Tairgim:
"Go dtoghfar an Seanadóir Seán Ó Donnabháin mar Leas-Chathaoirleach."
Tá na tréithe aige is gá chun na hoibre a dhéanamh. Tá taithí aige ar ghnó Rialtais agus ar ghnó Páirliminteach annseo agus ins an Dáil. Táim deimhin go dtabhaírfaídh sé ceart agus cothrom do gach Seanadóir, mar tugtar i gcomhnaí ón gCathaoir. Mar sin, tá áthas mór orm a ainm a chur ós comhair an tSeanaid.