá an dúshlán ann agus is é sin mise a bheith réalaíoch faoi seo. Bhí orainne glacadh leis nach raibh daoine sinsearacha sna heagraíochtaí ábhartha a bhí cáilithe a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus bhí orainn glacadh leo sa choiste. Ghlac muid uilig leis sin. Bhí alltacht agus uafás orm nach raibh a leithéid ar fáil, ach ní raibh.

Níl aon rud á chasadh agam ach táim ag iarraidh díriú ar an fhadhb. Níl mé ag iarraidh dul ar ais ar seo, ach tá sé luaite ag an Teachta Ó Cuív. Mar Chathaoirleach, níor ghéill mé riamh don Bhéarla-----

(Interruptions).

Lean mé ar aghaidh i nGaeilge.

Ach lean na daoine eile ar aghaidh i mBéarla.

Sin é go díreach ach-----

(Interruptions).

Tá sé deacair go leor leanúint ar aghaidh i nGaeilge agus bheadh sé i bhfad níos éasca dom athrú go dtí an Béarla in ainneoin an méid oibre atá déanta agam ar mo chuid Gaeilge. Tuigim an cás ó gach bealach. Tuigim chomh deacair is atá sé do dhaoine teacht os comhair coiste agus Gaeilge a labhairt. Tuigim é sin, ach ní hé sin an rud atá faoi chaibidil againn. An rud atá faoi chaibidil againn ná cén fáth nach bhfuil sé ceart a chur sa dlí gur Ghaeilge a bheas á labhairt mar theanga oibre ar an gcoiste, beag beann ar chumas na ndaoine atá ag teacht os comhair an choiste .

Ba cheart córas ateangaireachta ceart a chur ar fáil chun cabhair a thabhairt do na daoine seo go dtí go mbeidh daoine le Gaeilge ag teacht os comhair an choiste. Ba chóir go mbeadh an córas cuí. Is é sin an rud. Tá dualgas ar an Aire agus an Roinn a rá linn cén fáth nach féidir leo an Ghaeilge a chinntiú mar theanga oibre agus an córas cabhrach a chur ann chun é sin a chinntiú.

Sin í an fhadhb phraiticiúil. Ná géillimis don raiméis seo nach bhféadtaí glacadh leis de bharr nach raibh sé praiticiúil. Tá sé praiticiúil i ngach tír. Tá sé praiticiúil san Eoraip. An tseachtain seo caite fuaireamar breithiúnas ón chúirt ann i nGaeilge ghlan. Tá níos mó Gaeilge sa Bhruiséil ná mar atá le cloisteáil anseo.

Sin é an fáth go bhfuilimid ag díriú ar chuid den réiteach sa Bhille seo agus níl ann ach chuid dó. Tá réitithe eile ag teastáil go géar freisin chun dul i ngleic leis na dúshláin ar an talamh. Maidir leis na leasuithe seo, táim oscailte roimh an méid atá ráite ar an dá thaobh ó thaobh an bhealaigh is fearr.

An mbeadh an tAire Stáit sásta breathnú ar na leasuithe seo? Tá sé ráite aige go bhfuil sé sásta breathnú ar leasú Uimh. 130. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin. Beidh mé sásta é a tharraingt siar más rud é go mbeidh sé ag teacht ar ais. Níl sé sásta breathnú ar leasú Uimh. 131. Tiocfaidh-----

Tiocfaimid chuig an leasú sin ag an am. Caithfimid déileáil le leasú Uimh. 127 i dtús báire.

Tuigim. Tá leasuithe Uimh. 127 go 131, go huile, nasctha le chéile.

Cheap mé go raibh an Teachta ag iarraidh leasú Uimh. 131 a bhrú anois.

Ní raibh. Bhí mé ag iarraidh m’intinn féin a oibriú amach. Tá mearbhall orm ag an bpointe seo leis an méid atá ag tarlú anseo. Beidh an coiste comhairliúchán thar a bheith tábhachtach. Beidh sé tábhachtach go mbeidh cathaoirleach neamhspleách ann le Gaeilge atá in ann seasamh ar son an chórais. Beidh sé sin ag teastáil go géar. Tá sé ag teastáil go géar freisin go mbeidh an obair déanta trí Ghaeilge toisc gur meon difriúil é an Ghaeilge. Tá sé ceart go leor a rá go bhfuilimid dátheangach agus tá sé sin ceart agus tá an ceart againn cibé cén teanga, Gaeilge nó Béarla, a úsáid. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív, ach tá rud i bhfad níos doimhne i gceist anseo agus is é sin an teachtaireacht atá ag teacht ón Rialtas. Ar lámh amháin, tá teachtaireacht á chur amach ag an Rialtas nach féidir é seo a dhéanamh de bharr easpa daoine le Gaeilge agus ar an lámh eile, tá an Rialtas ag rá go bhfuil sé 100% dáiríre faoin teanga cé go bhfuil sé ag leanúint ar aghaidh i mBéarla go dtí go mbeidh an Ghaeilge ann. Níl a fhios agam cén uair. Ba cheart dua a chur orainn an Ghaeilge a úsáid agus í a fheabhsú. Tá mo dhóthain ráite agam.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 127 a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Bhí leasú Uimh. 128 pléite in éineacht le leasú Uimh. 127.

Tairgim leasú Uimh. 128:

I leathanach 15, línte 34 agus 35 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(2) Cinnteoidh an tAire gur duine ag a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge agus taithí agus saineolas áirithe ar sholáthar seirbhísí nó ar éileamh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, pleanáil teanga, bainistiú athruithe, riarachán poiblí nó taighde a cheapfar mar Chathaoirleach neamhspleách agus nach mbeidh an té a cheapfar fostaithe ag comhlacht poiblí a thagann faoi mhír 1 (1) den Chéad Sceideal le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas mar Chathaoirleach a chomhlíonadh.”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Níl na Teachtaí a chuir síos leasú Uimh. 129 i láthair.

Níor tairgeadh leasú Uimh. 129.

Ceapaim go bhfuil an Teachta Connolly ag tarraingt siar leasú Uimh. 130.

Tairgim leasú Uimh. 130:

I leathanach 15, líne 34, ", ag a bhfuil Gaeilge líofa,” a chur isteach i ndiaidh “Comhairleach".

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

An bhfuil leasú Uimh. 131 á bhrú ag an Teachta Connolly?

Tairgim leasú Uimh. 131:

I leathanach 15, líne 35, "neamhspleách" a chur isteach i ndiaidh "Chathaoirleach".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

Phléamar leasú Uimh. 132 in éineacht le leasú Uimh. 8. An bhfuil an leasú á bhrú ag an Teachta Ó Snodaigh?

Níor tairgeadh leasú Uimh. 132.

Tá leasú Uimh. 133 in ainm an Teachta Ó Snodaigh, an Teachta Ó Dálaigh agus an Teachta Ní Fhearghail. Tá baint ag leasuithe Uimh. 133 go dtí 139, go huile, agus leasuithe Uimh. 141 go dtí 143, go huile, le chéile agus pléifear le chéile iad.

Tairgim leasú Uimh. 133:

I leathanach 17, idir línte 6 agus 7, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(ca) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag Foras na Gaeilge mar ionadaí d’Fhoras na Gaeilge,".

Is é an rud atá I gceist leis seo ná athrú a dhéanamh ar struchtúr an choiste chomhairligh atá le bheith bunaithe chun treoir a thabhairt maidir leis na seirbhísí Stáit amach anseo agus athrú a dhéanamh ar líon na ndaoine atá á ainmniú ag an Aire ar leathanach 17 sa reachtaíocht. Tá na leasuithe ag déanamh athrú air sin. Is é an chaoi a bhfuil sé faoi láthair ná go mbeidh comhalta ainmnithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar ionadaí don Roinn sin, comhalta ainmnithe ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí mar ionadaí na seirbhíse, comhaltaí ainmnithe ag an Aire mar ionadaithe chomhlachtaí poiblí mar is cuí agus comhalta amháin ainmnithe mar ionadaí limistéir Ghaeltachta.

Is é croílár na faidhbe ná an easpa tuisceana agus measa atá ag an státchóras ar an nGaeilge agus seirbhísí trí Ghaeilge go minic. Is léir sin agus is féidir linn ar fad samplaí a thabhairt den loiceadh ar ghnáthphobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta. Measaim nach bhfuil an tslí a bhfuil an déantús leagtha amach ag an Aire ceart agus gur chóir go ndéanfaí athrú bunúsach air ó thaobh déantúis de.

Ba chóir dúinn a chinntiú go mbeidh níos mó comhaltaí i gceist. Tá seachtar comhalta ainmnithe ó thaobh na Ranna nó na gcomhlachtaí poiblí. Ba chóir go mbeadh duine ainmnithe ó Údarás na Gaeltachta. D’fhéadfadh an coiste a bheith ar siúl gan a leithéid ann. Ba chóir go mbeadh duine ann ó Fhoras na Gaeilge. Tá sé i measc na príomhdhualgais atá ag Foras na Gaeilge an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den státchóras ach níl sé i gceist go mbeidh lucht an fhorais mar chuid den choiste comhairleach. Ba chóir go mbeadh comhaltaí ainmnithe mar ionadaithe phobal labhartha na Gaeilge, na Gaeltachta, na n-eagras deonach agus a leithéid. Ba chóir go mbeadh suíocháin áirithe ar an mbord dóibh siúd.

Mar atá luaite agam cheana féin maidir le leasú eile, ní bheidh tuiscint cheart ag an gcoiste comhairleach ar na bunfhadhbanna.

Tá a fhios agam gur féidir leis an gcoiste comhairleach achainíocha a lorg agus daoine a thógáil os a chomhair i mBéarla nó i nGaeilge, nó pé teanga is mian leo, agus míniú a fháil uathu maidir le cad iad na bunfhadhbanna. Mar shampla, is féidir leis an gcoiste an Coimisinéir Teanga a thógáil os a chomhair chun míniú a thabhairt agus beidh na tuairiscí ar fad acu. Is féidir leis gach uile cheann de na Ranna a thógáil os a chomhair. Níl na príomh-dhaoine - na daoine atá ag éileamh na seirbhísí agus atá an ceart á diúltú orthu - sa liosta atá leagtha síos sa reachtaíocht faoi láthair i gceart nó go sonrach.

Mar a dúirt mé cheana, ceann de na bunrudaí a tharlaíonn in aon eagras ná go mbíonn sórt coimeádachas nó cosaint inmheánach ann. Dá réir sin, go minic nuair atá athruithe radacacha á phlé sna coistí sin, cuirtear ar leataobh iad agus deirtear le daoine go bhfuil siad ag dul rófhada. Bíonn an bunchosaint sin ann agus deir na coistí nach ndéanfaidh siad aon mhórathrú. Ba chóir go mbeadh daoine ar an gcoiste comhairleach seo a bheadh in ann nithe a bhrú chun tosaigh nuair a thagann siad ar an meon sin.

Ba chóir go mbeadh níos mó daoine ar an gcoiste comhairleach seo nach ón státchóras iad i gcoitinne. Níl sé sin leagtha síos agam mar táim réalaíoch chomh maith. Táim sásta glacadh leis gur chóir go mbeadh daoine ón státchóras ann ach ba chóir iad siúd atá ag gabháil a úsáid. Tá bainisteoir i bhForas na Gaeilge a dhéileálann leis na heagrais Stáit agus bíonn Údarás na Gaeltachta ag déileáil leis a lán de na Ranna Stáit gach uile lá. Thuigfeadh siadsan go díreach an bhunfhadhb, cosúil leis an fhadhb a léirigh mé ó thaobh foirmeacha a fháil i nGaeilge.

Scríobh leaid chugamsa a tháinig ón tSín go hÉirinn agus a d’fhoghlaim Gaeilge. Anois atá sé ag léachtóireacht sa Ghaeilge ársa. Chuir sé isteach ar náisiúntacht agus bhí an fhoirm ar líne as Béarla. Scríobh sé chuig an Roinn agus fuair sé an fhoirm i nGaeilge, fadhb ar bith. Chuir sé isteach í agus dúradh leis gurb í an fhoirm mhícheart a bhí ann. Sin léiriú den easpa tuisceana atá ann ach dá ndéanfainn iarracht é sin a mhíniú do roinnt de na daoine atá sa státchóras ní bheadh tuiscint acu cad atá i gceist. Tá a iarratas do shaoránacht na tíre curtha siar sé mhí toisc an tseafóid a bhí ar siúl sa Roinn Dlí agus Cirt maidir le foirm.

Ba chóir go mbeidh daoine ar an gcoiste seo a bheidh in ann cinntiú go dtuigeann na Ranna difriúla cad atá i gceist nuair atá daoine ag éileamh seirbhísí agus cad iad na fadhbanna difriúla atá ann. Caithfimid a bheith réalaíoch chomh maith. Níl gach rud chun tarlú thar oíche agus tuigeann na heagrais Ghaeilge i gcoitinne gur gá dúinn céim i ndiaidh céime a ghlacadh anseo. Tá sé tábhachtach go nglactar leis na leasuithe seo, nó na cinn i m’ainm féin ar aon chaoi, sa chaoi go mbeidh níos mó stádas agus níos mó réimse ag an gcoiste atá le bunú. Ní mise amháin atá tar éis na ceiste seo a ardú. Léirigh an Coimisinéir Teanga go raibh fadhb ann nuair a tháinig sé os comhair an chomhchoiste. Dúirt sé:

Ó thaobh déantús an choiste, tá molta go mbeidh ionadaí amháin ón nGaeltacht ach, de réir mar a thuigim an Bille, ina dhiaidh sin is ionadaithe ó Ranna Rialtais agus ó chomhlachtaí poiblí a bheidh ar an gcoiste. Ba cheart go mbeadh sé níos leithne ná sin. Go bunúsach, ba cheart go mbeadh iad siúd a bhíonn ag lorg seirbhísí trí Ghaeilge ar an gcoiste chomh maith. Ba cheart go mbeadh ionadaíocht ann freisin dóibh siúd nach bhfuil á lorg faoi láthair ach go mba mhaith leo a bheith á lorg amach anseo.

Sin a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nuair a bhí sé ag caint linn i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Dúirt an Dr. John Walsh beagnach an rud ceannann céanna linn i mí na Samhna. Tá an chomhairle sin faighte ag an Aire Stáit cheana féin mar tá na daoine seo i dteagmháil leis, ach fós féin níor cuireadh leasuithe nua os ár gcomhair ag déanamh athrú ar an mBille ó thaobh an déantúis seo. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit sásta gan díreach leasú beag amháin a dhéanamh ach réimse athruithe a thabhairt isteach sa chaoi go mbeidh an déantús seo i bhfad in Éirinn níos leithne. Ba chóir go mbeadh muid in ann muinín cheart a bheith againn go mbeidh an coiste seo in ann tabhairt faoin obair ríthábhachtach atá á leagan síos ag an Aire sna feidhmeanna. Is feidhmeanna cuíosach leathan atá i gceist agus beidh an coiste seo i bhfeidhm ar feadh tréimhse cuíosach fada. Bheadh níos mó muiníne ag an ngnáthphobal agus pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta as an gcoiste seo agus as an obair atá roimhe dá mbeadh ballraíocht an choiste i bhfad in Éirinn níos leithne.

Maidir le leasuithe Uimh. 133 go 135, go huile, agus leasú Uimh. 143, leagtar amach comhaltas an choiste comhairligh in alt 18B. Má tá an coiste chun a bheith éifeachtach, tá sé tábhachtach go mbeidh na daoine cuí páirteach ann agus go mbeidh cead ag an Aire na baill is oiriúnaí a cheapadh le díriú isteach ar an obair atá idir lámha ag an gcoiste. Agus muid ag díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh ionadaí ar an gcoiste ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh ionadaithe ó mo Roinn féin ann, leis an saineolas ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus cur amach acu ar an státchóras. Mar sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe seo.

Luaitear sa Bhille go mbeidh comhalta amháin ainmnithe mar ionadaí don limistéar Gaeltachta. Tá leasuithe Uimh. 136 go 138, go huile, agus leasú Uimh. 142 ag iarraidh go mbeidh ionadaí ón bpobal Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht ceaptha mar chomhalta ar an gcoiste chomh maith. Tá leasú cosúil, Uimh. 140, curtha isteach ag na Teachtaí Ó Cuív, McHugh, Ó Muimhneacháin, Ó Cathasaigh, Calleary, O'Dowd agus Gannon. Sílim go bhfuil fiúntas leis an moladh seo agus táim sásta féachaint ar leasú maidir le hionadaí eile a cheapadh ar an gcoiste chun ionadaíocht a dhéanamh do phobal Gaeilge na tíre, agus é seo a thabhairt ar ais ar Chéim na Tuarascála. Ar an mbonn sin, b’fhéidir go mbeadh na Teachtaí sásta na leasuithe a tharraingt siar.

Maidir leis na comhaltaí eile ar an gcoiste, ní bheadh aon bhuntáiste ann teorainn a chur leis na baill sin trí eagraíochtaí eile ar nós Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta a ainmniú go sonrach. Mar atá sé leagtha amach sa Bhille, is féidir leis an Aire duine ar bith a cheapadh mar ionadaí thar ceann na n-eagraíochtaí sin, chomh maith le hionadaithe ó aon chomhlacht poiblí eile, saineolaithe ón earnáil tríú leibhéal ina measc. Don chéad uair riamh, beidh mo Roinn féin i lár an aonaigh agus muid ag plé cúrsaí earcaíochta sa státchóras. Tá sé tábhachtach go mbeidh deis ag an Aire daoine a cheapadh a bheidh in ann tionchar a imirt ar na hearnálacha cuí agus go bhfuil saineolas acu ar na réimsí ar a mbeidh an coiste ag díriú isteach. Ar an mbonn sin, ní bheidh mé ag glacadh leis na leasuithe eile.

Maidir le leasú Uimh. 139, tá mé sásta leis an bhfoclaíocht mar atá agus go mbeidh ionadaí thar ceann phobal na Gaeltachta ar an gcoiste.

Bheadh sé ciallmhar dá mbeadh an tAire Stáit in ann éisteacht agus breathnú ar an alt seo ina iomlán agus cad atá i gceist, seachas díreach breathnú ar phíosa anseo agus píosa ansiúd. Sin an saghas cluiche atá ar siúl againne anseo, idir muidne sa Fhreasúra agus an Rialtas. Bheadh sé níos ciallmhaire éisteacht leis an méid atá á rá againn agus teacht ar ais le Bille difriúil.

Má bhreathnaímid ar alt 6, faoin bhfotheideal "Comhaltas an Choiste Chomhairligh", beidh sé soiléir dúinn go bhfuil 12 fo-alt - 18B.(1) go 18B.(12) - i gceist maidir leis na comhaltaí agus na bearta a bheidh le déanamh acu agus mar sin de. Is iad fo-ailt (1), (2), agus (3) a dhíríonn isteach ar na baill féin. Léiríonn sé sin rud domsa. Mar a dúirt mé, as an 12 fo-alt ní phléann ach trí cinn le hionadaíocht ar an gcoiste seo. Ní leor é sin. Téann an Bille ar aghaidh le fo-ailt (4), (5), (6), srl., a bhaineann leis an tréimhse a bheidh i gceist leis an gcoiste. Beidh duine in ann suí ar an gcoiste ar feadh dhá thréimhse, agus mar sin de. Tá níos lú ná ceithre fho-alt, trí cinn, ag déileáil leis na daoine a bheidh ar an gcoiste, agus is é sin an rud is tábhachtaí.

Ar aon leis na Teachtaí Ó Snodaigh agus Ó Cuív, agus Teachtaí Dála eile, tá mise ag cur leasuithe ar aghaidh ach níl an Rialtas ag éisteacht leis an teachtaireacht. Má tá an Rialtas chun coiste comhairleach a bhunú, cén fáth agus cén feidhm a bheidh ag an gcoiste sin? Leanann an Bille ar aghaidh ag leagan amach go mbeidh ionadaithe ó Ranna éagsúla ar an gcoiste. Ní mór dom a rá go bhfuil daoine sna Ranna sin, taobh amuigh de Roinn na Gaeltachta, nach bhfuil focal Gaeilge acu. Beidh ionadaí ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste. Beidh duine ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ann, agus mar sin de.

Cosúil le daoine eile, tá mise ag rá go mba chóir go mbeadh ionadaí ann ar son phobal na Gaeltachta seachas limistéir Ghaeltachta. Níl ciall ar bith lena rá go mbeidh ionadaí ann ó limistéar Gaeltachta amháin ag caint faoin nGaeltacht sin, seachas ar son na nGaeltachtaí uile. Táim ag moladh freisin go mbeidh duine ar an gcoiste ar son phobal labhartha na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Is dócha go bhfuil sé sin ciallmhar freisin. Tá gá le saineolaithe. Tá a fhios againn ó 2007 agus ó thaighde an Dr. Ó Giollagáin agus ó lucht acadúil eile go bhfuil géarchéim i gceist. Lean siad ar aghaidh leis an taighde sin agus tá sé againne i dtuarascálacha éagsúla go bhfuil géarchéim i gceist. Ní mór dúinn go mbeadh an saghas sin saineolais ar an gcoiste freisin.

Níl na Ranna éagsúla chomh tábhachtach sin sa chomhthéacs seo. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí go mbeadh daoine ar an gcoiste a bhfuil saineolas agus ciall cheannaithe ar an talamh acu maidir leis an nGaeilge. Níl mé ró-chinnte faoin méid atá ar siúl. Ní raibh mé ag éisteacht chomh cruinn sin nuair a chuaigh an tAire Stáit tríothu. Níl a fhios agam cad iad na leasuithe a bhfuil sé chun glacadh leo. Bheinn i bhfad níos sásta dá mba rud é go raibh an tAire Stáit sásta a rá go mbreathnódh sé ar an mír seo ina hiomlán - go rachadh sé ar ais agus go mbeadh athruithe suntasacha i gceist an céad uair eile. D'éist mé leis an Rialtas agus tuigim go bhfuil sé i gceist go mbeidh ionadaíocht i bhfad níos leithne ar an gcoiste seo. Má tá an tAire Stáit sásta é sin a dhéanamh beidh mise sásta na leasuithe a tharraingt siar ach níl mé soiléir cad atá i gceist anseo. Éistfidh mé go cruinn anois.

Tá ceist fhíor-spéisiúil ardaithe ag an Teachta. Is é an tuiscint atá agam, is mé ag smaoineamh ar an nGarda Síochána, nach bhfuil ach Garda Síochána amháin ann, cé go bhfuil comhaltaí den Gharda Síochána ann. De réir mar a thuigim, níl ann ach Gaeltacht amháin. Is "Aire na Gaeltachta" atá ann agus ní "Aire na nGaeltachtaí". Mar sin, tá beagáinín iontais orm go bhfuil sé ráite i mír 18B.(3)(e) go mbeidh "aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar ionadaí do limistéar Gaeltachta" mar chuid den choiste seo. Tá iontas orm nach "don limistéar Gaeltachta" atá ann mar gur tharla nach bhfuil ach Gaeltacht amháin ann. Tá ceantair Ghaeltachta ann ach níl ach limistéar Gaeltachta amháin ann. Sa leagan Béarla den mhír chéanna, déantar tagair do "one member nominated by the Minister as a representative of a Gaeltacht area" seachas "of the Gaeltacht area". Is "Aire na Gaeltachta", is é sin "of the Gaeltacht", a bhí i gceist riamh. Is ceist teanga é seo, ó tharla gur Bille atá anseo. Tá beagáinín iontais orm faoin bhfoclaíocht áirithe sin agus nach "don Ghaeltacht" in áit "do Ghaeltacht" atá i gceist sa Bhille mar níl ach Gaeltacht amháin ann ó thaobh an dlí de. B'fhéidir go míneodh an tAire Stáit é sin.

Ar ndóigh, táim ag tacú leis an dá leasú atá thíos i m'ainm agus in ainmneacha daoine eile. Ní thuigim an fáth nach bhfuil leasú Uimh. 140 á thógáil leis seo mar luann an leasú sin an comhalta a bheadh ionadaíoch do phobal labhartha na Gaeilge ar fud na tíre.

Is rud bunúsach atá i gceist anseo. Tá liosta de leasuithe anseo uaim agus i m'ainm agus is rud cuibheasach simplí atá i gceist leo. Faoi láthair, beidh 11 duine ar an gcoiste seo agus deichniúr acu siúd ag teacht ón státchóras. Mar a luaigh an Teachta Ó Cuív, beidh duine amháin ag déanamh ionadaíochta ar cheantar amháin Gaeltachta seachas "don Ghaeltacht". Is é sin atá luaite sa Bhille.

Níl an limistéar luaite ach an oiread.

An ceantar amháin é?

Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív mar deir an t-alt "one member nominated by the Minister as a representative of a Gaeltacht area." Chuirfeadh an t-alt seo ceantair Ghaeltacht in iomaíocht lena chéile chun an áit seo a fháil. Ní hé sin ata uaim. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív sa mhéid a dúirt sé. Níl mé ag déanamh argóna faoi. Is é an rud atá mé ag rá ná go bhfuil deichniúr eile i gceist, agus is státseirbhísigh nó seirbhísigh phoiblí iad. Beidh siad ag déanamh ionadaíochta don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, agus beidh seachtar eile á n-ainmniú as comhlachtaí poiblí. Fiú leis an t-athrú atá á dhéanamh agam, beidh tromlach fós ag an státchóras ar an gcoiste - beidh seachtar ag teacht ón státchóras. Ba cheart dúinn a chinntiú go mbeidh dhá eagras atá fite fuaite leis an nGaeilge sa státchóras ar an gcoiste comhairleach seo. Smaoinigh mé uair amháin gur chóir go mbeadh an Coimisinéir Teanga ar an gcoiste, ach ní fhéadfainn é sin a dhéanamh mar beidh seisean ag déileáil leis na gearáin a bheidh ag teacht isteach faoi pé rud a bheadh i gceist anseo. Ghearr mé an píosa sin as ach chuir mé Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta isteach. Is iad siúd beirt ionadaithe agus beirt eile ó chomhlachtaí poiblí eile san áit atá seachtar scríofa síos anois. Is iad sin seachtar leis an triúr duine atá luaite sa bhunliosta. Níor dhiúltaigh mé aon duine díobh seo. Bheadh sé míloighciúil mura mbeadh Roinn na Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar an gcoiste seo. Glacaim leis an triúr ionadaithe sin agus níl fadhb ar bith agam leo ach is athrú ar an ocht spás eile atá fágtha atá uaim.

Tá leasú Uimh. 138 curtha síos agam chun "ionadaithe do phobal labhartha na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, [agus] eagraíochtaí deonacha na Gaeilge" a lua go sonrach.

Tá siad leagtha síos. Sin ceithre áit inár gcóir go ndéanfadh na hainmniúcháin a thagann chun cinn ionadaíochta. Ansin bheadh níos mó muiníne ag an bpobal as an gcoiste. Ní thuigim cén fáth nach dtuigeann an tAire Stáit cad atá i gceist. Ní mise amháin a luaigh gur chóir go mbeadh athrú suntasach ann. Mar a dúirt mé, luaigh an Coimisinéir Teanga agus an Dr. John Walsh é freisin agus luaigh Foras na Gaeilge na fadhbanna a bhainfeadh leis seo chomh maith. Chun an coiste comhairleach a láidriú, ba chóir go mbeadh tagairt shonrach ann don dá mhór-eagras comhairleach atá bunaithe ag an Stát le cúraimí na Gaeilge orthu de réir reachtaíochta, sé sin, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ní mise a phioc an t-ábhar seo as barr mo chinn. Tá na leasuithe atá leagtha síos agamsa bunaithe ar an díospóireacht a bhí againn chomh fada siar le 2002 agus 2003 nuair a bhí muid ag déileáil leis an mbun-Acht atáimid ag athrú anseo. Tá siad bunaithe chomh maith ar na comhairliúcháin a bhí ag an gcoiste Gaeilge le tamall na blianta anuas agus an tuarascáil mhór fhoirfe a tugadh dúinn nuair a cuireadh téarmaí tagartha an Bhille seo os comhair an choiste sin sular dréachtaíodh é go hiomlán. Tá siad bunaithe ar an méid a dúradh leis an gcoiste le bliain anuas, go háirithe an méid a dúirt na heagrais dhifriúla.

Nílim ag caitheamh anuas ar an Aire Stáit nó iad siúd a dhréachtaigh an Bille. Táimid ar fad ag iarraidh go mbeidh an reachtaíocht seo foirfe agus nach mbeidh gá dúinn é a athrú. Fós, sa mhéid atá luaite againn táimid ag tabhairt bealach don Aire bogadh, sa chaoi nach mbeadh sé gafa go huile agus go hiomlán. B’fhéidir nach ndéanfadh an tAire é ach d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ar an gcoiste, mar níl siad leagtha síos go sonrach. Bheadh sé sin seafóideach. Tá seans ann nach mbeadh na heagrais dheonacha ann mar nach bhfuil siad leagtha síos. Níl aon áit dóibh faoi láthair, go bhfeiceann mise, so ní féidir leo a bheith ar an gcoiste seo. Ní féidir le pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a bheith ann. Ní féidir le Gaelscoileanna, mar shampla, a bheith ann. Ní féidir le haon eagras a bheith ann seachas duine éigin as limistéar Gaeltachta, áit éigin, am éigin, whenever. Tá fadhb bhunúsach sa déantús atá leagtha síos don choiste comhairleach.

Ag smaoineamh arís agus arís eile, is gá dul siar go dtí an bunfheidhm atá ag an gcoiste comhairleach seo. Más díreach ag cur comhairle ar an Aire é, ar shlí amháin is cuma sa tsioc liom mar is polaiteoir atá san Aire agus déanfaidh sé agus an Rialtas pé cinneadh a ghlacann siad. Tá sé seo níos tábhachtaí ná sin mar beidh tionchar ag na cinntí a ghlacann an coiste amach anseo ar feadh i bhfad in Éirinn níos faide ná mar a bheidh mise timpeall. Tá an Rialtas ag rá linn gur seo an bealach a bheidh muid in ann athrú ó bhun a dhéanamh ar an státchóras. Seo an dream a bheidh ag tabhairt an chomhairle agus ag rá leis an Aire agus na Ranna difriúla conas athrú a dhéanamh ar na seirbhísí Gaeilge atá siadsan chun cur ar fáil. Muna bhfuil na baill sin ceart agus muna bhfaighimid i gceart sa chéad dul síos iad, beimid ag teacht ar ais chuige seo i bhfad in Éirinn níos tapúla ná mar ba chóir. Sin an fáth go bhfuilimid ar fad ag iarraidh go mbeidh an reachtaíocht seo i bhfad in Éirinn níos foirfe ná mar atá faoi láthair. Níl an cur chuige nó an déantús atá leagtha síos sa reachtaíocht maidir leis an gcoiste comhairleach seo chomh foirfe agus a chóir dó a bheith.

Maidir leis an méid a dúirt an Teachta Ó Cuív, beidh comhrá agam leis an dréachtóir faoin bhfoclaíocht sin. Mar a dúirt mé cúpla nóiméad ó shin, bhí leasuithe curtha síos ag an Teachta Bríd Nic Gabhann maidir le pobal na Gaeltachta agus na focail seo agus beidh mé ag féachaint ar an gceist seo roimh Chéim na Tuarascála.

An bhfuil leasú Uimh. 133 á bhrú ag an Teachta Ó Snodaigh?

An sin deireadh leis an díospóireacht anois?

Is féidir leis an Teachta dul ar aghaidh.

Ní raibh sé ar intinn agam mórán a rá agus mé teacht ag an gcruinniú inniu ach ag an bpointe seo, ní chlúdaíonn an focal “frustrachas” na mothúcháin atá orm. Táimid ag rá leis an Aire Stáit go bhfuil an coiste seo thar a bheith tábhachtach. Is coiste é chun comhairle a chur ar cibé Rialtas agus cibé Aire atá ann, agus tá ionadaíocht i bhfad níos leithne ag teastáil air. Is dóigh go n-aontaíonn chuile Theachta Dála atá anseo go bhfuil ionadaíocht i bhfad níos leithne ag teastáil agus muna n-aontaíonn, ba chóir dóibh é a rá amach.

Ní maith liom an focal “géarchéim”. Ba mhaith liom a bheith ag caint go dearfach anseo agus ba mhaith liom a bheith dearfach. Tá teanga iontach ársa againn. Ar leibhéal amháin is míorúilt é go bhfuil sí againn fós ach ar leibhéal eile ní hea, mar tá sí againn de bharr obair na gcapall atá déanta ag daoine le Gaeilge ó dhúchas agus daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar an talamh. Sin an fáth go bhfuil an Ghaeilge againne, in ainneoin chuile bheart ó gach Rialtas chun deireadh a chur léi le neamhaird. Táimid anseo agus nílimid ag obair i bhfolús. Táimid ag rá go bhfuil deacrachtaí ann, go bhfuil obair na gcapall déanta ag an gcosmhuintir ar an talamh agus go bhfuil gá le beart anois ón Rialtas mar chuid den réiteach. Tá sé tábhachtach é sin a rá. Ní réiteach é an Bille seo ar na fadhbanna, ach is píosa beag den réiteach é.

Muna bhfuil an Rialtas sásta breathnú ar an gcoiste ní bheadh muinín ar bith agam as an rud atá ar siúl anseo. Nílimid ach ag rá go praiticiúil, más é bhur dtoil é, breathnú ar an gcoiste comhairleach, ionadaíocht i bhfad níos leithne a chur ann agus fáil réidh leis an tseafóid faoi bhall amháin ar son Ghaeltacht amháin. Tá sé maslach amach agus amach ball amháin ó Ghaeltacht amháin a bheith ann. Níl aitheantas ar bith ann ó thaobh na ndeacrachtaí atá ar an talamh, an ghéarchéim ó thaobh laghdú ar an daonra atá inniúil sa Ghaeilge agus na fadhbanna eile. Ní mór dúinn beagáinín ómóis agus meas a thaispeáint do na daoine sin, oibriú leo agus rá go bhfuilimid i ndáiríre leis an bpíosa seo den réiteach. Ní raibh mise sásta ar dtús agus cheap mé gur ag cur rudaí ar an méar fhada a bhí i gceist le coiste mar seo ach de réir a chéile ghlac mé leis. Tá gá le coiste agus is gá é a chur le chéile go sciobtha chun go mbeidh moltaí againn go sciobtha ón gcoiste sin, ach ní bheidh aon fhiúntas as coiste mar seo, a bheidh ag feidhmiú trí Bhéarla gan ionadaíocht leathan. Ní bheidh ann ach daoine ó Roinn anseo ag éisteacht le daoine ó Roinn ansin i mBéarla. Sin seafóid. Ní chloisim an tAire Stáit ag rá go bhfuil gá breathnú air seo arís, nó go bhfuil gá teacht ar ais agus breathnú ar cad atá ráite againn agus go n-oibreoidh muid as lámha a chéile, le chéile.

Rachaidh mé ar aghaidh leis na leasuithe atá i m’ainm féin chun soiléiriú a fháil. Ní raibh mé ró-radacach le leasú Uimh. 141. Táim ag iarraidh “do limistéar Gaeltachta” a scriosadh agus “do phobal na Gaeltachta” a chur ina ionad. Níl mé sásta leis an saghas foclaíochta atá agam anseo ach táim sásta leis an gcoincheap go bhfuil gá le hionadaíocht níos leithne agus gan a bheith ag caint faoi Ghaeltacht amháin.

Déanann leasú Uimh. 142 tagairt do "phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht" agus tá an leasú céanna curtha isteach ag an Teachta Ó Cuív agus na Teachtaí eile. Baineann páirt (g) den leasú le "saineolaí teangeolaíochta" a bheith ar an gcoiste freisin. Níor chuala mé freagra ar bith ón Aire Stáit maidir leis sin.

An féidir liom freagra a fháil? Gan fhreagra a fháil, beidh na leasuithe seo á mbrú agam.

Tá dhá leasú i gceist anseo: leasuithe Uimh. 141 agus 142, agus táim sásta féachaint ar na leasuithe sin agus dúirt mé an méid sin nuair a thug mé freagra deich nóiméad ó shin.

Gabh mo leithscéal ach níor chuala mé focal faoi shaineolaí-----

Thug me an freagra ar an gceist-----

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, ach níor chuala me focal faoi shaineolaí teangeolaíochta nó faoi ionadaithe do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Táim cinnte nár chuala mé an dara rud ach má tá an tAire Stáit chun breathnú ar shaineolaí teangeolaíochta freisin, is rud nua é sin.

Táim tar éis déileáil cheana féin leis na leasuithe Uimh. 133 go 139, go huile, nó le pé cinn a bhaineann liom sa ghrúpa sin. Níor dhéileáil mé le leasú Uimh. 143 i m'ainm go fóill. Níor chóir go mbeadh sé gafa leis na leasuithe eile ós rud é go bhfuil na cinn eile ag déileáil leis an struchtúr. Is leasú iomlán difriúil atá i gceist anseo a bhaineann leis na comhaltaí. Nuair a bheidh an tAire i mbun na gcomhaltaí a cheapadh don choiste comhairleach seo, an gcinnteoidh sé go mbeadh taithí agus saineolas áirithe acu siúd maidir le soláthar nó éileamh ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge, pleanáil teanga, bainistiú athraithe, riarachán poiblí nó taighde agus go mbeidh cothromaíocht chuí idir fhir agus mhná i gcomhaltas an choiste? Níl aon cheann de na forálacha sin leagtha síos. Tá roinnt daoine á rá nár chóir dúinn gach rud a leagan síos go sonrach. De bharr go bhfuilimid tar éis a bheith ligthe síos chomh minic sin ó thaobh na Gaeilge de, is cóir go mbeimis ag leagan gach uile rud síos chomh sonrach agus is féidir linn, toisc go bhfuil teip chomh bunúsach sin déanta ag an státchóras. Sa chás seo, táim ag iarraidh, fiú amháin más ag teacht ó Ranna difriúla atá siad, go mbeidh cáilíochtaí nó fáthanna éigin go bhfuil siad ar an gcoiste seo. Ní cheart go mbeidís ag fáil céim in airde toisc go bhfuil siad ag dul ar pinsean nó go bhfuil rud éigin eile ag tarlú ina saol - ba cheart go mbeidís ag iarraidh a bheith ar an gcoiste seo, go mbeadh cur chuige ceart acu dó agus go mbeadh meas léirithe cheana féin acu ar an obair ar chóir dóibh a bheith ag tabhairt fúithi.

Luaigh mé an Dr. John Walsh roimhe seo mar rinne sé cíoradh an-mhaith ar an méid a bhí agus atá go fóill sa Bhille toisc nár leag an tAire Stáit ach líon fíorbheag leasuithe síos in ainneoin go rabhamar ar fad ag tnúth leis i bhfad Éireann níos mó leasuithe idir fhoilsiú an Bhille agus an Chéim seo. Níl go leor déanta ag an Aire Stáit. Tá an chuma air go bhfuil sé chun a lán a dhéanamh idir an Chéim seo agus an chéad Chéim eile, ach feicfimid an dtarlóidh sé sin.

Chaithfí ionadaíocht níos leithne a bheith ar an gcoiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Is é sin an méid atá á rá ag an Dr. John Walsh. Má tá ionadaí amháin le ceapadh thar ceann phobal na Gaeltachta, cén fáth nach bhfuil ionadaithe eile le ceapadh thar ceann phobal na Gaeilge in áiteanna eile? Tá an tAire Stáit chun féachaint air sin. Tháinig 82% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga ó lasmuigh den Ghaeltacht in 2019. Léiríonn sé sin an pobal leathan atá i gceist nach bhfuil aitheanta go dtí seo, ach tá an tAire Stáit chun déileáil leis sin. Bhí Foras na Gaeilge den sórt tuairime chéanna maidir leo siúd atá lasmuigh den Ghaeltacht - sna líonraí agus na bailte seirbhíse Gaeltachta - agus ba chóir go mbeadh aitheantas foirmiúil tugtha dóibh siúd.

Bhí daoine eile a thug treoir nó eolas dúinn ag rá cé chomh tábhachtach is a bheadh sé an plean cuimsitheach maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a thabhairt dúinn agus go mbeadh saineolaithe teanga agus sa riarachán poiblí i gceist. Níl sé sin leagtha síos. Deir an tAire Stáit gurb é sin atá i gceist. Is é sin a bhí i gceist maidir lena lán rudaí agus níor tharla sé, teipeadh air, nó tharla athrú bunúsach le hathrú Airí nó sa Roinn. Tá mise ag iarraidh, go háirithe i gcás leasú Uimh. 133, go mbeadh aitheantas leagtha síos. B’fhéidir go bhfuil níos mó ag teastáil ansin ach tá mé ag déanamh iarrachta anseo dul i ngleic le rud chomh bunúsach le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil. Ní hé gur saineolaí mé. Is é an t-aon saineolas atá agam ná go lorgaím na seirbhísí sin agus nach bhfaighim iad níos minice ná mar a fhaighim iad.

Tá sé tábhachtach, ag dul siar go dtí na leasuithe eile atáimid ag caint fúthu, ó leasú Uimh. 133 ar aghaidh, go mbeadh éagsúlacht guthanna ar an gcoiste seo. Má tá siad ar fad ag teacht ón sórt atmaisféir nó meoin cheannann chéanna, níor fiú tráithnín é mar d'fhéadfadh duine amháin acu suí síos agus an plean a chur le chéile agus ní éireodh leis. Má tá guthanna difriúla ann beidh níos mó beochta sa choiste, beidh cur chuige níos fearr ann, agus beimid in ann bogadh i bhfad níos tapúla. Beimid in ann níos mó a fháil as na Ranna Stáit mar go mbeidh an coiste in ann iad a náiriú ar bhonn níos tapúla más rud é nach mbeidh siad ag cloí leis an méid a bheidh curtha os a gcomhair nó a thabharfar dóibh mar threoir lena chomhlíonadh.

Tá sé tubaisteach nach bhfuil an tAire Stáit ach ag féachaint ar an méid beag bídeach sin ó thaobh ionadaíochta do phobal na Gaeltachta agus do phobal lasmuigh de na Gaeltachtaí. Níl sé sin mór go leor agus ba chóir díriú isteach ar an gceist maidir le Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta go háirithe, agus iad siúd a ainmniú. Tá na heagrais dheonacha agus an córas oideachais chomh lárnach sin freisin maidir lena lán den obair atáimid ag súil leis. Mura bhfuil, mar shampla, duine ón Roinn Oideachais, ón ngaelscolaíocht nó pé dream atá ann ar an gcoiste seo, cá háit as a mbeidh na státseirbhísigh nua seo ag teacht? Is é sin an áit - má tá níos mó díolúintí ar fáil, ní bheidh na Gaeilgeoirí atá ag teacht as na coláistí ag dul ar thóir nó ag cur isteach ar phoist sa státchóras. Caithfear go mbeidh cur chuige ag an gcoiste seo maidir le conas is féidir linn a chur ina luí ar an Roinn Oideachais, ar na Gaelscoileanna agus fiú amháin ar na scoileanna Béarla conas is féidir linn a chinntiú go dtuigeann siad na hathruithe atá ag teacht sa chóras agus go bhfuil an bealach ina bhfuilimid ag múineadh, ag cuidiú nó ag gríosú na mac léinn i dtreo poist sa státchóras fite fuaite leis an méid atá á dhéanamh ag an gcoiste comhairleach.

Níl aon duine eile ag iarraidh cainte. Rachaimid trí na leasuithe sa ghrúpa seo. An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 133 a bhrú?

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

An bhfuil an Teachta chun leasú Uimh. 134 a bhrú?

Tairgim leasú Uimh. 134:

I leathanach 17, idir línte 6 agus 7, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(ca) aon chomhalta amháin a bheidh ainmnithe ag Údarás na Gaeltachta mar ionadaí d’Údarás na Gaeltachta,".

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.

An bhfuil an Teachta chun leasú Uimh. 135 a bhrú?

Tairgim leasú Uimh. 135:

I leathanach 17, líne 7, “7 gcomhalta eile” a scriosadh agus “2 chomhalta eile” a chur ina ionad.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Níor tairgeadh leasú Uimh. 136.

An bhfuil an Teachta Ó Snodaigh chun leasú Uimh. 137 a bhrú?

Tairgim leasú Uimh. 137:

I leathanach 17, línte 10 agus 11 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

“(e) 4 chomhalta ar a laghad a bheidh ainmnithe mar ionadaithe do phobal labhartha na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, eagraíochtaí deonacha na Gaeilge agus soláthraithe oideachais Gaeilge agus Gaeltachta,”.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltú dó.
Níor tairgeadh leasuithe Uimh. 138 agus 139.

Ós rud é go bhfuil sé 5.30 p.m. anois, tá sé i gceist agam an cruinniú a chur ar athló go dtí an 30 Márta i Seomra na-----

Bhí mé ag féachaint ar an gclár agus ní bheidh aon choiste eile anseo ar 6 p.m. An bhfuilimid in ann leanúint ar aghaidh tar éis 6 p.m?

Ní féidir.

Tacaím leis an moladh sin.

Táimid i lámha an chléirigh mar gheall ar rialacha an Tí.

Níl aon choiste eile anseo ar a sé a chlog agus tá na coiste eile ag suí.

Tá cruinniú eile ag teacht.

An bhfuil? Ar cuireadh an cheist?

Clerk to the Committee

delete

Is cuma liom mar níl aon rud eile ar siúl agam anocht. An riail ón gCeann Comhairle sa chomhfhreagras a chuir sé timpeall chugainn ar fad mar chathaoirligh na gcoistí ná gur gá spás dhá uair a chloig a bheith idir ár gcoistí. Is é sin an fáth go bhfuil spás eatarthu. Suitear ar feadh dhá uair a chloig, ansin bíonn spás ann agus ansin is féidir suí ar feadh dhá uair a chloig arís. Ba é sin an fáth go raibh muid ag iarraidh go mbeadh an sliotán ar 12.30 p.m. againn ionas go mbeadh an dara cruinniú againn.

Tá trí choiste eile ag dul ar aghaidh ar 6.30 p.m.

Táimid i lámha an Chinn Chomhairle. Tá rialacha Covid an Tí ann.

Tá gach duine anseo. Tá spás anseo. Cén fáth nach-----

Thosaigh ár gcruinniú thart ar dheich nó 15 nóiméad dhéanach. Mar sin, b’fhéidir go bhfuil seans againn leanúint ar aghaidh ar feadh tamaill eile? Tá rudaí ag gluaiseacht anois. Tá ag éirí go maith linn agus táimid ag déanamh dul chun cinn. An bhféadaimid leanúint ar feadh na deich nóiméad sin?

Is í sin an riail nuair a bhímid go léir sa Seomra. Bímid anseo sa Seomra nuair a thosaíonn muid an cruinniú. Ní déanann muidne na rialacha. Tá siad déanta ag an gCoiste Gnó agus ag an gCeann Comhairle mar gheall ar chúrsaí Covid. Nílimid in ann é sin a athrú.

Thosaigh an cruinniú-----

Nílim ag rá go bhfuilim bréan den reachtaíocht seo, ach mar aon le gach duine eile táim ag éirí tuirseach ag déileáil leis. Ba chóir go mbeadh muid ag teacht le chéile an tseachtain tar éis seachtain na Cásca, i rith saoire na Cásca, más gá gach uile lá. Táimid tar éis iarraidh ar an gcléireach iarratas a dhéanamh más féidir dhá shliotán sa lá a fháil ionas gur féidir linn críoch a chur leis an ngnó seo roimh dheireadh na míosa, má tá na Teachtaí sásta.

Tá gach duine anseo. Tá deis againn roimh 6.30 p.m. agus beidh an spás anseo.

Ní mise a dhéanann na rialacha.

Nílimid in ann aon ní a dhéanamh anocht.

Tá sé seo go hiomlán míshásúil. Ní hé seo gnáthchruinniú den choiste. Ba chóir go mbeadh na cinntí seo déanta ag an gcoiste ag an ngnáthchruinniú. Níl i gceist anseo ach saghas bulaíochta, i ndáiríre. Táimid críochnaithe. Tá pleananna eile againn agus gan choinne tá an tAire Stáit ag iarraidh vóta a bheith againn. Níl sé sin sásúil beag nó mór. Níor chuir muid moill ar bith ar an bpróiseas seo. Táimid ann i ngach cruinniú. I ndáiríre, bhí an tAire Stáit in easnamh do chruinniú amháin agus bhí orainn é a chur ar ceal. Níl mé ag iarraidh rud pearsanta a rá, ach ní ghlacaim leis an saghas cleasaíochta seo.

Níl aon bhulaíocht ann. Ní bheidh aon phlé eile faoi anseo. Nílimid i gceannas ar na rialacha.

Ba mhaith liom rud amháin a rá. Mhol mise rún ag an gcoiste, agus glacadh leis, go dtiocfaimid ar ais díreach tar éis na Cásca chun é seo a chríochnú. Ní féidir linn leanúint ar aghaidh ag an ráta ina bhfuilimid ag dul. Nílimid fiú leathbhealach tríd an mBille agus tá dhá mhí caite againn. Ní dochar ar bith é sin mar bhí go leor rudaí le plé. Níl mise ag iarraidh an plé a dheifriú. Táim tar éis páirt iomlán a ghlacadh sa phlé. Ar an taobh eile den scéal, mar atá ráite go minic anseo, tá práinn leis an gcoiste agus tá práinn le forálacha an Bhille, agus mar sin de, a chur i bhfeidhm. Creidim go bhfuil sé de dhualgas orainn anois móriarracht a dhéanamh, an t-am a fháil thar an Cháisc le hé seo a chríochnú. Má thagann muid ar ais sa tseachtain tar éis na Cásca agus sa tseachtain dár gcionn, cibé ama a thógfaidh sé le cúpla lá a chaitheamh air lá ina dhiaidh lae, agus dhá uair a chloig a dhéanamh agus briseadh dhá uair a chloig nuair nach mbeidh aon duine ag éileamh na seomraí, beimid in ann é a chríochnú in am réasúnta. Ag an ráta ina bhfuilimid ag dul, beidh muid dhá mhí eile.

Aontaíonn gach duine le sin. Bhí sé á phlé againn díreach roimh an gcruinniú go mbeadh seans againn tar éis díreach saoire na Cásca. Tá an cléireach chun é sin a phlé leis an gCeann Comhairle. Níl aon rogha againn ach deireadh a chur leis an gcruinniú anois.

Tugadh tuairisc ar a ndearnadh; an Coiste do shuí arís.
Cuireadh an roghchoiste ar athló ar 5.36 p.m. go dtí 12.30 p.m., Dé Máirt, 30 Márta 2021.