Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Feb 1977

Vol. 86 No. 1

Appointment of Member of Government and of Parliamentary Secretary and Assignment of Departments.

Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litreacha ó Rúnaí Roinn an Taoisigh á rá:

(i) go bhfuil an Teachta Oilibhéar Ó Flannagáin ceaptha ina chomhalta den Rialtas;

(ii) go bhfuil sannadh na Roinne Cosanta don Taoiseach foirceanta agus go bhfuil an Roinn sannta don Teachta Oilibhéar Ó Flannagáin; agus

(iii) go bhfuil an Teachta Pádraig Mac Raghnaill ceaptha ina Rúnaí Parlaiminte don Aire Rialtais Áitiúil agus d'Aire na Seirbhíse Poiblí.

Tá treoracha tugtha agam na litreacha dar thagair mé a leagan amach sa ghnáthshlí i gCín Lae Imeachtaí an tSeanaid. De bharr an Fhógra seo cuirfear i gcló iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

I have to inform the House that letters have been received from the Secretary to the Department of the Taoiseach stating:

(i) that Deputy Oliver J. Flanagan had been appointed a member of the Government;

(ii) that the assignment of the Department of Defence to the Taoiseach had been terminated and that Department had been assigned to Deputy Oliver J. Flanagan; and

(iii) that Deputy Patrick J. Reynolds had been appointed Parliamentary Secretary to the Minister for Local Government and to the Minister for the Public Service.

I have given directions to have the letters referred to set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement they will also be printed in the Official Report of Debates.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No. S.18879

Department of the Taoiseach

16 Nollaig, 1976.

BAILE ÁTHA CLIATH, 2

Cléireach an tSeanaid

Dublin, 2.

Tá orm a chur in iúl duit

(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis

Oilibhéar Ó Flannagáin

(Oliver John Flanagan),

comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina chomhalta den Rialtas; agus

(2) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis sannadh na Roinne Cosanta dó féin a fhorcheannadh agus an Roinn sin a shannadh do

Oilibhéar Ó Flannagáin

(Oliver John Flanagan),

comhalta den Rialtas.

D. Ó Suilleabháin

Rúnaí

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No. S.18880

Department of the Taoiseach

17 Nollaig, 1976.

BAILE ÁTHA CLIATH, 2

Cléireach an tSeanaid

Dublin, 2.

Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas inniu, ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 7 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924, arna oiriúnú de dhroim an Bunreacht a achtú,

Pádraig Mac Raghnaill, T.D.

(Patrick J. Reynolds, T.D.),

a cheapadh chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

D. Ó Suilleabháin

Rúnaí an Rialtais

Barr
Roinn