Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 7 Sep 1938

Vol. 22 No. 1

Election of Cathaoirleach.

Cuirim an Rún seo os cóir an tSeanaid:

Go dtoghtar an Seanadóir Seán Mac Giobúin agus go dtéighe séi gceannas an tSeanaid anois mar Chathaoirleach.

Ní gá dhom mórán a rá agus mé ag cur an rúin seo os bhúr gcóir. Bhí an Seanadóir Mac Giobúin ina Chathaoirleach ar an Seanad deireannach, agus rinne sé a chuid oibre go maith agus go feiliúnach, ní nach iongnadh mar d'fhoghluim sé a cheárd nuair a bhí sé ag stiúrú Comhairle Chontae Chill Choinnigh ar feadh blianta fada. Thug sé cothrom na Féinne do gach dream agus do gach n-aon.

Gaedheal go smior iseadh Seán Mac Giobúin. Tá dlúth-bhaint aige leis an G.A.A. le fada. Bhí sé mar chara agus mar chompánach do Phádraig Mac Piarais in obair Chonnradh na Gaedhilge, agus ó shoin i leith, rinne sé cion fir i ngach gluaiseacht a bhí ar mhaithe leis an tir agus leis an teanga, agus nuair a tháinig an glaodhach chun troid ar son na hÉireann do sheas an Seanadóir Mac Giobúin i mbearna an bhaoghail go crodha agus go calma, agus rinne sé iodhbairt sláinte, iodhbairt mhaoine, agus iodhbairti nach iad chun ar dtir a chur ar bhealach a leasa.

Cúis áthais agus bróid dom, mar sin, a ainm onórach a chur os bhúr gcóir.

Cuidim leis an rún sin.

Aontuím leis an rún. Fear ciallmhar tuig-seannach iseadh Seán Mac Giobúin go bhfuil eolas aige ar a lán nithe. Tá eolas aige ar obair na cathrach so; tá eolas aige ar fheirmeoireacht, agus ar chúrsaí puiblí. Táa lán a bhíar aigne agam a rá ráite cheana ag an Seanadóir Bean UíChoncheanainn. Bhí an Seanadóir Mac Giobúin ag obair ar son na teangan sa chathair seo nuair náraibh mórán measa ar obair den tsórt san. Tá sé ag obair go dícheallach i gConnradh na Gaedhilge le 40 bliain anois. Taobh amuich dhe sin, bhí sé ag obair i gCumann na gCleas Lúth i bhfuirinn Charles Kickham. Tá a fhios againn an fás atá tagaithe ar Chonnradh na Gaedhilge agus ar Chumann na gCleas Lúth anois.

Tápostanna móra ag na Gaedhil-geoirí sa tír seo anois. Tá fíorGhaedheal againn mar Uachtarán; tá fíor-Ghaedhil againn mar Thaoiseach agus mar Thánaiste agus mar Cheann Comhairle, agus tá súil agam go mbeidh Gaedhilgeoir againn mar Cheann an Tighe seo. Is gá daoine ciallmhaire bheith sna postanna so mar tá a lán daoine ag déanamh aithrise ar an nGalldachas. Mar gheall air sin, tá áthas orm cuidiú leis an rún agus tá súil agam go nglacfar leis d'aon ghuth.

Níl a fhios agam an bhfuil cead agam ceist do chur ar an téa chuir an tairisgint seo os ár gcóir. An feidir léi a rá go bhfuil i gcumas an tSeanadóra Mac Giobúin obair an tSeanaid do rialú tré Ghaoluinn, ceisteanna do phlé agus ceisteanna d'fhreagairt tré Ghaoluinn agus an Ghaoluinn do thuigsint nuair a labhartar go nádúrtha agus go líomhtha í? Más mar sin atá an scéal, níl a thuille le rá agam ach ba mhaith liom freagra d'fháil, má tá freagra le fáil.

Ní shaoilim gur gá dhom freagra do thabhairt ar cheist mar sin.

Nílim-se chun vótáil i gcoinne na tairiseinte seo. 'Na dhiaidh sin, tar éis na taithighe a bhí againn san Seanad deireannach, is soiléir gur gá dhúinn Cathaoirleach do thogha a bheadh nea-spleách ar fad sa Ghaoluinn. An Páirtí go bhfuil furmhór na vótanna acu, deir siad féin gurab é a gceart é an chathaoir do bheith ag duine dá muintir féin. Má sé a gceart é, 'dé chúis nár fhéachadar chuige go mbeadh duine acu san Seanad go mbeadh an Ghaoluinn ar a thoil aige agus a bheadh oiriúnach i ngach slí eile chun gnó an Chathaoirligh do dhéanamh? Bhí an cúram san orra ach níor dheineadar cúram de. Ní haon mhaitheas, is dócha, bheith ag plé na ceiste anois agus nílim á thógaint ar an Seanadóir Mac Giobúin gan Gaoluinn a bheit haige, ach ní haon mhaith dhúinn bheith á leigint orainn go bhfuiltear ag tabhairt a cirt don Ghaoluinn, mar níltear.

I am not opposing this motion. I recognise that it is desirable that the election of a Chairman should be unanimous and that, if there be discussion, we should as far as possible avoid personalities. There is, however, one point which it seems to me ought to be made. On a previous occasion here in proposing a certain Senator for the Chair, I said:—

"I believe that the Chairman of this House should have a sound knowledge of the Irish language and should be able to understand fully, and at once, speeches made in that language and questions put to him in that language. He should be able adequately to deal in that language with any situations which may arise. That is surely the minimum right of an Irish speaker in the Seanad under the Constitution and even in the natural order of things. A mere nodding acquaintance with Irish does not suffice in the Chair."

In spite of what we have heard in Irish, however, the majority Party here have not seen fit to accept this principle and propose for the Chair a person competent to transact the business of the House in Irish and who would not be embarrassed by being addressed naturally and fluently in that language. I regret that decision personally, but I do not propose to argue it any further.

It was not my view on the last occasion, and it is not my view now, that an incompetent or unsuitable person should be put into the Chair here or put into any position anywhere, simply because he knows Irish. The Chairman, once elected, will have from me personally, and from any members of this House whom I can influence, the same assistance in the transaction of the business of the House which he received during the brief term of the last Seanad. I recognise that it is the duty of everybody to do whatever he can to see that our business is transacted smoothly and in a manner which will reflect credit on us all; but I do think that we ought not to use the Irish language to choose a Chairman who, in fact, as was demonstrated very fully in the last House, is not competent to transact the business adequately in that language.

I have much pleasure in supporting the candidature of Senator Gibbons. During his short term of office he filled the Chair with dignity, moderation and modesty. His sense of justice and fair play, I am sure, was evident to every member of the House. He is a fit and worthy representative of the agricultural industry, which produces 75 per cent. of the wealth of the country, and as such I have very much pleasure in supporting his candidature.

In supporting the motion I should like to dissent very much from what has been said by Senator Hayes. Senator Gibbons has much more than a nodding acquaintance with Irish. He is quite capable and competent to carry out the business of the House in Irish. He may not be an Irish scholar, or he may not be as fluent as a native speaker, but he has done much more for the language than probably many native speakers or Irish scholars. When I knew him first more than 30 years ago, he was using Irish in his business and on the playing fields of the G.A.A. He has been all his life an ardent worker in the cause of the language. Nobody has given greater service to the Irish language movement in this country than Senator Gibbons. Senator Mrs. Concannon and Senator Healy have referred to his work in the Gaelic League and in the G.A.A. We all know, and we have it on the authority of Uachtarán na h-Éireann, that the G.A.A. made the Gaelic League possible. I claim for Senator Gibbons that he is just as competent as anybody we could select to do the work we want him to do as Chairman of this Seanad and is absolutely competent to carry out the business of the Seanad in Irish.

Question put and agreed to.
Senators rose in their places and remained standing while the Cathaoirleach proceeded to the Dais.
Standing beside the Chair, the Cathaoirleach addressed the House as follows:—
A Chó-Sheanadóirí, táim fíor-bhuideach díbh mar gheall ar mé thogha den dara huair in aon bhliain amhain mar Chathaoirleach ar an Seanad.
Is mór an onóir dom é, agus déanfa mé mo dhícheall ar cothrom na féinne thabhairt do gach dream annso. Agus tá súil agam go mbeidh bhúr gcabhair le fáil agam chun mo chuid ghnótha chur chun cinn.
Go neartuigh Dia sinn go léir chun an méid sin do chur i grích.
I greatly appreciate the honour of having been re-elected Chairman of the Seanad and, with the co-operation of all the members, I shall endeavour to prove worthy of the confidence and trust that you have reposed in me.
Barr
Roinn