Vocational Education (Amendment) Bill, 1946—Second Stage.

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Sul a dtráchta mé ar chuspóir choiteann an Bhille seo, ní miste, dar liom, gearr-chuntas a thabhairt uaim ar oibriú an Achta Ghairm-Oideachais, 1930—an tAcht a bhunaigh an córas Gairm-Oideachais atá i bhfeidhm againn fá láthair.

Chun go dtuigfear an t-atharú a tháinig de bharr an Achta sin, is riachtanach gearr-bhreithniú a dhéanamh ar an staid ina raibh an Gairm-Oideachas sa tír seo roimh 1930. Tá cur-síos déanta ar an staid sin i dTuarascáil an Choimisiúin Ceard-Oideachais, 1927.

San am úd, ní raibh aon Cheard-Scoil bhuan ag feidhmiú faoi aon Chontae-Scéim i gCo. an Chláir, i Liathdruim, i Luimneach, i Ros Comáin, i Sligeach, i dTiobraid Árann (Theas) ná i gCill Mhantáin. Lasmuigh de na contaethe sin, bhí 65 Ceard-Scoileanna — 22 sna Contae-bhuirg agus sna Baile-Cheantair, agus 43 faoi Scéimeanna bhí dhá stiúradh ag Coistí Contae. Bhí tuairim is leath na Scol sin i dtithe bhí oiriúnach, agus ní raibh ag an gcuid eile ach tithe a bhíodh, roimhe sin, ina n-ospaidéil, nó ina bpríosúin, nó ina séipéil, nó ina dtithe comhnaithe, agus dá réir sin. I ranganna tráthnóna a ghníthí an phríomh-obair, agus bhíodh freastal na rang sin ag brath ar mhian phearsanta na n-oibrí óg, óir ní raibh sé éigeantach.

I dTuarascáil 1927, tá achomaireacht déanta ar na saghsanna de thréineáil. teicniciúil a bhí curtha ar fáil d'aos óg na tíre san am sin, agus is í seo an achomaireacht:—"(a) Teagasc láuaimsire roimh fhostú; (b) ranganna tráthnóna i gceard-scoileanna; (c) ranganna i gceantair tuaithe."

Maidir leis an roinn tionnscalach de shaghas (a), bíonn an cúrsa críochnaithe, gach bliain, ag tuairim is 200 de na 500 dalta a bhíos ag freastal ar na deich scoileanna oiliúna, agus bíonn sé críochnaithe ag 50 buachaill agus ag 50 cailín ó scoil na bprintíseach agus ó ranganna na bprintíseach i mBaile Átha Cliath. Maidir leis an roinn tráchtála de shaghas (a), bíonn an cúrsa críochnaithe, gach bliain, ag tuairim is 1,200 de na 2,000 a bhíos ag freastal ar 40 láithreán. Einne a bhfuil suim aige i gCeard-Oideachas, ni féidir leis a bheith sásta leis na figiúirí sin a bhaineas leis an roinn tionnscalach. Idir Scoileanna Gairm-Oideachais agus Scoileanna atá leath-ghairm-oideachasach, ní hullmhaítear go bliantúil ach ó 250 go 300 den aos óg le haghaidh a bhfostuithe i dtionnscail—uimhir atá fíor-bheag do thír ina bhfuil 3,000,000 duine.

Maidir le saghas (b), tá tuairim is 22,000 ag freastal ar ranganna tráthnóna. Cúrsaí cheithre mblian a leagtar amach dóibh sin, ach bíonn mórán dalta gan teacht ar ais an dara bliain, agus ní fhanann ach fíorbheagán i bhfreastal go dtí an triú bliain nó an ceathrú bliain. Mórán den teagasc a níthear, ní teagasc teicniciúil é. Sna cúrsaí tionscnaimh go háirithe, bíonn bun-oideachas ag teastáil, agus laghdaíonn an riachtanas sin éifeacht na hoibre tríd is tríd. Níl an dlúthbhaint chóir idir na ceard-scoileanna agus an tionscal agus níl siad ag coimhlíonadh a bpríomh-chuspóra, eadhon, tréineáil speisialta a thabhairt dóibh siúd atá fostaithe cheana.

Maidir le saghas (c), bíonn 10,000 dalta ag freastal ranganna i gceantair tuaithe, ach tá mórán de na ranganna sin nach maireann a gcúrsaí ach sé nó ocht seachtainí—rud is ionann agus 60 nó 80 d'uaireanna teagaisc. Is mór an locht ar na cúrsaí sin iad a bheith roghairid agus ro-chumhang agus gan aon bhaint a bheith ag cuid acu le príomh-thionscal na tíre, an Talmhaíocht. Tríd is tríd, is éard a meastar go bhfuil sochar áirithe do lucht na bhfeirm sa teagasc a tugtar faoi scéimeanna tuaithe; ach, dá ainneoin sin, nár tugadh aghaidh mar ba cheart, fós, ar cheist an oideachais leanúnaigh agus an cheard-oideachais.

Is é sin an chaoi a raibh an scéal sul ar ritheadh an tAcht Gairm-Oideachais, 1930. Is é an tAcht sin an chéad iarracht a rinneadh do sholáthar don tír seo córais ghairm-oideachais a d'oirfeadh dá riachtanais speisialta féin, do réir mar moladh i dtuarascáil aon-ghuthach an Choimisiúin um Cheard-Oideachais, i mbliain 1927. Na Coistí Gairm-Oideachais a ndearnadh soláthar lena n-aghaidh san Acht, tháinig siad i bhfeidhm i bhFóghmhar 1930, ach d'fhan an córas oideachais gan atharú go dtí Seisiún 1931-32. Mar sin de, is le cúig cinn déag de sheisiúin iomlána atá an córas ba chuspóir don Acht i bhfeidhm. Ar feadh na naoi seisiún tosaigh—go dtí deireadh Lúnasa, 1940—chuaigh an obair chun cinn gan aon chur-isteach neamhghnáthach. Ach, maidir leis na trí seisiúin tosaigh, féadfaí a rá gur beag nár sheisiúin trialacha iad, agus nach raibh i bhfeidhm lena linn ach cúrsaí áirithe a bhí curtha ar bun dá dtriail ag na Coistí Gairm-Oídeachais, faoi stiúradh agus faoi threoir na Roinne. Ar feadh na dtrí seisiún tar a n-éis sin (1934-37) rinneadh comhdhlúthú i gcoitinne ar fhormhór na scéimeanna ar éirigh leo, agus leanadh de na trialacha sna ceantair tuaithe go mór-mhór.

Sna trí seisiúin deiridh (1937-40) bhí forás buan i ngach ceantar, ach bhí aire faoi leith dhá tabhairt do ghairm-oideachais na gceantar tuaithe. Is é seisiún na hEigeandála (1940-46) tháinig siad-san ansin, agus b'é príomh iarracht na tréimhse sin an obair a choinneáil ar cois chomh hiomlán agus bhí sí roimh sin. An riachtanas a bhí le spáráil airgid agus na deacrachta eile a bhain leis an Eigeandáil, ní hé amháin gur choisc siad forás na scéimeanna, ach chuir siad isteach, a bheag nó a mhór, ar obair gach scoile agus gach ranga dá raibh ann, agus ní mór cuimhniú go maith ar an taobh sin den scéal nuair a beifear ag meas an dul-chun-cinn atá déanta ó ritheadh an tAcht Gairm-Oideachais, 1930.

Foirgnimh Scol: Tháimig atharú mór de bharr Acht Gairm-Oideachais 1930; ach níl aon ghné den atharú sin chomh so-fheicseanach leis na scoil-tithe oiriúnacha fá n-a ndeagh-chóir a cuireadh ar fáil in ionaid chomhgaracha ar fud na tíre. Má cuirtear na ceithre Contae-Bhuirgí agus Buirg Dhún Laoghaire san áireamh, tá 187 scoil den tsaghas sin ann fá láthair, agus is foirgnimh nua ar fad 115 díobh sin agus 13 díomh is sean-fhoirgnimh iad ar cuireadh páirteanna móra nua leo.

Céad agus sé cinn de na foirgnimh lán-nua sin agus sé cinn de na foirgnimh a fairsingíodh, tá siad i gceantair na gCoistí Contae. Tá sé de dheagh-thoradh ar sholáthar na bhfoirgneamh sin go bhfuil fáil anois ag roinnt mhór de na daoine ar oideachas leanúnach a cuireadh in oiriúint do gach riachtanas dá mbaineann leis an gceanntar ina bhfuil comhnaí orthu. Faoi na forála airgeadais atá sa mBille seo, táthar ag brath tuirim is 100 eíle scol-fhoirgneamh a dhéanamh, agus nuair a bheas siad san curtha ar fáil, is beag nach mbeidh gairm-oideachais i bhfoigseacht chúig míle do gach duine dá bhfuil sa tír.

Cúrsaí Lae: Nuair a tháinig Seisiún 1935-36, bhí na saghsanna seo a leanas de chúrsaí lae dhá n-oibriú go coitianta:—(a) Cúrsa Coiteann Oiliúnach (Buachaillí agus Cailíní); (b) Ceard-Chúrsa Sóisearach (Buachaillí); (c) Cúrsa Sóisearach i dTíos (Cailíní); (d) Cúrsa Sóisearach i dTráchtáil (Buachaillí agus Cailíní); (e) Cúrsa Sóisearach Tuaithe (Buachaillí). Na ceithre cúrsaí tosaigh, nó cuid díobh, bhí siad i bhfeidhm sna Contae-Bhuirgí agus sna Baile-Cheanntair mhóra. Sna ceanntair tuaithe, ní raibh bunaithe ach Cúrsaí Sóisearacha i dTíos do Chailíni agus Cúrsaí Sóisearacha Tuaithe do Bhuachaillí.

Furmhór na scol ina bhfuil na cúrsaí seo i bhfeidhm, tá siad ina láithreáin áitiúla oideachais do pháistí a mbíonn an bhun-scoil fághta acu agus iad os cionn 14 mblian d'aois. Níthear freastal maith ar scoileanna na mbaile-cheanntar mór. Tá obair fhónta oideasach dhá déanamh ag na scoileanna sin, agus cuireann siad tréineáil luachmhar ar fáil don aos óg a bhíos ag súil le fostú ar ball.

Tá sé ag teacht ina nós sna ceantair seo go dtéann páistí cheithre mblian déag chun na Gairm-Scoile sul a dtosnaíonn siad ag obair sa mbaile nó lasmuigh den bhaile, agus fágann sin go bhfuil cuid de na scoileanna chomh líonta, cheana, agus is féidir dóibh bheith. Go páirteach, tá an nós sin ag fás toisc na tuismitheoir a bheith ag tuigsint, do réir a chéile, cad is fiú an t-oideachas seo; ach, go mór-mhór, tá sé ag fás toisc go bhfuil méadú buan ag teacht ar an líon fostaitheoir a bhíos ag iarraidh oibrithe d'fháil ó na scoileanna gairm-oideachais. Is fíor, áfach, gur deacair freastal iomlán d'fháil i gcuid de na scoileanna tuaithe. Caitear cuid de na páistí a ligean dá bhfostú toisc a dtuarastal a bheith ag teastáil go géar ó na teaghlaigh ar díobh iad; agus caitear cuid eile a chur ag obair sa mbaile, i séasúir áirithe, toisc nach mbíonn cúnamh eile le fáil in obair na bhfeirm.

Ach, dá ainneoin sin, is deimhin go mbeadh an freastal i bhfad ní ba bhuaine, dá dtuigeadh na daoine a riachtanaí atá sé a thuilleadh oideachais a thabhairt don aos óg sul a gcuirtear ag saothrú a mbeatha iad sa mbaile, nó as an mbaile. Is áthas liom, áfach, a bheith i ndon a rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal le dó nó trí de bhlianta.

Haithníodh, do réir a chéile, ar an obair gurb iad na Cúrsaí Leanúnacha lán-aimsire ab fhearr toradh, agus, i Meitheamh, 1942, chuir an Roinn amach Meamram V. 40, ina bhfuil cur-síos ar na cuspóirí agus ar na modha oibre is cóir a bheith ag Oideachas Leanúnach.

Scoileanna Tuaithe: Sna buirgí agus ina lán de na baile-cheantair mhóra, bhí scoileanna tar éis a bheith ag obair ar feadh roinnt bhlian, agus bhí cúrsaí lae acu a bhí cosúil leis na cúrsaí lae atá ann fá láthair, ach go raibh siad ar scála i bhfad ní ba lú. Chuir Acht 1930 i gcumas na scol sin cuid mhaith fair-singe agus feabhsuithe a dhéanamh ar na háiseanna bhí acu cheana, agus tharla, dá bharr san, gurb iad na baile-cheanntair is tréine a bhí ag éileamh cúnta ar na Coistí Contae sna chéad bhlianta a bhí an tAcht i bhfeidhm. San am chéanna, ní dearnadh ach fíorbheagán chun áiseanna Gairm-Oideachais a chur ar fáil sna ceantair tuaithe. Tar éis bhliain a 1935 a tosnaíodh i gceart ar thithe scoile a dhéanamh agus ar chúrsaí leanúnacha lán-aimsire d'éagrú sna ceantair sin. Ar dtús, níor cuireadh mórán dalta chun na scol seo, óir ní ró-thapaidh tháinig léargas chun muinntir na tuaithe ar an sochar d'fhéadfadh a gclann a bhaint as na cúrsaí nua.

Do réir a chéile, áfach, bhítheas ag aithneachtáil an tsochair sin ar dheaobair na scol, agus féadfaí a rá, i Seisiún a 1939-40, go raibh an Ghairm-Scoile Tuaithe tar éis ionad buan di féin a bhaint amach i gcóras Ghairm-Oideachas na tíre.

Tá 98 den tsaghas sin scoile ann fá láthair, agus tá garradhanta lena n-ais ag 90 díobh sin. Caitear níos mó ná leath an scol-ama le hábhair a bhfuil dlúth-bhaint acu le hobair ar an talamh agus i dtithe na tuaithe.

I dteannta na n-ábhar coitoanta, tugtar teagasc do na buachaillí ar Eolaíocht Tuaithe, ar Obair Adhmaid, ar Líníocht agus ar Mhatamaitic Cheardúil, agus tugtar teagasc do na cailíní ar Chócaireacht, ar Obair Snáthaide, ar Níochán, ar Bhainisteoireacht Tí agus ar Eolaíocht Tís.

Sa gcúrsa ar Eolaíocht Tuaithe, féachtar do gach ceann de na prionsabail is mó tábhacht sa bhFeirmeoireacht; sa gcúrsa ar Eolaíocht Tís tugtar aire do gach bun-eolas a theastódh ó chailín chun an tuigsint cheart a bheith aici ar obair mná ina teach féin.

Ní foláir, áfach, a rá nach féidir breithiúnas fíor a dhéanamh ar oibriú an Ghairm-Oideachais sa tuaith, agus gan féachaint ach ar aon scoil amháin díobh siúd. Ní hionann agus brainsí eile oideachais, is riachtanach a thuigsint, sa gcás so, nach í an scoil atá ina haonad ach an ceanntar maguairt ar feadh sé ná seacht de mhílte; agus is riachtanach a thuigsint gur le haghaidh na ndaoine go léir atá an scoil ann agus nach amháin le haghaidh an aosa óig a bhíos tar éis an bhun-scoil d'fhágaint.

Go coitianta, bíonn ceithre múinteoirí lán-aimsire ann—múinteoir in Obair Láimhe, múinteoir i dTíos, múinteóir a theagascas Gaeilgé maraon le hábhair eile, agus múinteoir a bhfuil céim aige in Eolaíocht Talmhaíochta agus a bhíos, de ghnáth, i gceannas na scoile. Bíonn an ceathrar páirteach in obair na Lá-Scoile agus, ina theannta san, bíonn ranganna tráthnóna acu sa scoil féin agus i láithreáin eile sa scoilcheantar. Sa gcaoi sin, tugtar riar d'ocht láithreáin fá seach, agus tugtar Gairm-Oideachas i gcomhghar daoine fásta atá ina gcomhnaí ro-fhada ón lár-scoil chun dul chun na ranganna a bhíos ansin.

Chun treoir a thabhairt do mhúinteoirí Eolaíochta Tuaithe, chuir an Roinn amach Meamram, i mbliain a 1944. Cuireadh sa Meamram san an t-eolas a bhí faighte, cheana, de thoradh na hoibre agus, ina theannta san, bhí treoracha agus cláir oibre ann maidir le cúrsaí na chéad bhliana agus an dara bliain, agus maidir leis an gcaoi cheart chun scol-gharrdha a leagan amach.

Na ranganna tráthnóna in Eolaíocht Talmhaíochta a cuireadh ar bun sna blianta seo caite, tá sé cruthaíthe acu gur mhaith abfhiú iad a thionnscnamh sna Gairm-Scoileanna Tuaithe.

Tagann feirmeoirí agus a gcuid oibrí chun na gcoimhthionól so, agus níthear caint agus díospóireachta ar phríomhphrionsabail na heolaíochta a bhaineas le feirmeoireacht. Saghas fónta oideachais do dhaoine fásta is ea é seo, agus féadfaí a úsáid ar shlite a rachadh chun sochair do gach dream de mhuintir na tuaithe.

Ceard-Oideachas: I gcóras an Cheard-Oideachais, freisin, rinneadh atharuithe chomh fónta leis na nithe atá luaite agam. Tar éis 1930, thosnaigh na Coistí Gairm-Oideachais ar shaothar na scol a thabhairt ní ba dlúithe in oiriúint do riachtanais thionnscalacha a gceantar, agus thosnaigh siad ag fairsingiú an teagaisc a tugtar do lucht ceard agus do lucht obair speisealta i monarchain. Chuir na Ceard-Scoileanna chun ranganna speisealta a chur ar fáil a thabharfadh tréineáil d'oibrithe a bhí fostaithe, nó a bhféadfaí a bhfostú, san iomad tionnscal nua a bunaíodh sa tír seo le blianta gairide anuas. Tháinig a leithéidí sin de ranganna le chéile sna Gairm-Scoileanna nó sna monarchain féin. Imeasc na gceard agus na dtionnscal a bhfuil na ranganna ag dul chun sochair dóibh tá Déantóireacht Aliminium, Déantóireacht Bróg, Déantóireacht Cnaipí, Criadóireacht, Obair Bhiatais, Súdaireacht, Déantóireacht Miotal-Shreang, agus Tionnscail na hOlla. De bharr na rang san tháinig feabhas ar lámh-thoradh na n-oibrí a bhí oilte cheana féin agus, ina theannta sin, is iomdha monarcha bhí i ndon tosnú go luath ar tháirgeadh, toisc a cuid oibrí a bheith tréineáilte roimh ré ag na Coistí Gairm-Oideachais.

Maraon leis na scéimeanna sealadacha so, cuireadh ar bun scéimeanna eile chun tréineáil bhliantúil a thabhairt d'oibríthe nó do phrintísigh. Furmhór na scéim seo, tá siad i bhfeidhm sna Scoileanna Gairm-Oideachais atá faoi stiúradh ag Coiste Gairm-Oideachais Chathair Bhaile Átha Cliath, agus baineann siad lena leithéidí seo de chearda—Déantóireacht Bróg, Saoirseacht Brící, Obair Adhmaid agus Siúinéireacht, Cócaireacht Tithe Ósta, Oibriú Gléas Cinema, Trealmhaireacht Leictreach, Péinteáil agus Maisiú, Dóibóireacht, Obair Luaidhe, Clódóireacht, Táilliúireacht agus Déantóireacht Uaireadóir. Scéimeanna an-suimiúla is ea an scéim chun tréineáil a thabhairt do phrintísigh i Monarchain Bhiatais, an scéim do phrintísigh an Bhord Soláthair Leictreachais agus an scéim a ceapadh le gairid do phrintísigh Chumann na Mótor-Thrádalaithe Éireannach. Is den ghrúpa seo, freisin, Meicneoirí an Aer-Fhórsa, agus toghtar triocha díobh sin, gach bliain, as buachaillí a chríochnuigh dhá bhliain de Cheard-Chúrsa Sóisearach sna Scoileanna Gairm-Oideachais. Maidir le printísigh Chóras Iompair Éireann, tá scéim leathan tréineála dhá tabhairt chun foirfeachta ag Roinn na bhFoireann den Chóras agus ag na húdaráis scol i gcomhar le chéile. Nuair a bheas an scéim seo dhá hoibriú ina hiomláine, béidh suas le 500 printíseach faoi n-a réir i gCathair Bhaile Átha Cliath féin. Táthar tar éis buan-scéimeanna a leagan amach chun tréineáil a thabhairt do phrintísigh le Déantóireacht Troscáin, le Gruaig-dheisiú, agus le Péinteáil agus Maisiú, i gCathair Bhaile Átha Cliath, agus tá na scéimeanna seo faoi rialacháin na gCoiste a bunaíodh faoi Acht Printíseachta 1931.

Do réir mar chuaigh an cheardtréineáil i bhfeabhas, d'éirigh sé riachtanach caighdeáin áirithe cháilíochta a cheapadh mar mhaithe leis na fostoírí agus leis na hoibríthe in éineacht; agus, ar an ábhar san, chuir an Roinn ar bun córas nua scrúdúchán i gcóir teastas, i mbliain a 1936. Tá na teastais seo roinnte ina ndá shaghas— teastais cheardaíochta agus teastais tráchtála—agus tá a n-iarrthóirí ag dul go buan a líonmhaireacht ó rinneadh an córas nua scrúdúchán a thionnscnamh.

Tréineáil Múinteoir. O thaínig an méadú mór ar áiseanna gairm-oideachais de thoradh Achta 1930, ba riachtanach foirne líonmhar múinteoir a thréineáil, agus is ba mhian leis an Roinn go mbeadh na múinteoirí sin chomh dea-cháilithe agus b'fhéidir. Fuarthas roinnt áirithe ó na hIolscoileanna, ach is í an Roinn féin a thréineáil a bhfurmhór mór, agus rinneadh sin trí ghearr-chúrsaí de dhian-tréineáil nó trí chúrsaí eile a mhair dó nó trí de bhlianta.

Sa tréimhse 1930-45, cuireadh 500 le líon na múinteoir lán-aimsire—tuairim is 250 do Thíos, tuairim is 100 d'obair adhmaid, tuairim is 100 d'Eolaíocht Tuaithe agus tuairim is 50 d'Obair Mhiotail. Ba riachtanach líon na Múinteoirí Tís a bheith mór, toisc go gcaitheann ban-mhúinteoirí éirí as an obair nuair a phósas siad. I Seisiún 1932-33 bhí 649 de na múinteoirí lánaimsire fostaithe; i Seisiún 1944-45 bhí 988 díobh ann. Ina theannta san, bhí 766 múinteoirí páirt-aimsire ag obair. Gach bliain, bíonn ath-chúrsaí áirithe ann faoi stiúradh na Roinne, chun go mbeidh caoi ag na múinteóirí a bheith ar chomh-chéim le dul-chun-cinn na n-ábhar a bhíos dá dteagasc aca.

An Ghaeilge: O thosach na hoibre anuas, níor ligeadh faillí in aithbheochaint na Gaeilge ná i nGaelú na Scol i gcoitinne. I gcompráid le scoileanna na mBrainsí eile oideachais, chaitheadh an obair a bheith pas mall sna scoileanna seo toisc easba ceard-mhúinteoir a bhí cáilithe chun teagasc trí Ghaeilge. Mar sin de, tosnaíodh go luath ar chúrsaí samhraidh i nGaeilge d'eagrú do ghairm-mhúinteoirí agus, i mbliain a 1932, tionnscnadh an scrúdúchan le haghaidh an Cheard-Teastais Ghaeilge. Faoi na Scéimeanna Gairm-Oideachais, is é sin an cháilíocht a chaitheadh a bheith ag múinteoirí abhar eile seachas an Ghaeilge, agus is riachtanach anois é a bheith ag na gairm-mhúinteoirí lánaimsire go léir, beagnach.

Maidir le teagasc na Gaeilge féin, níor mheas an Roinn go raibh dul-chun-cinn sáthach maith dhá dhéanamh sna Scéimeanna Gairm-Oideachais, agus tionnscnadh cúrsaí speisealta chun múinteoirí a thréineáil sna modha teagaisc is fearr, agus chun a dtréineáil i saghasanna eile oibre a measadh bheith riachtanach chun labhairt na teangan a chur ar aghaidh mar ba cheart. Ar fud na tíre fá láthair, tá na múinteoirí seo ag cur spioraid nua sna ranganna Gaeilge. Gach bliain, tugtar scoláireachtaí do 600 dalta, nó mar sin, chun a chur ina gcumas a bheith ag freastal, ar feadh míosa, ar Chúrsaí speisealta sa nGaeltacht.

Airgeadas an Gairm-Oideachais: Is é is príomh-chuspóir do Bhille seo oiread de bhreis-chístí a sholáthar do Choistí Gairm-Oideachais agus a chuirfeas ina gcumas coimhlíonadh a dhéanamh ar na feidhmeanna atá leagtha amach do gach Coiste in Acht 1930, viz:—

"(A) córas oiriúnach d'oideachas leanúnach a bhunú agus a bhuanú do réir an Achta ina gceantar féin, agus soláthar a dhéanamh chun a leithéid sin de chóras a thabhairt i bhforás, diaidh ar ndiaidh;

(B) soláthar, nó soláthar-i-gcabhair, a dhéanamh ina gceantar féin, do réir Acht an Ghairm-Oideachais."

Mar sin de, ba mhaith liom anois achoimre a thabhairt de na forála airgeadais atá in Acht 1930. Do réir an Achta sin, d'fhéadfadh Coistí Gairm-Oideachais suas go dtí 6p. sa £1 de shintiúis d'fháil as na rátaí áitiúla sna ceithre Contae-Bhuirgí agus sna seacht mBaile-Cheantair atá sceidealta san Acht, agus féadfaí suas go dtí 4p. sa £1 d'fháil i gcás na gCoistí Contae. Bhí deontais ón Stát iníoctha, freisin, agus socraíodh ar ball gurbh é a bheadh iontu sin ná (1) bundeontas a rialófaí do réir an mhéid Stát-Chúnta a bhí dhá fháil ag an gCoiste roimh 1930, agus (2) breis-deontas a bheadh do réir an mhéid ráta a fuarthas de bhreis ar minimum áirithe. (3p. an minimum ba ghnáthach a bheith sna cathracha agus sna mór-bailte, agus 1¾p. sna Contaethe.) £1 os comhair gach £1 de ráta áitiúil is ea an breis-deontas sna Contaethe agus i gCathair Bhaile Cliath; £4 os comhair an £1 atá sna baile-cheantair sceidealta, agus £2 os comhair an £1 i nDún Laoghaire. Níor bhfhéidir, áfach, an síntiús áitiúil a mhéadú ach do réir ¼p. gach bliain agus, ar an ábhar sin, ní raibh an 4p. de shíntíús le fáil ag na Coistí Contae go dtí an bhliain airgeadais ar thús di an lú Aibreán, 1940; agus ní raibh an 6p. de shíntiús áitiúil le fáil sna cathracha agus sna mór-bhailte go dtí an bhliain airgeadais ar thús dí an lú Aibreán, 1942.

Ní raibh na maxima sroichte ach i gceithre contaethe agus i gceithre baile-cheantair ar na dátaí atá luaite agam.

I mbliain a 1944, bhí Bille (Leasúcháin) Gairm-Oideachais againn, agus baineadh feidhm as chun 1p. sa £1 de bhreis ráta d'fháil do na Coistí a raibh an maximum sroichte acu agus ar theastaigh níos mó uathu mar gheall ar an méadú caiteachais a tharla ann de bharr na hEigeandála—go háirithe sa méid a bhain leis an mBónas Costas Maireachtana agus leis an mBónas Eigeandála.

Fá láthair, tá na maxima sroichte ag 12 de na 27 gCoisti Contae agus ag 5 den 11 Choiste Baile-Cheantair; agus, lasmuigh de Chathair Bhaile Átha Cliath, is beag nach bhfuil deireadh foráis curtha i gcrich ag na Baile-Cheantair, do réir an scála atá anois ann. Ach tá a lán le déanamh sna Contaetha, beagnach go léir, sula bhféadtar a rá go bhfuil áiseanna Gairm-Oideachais curtha ar fáil do thromlach mhór na ndaoine. Mar adúirt mé cheana, tá tuairim is céad scol-fhoirgneamh nua le déanamh go fóill. Ní bheidh ina bhfurmhór san ach ó 2 go dtí 4 seomraí agus bhéaraidh siad Gairm-Oideachas isteach i gceantair nach raibh a leithéid iontu cheana, cé is moite de ghearr-chúrsaí anois agus arís. Deacrachta aimsir an chogaidh, níor lig siad don Ghairm-Oideachas dul ar aghaidh i mBaile Átha Cliath sa chaoi ina mbeadh sé ar chomh-chéim le mear-fhás na cathrach ó thaobh achair agus ó thaobh deonra; agus caifear, ar a laghad, cúig nó sé cinn nua de scoileanna réigiúnacha a dhéanamh in aghaidh an éilimh atá ar chúrsaí deontacht Gairm-Oideachais ar fud na cathrach.

Pé scéal é, tá dian-aire dhá tabhairt do na riachtanais seo ag Coiste Gairm-Oideachais na Cathrach, agus táthar ag ullmhú chun na háiseanna atá ag teastáil a sholáthar chomh luath agus bheas fáil ar ábhair foirgneamh agus ar threalamh scol.

Tá tuille airgid ag teastáil anois; meastar go mbeidh 2d. sa bpunt sa mbreis ag teastáil agus tá beartaithe in alt a dó den Bhille seo gan ach ½d. sa bpunt de mhéadú a leagan in aghaidh na bliana agus go dtosnófar sa mbliain 1947-48.

Is céard atá beartaithe in alt a trí ná bearna a bhí i seirbhís inphinsin oide de chuid Choiste Chathair Luimnigh a dhúnadh. Idir 1919 agus 1923 a tharla an bhearna sin agus seo mar a thárla: Le linn réim an tSasanaigh do shocraigh an Coiste a bhí ann san am— Coiste Ceard-Oideachais Luimnigh— nach mbeadh aon bhaint acu feasta leis an Department of Agriculture and Technical Instruction, ach go bhfeidhmeodh siad fá Dháil Éireann. Cuireadh an socrú sin i bhfeidhm agus lean siad orthu ag obair go ceann bliana nó mar sin agus níor tosnaíodh arís go dtí 1923. Lean an t-oide atá i gceist ag obair fán gCoiste le linn dóibh a bheith ag feidhmiú fán Dáil agus fostaíodh arís é nuair a thosaigh an Coiste arís.

An rud atá beartaithe in alt a ceathair freisin is de dheascaibh an tsocruithe a rinne Coisde Luimnigh— feidhmiú fá scáth na Dála sa mbliain 1919—a tharla sé. Do dhiúltaigh an chuid is mó den fhoirinn leanach i seirbhís an Choiste tar éis an athruithe seo agus do tugadh uas-phinsin nó uas-aiscí dóibh fá Alt 8 den Local Government Act, 1919. (Rinneadh socrú fán Acht Cúitimh Oifigeacha Aitiúla (Tréimhse Chogaidh), 1924, i gcóir na n-íocaíocht sin as Cistí an Stáit). D'éirigh leis an gCoiste oidí eile d'fháil le leanacht den obair fá scáth na Dála agus ar na hoidí sin bhí oide Adhmadóireachta a thug suas a cheart chun pinsin a fháil fá Acht 1919 i ngeall ar gur éirigh sé as an bpost a bhí aige fá Choiste Cheard-Oideachais eile (.i. Coiste Chontae Mhuigheo). Nuair a cuireadh deire le feidhmiú an Choisde ní raibh post ar bith ag an oifigeach seo ar feadh scathaimh. Sa mbliain 1921 fuair sé post fá Choiste Ceárd-Oideachais na Midhe. An bhliain ina dhiaidh sin fuar sé post fá Bhord na nOibreacha Poiblí agus rinneadh post seasta dhe sin sa mbliain 1925. Tá sé ar tí dul ar pinsin anois agus ó tharla nach féidir an tseirbhís a thug sé fá údarás áitiúil a chur san áireamh i gcóir pinsin sa Stát-Sheirbhíse—seirbhís nach dteánn thar 20 bliain—ceaptar go bhfuil sé tuillte aige go gcuirfí an méid pinsin a bheadh ag dul dó as a sheirbhís fá údaráis áitiúla san áireamh freisin. £68 an tsuim atá leagtha amach san alt agus tá sin bunaithe ar sheirbhís thrí mblian déag. Do híocfaí leath na suime seo arais leis an íocóir as Cistí an Stáit agus d'íocfadh na húdaráis sin a raibh sé mar oide acu síntiúis freisin.

Is éard atá beartaithe in alt a cúig ná réiteach a dhéanamh ar aimhris a tharla fá fhorála Alt 6, 7 agus 8 den Acht Ghairm-Oideachais (Leasú), 1944, maidir leis an mbaint atá ag na forála sin le hoifigigh de chuid na Sean-Choistí ceard-oideachais a haistríodh chuig na Coistí Gairm-Oideachais fá Alt 99 d'Acht 1930.

Do rinne Alt 67 den Acht Rialtais Áitiúla, 1946, leasú ar an dlí a bhain le costais taistil a íoc le baill chomhairlí contae agus rinneadh socrú freisin maidir le liúntais chothuithe a íoc leis na baill sin. Tá beartaithe in alt a sé den Bhille seo cumhacht a thabhairt do Choistí Gairm-Oideachais chun a chur ar a gcumas an rud céanna a dhéanamh i gcás a gcuid ball agus san am chéadna forála an Achta Ghairm-Oideachais (Leasú), 1943, a chur isteach leis. Is in Acht 1943 atá an dlí a bhaineas leis na cúrsaí sin fá láthair agus tá beartaithe an dlí sin a athghairm.

I láthair na huaire, má bhíonn cúig mhíle nó níos mó idir áit chomhnaithe bhaill de Choiste agus áit an chruinnithe—bíonn an ball sin i dteideal a chostas a fháil ar an aon-choinníoll go bhfuil an méid a héilítear réasúnta. Is é an socrú atá beartaithe ina áit sin go n-íocfar ráta seasta go réir an mhíle (fo-alt (3) den Alt seo). Ina theannta sin, tá socrú á dhéanamh i bhfo-alt (4) le go bhféadfar liúntas a íoc le ball a chomhnaíos níos sia ná trí mhíle ó áit an chruinnithe agus a mbeidh air, i ngeall ar bheith i láthair ag an gcruinniú, fanacht níos fuide ná trí huaire a chloig as baile. Do híocfaí an liúntas do réir rialacha a dhéanfadh an tAire.

I have often thought of suggesting that we are getting into a wrong practice with regard to the Second Reading of Bills. A practice has grown up of reading very informative and interesting statements and of explaining on the Second Stage of a Bill everything that is in each section. I think that it would be much better if, for example, this evening, the Minister were to tell us, either in Irish or English, what he thinks has been accomplished for vocational education under the Act of 1930 and subsequent amendments and what his doubts are, because, as an intelligent man, he must have doubts about certain things in any scheme, instead of treating us to this cold, detailed account of the whole business. There is also growing up another practice under which the Irish language is used more about education than any other subject. It seems to me that the very reverse should be the case. In education, we are endeavouring to do something extremely difficult and we should explain it to the parents of the children who do not understand the Irish language. For myself, I think I use Irish, in the ordinary way, as much as any member of the House every day of my life, but, with your permission, A Chathaoirligh, I shall deal with this Bill in English, though there is one part of my case for which Irish would be peculiarly suitable.

We could have an interesting discussion on Second Stage—we are free to discuss on that stage vocational education generally—on the question of vocational or technical education. As the Minister recognises, we should make absolutely certain that vocational education is vocational, that it deals with the crafts of the cities and towns and the crafts and mode of life of the country, and that it does not bring to country pupils what is called a white-collar bias. I recognise that a very distinct effort has been made to avoid that danger. Vocational education should be so arranged that it could be availed of by adults, that it would excite in adults an interest in and desire for more education, because any educational system which does not send the pupils out at the end of the educational course of childhood with a desire to learn more has been a failure. Our vocational scheme —whatever we call it—should make as much effort as it can to cope with adults who want to get more education.

The other condition which, as a teacher in technical schools a long time ago, I saw myself and about which I hear a great deal at present, is that pupils who attend vocational schools should have a sufficiently sound general education to benefit by the specialised education they get in these schools. If I am to believe what I hear, from experienced and very highly skilled teachers, that is very often not the case, particularly in the City of Dublin. Perhaps at this moment there may be special circumstances connected with the recent teachers' strike, but very often the pupils who present themselves, particularly when there has been a gap between the time they leave school and the time they enter the vocational school, are not sufficiently skilled either in Irish or English to benefit by that education—for example, to take notes. On that point, the vocational teacher who purports to teach cookery, domestic science or any other subject of a specialised nature should not be expected to do the work of a primary teacher by correcting the notes which the pupils take from the point of view of spelling and general set-out.

Before I come to the point which I rose to mention, I should like to hear from the Minister what are the special courses in Irish to which he alludes. I know that special courses in Irish are given in the summer, but I am not quite clear what precisely they are about. I know that university graduates of considerable merit from the three colleges have in some cases presented themselves for these courses, but I do not quite understand what the courses are, and I should like to express a very grave doubt that vocational teachers working under local bodies, the employees of a local body or of the Government, can do anything to revive the spirit which once permeated the Irish-Ireland movement. I very seriously doubt it. I do not know whether any number of summer courses or any amount of push will do what the Minister said: Tá na múinteóiri seo ag cur spiorad nua ins na ranganna Gaeilge. I wonder are they. I wonder can they.

It seems to me that our whole movement—and, Heaven knows, I had, and have yet, a passionate interest in it— has failed if nobody can be got to do anything, unless he is pushed by either a servant of the Government or a servant of a local authority. If that is the case, it has failed, and we ought to look our failure straight in the face before it is too late and before we reach a point when we will not have time to take any other steps, save the steps—perhaps the wrong steps—we are taking now. I have some difficulty in understanding what it is proposed to teach the university graduate who has done a first-class course in Irish in Dublin, Cork or Galway and who has done, as I think every teacher of Irish ought to have done, another language—English, French, German or Latin—and who has reached that standard of education.

I do not know what vague form of Gaelachas—if that is the word—can be instilled into these people to make them any better than the university leaves them. It is not entirely a matter of teaching and not entirely a matter of spirit. You cannot take a person of 22 years of age and teach him some kind of new spirit. Everybody knows that.

I particularly wish now to make some comments on a certain matter. I do so with very great reluctance. I have considered the matter very carefully. I considered if before, and on one occasion a motion was put down here by a Senator who is not now a member of the House dealing with a related matter. It was not proceeded with. It seems to me to be a matter which, from the point of view of Irish and the good of the Irish language, has gone so far that it must be publicly alluded to. I refer to the methods adopted by a particular inspector, the chief inspector of the vocational schools. Inspection of schools should be quiet and should be helpful; it should not be hectoring and should not be embarrassing. I think that will be agreed. It is accepted by the Minister and by the whole of us in relation to every such scheme everywhere that an inspector of schools should be a more skilled and learned person than the teacher, that he should act accordingly and should be an example to the pupils of good manners and good behaviour. Authority of any kind confers rights but it also carries duties, and, as the Minister knows—I am not attacking the Minister in any sense; I think his attitude in the matter is quite sound—the higher the authority one has, the less obtrusive that authority needs to be.

The attitude of the Department of Education towards inspection has sometimes been questioned. They were put to the test recently and my information is that they came through that test extremely well. I want to give the Minister credit for that. When the national teachers' strike concluded, certain matters were there to be disposed of, and I understand that the attitude of the Department with regard to inspection was peculiarly helpful and very sound. Certain general inspections were postponed and generally everything possible was done to make the reentry of the teachers into their work smooth and easy and in no way humiliating. That having been done, and that being the view of the Minister and his principal officials, it is all the more grave and all the more serious that a certain line should be taken, particularly in Dublin city, by the chief inspector of these vocational schools which does very grave harm to the cause of the Irish language. The man is supposed to be an enthusiast for the Irish language and supposed to be in earnest and that makes it all the worse, because, most emphatically, he is not doing good.

Let me give a few examples. The chief inspector of vocational schools goes into a teacher's class with his hat on. After a while, he removes it, but he goes in with his hat on to inspect the teacher, to mark the roll. What are the pupils to feel, if he talks Irish, but that the Irish language is something associated with boorishness and bad manners? That is my particular grievance in this case, but let me give a few more examples. I know a distinguished graduate of the National University—I think Senator Mrs. Concannon knows her well—who was made to stand for three-quarters of an hour after she had lectured for two hours in the presence of this gentleman. It is not because she is a graduate that I object. It should not be done to any woman or to any man, either, and I think the Minister must take notice of that kind of conduct.

The Minister has got no notice that the Senator intended to raise these matters.

The Minister knows all these things already. The whole town is seething with it.

I do not.

The Minister was warned over and over again. This particular individual made himself impossible in Galway and he made himself impossible in Kerry.

An Leas-Chathaoirleach

The Minister says he has no information about it.

May I take the liberty of giving the Minister the information now? This matter is well known to everybody.

May I say that if Senator Hayes or any other Senator wants information about the conduct of any official of the Department of Education, he can communicate with me? If he is not satisfied with that and if he intends to raise the matter publicly because he considers the matter of gravity, one would imagine that, in fairness to the officer who is being charged in this very public way and in fairness to me who am responsible for the officer, the opportunity ought to be given in advance of knowing the nature of these charges. Senator Hayes has gone even further than referring to particular incidents in Dublin; he has gone back upon the record of the officer before he took up his present position. May I inquire where is the Senator's diatribe to stop?

I am going to deal with inspection of a particular character in vocational schools in this city because I have come to the conclusion, as a responsible person, that no other course is open to me in dealing with this matter. I have a right to deal with it and I intend, subject to your authority, Sir, to exercise that right.

Let me give another example. A teacher who does not know Irish very well, and there are plenty of teachers in vocational schools who are very competent and do not know Irish well, has to stand before her class and be talked to in Irish to her own embarrassment and to the embarrassment of her pupils by this particular inspector. Now, similarly, for example—I have mentioned this particular instance to the Minister in conversation—an inspector goes into a class and talks to the class and then he talks to the teacher. The pupils know Irish and can hear what he says to the teacher in Irish. He uses a phrase such as this, for example: "Mar sin do theip ort"—so you failed. Nothing should be done to a teacher in front of her class, or indeed anywhere else, which, by any process, will reduce the teacher's prestige. We are all agreed upon that. I am sure the Minister agrees with it, too. This particular kind of thing is especially bad with regard to Irish. I have a particular objection to it because it associates the people who normally speak Irish with bad manners, and whatever defects our country people may have, whether they be Irish-speaking or English-speaking, it can certainly be said of them that they are extremely good-mannered. I have seen that myself for years in the Irish-speaking districts of the County Waterford. I have seen it in Donegal and in Connemara and this year in both Kerry and Cork. There is nothing farther from the ordinary person who speaks the Irish language than any form of ignorance or boorishness of this nature, and for that reason it is particularly objectionable that the Irish language should be associated with it. I would like in the most public way to put on record as a person in favour of the Irish language my very firm objection to that kind of conduct.

In the beginning of his History of Ireland, Edmund Curtis says this:—

"The traditions of the Irish people are the oldest of any race in Europe north and west of the Alps, and they themselves are the longest settled on their own soil".

We have a long tradition in this country and a noble tradition, and we must do our very best to maintain it. We must, particularly, associate anything connected with the Irish language with a thing which we find so plentiful in the country, whatever else may be lacking, and that is good manners.

I suggest that we ought not to endeavour to push the Irish language in technical schools by methods which are bound to put the pupils against you, because as I have frequently remarked here before, Parliaments and Governments are very limited in authority when all is said and done. There are things which no Parliament and no Minister can do, and if the pupils in the vocational schools do not like Irish, the Minister cannot make them like it, and most emphatically no scheme of pushing, dragging and pressing, and no scheme by hectoring, bullying or embarrassing is going to make the situation in the schools what the Minister wants to have it, or what I would like to have it. For that reason I would like that something should be done to see that teachers should be treated as they ought to be treated and as they are treated, for example, in the secondary and in most of the primary schools, and that the Irish language should not be associated in the vocational schools with any method which can be criticised on the ground that it is an un-Irish method and an unmannerly method.

Is maith liom go bhfuil an Bille seo os ar gcomhair agus go háirithe tar éis dúinn an tAcht Taighde Tionnscail a chur i bhfeidhm agus an Bille Alcóil Cheardais a bheith pléite againn. Is don aon-chuspóir amháin na trí cinn agus tagann siad go maith le chéile.

Faoin Acht Taighde Tionnscail tá an réiteach déanta againn le taighde a dhéanamh ar cheisteanna a mbeidh spéis ag lucht táirgeachta iontu agus a bhfuil barúil réasúnta ann go rachadh a réiteach chun fónta agus chun sochair na tíre. Ach, más mian go ndéanfaidh an Institiúid nua Taighde obair thairbheach, níor mhór córas mar atá beartaithe faoi Cheimicí Teoranta. Ba doiligh gan a leithéid seo de chóras, éifeacht phraicticiúl oibre na hInstitiúide Taighde a thríail agus a mheas mar ba chóir.

Ach faoin mBille seo, tá an réiteach á dhéanamh le caoi bhreise a sholáthar chun oibrithe na tíre a oiliúint sa tslí go mbeifear i ndon feidhm cheart iomlán a bhaint as gach deis táirgeachta dá mbeidh againn. Is rud bunusach é na hoibrithe a bheith oilte chomh hiomlán agus is féidir; agus is maith liom a thabhairt faoi ndeara nach bhfuil faillí a dhéanamh sa gcúram sin.

Breis agus bliain ó shoin, bhí scéal an ghairm-oideachais á phlé anseo againn agus mheabhraigh mé don Aire nár mhór dó a bheith ag smaoineadh ar thuilleamh cabhrach airgid a chur ar fáil le haghaidh an ghairm-oideachais.