Is cúis áthais dom an tairiscint seo a mholadh don Teach. Go deimhin is mór le rá an tairiscint í agus is mian liom an deis seo a thapú chun labhairt uirthi agus pointí ginearálta a fheictear dom a bheith tábhachtach a chur os bhur gcomhair.
Iarrfar ar an gComhchoiste, arna bhunú, athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh i dtaobh
(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus
(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.
I dtús báire ba mhaith liom dul siar go dtí mí Aibreáin 1983 nuair a bhí sé de phribhléid agam an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge ar iarratas ón Rialtas a chur i láthair an phobail go foirmiúil thar ceann an Rialtais. Faoi mar is cuimhin le Seanadóirí sonraíodh spriocanna sa phlean sin le freastal ar cheithre mhór-réimse de shaol na tíre — an Ghaeltacht, an pobal, oideachas agus an Stát — le súil gur fearr a d'fhéadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta pleanáilte le comhoibriú agus tacaíocht ó gach réimse gníomhaíochta sa tír. Is féidir a rá gur glacadh go maith tríd is tríd leis an bplean agus go ndearnadh dul chun cinn sásúil sa chéad tréimhse bliana d'ainneoin na bhfadhbanna éagsúla a bhí le sárú agus tá moladh agus buíochas dá réir tuillte ag Bord na Gaeilge.
Ar cheann de na spriocanna a luadh sa phlean sin bhí moladh go mbunófaí Comhchoiste Oireachtais chun staid na Gaeilge a bhreithniú ó thráth go chéile. Chuir Seanadóirí ó gach taobh tairiscint dá réir sin os comhair an Tí seo agus bhí díospóireacht dhíograiseach, spreagúil ann thart ar bhliain ó shin faoin bPlean Gníomhaíochta, faoi staid na Gaeilge i gcoitinne agus faoina bhfuil i ndán don teanga amach anseo. Ba chúis mhór misnigh do Ghaeilgeoirí na tíre agus dóibh siúd uile ar mór acu ár dteanga dhúchais an spéis sa Ghaeilge a léirigh Seanadóirí sa cheist seo. Is ar éigean is gá a rá gur glacadh leis an tairiscint d'aonghuth. Chuaigh mé ar aghaidh chun an cheist a scrúdú ansin agus, cé go raibh deacrachtaí áirithe ann mar gheall ar líon na gComhchoistí a bhí ag feidhmiú cheana, d'aontaigh an Rialtas, i ngeall ar thábhacht na Gaeilge, gur cheart Comhchoiste foirmiúil a chur ar bun chun athbhreithmiú agus moltaí a dhéananh i ndáil le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad agus cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.
Is eol daoibh uile an tionchar is féidir a bheith ag ionadaithe poiblí ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Is eol daoibh freisin an tábhacht thar cuimse a bhaineann leis an dea-shampla agus an treoir cheart nuair a bhíonn gá leo. Is cinnte go bhféadfadh Seanadóirí agus Teachtaí Dála cur go mór leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar mhaithe leis an teanga tríd an dea-shampla a thabharfaí dá mbeadh áit níos feiceálaí ag an nGaeilge in imeachtaí agus in obair an Tí seo agus na Dála. Is cuid bhunúsach é d'aon bheartas Stáit i leith na teanga an chinnireacht a thabharfadh daoine sa saol poiblí agus an tslí ina mbeidís chun tosaigh go follasach sna hiarrachtaí a bhíonn ar siúl. An sampla a thabharfadh ionadaithe Thithe an Oireachtais go speisialta bheadh an-éifeacht aige le daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Is dá bharr sin atá sé leagtha síos sna téarmaí tagartha go ndíreodh an comh-choiste ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin in imeachtaí foirmiúla na Dála agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin.
Ní miste a lua gur sonraíoch nósmhaireachtaí simplí áirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge a dheimhneodh go mbeadh roinnt Gaeilge á húsáid go rialta sa Dáil agus sa Seanad. Is iad seo a leanas na moltaí sonracha a rinneadh:
(i) sa chás go mbeadh ceisteanna as Gaeilge curtha ar an gclár, go dtógfaí ceist amháin ar a laghad as Gaeilge gach lá a mbíonn Tráth na gCeist sa Dáil, agus dhá cheist ar a laghad as Gaeilge (ó 1984 amach); nó mar mhalairt air sin, go leagfaí amach tréimhse áirithe le haghaidh ceisteanna Gaeilge lá amháin gach seachtain.
(ii) go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge, den chuid is mó de, ar an Dara Céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad agus go mbeadh mír as Gaeilge in óráidí scríofa an Dara Céim ón Rialtas agus ón bhFreasúracht.
(iii) go molfadh an Rialtas do gach Aire ar ócáidí oiriúnacha a mbeadh tuairisc ghinearálta ar obair a Roinne á tabhairt aige don Dáil nó don Seanad—
(a) go dtabharfadh sé cuntas ar fheidhmiú pholasaí na Gaeilge sa Roinn, agus
(b) go mbeadh an mhír seo nó mír shubstaintiúil eile dá óráid i nGaeilge.
Os iad na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála féin is fearr a thuigeann na slite is éifeachtaí ina bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn i dtithe an Oireachtais táim cinnte go mbeidh ar a gcumas cur leis na spriocanna sin agus a dheimhniú don tír, agus go háirithe do mhuintir na Gaeltachta, go bhfuil siad lándáiríre lena gcuid tacaíochta do na hiarrachtaí atá ar siúl ar mhaithe le leathadh na Gaeilge. Tá dóchas agam go gcuirfidh an Comh-choiste moltaí fiúntacha dá réir ar fáil chomh scioptha agus is féidir.
Ceangailte go dlúth le leathadh na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad tá an tseirbhís trí Ghaeilge a bheadh ar fáil ón earnáil Stáit — ar a n-áirítear Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí — ag daoine a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Is den riachtanas é go mbeidh socruithe i bhfeidhm chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bhíonn á n-iarraidh agus go mbeadh sé tuigthe dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus go mbeidís ar fáil le fonn agus le fáilte. Tá faitíos orm nach bhfuil na cúrsaí sin chomh sásúil agus ba mhaith linn uile iad a bheith. Is measa fós an scéal, faraor, i gcás na Gaeltachta. Is cosúil nach mbíonn seirbhís trí Ghaeilge ar fáil go minic ón earnáil phoiblí rud a chothaíonn fíor-dhrochthionchar ar mheon na ndaoine ansin i leith na Gaeilge: mura bhfeictear dóibh go bhfuil an Stát dáiríre faoin nGaeilge is mó fonn a bhíonn orthu, ar ndóigh, a dteanga dhúchais a thréigean. Tá sé fíorthábhachtach mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an Ghaeilge a chleachtadh a bheidh fostaithe ag údaráis áitiúla, ag Ranna Rialtais agus ag comhlachtaí Stáit i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.
Ní gá an tábhacht ar leith a bhaineann leis an nGaeltacht a mhíniú don Teach seo. Fad a mhairfidh an Ghaeltacht beidh dóchas ann don Ghaeilge ach dá dtárlódh go dtiocfadh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail is beag dóchas a bheadh fágtha. Agus ná bíodh aon dul amú orainn faoi staid na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta — tá sí ag trá léi ar luas atá scanrúil in áiteanna. Ní ionadh sin, ar ndóigh, ag féachaint don chaoi a bhfuil Béarla á bhrú ar mhuintir na Gaeltachta trí na mórmheáin chumarsáide, agus go háirithe tríd an teilifís, trí institiúidí Stáit, tríd an gcóras rialtais áitiúil, trí thionchar na forbartha tionsclaíochta agus mar sin de. Bíodh sé soiléir nach aonad ar leith inti féin í an Ghaeltacht ach cuid bhunúsach den tír seo a mbíonn tionchar sa ghnáthshlí ag gníomhaíochtaí sa chuid eile den tír uirthi. Ní féidir leis an nGaeltacht feidhmiú uaithi féin gan beann ar an gcuid eile den tír agus ní leor buntáistí beaga breise a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta lena dheimhniú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail ansin.
Is gá go ndíreofaí mar ghnó mórphráinne ar mheath na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht a chosc. Tá buíon chomhordaithe, atá comhdhéanta d'iondaithe ó mo Roinn féin, ón Roinn Oideachais, ó Údarás na Gaeltachta agus ó Bhord na Gaeilge, i mbun oibre agus é mar chúram orthu maoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar scéimeanna a neartóidh le húsáid na Gaeilge i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne d'fhonn an teanga a chur ar lámh shábhála trína chinntiú go mbeidh sí á húsáid mar ghnáth-theanga labhartha ag oiread daoine agus a dheimhneoidh go mbeidh beatha i ndán dí. Is cúram tábhachtach é sin ach tá dóchas agamsa go mbeidh an rath ar shaothar na buíne. De bhreis air sin, áfach, ní foláir an meon poiblí agus cúrsaí an tsaoil in Éirinn a bheith ag treisiú dáiríre leis na daoine a roghnóidh an Ghaeilge mar theanga theaghlaigh agus mar theanga phobail.
Is sa bhunscoil a thagann formhór mór na ndaoine sa tír seo — lasmuigh den Ghaeltacht ar aon nós — i dteagmháil don chéad uair leis an nGaeilge: is ar an scoil freisin a bhíonn an chuid is mó acu ag brath chun eolas ar an nGaeilge a fháil agus líofacht sa teanga a bhaint amach. Ní féidir a rá, áfach, go mbíonn cumas labhartha sa Ghaeilge ag daltaí i gcoitinne ag fágáil na scoile dóibh agus is mór an trua é sin: dáiríre is dócha go bhféadfaí a rá go léiríonn sé sin easnamh sa chóras oideachais. Is é an bunriachtanas dá bhrí sin ná go gcuirfí béim níos mó ar chumas labhartha na Gaeilge a chothú. Is gá freisin, ar ndóigh, go mbeadh caighdeán sásúil bainte amach ag múinteoirí sa Ghaeilge féin agus cleachtadh faighte acu, le linn a dtréimhse oiliúna, ar úsáid na Gaeilge mar mheán teagaisc in ábhair eile. Ba chóir go bhfaighidís oiliúint chomh maith sna modhanna múinte teanga is nua-aimseartha agus go mbeidís eolach ar thorthaí an taighde idirnáisiúnta is údarásaí atá déanta ar mhúineadh teangacha.
Tá daltaí atá á múineadh trí Ghaeilge faoi mhóreasnamh bunúsach sa mhéid nach leor a mbíonn de théacsleabhair oiriúnacha Ghaeilge ar fáil go háirithe ag an dara leibhéal, gan trácht ar léitheoireacht thacaíochta i nGaeilge. Tá an cheist sin ag déanamh tinnis dúinn le fada agus is mithid réiteach a fháil uirthi.
Roimhe seo is ar réimse an oideachais go príomha a bhíothas ag brath chun athbheochan na Gaeilge a chur i gcrích. Tá tábhacht an-mhór ag baint le réimse an oideachais, ar ndóigh, i dtreo go bhféadfar an teanga a mhúineadh don aos óg ar mhodh ceart proifisiúnta. Ní leor, áfach, a dheimhniú go mbeidh cumas Gaeilge ag daoine mura soláthraítear deiseanna dóibh chun úsáid a bhaint as an gcumas sin. Ní foláir mar sin ócáidí oiriúnacha a eagrú chun líon maith daoine a mhealladh de réir a chéile chun leas a bhaint go nádúrtha as cibé Gaeilge atá acu.
Faoi mar is eol dúinn is leis an bpobal ar fad an teanga. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios ag gach duine, a bhfuil fonn air a chion a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge, cén chaoi a gcuirfidh a ghníomh féin leis an méid atá ar siúl ag daoine agus ag dreamanna eile ar a son. Féachann an plean lena dheimhniú go dtosófar ar thimpeallacht a chruthú ina bhféadfadh daoine an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí laethúla agus a bheith cinnte lena linn sin go mbeadh bá an phobail leo, go mbeadh tacaíocht acu ón Stát agus ó údaráis eile agus go mbeadh bunseirbhísí riachtannacha trí Ghaeilge ar fáil dóibh. Maidir leis an teanga féin ba chóir go bhféadfaidís bheith ag súil go leathnófaí raon a húsáide sa tslí go mbeadh na feidhmeanna uile aici a bhaineann le teanga bheo nua-aimseartha agus go bhforbrófaí foclóir agus leaganacha cainte inti a fhreagródh don saol, don mhachnamh agus don teicneolaíocht nua-aimseartha.
Is beag duine sa tír seo nár fhoghlaim Gaeilge ùair éigin ach, de bhrí nach mbíonn cleachtadh ag a bhformhór ar í a úsáid, cailleann siad a ngreim uirthi agus bíonn leisce orthu í a labhairt. Chun an pobal a mhealladh i dtreo na teanga ní foláir deiseanna taitneamhacha a chur ar fáil dóibh le go bhféadfaidh siad feidhm a bhaint aisti go nádúrtha i gcaoi go dtiocfaidh feabhas ar a gcumas labhartha. Deirtear gur as taithí a thagann máistreacht agus tá sé sin fíor ar fad i gcás teanga.
Léiríonn daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad de dhaonra na tíre go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí a rá gur cainteoirí líofa iad sin ar fad is tábhachtach an rud é go bhfuil siad mórtasach as a gcumas sa teanga. Is cinnte go bhfuil bunsraith láidir ansin le tógáil fhiúntach a dhéanamh uirthi. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Tá tionchar fíor-láidir ag an teilifís ar shaol na ndaoine ach ní féidir a rá go bhfuil freastal sásúil á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí. Le forbairt na teicneolaíochta tá súil agam gur féidir an scéal a fheabhsú go mór. Tá géarghá le cláir bhreise i nGaeilge do dhaoine óga go háirithe agus is deacair a thuiscint cén fáth nach féidir le RTÉ freastal níos fearr a dhéanamh orthu.
Faoi mar is eol do Sheanadóirí tá nuachtán nua Gaeilge tagtha ar an saol ó thús na míosa seo caite. Má tá an toradh a bhfuilimid uile ag dréim leis le bheith ar na hiarrachtaí éagsúla atá ar siúl ar mhaithe leis an nGaeilge is den riachtanas é go mbeadh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil a mbeadh éileamh maith air ar mhaithe lena fhiúntas féin. Ba mhór an chabhair a leithéid le daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Níl aon amhras ach go bhfuil scaipeadh forleathan ar Anois i measc an phobail agus d'iarrfainn ar Ghaeilgeoirí lántacaíocht a thabhairt dó i gcaoi go mbeidh fás agus forbairt ag teacht air.
Más léargas dubhrónach go maith atá tugtha agam ar staid na Gaeilge go dtí seo, tá comharthaí dóchais ann freisin. Orthusan áirítear an oiread sin daoine atá báúil leis an teanga agus mórtasach aisti, an líon mór daoine a bhfuil bunús maith Gaeilge acu, an dul chun cinn suntasach atá á dhéanamh ag na naí-scoileanna Gaeilge, an t-éileamh mór atá ar bhunscoileanna agus ar scoileanna iarbhunoideachais lán-Ghaeilge, a fheabhas atá ag éirí le Radio na Gaeltachta, an dul chun cinn atá déanta le hoiriúnú na teanga do shaol an lae inniu agus lena caighdéanú, an litríocht nua-aoiseach atá tagtha chun cinn sa Ghaeilge, an úsáid is féidir a bhaint as modhanna nua teicneolaíochta i múineadh na teanga agus chomh fonnmhar agus a glacadh leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge. Is comhaidhm agus garchuspóir dúinn uile an Ghaeilge a choimeád ina teanga bheo agus a húsáid a leathnú agus tá an-dóchas agamsa go bhféadfar dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun an áit is dual di i saol na tíre a bhaint amach arís don Ghaeilge ach cur chuige le fonn agus le dúthracht. Is deimhin liom go mbeadh moltaí fiúntacha le fáil ón gComhchoiste chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích.