Ó ceapadh mar Aire na Gaeltachta mé i mí Márta seo caite is é an rud is mó a bhí ag cur as dom ná an tslí inar fágadh Údarás na Gaeltachta ar an gcaolchuid ó thaobh airgeadais i gcaoi nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh leis an obair thábhachtach a bhí ar lámha ar mhaithe leis an nGaeltacht: bhí an soláthar caipitil a rinne an t-iar-Rialtas i mbliana thart ar 27% níos lú ná mar a bhí ar fáil don Údarás anuraidh. Tá áthas orm a fhógairt anois, áfach, gur éirigh liomsa socruithe a dhéanamh go gcuirfear níos mó airgid ná riamh ar fáil don Údarás i mbliana. Ghlac an Dáil le Meastachán Forlíontach Dé hAoine seo caite agus is iad na suimeanna méadaithe ná
|
£
|
Caiteachas reatha — deontas-i- gcabhair
|
1,390,000
|
Caiteachas caipitil — deontas-i- gcabhair
|
7,656,000
|
— airleacan
|
8,750,000
|
An tIomlán
|
17,796,000
|
Sílim gur leor na figiúirí sin chun an mhuinín atá agam féin agus ag an Rialtas seo as an Údarás a léiriú.
Ó thús na bliana seo ní amháin go raibh an tÚdarás i gcruachás airgeadais ach bhí an-drochphoiblíocht á tabhairt dó — rud atá tar éis dochar mór a dhéanamh dá chuid iarrachtaí chun tionscail a mhealladh isteach agus leas na Gaeltachta a chur chun cinn. Bhí an feachtas chomh géar agus chomh leanúnach sin gur rith sé liomsa gur d'aonghnó a eagraíodh é. Is mithid an t-aer a ghlanadh agus aon bhlas den drochamhras a ruaigeadh: is é sin an cúlra don tairiscint atá faoi bhráid an tSeanaid inniu.
Is amhlaidh a rith an Dáil rún an tseachtain seo caite á rá gur cás léi an phoiblíocht le gairid faoi oibriú an Údaráis agus á dhearbhú go bhfuil sé caothúil go ndéanfadh an Comhchoiste um Chomhlachtaí Stát-Tionscanta scrúdú ar ghnóthaí an Údaráis. Is mar ábhar práinne a bheadh an scrúdú le déanamh agus, Ó tharla go mbeidh Seanadóirí chomh maith le Teachtaí Dála ar an gComhchoiste, táim ag iarraidh ar an Seanad aontú a luaithe is féidir lena bhfuil beartaithe.
Ar ndóigh, tá cumhacht ag an gComhchoiste cheana féin scrúdú a dhéanamh "ar ghnéithe trádála agus/nó tráchtála na dTuarascálacha agus na gCuntas agus torthaí oibríochta i gcoitinne" an Údaráis ach, faoin tairiscint atá á phlé againn anois, tá cumhacht níos leithne i gceist sa mhéid gur gnóthaí an Údaráis atá le scrúdú. Tá gá leis an leathnú sin ós iad cúrsaí forbartha tionscail is mó a bhíonn ar siúl ag an Údarás féin cé go mbíonn trádáil ar siúl ag fochomhlachtaí dá chuid.
Ní miste a lua go bhfuil tuarascáil agus cuntais an Údaráis don bhliain seo caite ag na clódóirí agus go mbeidh siad ar fáil don Chomhchoiste gan mhoill: tá na cinn don bhliain 1980 — an chéad bhliain ina raibh an tÚdarás ag feidhmiú mar chomharba Ghaeltarra Éireann — foilsithe cheana. Feicfear ó na cuntais agus ón tuarascáil agus na táblaí a bhíonn ag gabháil leo go bhfoilsítear mórchuid mioneolais agus nach mbíonn aon ní á cheilt: is féidir teacht ar na híocaíochtaí a rinneadh le gach uile thionscal agus, i gcás na bhfothionscal agus na gcomhthionscal ina mbíonn scaireanna ag an Údarás, sonraítear na cinn ina mbíonn infheistíochtaí díscríofa.
Ní maith le duine ar bith againn go mbeadh infheistíochtaí le díscríobh ach ní foláir dúinn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag an Údarás chun tionscail a bhunú agus a chur chun cinn i gceantair iargúlta agus ar na buillí tubaisteacha a bualadh ar chuid de na tionscail sin le géarchéim an fhuinnimh a mhéadaigh na costais agus leis an gcúlú eacnamaíochta ar fud an domhain a laghdaigh na margaí.
Fiú amháin mura mbeadh drochbhuillí mar sin i gceist, áfach, ní mór dúinn bheith sásta glacadh leis go dteipfidh ar thionscal anois agus arís. Is amhlaidh nach mbeidh forbairt tionsclaíochta saor ón bhfiontar nó ón bpriacal go deo mar ní féidir bheith lánchinnte roimh ré go n-éireoidh go maith le tionscal áirithe. Ach ba chóir gach dícheall a dhéanamh chun tionscail mhaithe a roghnú agus a chinntiú go mbeidh caighdeán chomh hard agus is féidir ag baint leis an scrúdú agus an anailís a dhéanfar ar thograí sula gceadófar iad: is é sin atá ar siúl agam féin ó ceapadh mar Aire mé agus cuirfidh mé fáilte roimh aon chúnamh a bheidh le fáil ón gComhchoiste.
Ní bhíonn aon eagraíocht, dá éifeachtaí í, nach féidir feabhas a chur uirthi. Is maith an rud é mar sin go mbeidh deis ag an gComhchoiste ní amháin cuntais agus tuarascálacha an Údaráis a scrúdú ach na modhanna oibre a bhreithniú freisin agus ceisteanna a chur agus mínithe a lorg ó na feidhmeannaigh. Dá dtiocfaí ar aon fhianaise gur tharla caimiléireacht de chineál ar bith i ngnóthaí faoi scáth an Údaráis ba chóir féachaint chuige láithreach go gcuirfear an dlí i bhfeidhm sa ghnáthshlí. Ach is é príomhghnó an Chomhchoiste díriú ar bhealaí chun feabhas a chur ar fheidhmiú an Údaráis faoi mar a luaitear sa tairiscint. Beimid ag súil le moltaí fiúntacha chun na críche sin. Tá lánmhuinín agamsa as an gComhchoiste agus tá dóchas agam go n-éireoidh le Teachtaí agus Seanadóirí iad féin agus an pobal a shásamh i gcaoi go gcuirfear deireadh le ráflaí agus cúlchaint mar a bhí á scaipeadh agus go bhféadfaidh an tÚdarás luí isteach ar a chuid oibre arís le dúthracht agus le fuinneamh. Molaim don Seanad aontú lena bhfuil ar intinn ag an Dáil i dtreo go bhféadfar na horduithe cuí a dhéanamh roimh dheireadh na seachtaine seo.