Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Nov 1986

Vol. 114 No. 11

An Chéad Tuarascáil Bhliantúil ón gComhchoiste don Ghaeilge:Tairiscint.

Tairgim—

Go dtugann Seanad Éireann dá aire an Chéad Tuarascáil Bhliantúil ón gComhchoiste don Ghaeilge — 1985/86.

A Chathaoirligh, tá an-áthas orm go bhfuil Gaeilge le cloisteáil ag tús na hoibre seo, agus sílim go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge sin le cloisteáil an t-am go léir sa Seanad. Agus tá Gaeilge an-deas agat, a Chathaoirligh, cé nach bhfuil tú ag éisteacht liom. Sílim go bhfuil sé an-oiriúnach ar fad.

Cá bhfuil an tAire?

Sílim go mba cheart don Aire a bheith anseo, go mórmhór lá mar seo, mar is é seo Lá na Gaeilge agus má tá díospóireacht ar bith le bheith ar an nGaeilge sa Seanad is dóigh liom go mba cheart go mbeadh an tAire anseo i láthair mar a bhíonn i ngach díospóireacht eile le héisteacht leis an díospóireacht agus an rud a chur ina cheart ó thus.

Aontaím leis an Seanadóir de Brún agus leis na Seanadóirí eile. Ba chóir go mbeadh an tAire in láthair, an tAire ar a bhfuil cúram na Gaeilge nó an tAire atá i mbun chúrsaí Sheirbhísí Poiblí. B'fhéidir go mba é an rud is ceart a dhéanamh ná sos a thógaint go dtí go mbeidh an tAire i láthair. Molaim go dtógfaimís sos beag go mbeidh sé linn.

Tá an tAire ag teacht.

Tá an tAire ag freagairt ceisteanna sa Teach eile.

Ba cheart sos a bheith againn, mar a mhol an Seanadóir O'Higgins, i gcaoi go mbeadh foirimiúlacht agus an caighdeán díospóireachta is ceart do lá mar seo ann, go leanfaí an nós imeachta atá anseo ar gach lá eile agus go dtabharfai an t-aitheantas sin don Ghaeilge atá tuillte aice i gcomhmheas le díospóireachtaí eile a bhíonn anseo.

Molaim go dtógaimíd sos go dtí a trí a chlog.

Bhí searmanas beag againn agus bhí an tAire ann. Níl a fhios agam cé atá ag teacht anall. De réir dealraimh tá meascán déanta ag duine éigin. Cé bhfuil an tAire Stáit? Má tá an tAire sa Dáil ní féidir leis a bheith anseo.

Ba cheart dó bheith anseo.

Tá sé molta agam go foirmeáilte go dtógaimís sos beag, b'fhéidir go dtí a trí a chlog, ionas go mbeadh seans ag an Aire nó a ionadaí bheidh anseo linn le h-aghaidh an díospóireacht.

An bhfuil sé sin aontaithe?

Aontaithe.

Cuireadh an suíomh ar fionraí ar 2.35 p.m. agus atógadh é ar 3 p.m.

Ba mhaith liomsa mo leithscéil a ghabháil don tSeanad as ucht go raibh mé mall agus ba mhaith liom freisin mo leithscéal a ghabháil duitse, a Chathaoirligh. Séard a tharla ná go raibh cruinniú an-tábhachtach agam sa chathair don aos óg agus lean sé sin ar aghaidh níos faide ná mar a bhí i gceist agus dá bhrí sin bhí mé mall ag teacht anseo. Ní raibh aon mhasla i gceist agam. Bhí Aire na Gaeltachta tóghta le ceisteanna ar urlár na Dála ón Roinn Cosanta agus níorbh fhéidir leis bheith libh ar an ócáid stairúil seo — ócáid cruinniú speisialta den tSeanad i gcomhair na Gaelige agus na teanga. Mar sin arís, a Chathaoirligh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leat as ucht deis a thabhairt dom mo leithscéal a ghabháil don tSeanad agus tá súil agam go mbeidh díospóireacht an-torthúil againn as seo amach.

A Chathaoirligh, tuigim go maith nach raibh an tAire ach beagáinín mall ach bhí an Teach ar athló agus tá brón orm freisin go raibh an rud seo ag tuitim amach.

Faoi mar a bhí á rá agam i dtosach, tá an-áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl inniu nuair atá Lá na Gaeilge leagtha síos dúinn. Tá tuairim agam féin go mba chóir go mbeadh Lá na Gaeilge againn i gcónaí sa Dáil agus sa Seanad agus nár ghá ar chor ar bith go mbeadh lá speisialta againn, mar tuigim go bhfuil a lán, lán daoine sa Dáil agus sa Seanad a bhfuil Gaeilge acu agus is féidir leo an Ghaeilge sin a úsáid agus tuigim freisin go bhfuil daoine ann agus níl Gaeilge acu agus caithfimid a bheith an-chúramach nach gcuirfimid milleán ar bith ar aon duine nach labhraíonn Gaeilge anseo sa Seanad nó sa Dáil. Muna bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, ní féidir Gaeilge a úsáid. Tá daoine ann nach bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus a dhéanann iarracht an Ghaeilge a úsáid. Tá sé i bhfad níos éasca do na daoine go bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu, b'fhéidir, agus Gaeilge toisc go bhfuil siad ina múinteoirí nó rud éigin den tsaghas sin. Tá i bhfad níos mó moladh tuillte ag na daoine eile mar déaneann siad sár-iarracht agus tá siad calma is dócha ar bhealach amháin.

Is ball den chomhchoiste mé féin agus ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin gcomhchoiste i dtosach. Tá na daoine atá ar an gcomhchoiste an-díograiseach. B'fhéidir go bhfuil locht ar an gcomhchoiste ó thaobh sin de nach bhfuil, b'fhéidir daoine atá neodrach nó b'fhéidir díreach in aghaidh na Gaeilge mar nuair a thagann daoine isteach chugainn cosúil le Bord na Gaeilge nó Conradh na Gaeilge nó na dreamanna eile a thagann isteach chugainn, déarfainn go mbeadh sé an-tábhachtach go mbeadh duine in aghaidh na dtuairimí atá acu chun go bpléfí níos fearr iad. Go minic bím mar "Devil's Advocate" ann agus feicim go bhfuil sé riachtanach go mbeadh argóint ar na rudaí atá á moladh dúinn.

Faoi mar adúirt mé, tá an chomhchoiste díograiseach. Ní bheadh a fhios agat sílim cad é an páirtí lena mbaineann na baill. Ní bhíonn polaitíocht ann agus táimid ag déanamh ar ndíchill chun feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge sa Teach seo agus sa Dáil.

Ó thaobh Gaeilge sa Teach seo, ní shílim go bhfuil go leor Gaeilge le cloisteáil anseo ná sa Dáil. Sílim go mba chóir go mbeadh i bhfad níos mó, mar tá Gaeilge ag a lán de na daoine atá sna Tithe seo. Níl cleachtadh acu; sin cuid den deacracht atá ann is dócha, nach bhfuil seans ag a lán daoine an Ghaeilge a chleachtadh. Ní bhíonn ócáidí acu a thabharfadh deis dóibh labhairt i nGaeilge. Sa Dáil agus sa Seanad freisin bíonn téarmaí an-chasta uaireanta agus an-ait fiú amháin i mBéarla agus tá sé deacair is dócha do na daoine nach bhfuil cleachtadh acu ar an gGaeilge na rudaí seo a úsáid. Dúirt mé an Sathairn seo caite ag cruinniú den Oireachtas nach mbeadh a fhios agat cé acu an raibh tú i Westminster nó sa tSeanad agus bhí Seanadóir anseo a bhí ag magadh fúm nuair a bhí an sos ann mar gheall air sin ach, dáiríre ó thaobh teangan de, nuair tháinigh mé anseo, sin é an chéad rud a chuir ionadh orm, nach raibh Gaeilge le cloisteáil anseo. Nuair a tháinig mé i dtosach cheap mé go mbeadh Gaeilge le cloisteáil ina lán áiteanna anseo sa Dáil agus sa Seanad; níl ach tá feabhas mór ag teacht ar an saol déarfainn agus baineann a lán daoine úsáid as Gaeilge faoi láthair.

Tá moladh againn sa tuarascáil seo go mba chóir go mbeadh óráid ag Aire ar bith ar an Dara Céim de Bhille, go mbeadh cuid de as Gaeilge. Tuigim to maith go bhfuil a lán de na hAirí atá sa Rialtas seo agus tá siad an-mhaith ó thaobh na Gaeilge dhe agus tá a lán Gaeilge acu. Is féidir leo Gaeilge a labhairt agus a léamh agus tuigim nach mbeadh deacracht ar bith acu. Anois, tá Airí eile cinnte nach bhfuil Gaeilge acu agus ní chuirfinn isteach orthu ar chor ar bith agus ní theastódh uaim go ndéanfaidís iarracht fiú amháin munar mhaith leo féin an iarracht sin a dhéanamh ach tá Airí againn lena lán Gaeilge. Ba chóir, sílim, glacadh leis an moladh seo agus go mbainfeadh siad úsáid as, go mórmhór ar an Dara Céim mar is féidir le daoine ar an gCéim sin de Bhille óráid a thabhairt, cuid de i nGaeilge, sílim, mar tá sé ginearálta ag an am sin agus níl na téarmaí casta.

Deir daoine nach bhfuilimid ach ag cur dalladh mullóg orainn féin ag labhairt beagáinín den óráid ag Gaeilge ach muna ndéanaimid é sin ní bheidh aon rud ar siúl agus caithfimid an dea-shampla a thabhairt don tír mar tá a lán daoine ag féachaint ar an Dáil agus ar an Seanad ó thaobh Ghaeilge dhe agus ceapann siad go mba chóir go mbeadh Gaeilge le cloisteáil anseo agus go mbainfimís féin úsáid as an dteanga in ionad bheith ag caint faoin nGaeilge ba chóir dúinn labhairt as Gaeilge. Tuigim go raibh an Taoiseach linn ag cruinniú nach bhfuil sa tuarascáil seo agus dúirt sé go bhfuil sé deacair go leor uaireanta ceisteanna a fhreagairt i mBéarla gan bheith ag iarraidh Gaeilge a chr ar na freagraí ach tuigim é sin go maith. B'fhéidir nach bhfuil Gaeilge ag cuid de na hAirí ach na hAirí go bhfuil Gaeilge acu má tá ceisteanna i nGaeilge ba mhaith liom dá nglacfaidís leis na ceisteanna sin.

Tá fhios agam go bhfuil córas teangaireachta sa Dáil atá lag go leor de réir mar a chloisimid sa chomhchoiste nach bhfuil oiriúnach ach tá sé ann. Is féidir leis na Teachtaí Dála sa Dáil úsáid a bhaint as an gcóras seo. Níl córas teangaireachta anseo sa tSeanad agus is ait an rud é sin agus ba chóir go mbeadh. Tá a fhios agam go bhfuil deisiúcháin á ndéanamh ar an Seanad féin agus tá moladh againn go mbeadh córas nua curtha isteach ansin ach ba chóir go mbeadh córas teangaireachta le fáil sa Dáil agus sa Seanad B'fhéidir taobh amuigh de na seomraí féin ná féidir leis na Teachtaí Dála bheith ina suí an lá ar fad sa Dáil agus ba chóir go mbeadh an córas teangaireachta le cloistáil acu ina seomraí féin. B'fhéidir go bhfuil sé sin ró-leathan ar fad agus níl sé sa tuarascáil seo ach bheadh sé deacair úsáid a bhaint as an gcóras teangaireachta i do sheomra féin sa Dáil muna raibh tú ann.

Tá deacrachtaí faoi leith faoi mar atá leagtha síos againn sa tuarascáil ó thaobh na tuairisceoireachta de agus ó thaobh, faoi mar a dúirt me, chóras teangaireachta. Níl go leor daoine ag obair anseo atá oilte ó thaobh na Gaeilge de agus tá figiúirí tugtha go bhfuil an méid daoine atá ag obair anseo ag dul i laige agus ní cóir é sin mar tá breis oibre le déanamh acu agus níl ach tuairisceoir amháin, de réir mar a dúradh linne, go bhfuil Gaeilge ar a thoil aige agus leas-eagarthóir amháin agus tá an duine sin an-mhaith ar fad mar tuigim go ndeineann sí anobair ar an nGaeilge a labhartar anseo agus cuireann sí eagar ceart ar gach botún a dhéantar, mar is eol dom go maith óm chleachtadh féin ach ní féidir gríosadh nó moladh d'aon duine an Ghaeilge a labhairt munar féidir leo bheith sásta go bhfuil an rud a dúirt siad tógtha síos agus go bhfuil sé i gcló i gceart. Muna bhfuil ach duine amháin in ann an rud seo a dhéanamh tá locht ann, mar tá Rialtas againn féin le 60 bliain anuas. Táimid ag caint faoi na rudaí seo le blianta anuas agus ba chóir go mbeadh córas ceart againn.

Tá moladh againn anseo go n-osclófaí seomra faoi leith i gcomhair chleachta do na Teachtaí Dála. Bhí searmanas againn inniu ina raibh an Taoiseach agus Ceannaire an Fhreasúra páirteach, an Teachta Charles Haughey, An Teachta Tomás Mac Giolla agus na ceannairí eile nuair a bronnadh leabhar orthu ina bhfuil téarmaí. Beidh an seomra seo ann i gcomhair Seanadóirí agus Teachtaí Dála ar mhaith leo cleachtadh a dhéanamh ar an nGaeilge. Is céim ar aghaidh í sin agus tá súil agam go mbainfear úsáid as an seomra sin. Bhí an-áthas orm nuair a chuala mé go raibh ranganna ar siúl ag Teachtaí Dála go raibh suim acu sa Ghaeilge — agus rinne siad é go príobháideach agus ní raibh aon phoiblíocht — chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Sin é an saghas ruda, sílim, a thugann misneach dom go dtiocfaidh feabhas ar an nGaeilge. Ní dóigh liom go ndeanann sé maitheas ar bith bheith ag cur milleán ar gach Rialtas dá raibh ann agus a bheidh ann toisc nach bhfuil an Ghaeilge le cloisteáil ar fud na tíre. Muna bhfuil na daoine ar fud na tíre toilteanach Gaeilge a labhairt, ní féidir aon rud a dhéanamh faoi ach sílim féin go bhfuil feabhas mór ar an scéal. Sílim go bhfuil a lán Gaeilge le cloisteáil ar fud na tíre faoi láthair sa Ghalltacht nó in áiteanna ar a dtugtar an Ghalltacht: uaireanta ceapaim go bhfuil níos mó Gaeilge le cloisteáil sa Ghalltacht ná mar atá sa Ghaeltacht.

Bhí mé ag éisteacht le hóráid ó bhean cháiliúil an Satharn seo caite agus mhol sí go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach ar ais ach ní dóigh liom go ndéanann Gaeilge éigeantach maitheas ar bith don teanga. Bhí sé ann leis na blianta agus cén maitheas a rinne sé? B'fhearr liomsa ar fad go mbeadh deathoil na ndaoine dhá chothú againn agus go mbeadh na daoine toilteanach agus fonn orthu chun Gaeilge a labhairt ar gach ócáid.

Sa Teach anseo tá na comharthaí agus na suaitheantais trí Ghaeilge faoi láthair agus is feabhas é sin. Ní cóir, sílim, go mbeadh orainn nó go mba chóir dúinn fanacht go dtí an bhliain seo go mbeadh na comharthaí agus na suaitheantais le feiceáil sa Teach seo agus sa Dáil, go mbeidís ann trí Ghaeilge. Bhí beagáinín ait nach raibh againn le 60 bliain ach "visitor" mar shuaitheantas in ionad "cuairteoir". B'fhéidir go ndéarfaidh daoine nach bhfuil ansin ach rudaí beaga bídeacha ach tá sé tábhachtach sílim go dtiocfadh duine isteach anseo agus go mbeadh suaitheantas ar a chóta aige leis an bhfocal "cuairteoir" ann agus dá mbeadh sé in áit eile i dtír ar bith eile thuigfeadh sé freisin cé nach mbeadh an teanga ar eolas aige.

Sílim go gcaithfimid gach gríosadh a thabhairt do na daoine Gaeilge a labhairt agus go gcaithfimid gach áis a thabhairt dóibh anseo sa Dáil agus sa Seanad go mbeadh siad in ann cabhair a fháil — tá sé sin molta againn sa tuarascáil — agus go mbeidh seans ag aon chainteoir an rud atá a rá aige a fheiceáil cuíosach ceart. Tá súil agam go mbeidh feabhas mór ar an líon daoine a bheidh i gceannas an aistriúcháin seo. Tá a lán, lán oibre le déanamh acu. Tá cuid acu ag obair go han-dian ar fad, agus ní orthusan atá an milleán; níl go leor díobh ann. Tá andóchas agam féin go bhfuil feabhas ag teacht ar úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad. Níl sa tuarascáil seo rud ar bith faoin dteanga go ginearálta agus táimid ag plé leis sin ach go dtí go mbeidh an áit seo mar dheá-shampla don tír, ní dóigh liom gur féidir linn a rá la haon duine go mba chóir dóibh bheith ag baint úsáid as Gaeilge agus, mar sin, cuirim fáilte go mór roimh "Lá na Gaeilge" agus tá an-áthas ormsa to bhfuil an tuarascáil seo á plé againn agus go mbeidh tuairimí le cloisteáil ó na daoine nach raibh ar an gcomhchoiste seo aghus bainfaidh mé taithneamh as bheith ag éisteacht leo mar tá a lán tuairimí ag daoine nach bhfuil Gaeilge ro-líofa acu agus tá sé an-tábhachtach ar fd go gcloisimid iad agus na hóráidí atá le tabhairt acu.

Glacaim go fonnmhar leis an méid adúirt an tAire Stáit mar gheall ar bheith mall agus an fáth go raibh sé mall agus nach raibh sé ar intinn aige ar aon bhealach aon mhasla a thabhairt don lá seo, sé sin Lá na Gaeilge, agus gur tharla an rud a tharla trí thimpist. Glacaim leis sin agus tá mé lán-sásta é sin a rá. Is ball den chomhchoiste an tAire Stáit é féin agus tá an teanga go maith aige agus is eol dom go bhfuil sé báiúil leis an dteanga.

Anois tá dhá thuarascáil á bplé againn anseo — an Dara Thuarascáil ón gcomhchoiste agus ina theannta sin An Chéad Tuarascáil, tuarascáil chinnbhliana. Tuigtear dom go bfuiltear chun an dá thuarascáil a thabhairt le chéile agus aontaíom leis sin. Measaim gurb é sin an chaoi is fearr chun iad a phlé mar go bhfuil siad ag suí isteach lena chéile agus go bhfuil tagairtí i gceann amháin a bhaineann leis an gceann eile agus é sin droim ar ais. Measaim go bhfuil sé ciallmhar go bpléfí an dá chéann le chéile.

Agus é sin ráite agam, ba mhaith liom fáiltiú roimh Lá na Gaeilge agus a rá go bhfuil súil agam go n-éireoidh go breá leis an iarracht ar gach uile bhealach. Gabhaim míle buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta O'Keeffe agus le Roinn na Seirbhíse Poiblí as ucht an cinnidh a rinneadh Lá na Gaeilge a chur ar siúl san earnáil phoiblí ar fad. Níl aon amhras ná go músclóidh sé spéis in úsáid na Gaeilge sna rannóga uilig agus sa gcaoi sin go dtiocfaidh tairbhe don Ghaeilge dá bharr.

Chuir sé ríméad ar an gComhchoiste don Ghaeilge nuair a fógraíodh go raibh Lá seo na Gaeilge a bheith ann. Dá thoradh sin cuireadh achainí ón gcomhchoiste á iarraidh go ndéanfaí an Seanad a thionól go speisialta ar an 4ú lá de Mhí na Samhna sa gcoi go mbeidh deis ag Seanadóirí a bheith rannpháirteach in imeachtaí an lae mhóir seo. Is ar an gCéadaoin a déantear an Seanad a ghairm go hiondúil, mar is eol do Sheanadóirí. Táimid faoi chomaoin ag Treoraí an Tí agus ag an gCathaoirleach a ghlac lenár n-achainí. Gabhaimse ar son na Seanadóirí ar fad agus ar son an Tí seo buíochas leo dá réir. Ní miste a rá anois gur ócáid stairiúil é seo. Ní h-é amháin go bhfuilimid ag gabháil páirt i Lá na Gaeilge ach tá dhá thuarascáil de chuid an Chomhchoiste don Ghaeilge á bplé againn chomh maith. Caithfidh mé a rá gur cúis ríméid domsa bheith páirteach sa díospóireacht seo — díospóireacht ina mbeidh an Ghaeilge in uachtar, tá súil agam, i rith an lae, agus le cloisteáil go forleathan freisin ar fud an Tí seo, ar fud an dá Theach, más ceart dom é sin a rá.

Fáiltím roimh an dá thuarascáil atá faoi chaibidil againn mar a luaigh mé. Measaim gur tuarascálacha iad ar féidir linn a bheith bródúil astu. Tá cuntas cruinn iontu ar an obair a bhí ar siúl ag an gcomhchoiste sna tréimhsí lena mbaineann siad faoi seach. Lena chois sin, tá siad curtha le chéile go slachtmhar, rianúil. Déanaim comhghairdeas go fonnmhar le Cléireach an chomhchoiste faoina éifeachtaí is a cuireadh na tuarascálacha i dtoll a chéile.

Is baolach go ndéarfar nach bhfuil le rá agam fós ach moladh ar gach rud. Ach fantar. Ní bheidh mé chomh moltach sin ar ball b'fhéidir. Aontaím leis an dtuairim atá nochtaithe sa Dara Tuarascáil nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta déanta sa tréimhse atá faoi chaibidil.

In ainneoin sin, is féidir a rá go cinnte go bhfuil feabhas le tabhairt faoi deara ar atmaisféar Tithe an Oireachtais i leith na Gaeilge agus an Ghaelachais ó bunaíodh an comhchoiste. Is léir go bhfuil tionchar ag obair an chomhchoiste ar Chomhaltaí agus ar fhoireann na dTithe. Is léir fresin go bhfuil roinnt mhaith Gaeilge ag go leor den fhoireann agus iad anois níos fonnmhaire chun í a labhairt ná mar a bhí. Cinnte, is dul chun cinn é sin. Tá ríméad orm é sin a rá sa Teach seo agus an díospóireacht seo ar siúl againn.

Sa gcomhthéacs sin ba chóir glacadh láithreach leis an moladh atá sa gcéad thuarascáil go dtabharfaí gach deis do bhaill na foirne freastal ar ranganna Gaeleagrais, agus go mór mhór go dtabharfaí cead dóibh freastal ar na cúrsaí Gaeltachta a bhíonn ar siúl agus á reachtáil ag an eagraíocht seo. Is iomaí sin státseirbhíseach — agus is trua é seo a rá ar bhealach — nár leag cos riamh sa Ghaeltacht. Is trua nach bhfaighfidís deis saol agus saibhreas cultúrtha na Gaeltachta a bhlaiseadh. Mhéadódh sin a spéis sa nGaeilge agus chuirfeadh sé fonn orthu í a labhairt, agus an fhealsúnacht a bhainean léi a phlé, a thabhairt leo agus, dá thoradh sin, bheadh tionchar i bhfad níos fearr acu ar atmaisféar na Gaeilge agus ar atmaisféar an Ghaelachais san dá Theach seo.

Tá tagairt go speisialta sa chéad thuarascáil bhliantúil ar na deacrachtaí is mó a chuir isteach ar obair an chomhchoiste. An deacracht ba mhó a bhí ann an mhoill a bhí ann na moltaí a rinneadh ó am go chéile a chur i bhfeidhm. Fiú amháin, nílimse sásta ar fad maidir leis an seomra atá á chur ar fáil do chomhaltaí lena gcuid Gaeilge a chleachtadh le téipeanna teagaisc ón Leabharlann. De réir mar a thuigim, níl ann ach socrú sealadach. Is é sin le rá nach mbeidh an seomra sin ar fáil don chomhchoiste ach nuair nach mbeidh sé ag teastáil le haghaidh cruinnithe eile. Ní féidir a rá go bhfuil sé seo sásúil ar chor ar bith. Ba chóir go mbeadh seomra seasta ar fáil do Chomhaltaí ina bhféadfaidís cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge i dtrátha a d'fheilfeadh dóibh féin. Sin í mo thuairim phearsanta agus is dóigh liom gur ceart dom é sin a lua anseo. Ní mó ná sásúil cúrsaí aistriúcháin ach an oiread. D'fhéadfaí a rá go deimhin go bhfuil an scéal an-mhí-shásúil ar fad. Már adúirt an Seanadóir Browne a labhair romham ag dul i laghad atá Foireann na hAistritheoireachta más ceart dom a rá. Is ait é sin. In ainneoin go bhfuil méadú an-mhór tagtha ar chúraimí na gComhaltaí le blianta maithe anuas agus go bhfuil i bhfad níos mó oibre agus níos mó cearcallán agus níos mó comhfhreagras le déanamh acu anois ná mar a bhí ariamh. Ní mór an scéal seo a leigheas chomh luath agus is féidir linn. Tá géarghá le breis aistritheoirí a cheapadh sa gcaoi go mbeadh foireann ann chun freastal ar na riachtanais atá ag méadú, mar a dúirt mé, in aghaidh an lae agus ní amháin in aghaidh an lae ach in aghaidh na huaire. Tá sé seo ar an gcéad mholadh atá déanta ag an gcomhchoiste in alt a 4.5.2, mír a hAon. Go dtí go nglactar leis an moladh seo ní féidir bheith ag súil go mbeadh leagan Gaeilge d'Achtanna le fáil ag an am céanna leis an leagan Béarla, rud atá fíor-riachtanach. Is rud a mbeidh mé ag tagairt dó arís ar ball beag.

Tá an scéal chomh dona céanna maidir le cúrsaí teangaireachta. Luaigh an Seanadóir Browne é seo. Tá ré na teicneolaíochta ann agus ré an riachtanais. Ba chóir mar sin na nithe a chur ar fáil atá riachtanach — teangairí a fhostú agus a fháil a bheadh in ann aistriúchán a dhéanamh ar an dtoirt ní amháin anseo ach sa Dáil chomh maith. Go dtí go gcuirtear é sin ar fáil ní féidir bheith ag súil le tuairisciú sásúil ar imeachtaí na Dála nó ar imeachtaí Sheanaid Éireann.

Fuarthas locht freisin ar na cluasáin atá in úsáid ag na teangairí. Má tá na cluasáin lochtach — agus níl a fhios agamsa an bhfuil siad lochtach nó nach bhfuil — ba chóir iad a leigheas nó a mhalartú láithreach sa gcaoi go mbeadh tuairisciú lán-éifeachtach le fáil.

I gcúrsaí teangaireachta agus tuairiscí ní ceart dearmad a dhéanamh ar an Seanad go mór mhór. Tá an ceart céanna ag an Seanad ar an aitheantas is atá ag an Dáil. Ach ní cosúil go bhfuiltear ag déanamh aon chúram de sin agus ní cosúil go bhfuil sé ar aigne ag na húdaráis cúram a dhéanamh de ach an oiread. Is mór an trua é sin. Ní hé sin mo thuairimse amháin. Sin é tuairim Sheanadóirí eile. Is dóigh liom gurb é, agus tá súil agam go ndéanfaidh siad é nuair a bheidh siad ag labhairt ar ball. Ba mhaith liom anois focal a rá faoi aighneachtaí, is é sin aighneachtaí a tháinig chugainn ó eagraíochtaí éagsúla agus ó dhaoine aonaracha ó cheann ceann na tíre. Chuir formhór mór na n-eagras deonach aighneachtaí inár láthair ach chuir siad aighneachtaí inár láthair a bhí go han-chríochnúil agus go han-mhaith. Tháinig siad lena bplé linn agus cur agus cúiteamh a dhéanamh linn faoi na tuairimí a bhí nochtaithe acu. Níl aon amhras orm ná go mbainfear úsáid amach anseo as na moltaí a rinneadh, mar is fiú go mór smaoineamh orthu agus is fiú go mór iad a chur i gcrích, más féidir.

Bá mhór an chúis mhisnigh don chomhchoiste líon agus fiúntas na n-aighneachtaí a cuireadh inár láthair agus a ndearnadh plé orthu le bliain anuas. Tá liostaí de na heagraíochtaí a chuir aighneachtaí inár láthair le fáil sna tuarascálacha agus ní dhéanfaidh mé athrá orthu anseo. Níl amhras nó gur mór ag an gcomhchoiste iad a fháil agus go mór mhór an treoir a thug siad dúinn, agus na moltaí breátha a chuir siad inar láthair. Bhí rud amháin coitianta tríd síos sna haighneachtaí, ba é sin an cúlú agus an laige a bhí tagtha ar chúis na Gaeilge sa chóras oideachais agus sa Státchóras ar fad le blianta anuas. Is féidir a rá le fírinne go bhfuil sé seo ina ábhar imní ag na hionadaithe uilig a tháinig os comhair an chomhchoiste lena n-aighneachtaí a phlé. Cé fearr fianaise ar dhrochstaid na Gaeilge sa chaoi seo faoi láthair ná a bhfuil le rá ag an gCoiste Comhairleach Pleanála de Bhord na Gaeilge ina bhfoilseachán "Irish and the Education System" a heisíodh Dé hAoine seo caite. Faoi alt príomhdha ar leathanach a 19 deirtear "Mar sin féin is furasta a léamh ar an tuarascáil..."— agus ba cheart dom a rá i dtosach gur an teideal atá ar an leabhar seo, "Irish and the Education System", tugtar faoi deara gur i mBéarla atá an teideal — is ait liom é sin ar bhealach amháin. Ach san alt seo deirtear "Mar sin féin is furasta a léamh ar an tuarascáil agus ar chruthúnas na scrúduithe go bhfuil meathlú tagtha ar leibhéal cumais na scoláirí iarbhunoideachais sa Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas. Tá céatadán de scoláirí a dteipeann orthu sa Ghaeilge sna scrúdaithe Stáit nó nach ndéanfaí scrúdú san abhar sin ar chor ar bith ag meadú ar feadh an ama. I láthair na huaire, mar shampla, tá suas le 30 faoin gcéad nach dtéann faoi scrúdú na Gaeilge don mheánteistiméireacht nó a dteipeann orthu ann. San ardteistiméireacht is 25 faoin gcéad é, figiúr atá inchurtha leis sin. I ndeireadh na seascaidí ba 10 faoin gcéad agus 5 faoin gcéad na figiúiri a d'fhreagair dóibh sin faoi seach. Dáiríre, dá mbeadh an t-athrú a bhí ann le deich mbliana anuas le leanúint ar aghaidh deich mbliana eile bheadh suas le 60 faoin gcéad de na scoláirí ardteistiméireachta nach mbainfeadh teastas amach sa Ghaeilge. Tá gach cuma ar an scéal gur measa fós a bheadh sé ná an figiúr do bhuachaillí amháin." Tá faitíos orm gur éadóchasach an scéal atá á nochtadh sa tuarascáil sin, agus má leanann an scéal mar sin, mar atá ráite, go ceann deich mbliana eile nó go dtí fiche bliain eile, is beag trácht a bheidh ar Ghaeilge sa chóras oideachais nó sa chóras Stáit.

Is trua liom é sin a rá ach is fíor é. Is fíric í sin atá beagnach dochreidte. Níos measa fós, is fíric í a scanródh duine. Ach san am céanna ní haon chúis iontais é. Níos faide anonn sa bhfoilseachán thuasluaite tá sé ráite i gcás na hardteistiméireachta gur mhéadaigh líon na dteipeanna faoi thrí idir na blianta 1973-1983, is é sin, 5 faoin gcéad go dtí 15 faoin gcéad maraon le líon na n-iarrthóirí nár thug faoin scrúdú i nGaeilge ar chor ar bith. Is é sin, i gcás na hardteistiméireachta, 3 faoin gcéad agus 10 faoin gcéad. An cheist atá le cur anseo: an daoine iad a rachaidh ar aghaidh go dtí oideachas tríú leibhéal agus a thógfar isteach faoin Státchóras leis an aimsir? Más ea, cén seans atá ann go mbeidh siad in acmhainn gnó a dhéanamh trí Ghaeilge nó aon tionchar a bheith acu ar chur chun cinn na Gaeilge san am le teacht? Is minic ráite é gur ó cuireadh deireadh leis na coláistí ullmhúcháin a thosaigh an meath tubaisteach seo maidir le staid na Gaeilge. Bíodh sin mar atá, níl fúmsa an cheist sin a phlé anseo. Ach caithfear a admháil go bhfuil líon mór tuismitheoirí buartha faoi nach bhfuil líofacht mhaith Ghaeilge agus eolas uirthi á bhfáil ag a gclann. Is é sin is cúis le go dtáinig Gaelscoileanna ar an saol ó thús. Tá na daoine seo ag lorg oideachais lán-Ghaeilge dá gclann. Tá éileamh mór air seo ar fud na tíre. Is sa bhliain 1973 a bunaíodh Gaelscoileanna i dtosach. Idir an dá linn tá 52 bhunscoil lán-Ghaeilge bunaithe agus ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht faoi láthair. Cuireadh iarratas chuig an Roinn i mbliana ar naoi gcinn eile a cheadú. Níor tugadh aitheantas ach do thrí cinn acu. In ainneoin na ndeacrachtaí go léir bheartaigh trí choiste eile dul ar aghaidh ar a gconlán féin agus na scoileanna a bhunú. Is iad na trí cinn sin: Parklands agus Rinn Mathain i gCorcaigh agus Cnoc Theas i Luimneach. Tá aitheantas á cheilt orthu ag an Roinn agus tá na scoileanna ag dul ar aghaidh ó Mheán Fómhair seo caite. Is éagóir í sin ar na scoileanna lán-Ghaeilge, measaim, agus ba chóir an scéal a leigheas go tapa.

Is measa fós go séantar a cheart ar an nGaeilge i gcóras dlí na hÉireann. Ceaptar go forleathan go bhfuil cearta na Gaeilge slán faoin mBunreacht. Ní mar seo atá dáiríre. Ní thugtar sa Bhunreacht ach cearta comhionannais leis an mBéarla sa chás seo. Is fíor go ndeirtear sa Bhunreacht gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil, ach ní hionann sin is a rá go dtugann sé cearta ar leith don duine. Is fíor go leagtar síos sa Bhunreacht nuair a bhíonn aon amhras faoi chiall focal a reachtaíodh nó in Achtanna a ritear, go dtabharfar tús áite don leagan Gaeilge. Tá sé sin go breá, ach céard faoi nuair nach mbíonn aon leagan Gaeilge ann, nuair a bhíonn na hAchtanna á bplé agus á reachtú? Is eol do chách go gcuirtear a lán lán Achtanna i bhfeidhm nach mbíonn aon leagan Gaeilge le fáil leo. Ní bhíonn siad le fáil go ceann blianta fada ina dhiaidh, sin má bhíonn ar chor ar bith.

Deirtear liom gurb í fírinne an scéil de réir dlí gurb é an leagan teanga de Achtanna a ritheadh an chéad lá an leagan a dtugtar tús áite dó má thagann aon cheist dlí chun cinn ina dhiaidh sin. Is ionann sin is a rá go bhfuil tús áite ag an mBéarla i bhformhór mór na nAchtanna a ritear i dTithe an Oireachtais. Ní bhaineann an choinníoll a luaitear sa Bhunreacht ach leis an mBunreacht amháin, agus i gcásanna a bhfuil an leagan Gaeilge de Bhilli le fáil comhuaineach leis an leagan Béarla. Tá tuairimí láidre ag a lán gur cheart Bille Cearta don Ghaeilge a reachtáil leis an scéal seo a leigheas, cearta dlisteanacha a chur ar fáil don Ghaeilge. Comhairlítear chomh maith go mbeadh sé níos fearr coimisinéir teanga a cheapadh a bheadh freagrach do Thithe an Oireachtais, chun aird a choinneáil ar chearta an tsaoránaigh maidir le cúrsaí teanga. Seo mar atá an scéal i gCeanada, tír ina bhfuil fadhb an dátheangachais i gceist chomh maith leis an tír seo. Cibé bealach a ndéanfaí é, tá leigheas ar an scéal seo práinneach. Sórt ombudsman a bheadh sa choimisinéir seo, a choinneodh aire ghéar ar chearta an tsaoránaigh maidir le cúrsaí teanga agus a chuirfeadh leigheas dá réir ar aon deacrachtaí a thiocfadh faoina chomhair.

Tá go leor eile a d'fhéadfaí a rá maidir leis an gceist seo. Tá súil agam nár chuir mé isteach ar aon duine, ach mheas mé nár mhiste na fíricí seo a chur ar fáil agus a chur i láthair na mBall de Sheanad Éireann ar an ócáid seo. Ba mhaith liom, arís, fáiltiú roimh Lá na Gaeilge agus na daoine a thionscain é, is é sin Roinn na Seirbhíse Poiblí agus an tAire, agus Cathaoirleach Sheanad Éireann anseo, agus Treoraí an Tí a mholadh as gur cuireadh an deis seo ar fáil dúinn. Tá go leor cainte faoi láthair faoi cá fhad eile a bheas Tithe seo an Oireachtais le chéile. Dá fhad — níl lá dá fhad, deirtear, nach dtagann an tráthnóna, agus is rí-dhócha go dtiocfaidh Rialtas eile le chéile, cibé uair sin, go mbeidh coiste eile anseo le féachaint i ndiaidh na Gaeilge agus ceart na Gaeilge sa dá Theach. Guím go leanfaidh an coiste sin leis an obair atá tosaithe agus tosaithe go maith, agus go críochnúil, agus go mbeidh toradh air san am atá le teacht.

Tá áthas orm cuidiu leis an rún seo ar son Pháirtí an Lucht Oibre. Tá an-áthas orm, chun an fhírinne a rá, mar tá a lán oibre déanta ag baill den chomhchoiste seo agus tréaslaim leo as ucht na hoibre atá déanta acu. Séard atáimid a dhéanamh inniu ná ag tabhairt aire ar dhá thuarascáil, chéad cheann ar obair ghinearálta an chomhchoiste don chéad bhliain, an bhliain 1985-86 agus an dara tuarascáil, ar ábhair ar leith, is é sin i dtaobh úsáid na Gaeilge in imeachtai na Dála agus an tSeanaid féin agus i dtimpeallacht an dá Theach. Bhí sé de onóir agam, sa tréimhse atá i gceist sa dá thuarascáil, teacht os comhair an chomhchoiste agus fianaise a thabhairt ar son Pháirtí an Lucht Oibre. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh don mhéid a dúirt mé ar an ócáid seo, mar ar leibhéal amháin is iad na tuairimí céanna atá againn inniu. Ar an gcéad dul síos, aontaím le gach moladh atá sa chéad tuarascáil den chomhchoiste, is é sin atmaisféar nó timpeallacht na dTithe a athrú ionas go mbeadh seans i bhfad níos fearr an Ghaeilge a úsáid, go háirithe an moladh atá ann go mbeadh seomra ar leith ar fail dóibhsean a dteastaíonn uathu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus ar úsáid na Gaeilge, iad siúd a bhfuil an Ghaeilge acu, mar chomhrá agus mar sin de. Ach caithfidh mé a rá go bhfuil sé admhaithe sa dara tuarascáil seo nár éirigh go rómhaith leis an gcomhchoiste an méid beag seo a bhaint amach. Cuireadh bac agus moill roimh beagnach gach moladh fiúntach a rinneadh sa chéad tuarascáil agus cuireann sé áthas orm go bhfuil an dóchas fós ag an Seanadóir de Brún — an bheirt Sheanadóir de Brún — agus baill ar fad an choiste go bhfuil dóchas acu fós.

Tá dóchas intleachtúil agam féin, cé go mbíonn an t-eadóchas orm go minic i leith athbheochan na Gaeilge, mar a léirigh me don chomhchoiste nuair a bhí mé ag caint leo. Ar an gcéad dul síos, dúirt mé ag an am sin go gcaithfidh tú a lán nithe réabhlóideacha a dhéanamh chun an teanga féin a chur slán. D'aimsigh mé an chéad tuarascáil a cuireadh i gcló, i 1925, nuair a bhí Risteard Ó Maolchatha ina chathaoirleach ar an gcoiste sin. Níor chosnaigh sé ach timpeall £600. Tá an t-uafás milliún focal curtha i gcló ó 1925 ar aghaidh agus tá an t-uafás daoine a raibh an Ghaeilge acu imithe as an tír. Tá dhá ní le déanamh, i ndáiríre, nuair atá tú ag caint faoi athbheochan. Ar an gcéad dul síos caithfidh tú timpeallacht na Gaeilge féin, is é sin na Gaeltachtaí, a shlánú ar leibhéal eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha, ionas go mbeidh slí bheatha ar fáil do na daoine ionas go mbeidh an caighdeán céanna acu agus atá ar fáil don chuid eile den tír. Ar an láimh eile, caithfidh tú aimsiú ar na deacrachtaí ar leith atá ag baint chúil, atá ag bagairt, ar chúrsaí teanga. Is deacair an dá rud a dhéanamh le chéile ach caithfidh tú sórt teangmhála a dhéanamh idir an dá rud. Agus cuireann sé díomá orm féin chomh luath is atá aon cheangail idir an obair atá ar siúl idir, mar shampla, Roinn na Gaeltachta — agus fáiltím roimh an tAire anseo trathnóna — agus an Roinn Oideachais. Tabharfaidh mé sampla beag dé sin amháin. Ar an tuarascáil de Bhord na Gaeilge "Action Plan for Irish 1983-86" ar leathannach 27 nuair atá Bord na Gaeilge ag cur síos ar an freagra a bhfuair siad do na moltaí a bhí acu don tréimhse 1983-87 deineann siad cursíos ar an freagra mar seo ar leathannach 27 faoin teideal "Proposals":

The Department of Education undertakes to enter into consulation with the relevant educational bodies with a view to implementation as far as feasible and to the extent that falls within its competence and subject to available resources the following recommendations.

Tá trí coinníollacha móra —"chomh maith agus is féidir", "sa méid is a bhaineann sé leo", agus "sa méid is féidir ó thaobh costas de". Tá a lán níos mó ag teastáil ón Roinn Oideachais má tá tú ag súil le aon fheabhas a chur ar staid na Gaeilge nó ar úsáid na Gaeilge gan a bheith ag caint chomh coinníollach san. Tá sé ag tabhairt, im thuairimise, sort masla do obair Bhord na Gaeilge. Tá, mar adúirt mé, deacrachtaí ann i leith na Gaeilge agus cloím, b'fhéidir, níos mó leis an rún atá os ár gcomhair an tratáhnóna seo — úsáid na Gaeilge san Teach seo agus an Teach eile san Dáil. Tá a lán tagairtí déanta do obair Bhord na Gaeilge ach níl aon mhaith bheith ag caint faoi obair Bhord na Gaeilge muna bhfuil tú sásta an t-airgead a chur ar fáil is na postanna a chruthú ionas go mbeidh sé ar chumas Bhord na Gaeilge a obair a dhéanamh i gceart. Ní sórt deimhniú fealsúnachta atá ag teastáil ag an pointe seo ach ceann i leith airgead agus postanna a chur ar fáil. Nuair a bhí mé ag caint don chomhchoiste ar an 28 Bealtaine 1986 dúirt mé leo ag an am sin, mar shampla, go mbeimís ag súil i bPairtí an Lucht Oibre go mbeadh gach caipéis pholasaí atá againn ar fáil i nGaeilge — go mbeadh leagan Gaeilge de ar fáil agus do scríobhamar chuig Bord na Gaeilge, agus bheadh sin ag teastáil, dar ndóigh, ag chuile pháirtí. Ach ní raibh ant-airgead ag Bord na Gaeilge chun cabhair a thabhairt dúinn agus ag an bpointe seo is cuimhin liom — b'fhéidir ón céatadán den chaiteachas iomlán i leith cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta tá mar shampla ag Bord na Gaeilge, go bhfuil siad ag fáil a ndeontas as .25 faoin gcéad den méaid ar fad atá caite ar Ghaeilge i mbliain ar bith. Fillfidh mé go dtí na figiúrí beachta.

Ach tá deacrachtaí eile ann. Beidh deacrachtaí i gcónaí. Is cuimhim liomsa nuair a bhí mé i mo Bhall den Dáil — agus tá deacrachtaí i gcónaí agam san Teach seo. Tá deacrachtaí ar leith roimh dhuine ar bith a labhraíonn Gaeilge ar leibhéal iriseoireachta. Tá deacrachtaí ann nach bhfuil sé ar chumas iriseoirí na focail a chur i gcló. Táim ag baint úsáid as focail go cúramach. Nuair a bhí cruinniú idir an chomhchoiste — agus tá sé luaite san tuarascáil — agus na hiriseoirí, tá tagairt déanta do na deacrachtaí atá ann ar leibhéal eagarthóireachta taobh istigh de na páipéir eagsúla. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó á dhéanamh. Ní chuireann sé iontas orm féin nach ndeineann an Irish Independent beag ná mór den Ghaeilge ag an pointe seo. Thuigfeadh duine ar bith an fáth leis sin. Dar ndóigh, tá an béim ar airgead agus mar sin de agus fiú amháin go bhfuil dearcadh polaitiúil ag an Independent. Níl aon ghrá ag an dream céanna don Ghaeilge.

Chun na deacrachtaí eile a lua atá in úsáid na Gaeilge tá deacrachtaí faoin leibhéal aistriúcháin agus ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó cabhrach ar fáil don fhoireann go bhfuil an cúram sin orthu san Teach seo. Is minic, is cuimhin liom, labhradh duine san Dáil nó san Seanad cúpla focal i nGaeilge agus aistrítí na focail sin go Béarla beagnach díreach ar an bpointe ar eagla nach mbeadh focal ar bith sna páipéir uathu. Tá na deacrachtaí sin ann ní hamháin ó thaobh díospóireachtaí ginearálta de ach tá sé ann chomh maith don ghnáth obair taobh istigh de na coistí eagsúla agus ba chóir go mbeadh tuarascáil ceart á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ar obair na gcoistí sin.

Tá a lán moltaí, go háirithe san tuarascáil atá luaite san tarna rún, is é sin, tá suas le fiche moltaí ann. Aontaím leo agus tá súil agam go gcuirfí i gcrích iad ach tá an deacracht ann nach bhfuil coiste forbartha ar leith sa Teach seo chun na moltaí a thabhairt i gcrich. Tá sé ar fáil; tá sé luaite san tuarascáil. Níl mé ach ag cur leis an méid atá ráite ag na Baill. Ba chóir go mbeadh, mar adúirt mé, seomra ann lán d'áiseanna. Is cuimhin liom nuair a bhí mé ag caint leis na baill den chomhchoiste agus chuir siad ceisteanna orm, an Bealtaine seo caite, d'iarr siad orm "I do thuairimse cén sórt deacrachtaí atá os comhair úsáid na Gaeilge na laetheanta seo nó cén chaoi ina bhfuil crot na Gaeilge?" Dúirt mé leo go gceapann a lán daoine fós gur rud seanaimseartha é an Ghaeilge agus gluaiseacht na hathbheochana agus go raibh caolaigeantacht ag baint gluaiseacht na hathbheochana. Thug mé sampla don choiste.

Is cuimhin liom nuair a tháinig mé go Gaillimh don chéad uair timpeall 1970 bhí fonn orm Gaeilge a fhoghlaim i gceart mar brúadh sórt Gaeilge orm sa mheanscoil. Bhí sé ag teastáil uaim Gaeilge a fhoghlaim agus bhí mé mar bhall de "organisation", de dhream áirithe. Ní luafaidh mé an ceann atá i gceist agus bhí sé ar intinn acu ag an am club a bhunú ionas go mbeadh seans ag Gaeilgeoirí teacht le chéile chun cúpla deoch a ól agus comhrá agus mar sin de. Chun tús a chur leis sin chuir duine amháin moladh os comhair an dreama go mbeadh teas lárnach againn, sin "central heating", agus séard adúirt fear amháin "Má tá sé fuar cuirfimíd ár gcótaí móra orainn". Bhí an dearcadh sin ann agus bheadh áthas orm bheith in ann a rá go bhfuil an caolaigeantacht imithe ón ghluaiseacht ach níl sé.

Tá sé ag cur im choinne agus tá brú anseo go mór orm mar tá "commitment" déanta agam le mo chlann féin — tá triúr mac agam ag freastal ar scoil lánGhaelach ach mar shaoránaí nach mbeadh sé ag teastáil uaim, ag íoc amach costas as ucht tacaíocht a thabhart don Ghaeilge, go mbeadh coinníollacha áirithe ann i leith teagaisc agus i leith múinteoireachta. Tá stair áirithe le sárú ag an ghluaiseacht agus nílim féin róshásta go bhfuil an meoin leathan oscailte ann fós i leith na Gaeilge. Tá sé imeasc na daoine óga atá sásta an Ghaeilge a labhairt, ach dúirt mé uair amháin, agus tabharfaidh mé an tagairt, nuair a bhí mé ag caint sa Seanad ar an 11 Deireadh Fómhair 1983, Imleabhar 79 i dTuarascáil an tSeanaid, gur trua é. I said: "I have to tell myself that if we do take the language and its revival on board we do not have to take all the other musty stuff in the national wardrobe as well".

Sin atá i gceist agam. Tá mise i bhfabhar na nGaeltachtaí, i bhfabhar úsáid na Gaeilge. Tabharfaidh mé tacaíocht do aon duine atá ag déanamh cás don infheistíocht cheart a dhéanamh ar chúrsaí eacnamaíochta, sóisialta na Gaeltachta, aon rud a chabhródh le húsáid na Gaeilge in aon chaoi, in aon áit, sa Teach seo, i dTeach Laighean go ginearálta. Ach caithfidh mé bheith i ndáiríre faoin rud. Tá mé ag súil leis an lá go mbeadh fonn ar an bpobal go ginearálta an Ghaeilge a úsáid agus gur daoine nua-aimseartha iad, daoine atá sásta glacadh leis an domhan, daoine atá sásta glacadh le modhanna agus fealsúnachtaí éagsúla, le tuairimí nua, drámaí nua, damhsaí nua agus mar sin de. Ní le haon dream beag amháin an Ghaeilge; ní le lucht na caolaigeantachta an Ghaeilge, agus chaithfimis go léir bheith sásta an Ghaeilge a thógáil ar ais ó dhream beag mar sin chun í a shlánú.

Sin an fáth go bhfuil sórt réabhlóideachais le feiceáil taobh istigh de na heagraisí éagsúla atá ag obair ar son na Gaeilge faoi láthair. Mar sin, má tá siad ag déanamh rud réabhlóideach, tá mise sásta cuidiú leo.

Ach chun an fhírinne a rá, ón t-am ar tháinig mé isteach anseo sa bhliain 1982 nílim sásta go bhfuil se éascaí Gaelilge a úsáid sna Tithe seo agus a bheith sásta go mbeadh cur síós air sna páipéir nuachta nó in aon áit eile. Agus tá deacrachtaí fós ann roimh an ngnathshaoránach atá ag déanamh iarracht gnó a dhéanamh leis an Stáit. Ba chóir go mbeifeá in ann gach rud atá le déanamh agat a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. An féidir sin a rá mar shampla, taobh istigh den Ghaeltacht féin? Níl na seirbhísí iomlána ar fáil ó na Ranna Stáit féin. Is masla mór é sin. Tá mé bréan de bheith ag freagairt litreacha, mar shampla, ó dhaoine i nGaillimh atá tar éis ticéidí fíneála páirceála agus mar sin de a fháil i mBéarla taobh istigh den chathair. D'iarr mé ar Bhardas na Gaillimhe na ticéidí a chur i gcló i nGaeilge. Tá gach constaic is féidir leat a lua roimh an ngnáthdhuine atá ag déanamh iarracht gnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge.

Sin an fáth go n-abraim go bhfuil sórt réabhlóid intleachtúil ag teastáil ionas go mbeidh aon fheabhas fiúntach ann. Is maith an rud é, is iontach an rud é, go bhfuil muidne sna Tithe seo ag tabhairt faoin obair, agus níl mé ag tógáil ó na tuarascálacha: tá mé ag déanamh iarracht leathnú amach ó na tuarascálacha, mar go bhfuil sé luaite sa dara ceann go bhfuil sé ar intinn ag an gcomhchoiste leathnú amach go dtí an t-ábhar atá i gceist agam a phlé.

Aontaíom go mór leis an méid a dúirt an Seanadóir Séamus de Brún faoi chaighdeán na Gaeilge féin. Tá sé imithe síos go mór. Cuireann sé déistin orm féin, fiú amháin taobh istigh de na scoileanna lán-Ghaeilge, an méid ama a chuirtear amú ag tógáil abairtí amach as leabhair agus iad a scríobh síos i gcóipleabhar, agus daoine tar éis cúpla bliain nach bhfuil in ann Gaeilge a labhairt. Sórt rud seanaimseartha, agus tá an bhéim i gcónaí ar smacht: má tá siad ciúin, tá siad ag tógáil na n-abairtí as na leabhair agus iad á scríobh síos ina gcóipleabhair.

Rud marbh atá ann. Ba chóir go mbeadh modhanna nua-aimseartha in úsáid, go mbeadh atmaisféar nua-aimseartha in úsáid. Ar ndóigh, tá sin ag brath go mór ar chúrsaí oideachais go ginearálta: mar a thuigeann gach duine atá ag obair taobh istigh den chóras oideachais; tá sé bunaithe ar fhaitíos. Agus táimid ag iarraidh ár dteanga a thabhairt ar ais san atmaisféar sin. Caithfidh tú an t-atmaisféar sin a athrú agus caithfidh tú a chur ar chumas na múinteoirí. Ba chóir go dtosófaí taobh istigh de na coláistí traenála. Ach an féidir le héinne a rá go bhfuil cúrsaí níos fearr sna coláistí traenála anois ná mar a bhí? Is in olcas atá siad ag imeacht.

Tá cur síos sa chéad tuarascáil ón chomhchoiste atá bunaithe ag an dá Theach ar na torthaí seo atá ar an méid oibre atá déanta acu go dtí seo, an obair atá ar lámha acu, na deacrachtaí, agus thar aon rud eile an mhoill a cuireadh ar aon rud a gealladh dóibh, an obair atá beartaithe acu a chur chun cinn.

Mar dúirt mé ar son Páirtí an Lucht Oibre, mar shampla, tá sé ar intinn againn ceisteanna a chur faoi úsáid na Gaeilge taobh istigh de na páirtithe polaitiúla féin. Beidh muidne i bPáirtí an Lucht Oibre sásta aon chomhobair atá ag teastáil a thabhairt don comhchoiste. Molaim iad arís as an obair atá ar siúl acu, ach ba chóir go mbeadh freagra ceart — b'fhéidir go bhfaighimid inniu é — ar na moltaí fiúntacha atá déanta acu. Tá siad luaite ar leathanaigh 27, 28 agus 29 den dara tuarascáil. Tá 25 de mholtaí ann. Níl mé chun aon rud chomh leadránach a dhéanamh, tar éis an méid atá ráite ann, a rá nó a léamh amach. Ach tá 25 cinn ann, mar adúirt mé. Baineann siad leis an seomra féin, na háiseanna a ba chóir a bheith ar fáil, na seirbhísí ba chóir a bheith ar fáil do ghnáthfhoireann na dTithe. Fiú amháin, níl mé ag caint faoi na Baill tosaigh agus mar sin de. B'fhéidir go dtabharfaidh an tAire tuairim dúinn an bhfuil aon seans go gcuirfí i gcrích iad? Tá súil agam, agus seo an focal deiridh atá le rá agam, go mbeidh níos mó bainte amach nuair a cuirfear an chéad tuarascáil eile i gcló. Níl aon mhilleán á chur agam ar bhaill an chomhchoiste nuair a deirim go bhfuil siad ag rá go gcaithfidh siad dul ar aghaidh go mall. Is orainne féin a bhraithfidh an rud a deirim. Arís, ar son mo pháirtí féin, beidh áthas orainne cuidiú le baill an chomhchoiste in aon obair a bhéas ar siúl san am atá le teacht.

Nuair a labhair mé sa Seanad ar an 6 Márta i mbliana i rith na díospóireachta ar an gcéad tuarascáil ón gcomhchoiste i dtaobh úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht na dTithe, mhol mé an tsár-obair a bhí á déanamh ag an gcomhchoiste agus dúirt mé go raibh siad, i mo thuairim, ar an mbóthar ceart agus go raibh bóthar fada rompu. Dhírigh mé aire an Tí ar an sliocht seo ar leathanach a 5 den tuarascáil sin faoi labhairt na teanga.

Is teanga beo í an Ghaeilge agus caithfear í a labhairt i dtreo is go mairfidh sí. Tuigtear go bhfuil go leor Baill sa dá Theach a bhfuil cumas maith Gaeilge acu. D'fhéadfadh siad, ar ndóigh, i bhfad níos mó Gaeilge a labhairt sna Tithe agus lasmuigh díobh. Is gá daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a mhealladh chun í a labhairt, agus d'fhéadfaí é sin a dhéanamh trí atmaisféar níos Gaelaí a chothú sa dá Theach. Dá gcruthófaí atmaisféar ar an dóigh sin ní bheadh leisce ar a lán daoine mar atá faoi láthair, is cosúil, an méid Gaeilge atá acu a úsáid. Tá sé ríthábhachtach go dtuigfí ón tús go bhféadfadh gach Ball a bhfuil Gaeilge ar bith aige nó aici cur leis an iarracht chun an t-atmaisféar sin a chruthú trí an méid atá acu a úsáid oiread agus is féidir.

Sílim go bhfuil bun agus barr an scéil san alt sin. Bhí díospóireacht an-mhaith againn sa Teach seo ar an ócáid sin, an ócáid nuair a phléamar an chéad tuarascáil ón gcomhchoiste. Labhair triúr Seanadóirí déag ar fad faoin tuarascáil agus thug Aire na Gaeltachta freagra ar an díospóireacht. Tá súil agam go mbeidh an díospóireacht ar an dá thuarascáil atá os ár gcomhair inniu chomh maith agus chomh bríomhar leis an díospóireacht a bhí againn i mí na Márta. I dtosach báire ba mhaith liom fáiltiú roimh an dá thuarascáil seo agus a rá go bhfuil an-áthas orm caoi a bheith agam páirt bheag a ghlacadh sa díospóireacht seo. Is soiléir ón dá thuarascáil bhreise seo ón gcomhchoiste go bhfuil an comhchoiste ag obair go dícheallach, agus caithfear a rá go bhfuil ardmholadh tuillte acu as ucht an dul chun cinn atá déanta acu agus á dhéanamh acu. Tréaslaím leis na baill go léir den chomhchoiste, ach go mórmhór leis an gCathaoirleach, an Teachta Denis Gallagher, agus leis na Baill ón Teach seo atá ar an gcomhchoiste, an Seanadóir Séamus de Brún, an Seanadóir John Browne, an Seanadóir Flor O'Mahony agus an Seanadóir Michael Lynch.

Tréaslaím freisin leis na daoine a thionscain Lá na Gaeilge agus a thug caoi dúinn na tuarascálacha seo a phlé inniu. Tá an-áthas orm go bhfuil socraithe ag an gcomhchoiste tuarascáil bhliantúil a sholáthar ar ghníomhaíocht an chomhchoiste i rith na bliana, ar na torthaí a baineadh amach sa tréimhse sin, ar an obair atá idir lámha acu, agus ar bheartas an chomhchoiste don chéad bhliain eile. Cé go mbeidh tuarascálacha eile ón gcoiste ó am go ham, sílim go bhfuil an tuarascáil bhliantúil go han-tábhachtach.

Insítear dúinn sa tuarascáil bhliantúil do 1985-86 go raibh ceithre chruinniú is fiche ag an gcomhchoiste i rith na bliana agus gur caitheadh formhór an ama sin ag plé le ceist na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Insítear dúinn freisin gur cuireadh litreacha chuig Aoirí na bPáirtithe Parlaiminte agus chuig na Comhaltaí den dá Theach ag lorg tuairimí agus moltaí uatha i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge sna Tithe. Tá sé soiléir go raibh díomá ar an gcomhchoiste le líon na bhfreagraí a fuair siad agus leis an moill a ghabh leis na freagraí sin. Caithfidh mise a admháil go raibh mé chomh ciontach le héinne eile maidir leis an litir seo. Fuair mé an litir, léigh mé í agus, bhuel, mhachnaigh mé uirthi ach níor tháinig aon smaoineamh fiúntach chugam ag an am sin agus níor chuir mé freagra arais chuig an gcomhchoiste.

Bíodh sin mar atá, tá cúpla moladh ba mhaith liom a dhéanamh inniu. Tháinig siad chugam le déanaí. Baineann an chéad mholadh leis an leabhairín iontach gleoite sin a chuir Cléireach an tSeanaid ar fáil dúinn anuraidh dar teideal "Teach Laighean". Tá an leagan Gaeilge den leabhrán sin ar fheabhas ar fad. Ba mhaith liom a mholadh go ndéanfar video bunaithe ar an leabhrán sin agus go dtaispeánfar an video sa Seomra Feithimh agus, b'fhéidir, in áiteanna eile ar fud an Tí cúpla uair ar a laghad gach lá. Dar ndóigh, d'fhéadfaí é a thaispeáint níos minice ar na laethanta a bheadh na Tithe ina suí, mar is ar na laethanta sin a bhíonn an uimhir is mó cuairteoirí ag teacht agus ag imeacht. D'fhéadfaí an video a bheith ar díol sa Teach agus tá mé cinnte go mbeadh suim mhór ann.

Baineann an dara moladh leis an moladh a bhí i bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-86, go labhródh cainteoir amháin ar a laghad as gach páirtí as Gaeilge den chuid is mó de ar an Dara Céim de gach Bille a thógfaí sa Dáil nó sa Seanad. Tá a fhios agam go bhfuil sé molta sa dara tuarascáil go gcuirfí ar fáil lámhleabhar dátheangach de théarmaí a úsáidtear go coitianta sna Tithe. Cinnte, beidh an lámhleabhar sin an-úsáideach. Cuideoidh sé le Ball ar bith a bhfuil sé ar intinn aige óráid as Gaeilge nó mír de óráid sa Gaeilge a ullmhú. Is é an moladh ba mhaith liomsa a dhéanamh ná go mbeadh foclóir gearr Béarla-Gaeilge ar fáil le gach Bille a chuirtear timpeall. Le gach Bille bíonn focail agus nathanna neamhchoitianta agus chuideodh foclóir beag Béarla-Gaeilge go mór le Teachtaí agus le Seanadóirí. Chuideodh sé go mór dá mbeadh aistriúchán ar na focail agus na nathanna neamhchoitianta atá sa Bhille. Dá mbeadh sé sin ar fáil tá mé cinnte go gcloisfí i bhfad níos mó Gaeilge sna hóráidí ar an Dara Céim.

Mar fhocal scoir, a Chathaoirligh, ba mhaith liom a rá go go n-aontaím leis na moltaí go léir atá déanta sa dara tuarascáil. Is moltaí fiúntacha praiticiúla iad agus tá mé féin an-dóchasach go mbeidh an comhoibriú ar fáil atá ag teastáil chun iad a chur i gcríoch agus má tá, déanfar dul chun cinn suntasach sna míonna agus sna blianta, atá romhainn. Go raibh maith agat.

Is mór an onóir dom go bhfuil ócáid agam labhairt ar an ábhar seo ar an lá tábhachtach seo. I dtosach báire ba mhaith liom tamall beag a chaitheamh ag caint faoi Lá na Gaeilge. Is dóigh liom gur rud an-tábhachtach é seo, agus molaim go mór an smaoineamh. Is Seanadóir ón nGaeltacht mé agus is féidir liom rá go cinnte go bhfuil áthas an domhain ar mhuintir na Gaeltachta go bhfuil Lá na Gaeilge ann. Táim féin i gcónaí ag rá gur chóir ócáidí mar Lá na Gaeilge a bhunú, ní hamháin i dTeach Laighean ach mórthimpeall na hÉireann go hiomlán. Ach, a chairde, caithfidh an deáshampla a theacht ón Teach seo. Caithfimid go léir iarracht mhór a dhéanamh inniu chun roinnt mhaith Gaeilge a úsáid anseo i dTeach Laighean, agus tá súil agam go leathnóidh an t-atmaisféar as seo mórthimpeall na tíre. Tá áthas orm go bhfuil sé de phribhléid agam labhairt ar an dara tuarascáil faoi úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Teach. Labhair mé ar an gcéad thuarascáil cheana féin agus rinne mé roinnt moltaí. Tá suim faoi leith agam in úsáid na Gaeilge. Ní hamháin i dTithe an Oireachtais ach in úsáid na Gaeilge go for-leathan mórthimpeall na hÉireann ar fad.

Toisc gur Seanadóir ón nGaeltacht mé ba bhreá liom dá mbeadh níos mó Gaeilge á úsáid againn i dtimpeallacht an Oireachtais. Ag tagairt dom i dtosach do réamhrá na tuarascála seo bhí cúpla rud anseo a chur ionadh orm, uimhir a h-aon, chuir sé díoma an domhain orm a fheiscint an mhoill ar Chomhaltaí an dá Theach seo a dtuairimí agus a moltaí praiticiúla a sheoladh arais go dtí an fochoiste seo. Rud atá níos measa ná seo ná an líon beag Comhaltaí a fhreagair an ciorclán seo. Is dóigh liom go bhfuil fadhb mór againn sa réigiúin seo mar muna bhfuil suim go leor ag na Comhaltaí an ciorclán seo a fhreagart is ar éigeann a bheidh suim acu an Ghaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid. Uimhir a dó, maidir leis na fógraí a cuireadh ar na páipéir náisiúnta ba chúis mhór áthais dom a léamh faoin líon mór daoine a chuir moltaí fiúntacha don bhfochoiste faoi úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Tá moladh mór agus buíochas tuillte acu siúd a fhreagair. Is cóir dúinn aire speisialta a thabhairt don phointe seo: má tá suim go leor ag uimhir mhór daoine a dtuairimí a nochtadh don bhfochoiste, bheadh suim acu go mbeadh Gaeilge á úsáid againn anseo i dTithe an Oireachtais agus b'fhéidir níos mó Gaeilge a úsáid acu féin amach anseo.

Uimhir a trí, tá áthas orm go bhfuil sé beartaithe ag an bhfochoiste na fadhbanna atá le sárú a ionsaí ar bhonn pleanáilte agus dul chun cinn a dhéanamh diaidh ar ndiaidh, mar tá a fhios ag an saol gur i ndiaidh a chéile a déantar na caisléain. Chomh maith leis sin is maith an rud é go bhfuil spriocanna ama leagtha síos do nithe éagsúla, mar tá a fhios ag an saol go bhfuil gá lena leithéidí i dtreo is go mbeifear ábalta an dul ar aghaidh a thomhais do réir mar a bheidh an t-am ag sleamhnú.

Is dóigh liomsa go bhfuil atmaisféar na Gaeilge i dTithe an Oireachtais thar a bheith tábhachtach. Do labhair mé féin cheana féin faoin bpointe seo agus dúirt mé libh faoi mar a rachadh atmaisféar na Gaeilge i bhfeidhm ar dhuine. Mhínigh mé go bhfaca mé daoine ag labhairt na Gaeilge tar éis dóibh deireadh seachtaine a chaitheamh ag comórtas peile na Gaeltachta nó ag an Oireachtas, toisc go mbíonn atmaisféar na Gaeilge le braith ann Caithfimíd iarracht speisialta a dhéanamh chun atmaisféar na Gaeilge a chothú i dTithe an Oireachtais. Tá an comhchoiste den tuairim chéanna liom féin, go bhfuil a lán Comhaltaí agus foireann i dTeach Laighean agus go leor Gaeilge acu chun í a labhairt ach go bhfuil spreagadh ag teastáil uathu. Is cóir dúinn tosnú láithreach agus abairtí beaga a úsáid gach uile lá.

Tá áthas orm go bhfuil an fochoiste ag lorg seomra le haghaidh ranganna Gaeilge. Dá mbeadh an seomra seo ar fáil — agus ba chóir dúinn mar Chomhaltaí an Tí seo tacaíocht iomlán a thabhairt don bhfochoiste chun féachaint chuige go mbeidh a leithéid de sheomra ann — d'fhéadfadh na daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge teacht le chéile anseo go rialta agus pleananna a oibriú amach chun an t-atmaisféar ceart a bhunú i dTeach Laigean. Tá moladh mór tuillte ag Gaeleagras as ucht an méid oibre atá déanta acu ar son na Gaeilge agus tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh leis.

Is cúis díomá dom a chloisint go bhfuil geallúint faighte ag an bhfochoiste ó Oifig na nOibrithe Poiblí go mbeidh comharthaí Gaeilge le fáil do Theach Laighean ach nach bhfuil aon spriocdáta cinnte socraithe. Ba chóir dúinn ár dtacaíocht a thabhairt don bhfochoiste chun go mbeidh spriocdáta cinnte le fáil ó Oifig na nOibreacha Poiblí go luath.

Is cuimhin liom féin tuairim is fiche bliain ó shin go raibh an-tábhacht ag baint leis an Fáinne Nua. Daoine go raibh an fáinne seo á chaitheamh acu ba chomhartha é go raibh Gaeilge acu, agus rud níos tábhachtaí ná sin, go raibh suim acu an Ghaeilge a labhairt. Tá áthas an domhain orm go bhfuil an fochoiste ag cur béim ar thábhacht an Fháinne Nua mar dá mbeadh sé á chaitheamh ag Comhaltaí an Tí seo is dóigh liom go mbeadh atmaisféar níos fearr don Ghaeilge i dTeach Laighean.

Tá an tuairim go forleathan imeasc daoine nach bhfuil suim ar bith ag Comhaltaí an Tí seo sa Ghaeilge ná i labhairt na Gaeilge. Tá a fhios agam go cruinn faoin tuairim seo toisc gur ón nGaeltacht mé agus bíonn daoine i gcónaí ag rá liom nach bhfuil aon rud á dhéanamh againn chun ár dteanga náisiúnta a spreagadh agus a leathnú. Ba chóir dúinn an tuairim seo a bhréagnú láithreach trí rudaí cinnte a dhéanamh i dTeach Laighean. Ba chóir am faoi leith a chur i leathtaobh gach seachtain do cheisteanna Gaeilge agus go mbeadh na ceisteanna seo le feiscint go soiléir sna páipéir náisiúnta gach seachtain. Is cinnte gur féidir a lán de na ceisteanna a chuirtear trí Bhéarla i láthair na huaire a chur i nGaeilge agus freagraí a thabhairt i nGaeilge. Dá ndéanfaí é sin is dóigh liom go dtaispéanfaí don phobal i gcoitinne go bhfuilimid i bhfábhar na Gaeilge anseo i dTeach Laighean agus tá mé cinnte go leanfaidh an pobal an deáshampla seo go luath. Tá a fhios againn go léir go bhfuil Gaeilge bhreá ag an dTaoiseach, An Teachta FitzGerald, agus ba chóir dúinn seans a thabhairt dó an Gaeilge seo a labhairt trí cheisteanna a chur air trí Ghaeilge anois is arís. Glacaim le tuairim an fhochoiste nár cóir aon bhrú cinnte a chur ar na Comhaltaí éagsúla chun Gaeilge a labhairt ach is cóir iad a spreagadh agus is cóir atmaisféar na Gaeilge a chothú i dTeach Laighean. Ní mór a lua go bhfuil sé de ceart ag Comhaltaí ceisteanna a chur síos i cibé teanga a oireann dóibh agus nach ceart brú d'aon saghas a cur orthu ceisteanna a chur i nGaeilge seachas i mBéarla. Agus sin ráite tá an comhchoiste den tuairim dá gcuirfeadh gach Comhalta a bhfuil Gaeilge aige nó aici ceist amháin i nGaeilge gach seachtain mar tús, go mbeadh sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge beo agus á húsáid.

Má táimid fa choinne an Ghaeilge a chur chun cinn agus más é sin polasaí an Stáit agus polasaí na bpáirtithe uilig sa tír, réitím leis an méid atá sa sliocht seo go bhfuil sé fíor-riachtannach go mbeadh sampla á thabhairt ag na polaiteoirí iad féin agus na páirtithe. Ceapaim féin nach bhfuil an sampla sin á thabhairt ins an Phairlimint. B'fhéidir nach bhfuil an locht iomlán ar na polaiteoirí gur mhaith leo a bheith ag caint as Gaeilge. Tá rud amháin go mór mhór a chuireann isteach ar sin: is é go bhfuil míbhuntáiste ag baint le bheith ag caint as Gaeilge sa tSeanad. Má tá rud tábhachtach le rá agat ar ábhar ar bith agus má deireann tú é i nGaeilge féadfaidh tú bheith cinnte nach bhfeicfidh tú focal de sna nuachtáin. Tá a fhios agam go raibh cruinniú ag an comhchoiste le Coiste Aileár an phreas san Oireachtas chun an fhadhb a phlé. Ag éirí as an gcruinniú sin ba léir nach raibh aon chlaonadh i gcoinne na Gaeilge sa tuairisceoireacht agus gur ceist eagarthóireachta a bhí inti go príomha.

Tá sé an-tábhachtach an Ghaeilge a úsáid, ní hamháin ag caint ar ábhar an rúin seo ach i ngnáth imeachtaí na tíre. Cibé ábhar atá á phlé againn tá sé an-tábhachtach go mbeadh seans ag duine focal nó dhó den Ghaeilge a úsáid tríd an díospóireacht sin. Ba mhaith liom éisteacht freisin leis na cainteoirí nach bhfuil Gaeilge acu agus tá sé an-tábhachtach ar fad go labhródh siad anseo. Ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach éinne a labhródh anseo, ach is gá go mbeadh siad i ndairíre sílim.

Is soiléir go bhfuil an comhchoiste ar an mbóthar ceart. Cinnte tá turas fada rompu, ach tús maith leath na hoibre agus tá an tús maith sin déanta.

A Leas-Chathaoirligh, nílim chun mórán a rá anseo inniu ar an dara tuarascáil faoi úsáid na Gaeilge san Teach seo agus san Teach eile. Níl mórán déanta san Teach seo nó san Teach eile chun úsáid na Gaelige a spreagadh. Senator Kelleher did mention the fact that he wished that there were people who had no Irish to take part in this debate and I would agree with him, because tá difríocht mhór idir na daoine sa Teach seo agus sa Teach eile go bhfuil beagán Gaeilge acu ach nach bhfuil mórán úsáide á dhéanamh acu sa Chéad Teanga. Níl a fhios agam an mbeadh any use come out of this debate. Fuair mé inniú agus fuair gach Comhalta den Dáil agus den Seanad an litir chéanna de bharr moladh a rinne an Comhchoiste don Ghaeilge: "Tá socruithe déanta agam chun áiseanna ar an n-áirítear téipthaifeadán". Now, I do not know whether this is straightforward, I do not know how anybody has been able to translate "a tape recorder" into Irish, but a téip, I presume, is a tape and that a taifeadán is a recorder. I am not too sure. Agus "téipeanna teagaisc"— I can understand the téipeanna teagaisc, but this peculiar idea that people have to translate words which are untranslatable is one of the problems that we have when those of us who have not a great use of Irish come up against it. If there is a word which is not translatable, why not let us use the English word and let us be dhátheangach. Ba chóir go mbeadh mise in ann tape-recorder a úsáid mar fhocal, murach an focal — níl a fhios agam an bhfuil sé ina fhocal nó nach bhfuil — téipthaifeadán.

Beidh na háiseanna seo ar fáil ar iasacht ón Leabharlann, is dócha, an gnáthbhealach, agus beidh seomra i dTeach Laighean ar fáil mar Sheomra Cleachtaidh nuair nach mbíonn cruinniú coiste ar siúl. It is a movement forward to think that these may be borrowed from the Library and níl a fhios agam cé mhéad taifeadán nó téipeanna teagaisc a bheidh sa Leabharlann. Níl a fhios agam cé mhéad duine a bheidh sa Leabharlann asking for these tapes. If there are enough tapes and they are interesting I presume a certain number of people will look for them and if that does happen we can have a more useful use — we may look at the Irish language in this House in a different way. Níl mórán sa tuarascáil ón gcomhchoiste nó níl mórán sa chéad Tuarascáil Bhliantúil ón gComhchoiste, mar níl ann ach "pious hopes" go gcuirfí bunleabhar tagartha ar fáil i ngach oifig do Chomhaltaí an dá Theach roimh Dheireadh Fómhair 1987 ar a dhéanaí. I am not too sure. It might happen. Is it a pious wish or is it a thing the Minister can do something about? Is he going to get cabhair ón Aire Airgeadais nó nach bhfuil? Chun cabhrú le Comhaltaí an dá Theach óráidí a ullmhú ba cheart go mbeadh cúnamh teoranta, ar a laghad, ar fáil dóibh ó Rannóg an Aistriúcháin. Níl ar a gcumas aon rud a dhéanamh ach a bhfuil á dhéanamh acu. Today, unless they get extra staff, they are not going to be able to produce translations or the proper Irish for Question Time. Mura bhfuil siad in ann daoine eile a chur isteach sa Rannóg ní féidir an rud sin a dhéanamh.

In the past number of years there has been a run-down in the use of Irish in schools agus níl sé ar chumas na scol bunGhaeilge a chur ar fáil do na daltaí. Níl se de chumas ag mórán scoileanna bunoideachas a chur ar fáil i nGaeilge do na daltaí, ach tá mórán parents around the country go bhfuil aithne agus interest acu sa Ghaeilge. Tá siad ag cur le chéile; tá siad ag teacht le chéile agus scoileanna lán-Ghaeilge á mbunú. Agus tuigimse gurb é sin a bheidh i ndán, athbhunú i labhairt na Gaeilge, a change of attitude.

These are the people who will provide us with the means to have the first language promoted. Níl na Bráithre Críostaí an teacht. The nuns are not coming forward either. Níl an Ghaeilge sna scoileanna. Nuair a bhí an Seanadóir Kelleher ag caint, bhí sé i scoil lán-Ghaeilge, De La Salle. Níl na Bráithre De La Salle ann anois, agus mura bhfuil na bráithre ann ní bheidh an teanga ann. Nuair a bhí mise ar scoil, i gColáiste De La Salle, bhí duine as Contae Chorcaí nach raibh aon Degree in Irish aige — he was the best Irish teacher in the sense that he got all the pupils together Honours in Irish. Seán Ó Muirí was his name, from Baile Bhuirne and unfortunately, because of the system that there was, he was thrown out of the educational system because he did not have a degree in Irish. People like him who are teaching Irish as it should be taught, to be spoken — bhí sé caite amach ó Choláiste De La Salle, bhí sé caite amach ag Roinn — not Roinn na Gaeltachta — but he was thrown out by the Department of Education. Bhí sé go hiontach maith mar mhúinteoir ach ní raibh degree aige. Everybody that ever went to school to De La Salle, Waterford, got an Honours Irish leaving certificate. Everybody who ever went to school there got an honours intermediate certificate, but bhí sé caite amach mar nach raibh an degree aige.

Tá mé ag caint i nGaeilge agus i mBéarla mar nach bhfuil an Ghaeilge go maith agam. I would like that people who have not got very much Irish would come in here today and attempt to use a little bit of Irish, the same as I attempt it. Dá mbeadh mórán daoine sa Seanad nach bhfuil mórán Gaeilge acu ba mhaith liomsa go dtiocfadh siad isteach inniu agus caint sa dá theanga mar ceapaim arís gur ceart go mbeadh muid dhátheangach. If we are going to be serious we have to hasten slowly agus gach lá beagáinín Gaeilge a úsáid. I think it will get us along the lines on which there can be progress. An litir a fuaireamar go bhfuil an chéad recommendation ón gComhchoiste it's useful that, at least, coming in here on a debate that an chéad rud atá molta go mbeidh sé available do gach comhalta den Dáil agus Seanad. Sin é go mbeidh seomra agus téipthaifeadán ar fáil chun cabhrú le comhaltaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le téipeanna teagaisc ón Leabharlann. If every time we came in here to the Seanad Chamber and were discussing any particular item of Dáil or Seanad business that at least the first of the recommendations in those reports was to be implemented it would be a step forward and as I have said the first recommendation is now in place according to this letter of 4 Samhain 1986. Nuair a bhí an Seanadóir Kelleher ag caint dúirt sé go mb'fhéidir go mbeadh a proper reporting of the Seanad business in Irish. Is oth liom a rá nach bhfuil a proper reporting of Seanad business in English happening at present. The Irish Press Group totally ignores the Seanad, The Irish Times is excellent, The Cork Examiner is excellent and I do not know exactly what the reporters from the Irish Independent who are here on a regular basis are doing. They are being totally ignored by their editors. Mar adúirt mé, tá mé ag impí ar na daoine nach bhfuil anseo, nach bhfuil mórán Gaeilge acu, teacht isteach agus bheith páirteach sa díospóireacht seo even though they might not have much Irish. An lá atá againn — Lá na Gaeilge — I hope that it just will not be forgotten and that tomorrow when we come into the Seanad go mbeidh níos mó ná focal amháin agus that we have started on the road of go mbeidh beagáinín Gaeilge á labhairt ag na daoine go bhfuil Gaeilge acu agus go mbeidh beagáinín Gaeilge á fhoghlaim ag na daoine nach bhfuil. I welcome the report.

I do not like to spoil the proceedings by making my contribution in English, but I have not got one word of Irish. I do not think that makes me any less interested in the advancement of the language than anybody else in the House. I enjoy listening to the debate. I do not know if that comes from an emotional feeling, or pride. When one goes abroad with a colleague who is a fluent Irish speaker and they get talking to some other Irish speaking person it is always very nice to think that there is someone from your own country speaking your own language to another Irish person abroad in the presence of people who have their own language and a second language running alongside it.

I am seriously interested in the advancement of the Irish language. I left school in 1932 at the age of 12 and obviously one did not learn much Irish then. At that time the Irish being taught was based more on Irish history than on actually speaking the language or trying to get the child to speak the language. That possibly might have been an impediment.

When the debates are taking place in the House I like to sit in and listen to the people speaking and get the translation later. It would be very nice if the same thing happened here as happens in all parliaments throughout the world or in all the major forums where there would be an interpreter who would translate what is being said. I compliment the people who have not got much Irish making the attempt to put it across. I think that is a very good thing.

With regard to the second Motion:

That Seanad Éireann takes note of the Report of the Joint Committee on the Irish Language: Second Report on the extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the House,

That is a good idea. One of the fears I have about it, however — I did not do a headcount on this — is that most of the speakers who speak in Irish today are teachers. What we are very likely to have around the House are teachers talking to teachers talking to very good students. That is not a bad thing in itself but where does it go to and how far does it spread? That is the part I would be concerned about. I am not saying that is the total make up of what is in the Motion or the report but that is the way it seems to me. It would not give people much younger than myself any advantage in getting hold of the language. If the Irish was translated as people spoke for the benefit of non-Irish speakers in the Chamber it would be of some assistance. Of course, it should not stop in the Houses of the Oireachtas. Dublin Corporation have been making attempts to have Irish spoken and it could extend beyond that.

The real problem as I see it about the Irish language is that there has never been any way of creating a desire for the language. If people want television or any other material goods, particularly in the active society we live in, there is a consuming desire by individuals to reach these objectives. I do not know how people obtain that desire, whether it is by television advertising or what. Needs become wants rather than needs. There is no want, if you like, for the Irish language. There is no consuming desire on the part of the people to speak Irish. I am not sure how one can go about creating that consuming desire. Probably some sort of psychological approach will have to be taken. I suggest one or two ways and I do not know if they have been tried or whether they would be of any value. One of the problems of teaching Irish is that the curriculum has been decided by the Department of Education and is channelled down from the general to the specific.

It might be a good idea to reverse that and go from the specific up to the general. The general people would have to devolve power down to the local governments et cetera so as to involve parishes more so that the ideas and suggestions which come from parishes would have a greater inflow into the Department of Education than is the case at present. For example it might be possible for local authorities to be given power to draw up programmes and start initiatives on the question of revival of the Irish language and the extentions of its use. Would it be a practical proposition for a county council to have mobile libraries converted into mobile schools where six or eight people in a town could be taught Irish by the driver-cum-teacher of the mobile library? One has to bring Irish to the people; they do not have the strength to go out and look for it. We had better start thinking about bringing it to the people.

With regard to AnCO training, perhaps some enterprise allowance schemes could be converted into 12 month fulltime training courses in the Irish language on condition that the people following these courses receive payment. Again, there is the question of whether or not it would be a practical proposition. Because of the unemployment problem it might be a good idea to give students the option of staying on at school for six months to study Irish after they finish their exams. There have been problems with compulsion down through the years so obviously this could not be made compulsory but in the light of circumstances today where people leave school and have nothing to do this might be a good way to use their time.

There is no reason why money should not be put into AnCO because they are a body with a readymade platform to launch and give incentive schemes. AnCO is ideally set up to encourage people to take up Irish courses, not just to become good at Irish, but to do a 12 months course and become fluent. There should be different stages of examinations during the 12 month period.

Much money has been spent on the Irish language down through the years. I am not in a position to make any argument as to whether that money was used wisely or sensibly. I remember going to Connemara three or four times. One time I was with a friend and we asked a young boy for directions but we got no answer from him. We thought he could not speak English but we found out later that he did not know whether or not we were inspectors. If he was caught speaking English he might have got into trouble and might not have got the grant. It is no good giving money to an Irish-speaking area where there is tourism — the people must speak English to facilitate the tourists. If the material gain is more beneficial to them then the Irish language will suffer. This is not the way to give incentive. One cannot go into a pub in the Liberties and tell a group of people they have to start joking in Irish. It does not work that way. Like the itinerant problem, one has to start thinking about the young people who can be encouraged. By educating young itinerants not to live on the side of the road and to go to school. We can encourage young people to learn Irish by giving them inducements before the learning process is finished. If they are allowed to get out of the learning process then it is all over — they become better at pub talk than at Irish.

I do not know what the lobby has been by the advocates of the Irish language. It seems strange that they have not had the clout of other lobbies. Certainly they have not got the clout of the farmers' lobby. Bodies such as NATO and the ground rent people have a very intense lobby. I am not saying the ground rent lobby were very successful but they got things moving. The problem with the Irish language groups is that they have not got enough clout to bring the question of the Irish language more into focus in the minds of people. For example, there is nothing wrong with an Irish language group going into the Irish Independent and asking why do they not give a prize of a course in Irish until the person becomes fluent. The Irish Press has an Irish column. The people are there to talk to about what can be done for the Irish language. But, it has to go beyond writing an article by the editor. It may even need to go beyond one paper. A few papers may have to get together to give incentives to promote the Irish language. It might sound a bit naive but if they were to give a prize for the Irish language it might be an incentive to learn the language. I do not think television is the best place. It is very hard to imagine in most households anyone switching from Dallas, Coronation Street or Eastenders to an Irish programme. It just does not happen, certainly not in towns and cities. For example, I remember a survey being done on the northside of Dublin on a very prominent figure, a person who has been known for almost two decades, and who could be described as a national figure, after appearing on a programme called “Seven Days” and he was not known. People were looking at other programmes and they did not know him. A lot of money is wasted on television programmes although you must have Irish programmes for people who speak Irish.

I commented on Dublin Corporation. Other local authorities should be encouraged to make a similar attempt. Somebody spoke about signs. I do not see how Irish signs around Leinster House will advance the language. We have the Ministers' names up in Irish and that is right but nobody should think that that will promote the Irish language.

The church became very concerned when we were talking about things that affect the moral standard of the nation. It got to the stage where they thought we would get contraceptives in the cornflakes every morning. If the church could get so involved in a moral matter, equally there is a moral obligation on them to do something much more effective about the Irish language. They have the right platform for it. They have the means of coming to terms with some of the bodies interested in Irish to see to a much greater extent than they do at present how the language can be advocated and promoted. Instead of worrying about condoms in cornflakes they should be asking the cornflake manufacturers enclose pictures for children with Irish quotations and so on.

I know some Dublin families who speak Irish fluently in the home. The children never spoke a word of English until they were about six or seven years of age. These families were not only good at teaching their own children Irish but they also helped children in the neighbourhood if they had a problem with the Leaving Certificate. Arrangements could be made for community organisations to benefit from such people. Here you may have four or five readymade teachers in the one home who are advocates of the language. I cannot see such people denying an hour a day or night to the community. That would be about four hours a week from that family. People who attend grinds, do so not for love of the Irish but so that they will pass an examination. This is where the parish could come into it, where you have readymade teachers who would give their services on a voluntary basis.

I am sorry that my contribution has not been more constructive. I am not suggesting that some of the ideas I have floated have not been tried or that they would be practical if they were tried but we have got to spread our wings in trying to get people more interested in the revival of the Irish language. We will have to do something more imaginative than what has been done down through the years. This may sound a bit peculiar coming from someone in Government but, for the love of God, do not depend on the Government alone.

A Chathaoirligh, sílim gur mhaith an rud é Comhchoiste don Ghaeilge a bhunú mar a deineadh tamall ó shin, agus is léir ó na tuarascálacha atá ar fáil go bhfuil obair mhaith déanta cheana ag an gComhchoiste. Is é an cuspóir atá ag an gcomhchoiste ná úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus tá moltaí ciallmhara anseo, an dóigh a gceapann an comhchoiste gur gá leanúint de chun an obair sin a chur i gcrích. Táimid go léir sásta gur cheart tabhairt faoin obair seo agus tá sé soiléir freisin go bhfuil an chuid is mó de mhuintir na hÉirinn den bharúil sin. Tá tuarascáil anseo agam ón gCoiste um Thaighde Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge a foilsíodh sa bhliain 1975, agus deir sí ar leathanach a 26, uimhir a 7:

Public leaders should set a good example by using Irish more in the Dáil and in public life, and 55 per cent of the people taken on a national basis were of opinion that that should be done, that a good example should be set by using more Irish in the Dáil and in public life.

Sin díreach an cuspóir atá leagtha amach dóibh féin ag baill an chomhchoiste seo. Ar an leathanach céanna tá a lán eolais maidir leis an meas atá ag muintir na hÉireann ar ár dteanga dhúchais. First point: "Ireland would not really be Ireland without its Irish-speaking people". Sixty-four per cent of people agree with that. "Without Irish Ireland would certainly lose its identity". Sixty-five per cent of the people agreed with that. "All Irish children should be required to learn Irish as a subject in school". Sixty-eight per cent agreed with that. "The Government should spend more money on improving methods of teaching Irish". Fifty-eight per cent agreed with that. "No real Irishman can be against the survival of Irish". Seventy-two per cent agreed with that. "It is better for people to speak Irish badly than not at all". Sixty-nine per cent agree with that.

Is léir ó na figiúiri sin go bhfuil an pobal i bhfábhar na hoibre atá idir lámha ag an gcomhchoiste agus is é an fath go bhfuil súil againn go n-éireoidh go geal leis an chomhchoiste.

Má dhearcaimid go géar ar an scéal beidh sé soiléir go bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a athbheochan le breis agus trí scór bliain anois agus is fíor annamh a chloistear an Ghaeilge á labhairt ag an bpobal. Ar leathanach 311 den tuarascáil céanna tá sé seo le rá:

It would appear that only about one-tenth of the adult population outside the Gaeltacht feel they have sufficient ability and confidence to use Irish freely in conversation.

One in ten, taréis trí scór bliain ag gabháil do athbheochan na Gaeilge. Ní féidir le héinne a rá go bhfuil sé sin sásúil. Ar leathanach 358 tá sé seo le rá:

There seems to be an urgent need to change the focus of school curricula towards conversational Irish.

Tá sé de thuairim ag an gcoiste anseo nár cuireadh an bhéim ceart ar labhairt na Gaeilge, gur caitheadh an oiread ama ag múineadh litríocht agus scríobh na Gaeilge agus nár tugadh an oiread ama do labhairt na Gaeilge agus sin é an fáth go bhfuil fíorbheagán daoine in ann an Ghaeilge a labhairt i láthair na huaire taréis trí scór bliain den obair. Is fíor freisin nach raibh marcanna ar bith ag gabháil do labhairt sa Gaeilge sa mhean teistiméireacht agus san ardteistiméireacht ar feadh na blianta fada. Cuireadh tús roinnt bliain ó shin le céatadán áirithe a thabhairt do dhaoine tar éis scrúdú béil. Is í mo thuairim féin nach bhfuil na marcanna a thugtar ar líofacht na Gaeilge ard go leor. Sin í an rud is mó atá foghlamtha ag na daoine a raibh cúram múineadh na Gaeilge acu, taréis a gcuid oibre maith sna scoileanna nach bhfuil duine as deich in ann an Ghaeilge a labhairt i ngnáth chomhrá. Ní féidir le héinne a rá go bhfuil sé san sásúil. Ar leathanach 311 arís tá alt tábhachtach eile:

Many factors of a situational and psychological nature affect the level of Irish usage but our research data have shown in quantifiable terms the predominance of ability over any other single factor. This was true for both non-Gaeltacht and Gaeltacht populations. Out of a grouping of fourteen factors theoretically hypothesised as likely to explain variation in adult usage of Irish a combination of five accounted for two-thirds of this variation and over 50% was explained by ability alone.

It goes on then and points out that part of the reason why more Irish is not spoken even by those who have reached a high standard, leaving certificate standard, sometimes leaving certificate honours standard, is that there is a certain reluctance of speak the Irish they know because of the fact that the Irish they learned in school is not geared to the type of conversation these people engage in. For that reason, suggests the report, it is time the school curriculum was examined. Since this report was written we all know that an examination and curriculum board has been been set up and that a report is due very soon. It is to be hoped that the new curriculum and examinations board in their examination of the failure to revive Irish as a spoken language will bear in mind the failure of the Irish revival programme to get enough emphasis put on conversational Irish. The failure of even people who reach a high standard in the written examinations, intermediate certificate and leaving certificate, to engage in simple conversational Irish is something that caused a lot of annoyance to the people who compiled this report.

Mar sin is ceart don chomhchoiste seo spreagadh a thabhairt do labhairt na Gaeilge sna Tithe seo agus go mór mhór a chur in a luí ar dhaoine gur cóir úsáid a bhaint as cibé méid Gaeilge atá acu.

It says in another paragraph in this report that another very embarrassing feature in the revival attempt is the huge slippage rate in the first five to ten years after leaving school. That is another matter that has to be taken in hand, how best the people who have left school with a good knowledge of Irish can be encouraged to attend Irish classes and can be encouraged to speak what language they had acquired during their school-going years. That is one of the principal points made several times in this report. Ar leathanach 359 tá tagairt don tseirbhís phoiblí: It reads:

Public Service:

We have not had sufficient time or trained personnel to fully analyse and interpret our study of the usage of Irish within the Civil Service. What is clear, however, is that the usage of Irish is very low relative to the ability of personnel.

As regard public usage of the language, on page 360 it says:

There is widespread support for the public ceremonial usage of Irish presumably as a clear symbolic marker of identity. It should always be remembered that ability levels in the population are low and that the public demands to know what business is being transacted. However, much more use could be made of simultaneous translations services — i.e. in the local authorities where Gaeltachts are located. When this was done in Wales it led to a considerable expansion in Welsh language usage. Where previously Welsh speakers had to speak in English to their monolingual English colleagues they could now do so in Welsh, and vice versa.

Much the same situation holds for the television media. The most popular programmes in our survey were the bilingual ones. An expansion of bilingual and simultaneous translation techniques in mass media might allow RTE to expand the Irish language content of the media without adverse reactions.

Another point made in this report is that the vast majority of the people think of the Irish revival in terms of bilingualism and that it is not a matter of trying to rub out the English language and substituting Irish. According to the findings of this committee the vast majority of the people want bilingualism. For that reason the committee recommend in the paragraph I have just read that RTE should expand the use of the language mainly in bilingual programmes. While I am dealing with RTE I would like to say that in my experience, and I would like to know the experience of other Senators interested in the language, even people whose knowledge of Irish is good, and by that I mean people with leaving certificate honours Irish, very often have great difficulty in following the news bulletins in Irish. For that reason I think it would be good if subtitles were used in the Irish news bulletins from RTE. It is a fact that sometimes young people of the standard I have referred to are embarrassed if the "Nuacht" appears on RTE and there are people present who think the young people should understand it and the young people have to admit that they are not always able to understand it. That is something that should be attended to by RTE.

A further point made in this report is that something that deters people from embarking on speaking Irish is that they are likely to be embarrassed if they are not as fluent as they are in English and sometimes that embarrassment is caused by the obvious belief on the part of those whose Irish is better than these people's Irish is very bad. A high percentage of people, according to this report, believe it is better to speak bad Irish than not to speak it at all. Because of a certain intolerance on the part of the people whose Irish is good, people whose Irish is not as good are slow to engage in conversation with those whose Irish is better. It is a common thing especially for young people to enjoy conversations with people of greater learning and greater fluency in English because of what they can learn from them. It is remarkable that the same thinking does not prevail with regard to the Irish language. This report indicates that it does not prevail because of the lack of tolerance of people who have Irish at their command.

We were not through in the way we set about reviving the Irish language. Even in the Dáil we have An Ceann Comhairle agus an Leas-Cheann Comhairle agus An Taoiseach agus An Tánaiste but we have to use English to refer to the Leader of the House and the Leader of the Opposition. It is the same in this House. We have An Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach, Senator Dooge is described as the Leader of the House and Senator Lanigan is described as the Leader of the Opposition. Surely it is possible to get terms for them as was done in the case of the Taoiseach, the Tánaiste and the Ceann Comhairle. We hear, for example, that the President received the Taoiseach, the Tánaiste and the Minister for Foreign Affairs in Aras an Uachtaráin. I believe the President should be An tUachtarán. If the terms An Taoiseach and An Tánaiste have become firmly established in the minds of the people it should be possible to ensure that the title of the Minister for Foreign Affairs or the Minister for Education or the Minister for Defence or whatever the case might be should be in Irish. We should not imply that Irish is a selective language, that there are certain easy terms we can use and others not so easy.

Cuireadh an suíomh ar fionraí ar 5.30 p.m. agus atógadh é ar 6.30 p.m.

Mar fhocal scoir, táim sásta go bhfuil tosnú maith déanta ag an gcomhchoiste maidir leis an obair atá idir lámha acu. Sílim go bhfuil na moltaí atá sna tuarascála atá ar fáil againn ciallmhar ar fad. Má chuirtear na moltaí sin i bhfeidhm tiocfaidh feabhas ar labhairt na Gaeilge i dTíthe an Oireachtais agus ina dtimpeallacht sar i bhfad. Tá mé lánchinnte go gcabhróidh Aire na Gaeltachta leis an gcomhchoiste mar tá a fhios agam go bhfuil taithí aige ar labhairt na Gaeilge agus go dtuigeann sé go maith na deacrachtaí atá ag baint le h-athbheochan na Gaeilge agus na daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt. Is cúis dhóchais é go bhfuil sé beartaithe ag gach Páirtí san Oireachtas a ndícheall a dhéanamh ar son na Gaeilge. Tá súil agam go dtuigtear gur gá athruithe a dhéanamh le múinte. Ní mór na daltaí a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt, mar beatha theanga í a labhairt.

I dtosach, cuirim fáilte mór roimh Lá na Gaeilge sa Teach agus i dTeach na Dála agus i dTeach Laighean ar fad. Is lá mór é seo i saol na ndaoine mar níor rinneadh iarracht cosúil leis an iarracht seo sa Teach seo riamh. Tá áthas orm as ucht na hiarrachta atá á déanamh ag an gcomhchoiste agus go bhfuil ag éirí chomh maith sin leo ina gcuid oibre. Tar éis cuid mhaith oibre chuir siad na tuarascálacha seo os comhair an tSeanaid. Ní amháin é sin mar nach ionann na tuarascálacha seo agus na sean tuarascálacha eile. Níor chuireadh ar an seilf iad chun deannach a bhailiú. Leis na tuarascálacha seo tá tosach curtha leis an obair. Tá a bhfuil déanta ag an gcomhchoiste le feiceáil thart timpeall an Tí seo agus sin í tábhacht na dtuarascálacha seo. Ba mhaith liom cómhgáirdeas a dhéanamh leis na Seanadóirí atá ar an Comhchoiste don Ghaeilge. Rinne siad obair an Tí seo ar an gcomhchoiste agus ba chóir dúinn ár mbuíochas a ghabháil seo mar gheall air sin. Is é seo Lá na Gaeilge agus is é mo ghuí go mbeidh Seachtain na Gaeilge ann an bhliain seo chugainn sa Tí seo agus sa Dáil agus, b'fhéidir, sna blianta atá le teacht go mbeidh Mí na Gaeilge ann.

Táimid ag plé cúrsaí na Gaeilge sna tuarascálacha seo agus tá de dhifríocht idir na tuarascálacha eile agus iad sin a bhí ann roimhe maidir le cúrsaí Gaeilge go bhfuil spiorad níos mó san iarracht seo ná mar a bhí in aon iarracht eile da shórt go dtí seo. Le linn an tsosa chuala mé daoine ar fud an Tí ag déanamh iarracht Gaeilge a labhairt agus níor chuala mé riamh a leithéid sa Teach seo agus b'fhéidir go mbeidh an lá seo ina lá stairiúil in obair an Tí seo sna blianta atá romhainn.

Bhí daoine ag cur milleán ar dhaoine eile maidir le ceist na Gaeilge. Ní hé seo an lá chun milleán a chur ar aon duine ach nuair a bhí an Seanadóir M. Higgins ag caint an tráthnóna seo dúirt sé go raibh na múinteoirí a bhí ag múineadh Gaeilge sna scoileanna á múineadh trí fhaitíos. Tá mise á rá nach bhfuil sé sin amhlaidh sna bunscoileanna ná sna meán scoileanna ar chor ar bith. Níl sé ag éisteacht ná níl a shúile oscailte aige maidir leis an rud atá á dhéanamh ag na múinteoirí sna bunscoileanna nó sna meánscoileanna agus na scoileanna eile. Tá siad ag déanamh sároibre ag féachaint ar na méid oibre atá le déanamh acu.

Maidir leis na téacsleabhair atá ar an gclár don ardteistiméireacht sílim nach bhfuil suim ar bith ag na daltaí nó na micléinn san cineál próis nó saghas scéalta atá le foghlaim acu.

Nuair a bhí an Seanadóir O'Brien ag caint rinne sé tagairt don Curriculum and Examinations Board. Iarraim ar an Aire, é féin agus an tAire Oideachais teacht le chéile agus an cheist seo a phlé — na leabhair atá in úsáid ag na daltaí sna scoileanna — an update, mar adéarfá, ar na leabhair sin agus gearrscéalta suas go dáta a úsáid. Níl na leabhair sin le fáil sa tír seo. Níl clódóirí sa tír seo in ann na leabhair seo a chur ar fáil. Ba mhaith liom go mbeadh deontais ar fáil do chlódóirí chun leabhair nua a sholáthar agus na gearrscéalta nua atá le fáil a chur i gcló do na bunscoileanna, na meánscoileanna agus na scoileanna eile freisin. Sin í an cheist is mó agus is tábhachtaí maidir leis na cúrsaí seo agus iarraim ar an gcomhchoiste freisin an cheist seo a phlé.

Tá níos mó déanta ag Raidió na Gaeltachta ar son na teanga ná mar atá déanta ag eagraíocht ar bith eile sa tír. Cuireann siad cláracha de gach aon tsaghas ar fáil — cainteanna, díospóireachtaí — agus tá suim ag an óige, agus tá sin an-tábhachtach, sna cláracha seo agus is mór an trua nach bhfuil cláracha Raidíó na Gaeltachta le fáil ar fud na tíre. Iarraim ar an Aire labhairt leis an Aire cuí agus iarraidh air iarracht a dhéanamh, nuair a bhéas cúrsaí raidíó áitiúla i gceist aige, cláracha Raidíó na Gaeltachta a chur ar fáil don tír go léir mar tá sé éasca é iad a chloisteáil agus an Ghaeilge a úsáidtear tá sí símplí agus so-thuigse.

Cad faoi Telefís Éireann? Ar ndóigh, sin ceist eile. Ní bhíonn mórán Gaeilge sna cláracha a chraoltar gach seachtain agus ní leor é sin. Tá na daoine ábalta na cláracha a thuiscint. Tagann ráitis amach ó RTE nach bhfuil suim ag níos mó daoine sna cláracha Gaeilge nuair nach bhfuil siad i measc na Tam ratings. Níl suim ag RTE sna cláracha ná bíonn i measc na Tam ratings. Dar liomsa ní mar sin a bhéas an scéal as seo amach.

Ba mhaith liom freisin iarraidh ar Chumann Lúthchleas Gaedheal ceist na Gaeilge a phlé agus an teanga a leathnú mar tá coiste ag an gcumann seo i ngach paróiste sa tír agus ní thig le heagraíocht ar bith eile é sin a rá. B'fhéidir go gcuirfidís níos mó suime i gceist na Gaeilge agus féachaint leis an teanga a úsáid go forleathan in imeachtaí na gclubanna. Ní haon mhaith bheith ag caint faoi na rialacha amháin.

It would be my desire to continue to speak in Irish for the whole debate but I feel very strongly that though it is easy to blame all around us and call on so many people to improve the quality of Irish spoken and the amount of Irish spoken at any given time in the country by various organisations I do not think this is the day to do that. It is a day on which we can call on the various organisations that are very well disposed to the idea behind today and ask them to come together with the committee established by both Houses of the Oireachtas and pick their brains and use them in a way that has never been used before. Too often it was a label put on organisations for their extreme views on one thing or another. I have in mind an organisation like Conradh na Gaeilge. I have a firm belief that nach raibh suim ar bith in aon duine ag an gConradh nach raibh fíor-Gaelach. The one thing that strikes me about the people I recognise in my own community within Conradh na Gaeilge is that there was no interest in the young or the old if they were not able to use the blas, the correct grammar and tone and slacht ar gach méid a bhí le rá acu. I happened to participate in a junior debate, not as a competitor, an inter-schools debate in Irish two years ago and the participants, young enthusiastic first year second level students, had come in and they had put a great effort into what they said and what they had written and I thought it was unfortunate that their great enthusiasm on that night was dimmed by the remarks of some of the examiners and people who were supposed to adjudicate on that night. The old saying "Mol on óige tiocfaidh sí" is a saying that in this instance has a lot of power in it. The confidence that the joint committee has in us and its praise of the Members who made an effort to use Irish in the House in the debates in whatever way has much relevance for us. They were prepared to listen and to acknowledge those contributions, regardless of how simple or incorrect they were as long as the effort was being made. It is only in that way that the Irish language can be revived.

Senator Harte mentioned grants. With regard to many of the grants now available in Gaeltacht areas and extra grants for such items as teach nua a thógáil, sa Ghaeltacht, I do not think that that is a good idea. I do not grudge it to the people who live in the Gaeltacht. The idea behind these grants was to keep people in the Gaeltacht and to provide them with good housing, as they were entitled to, but to give them an extra grant is self-defeating when many times in this House and the other House there have been calls for subventions to be made to very hard pressed printers who try to make the effort to produce books through Irish and because the turnover is not there they are unable to continue producing this type of book and so on.

I ask the Minister to seriously consider if there is a look being taken at the grants paid within the Gaeltacht areas for industry and various other social and economic areas for redistribution in some areas, particularly in areas where grants could be made available to people for the printing of those books.

It always amazes all of us who have come through the educational system in Ireland that if you take the length of time a national school student spends learning Irish, probably eight years in the national school and a further six or maybe seven at a second level school, at the end of that we are not able to speak the Irish language fluently. I see secondary school students taking up German, French and they can fluently present these continental languages at the end of five or six years. The reason behind that is that what is available to the French teacher by way of aids, audio-visual aids, papers, booklets and so on are far simpler, more relevant and to the point than is available to their counterpart in Ireland. The only regret I have today is that Senator Higgins mentioned that the Irish teachers ask their students to déan cóip den alt sin as an leabhar sa chóipleabhar.

That is not the case. He said the quietness in the classroom is through fear rather than through the ordinary teaching process going on. It is regrettable that he said that because national and second level teachers have done a wonderful job. The job they are doing is that they are fighting against the tide because there is a notion abroad that Irish is useless at the end of the term and there is more relevance in the academic or technical subjects available and that it is all a points race. The Department of Education and the people responsible for making up the contents of the curriculum should be approached in a very firm way and told to come away from their present system which has failed in 50 years or more. It has failed beyond doubt. Let us employ some system that is more relevant to today's student: make it lively for them, make it meaningful for them and bring it down to the present day rather than comhrá a dhéanamh faoi, M'asal Beag Dubh, Niamh agus na leabhair sin. They are fine in their own way. They have relevance in the Irish language but until such time as they can appreciate that we have to start at a much more basic usefulness in Irish. We have lost the usefulness of the Irish language because we are not giving the students the words that we are similarly doing for French, German or any other continental language. I ask the Minister to approach the Minister for Education or the relevant Department and have consultations with him with a view to changing that system especially when there is a change coming about in the Curriculum and Examinations Board.

It is regrettable that RTE have almost ceased to provide any worthwhile educational programmes in the Irish language. They have educational programmes of a very limited nature. I believe that if the Irish language was brought alive on television in the schools and was available during class times, it would be a major boost to them. When RTE authorities say that the grants available for the provision of such programmes in the past have been withdrawn by the Department, I think we should look at the wisdom of doing that if that is still the case. If they still hold that belief we should reconsider that and make available funds to deal with the matter. There is talent and goodwill within RTE to provide useful programmes which would help not only the people within the school situation but also the people at home. While we always go outside the home in relation to the failure of the Irish language, I think a lot can be done within the home with the children. If they see their parents making an effort to speak a few words, then they will look twice to see if it is real or a joke. It is through those small efforts that the Irish language will be revived. The language may not be revived in our lifetime or in this generation but if we lay a good foundation that will be all the better.

The one difference I see in regard to these reports is that all previous reports were read. They all assessed the situation, outlined the difficulties, outlined the problems, but never took the bull by the horns and put anything into practice no matter how small. I should like to congratulate the members of the committee in this House and the other House that saw fit to implement parts of these reports. Críochnóidh mé mar sin agus beidh mé ag súil leis an gcéad tuarascáil eile ón gcomhchoiste seo i rith na bliana agus is é mo ghuí go mbeidh Seachtain na Gaeilge againn an bhliain seo chugainn.

A Chathaoirligh, ní bheidh mise ró-fhada. Tá turas fada déanta agam le bheith anseo le labhairt ar an ócáid seo. Is é an chéad rud a tháinig isteach i mo intinn nuair a bhí mé ag léamh na tuarascála seo agus an chéad tuarascáil fosta, ná gurb í Athbheochan na Gaeilge atá mar pholasaí ag na príomhpháirtithe uilig ó bunaíodh an Stát anseo agus is beag polaiteoir ó pháirtí ar bith a mbeadh sé de uchtach aige a rá go poiblí nach bhfuil meas acu ar an Ghaeilge nó suim acu ina caomhnú. Is suntasach ar fad, mar sin, is beagnach dochreidte nach bhfuilimid, sa bhliain, 1986, ach ag cur in airde comharthaí i nGaeilge i dTithe an Oireachtais don chéad uair. Ghlac sé níos mó ná trí scór bliain le teacht ar an gcinneadh sin. Níl a fhios agam an raibh croí na bPáirtithe i ndáiríre san athbheochan? An raibh tábhacht ag baint léi ina n-aigne féin? Tá eagla orm i gcás roinnt mhaith acu gur leor an cúpla focal — mar a deirtear sa Bhéarla, "a nod in the direction"— A chairde Gael" agus a leithéid sin. B'fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ar chuid mhór agaibh sa Teach seo a chluinstin go bhfuil sí ar shlabhra Mhéara Bhéal Feirste agus ar an bhonn atá ar an slabhra sin, nach bhfuil focal Béarla air. Is é an rud atá scríofa air na "Erin go brágh"— sin ar shlabhra Sammy Wilson, Méara Bhéal Feirste, sin an rud atá scríofa air. B'fhéidir go bhfuil siad romhainn i gcás na Gaeilge, roimh na daoine sa Teach seo. Tá a gcuid comharthaí Gaeilge acu i mBéal Feirste ó bhí an t-ochtú haois déag ann! Níl a fhios agam cad é an bharúil atá ag an Mhéara atá ansin faoi láthair faoin Ghaeilge a bheith ar an slabhra, ach sin mar atá sé. Mar sin de, is mór an gar go bhfuil an comhchoiste seo ag feidhmiú don Ghaeilge agus go bhfuil sé bunaithe. Fáiltím roimhe agus fáiltím, roimh na moltaí praiticiúla atá déanta acu sa dara tuarascáil seo agus sa tuarascáil eile. Tá súil agam go gcuirfear na moltaí sin i gcrích agus go méadófar go mór ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais mar thoradh air sin.

Sul a dtéim ar aghaidh caithfidh mé a rá gur bhain mé an-sult as rud amháin sa chéad tuarascáil agus is é sin an t-aistriúchán go Béarla atá ar leathanach a 7 sa Bhéarla agus léiríonn sé domsa an meon Gaelach a bhí ag an té a bhí ag déanamh an aistriúcháin agus go bhfuilimid ag smaoineamh i dteanga na Gaeilge nuair a deirimid "difficulties which put in on the work of the Joint Committee". Chuir sin áthas mór orm a fheiceáil go bhfuil na daoine atá ag feidhmiú leis an Ghaeilge ag smaoineamh i nGaeilge. Agus is minic a chímid sin in aistriúcháin ón Fhraincís go dtí an Béarla, chímid rudaí iontacha mar sin, "direct translation", agus nímid gáire. Ach is fíorannamh a chíonn tú sin anseo agus is maith an rud é, mar taispeánann sé go bhfuil an meon Gaelach ann agus gurb é an Béarla i ndáiríre an dara teanga.

Ag teacht ar ais go dtí na moltaí atá déanta, tá sé fánach a bheith ag iarraidh a chur ina luí ar aos óg an tábhacht atá ag baint le caomhnú ár dteanga mura bhfuil sampla á thabhairt acu sin atá i mbun rialúchán na tíre, ag na polaiteoirí agus na daoine poiblí. Tá seans san am atá i láthair agus, leoga, leis na blianta, ag gach aon pháiste sa taobh seo tíre an Ghaeilge a fhoghlaim agus líofacht a bhaint amach. Ach go minic ní ghlactar leis an seans. Is teanga dheacair í an Ghaeilge agus tá cuid mhór páistí nach maith leo rudaí deacra a fhoghlaim agus arbh fhearr leo neamhiontas a dhéanamh di. Agus mar sin de, ní bhíonn cuid mhór acu sásta nuair a bhíonn siad an-óg, an Ghaeilge a fhoghlaim, agus bíonn sé ró-mhall ansin nuair a bhíonn siad fásta agus nuair a thuigeann siad tábhacht na teanga dár bhféiniúlacht agus dár bhféinmheas. Is iomaí uair a chluinim daoine á rá gur trua leo anois nár ghlac siad leis an deis a bhí acu ar an scoil leis an Ghaeilge a fhoghlaim. Ba mhaith leo anois an Ghaeilge a bheith acu. Tuigeann siad a tábhacht, ach tá sé ró-mhall.

Mar a deirtear sa tuarascáil anseo, tá páirt le glacadh ag gach aon duine againn sna Tithe seo leis an Ghaeilge a chothú agus le hatmaisféar Gaeilge a chothú, agus tá lúcháir orm a fheiceáil inniú an méid daoine atá ag labhairt Gaeilge i ngach aon pháirt den Teach, foireann an Tí agus na Baill agus gach aon duine a casadh orm ó tháinig mé inniú. Ní dhéanann sé mórán difir cé acu táimid ar bheagán Gaeilge nó ar mhórán Gaeilge, tá sé tábhachtach go ndéanfadh gach aon duine iarracht agus, mar a dúirt an Seanadóir de Búrca, go dtabharfaí cuidiú agus spreagadh do na daoine nach bhfuil ar mhórán Gaeilge agus nach mbeimis ag caitheamh anuas orthu cionnas, b'fhéidir, nach bhfuil an Ghaeilge chomh maith acu agus ba mhaith leo í a bheith.

Thug mé faoi deara fosta inniú go raibh Seanadóirí anseo nach bhfuil an Ghaeilge go líofa acu agus gur labhair siad i nGaeilge, agus ba mhaith liom tréaslú leo. Tá súil agam go leanfaidh siad leis sin agus go gcluinfear iad ag caint Gaeilge arís. Ní bheidh duine ar bith ina dhiaidh orthu mura bhfuil sí go líofa acu. Is furasta a bheith ag caint i nGaeilge nuair atá sí go líofa agat nó nuair atá sí agat ón chliabhán, ach tá níos mó tuillte acusan nach bhfuil sí acu nuair a ní siad an iarracht, agus ba mhaith liom go ndéanfadh siad é níos minice.

Nuair a bhí an chéad tuarascáil ón chomhchoiste á plé anseo luaigh mé féin an deacracht a bhí ag baint le labhairt na Gaeilge ó thaobh poiblíochta de i dTithe an Oireachtais. Agus thug mé faoi deara an lá arna mhárach nuair a d'amharc mé ar na nuachtáin uilig nach raibh ar na nuachtáin uilig, ach an méid a bhí le rá ag beirt de na Seanadóirí. Labhair an bheirt Sheanadóir sin i nGaeilge, ceart go leor, ach labhair siad i mBéarla fosta. Agus na Seanadóirí a labhair go hiomlán i nGaeilge, ní raibh focal den méid a dúirt siad sna nuachtáin an lá arna mhárach. Tá lúcháir orm, mar sin, go dtug an comhchoiste aghaidh ar an fhadhb seo agus go ndeachaigh siad chun cainte le hiriseoirí agus go bhfuil sé beartaithe acu cruinniú fhoirmiúil a thionól le hionadaithe ó na meáin chumarsáide leis an fhadhb seo a phlé. Tá a fhios ag an saol nach maith le polaiteoirí go n-imeodh a gcuid cainte le sruth. Mar sin de, níl mórán spreagadh againn an Ghaeilge a labhairt, má thuigimid nach gcluinfear taobh amuigh de na ballaí seo an méid atá le rá againn.

Ar leathanach a 12 sa tuarascáil faoin Ghaeilge i dTithe an Oireachtas deirtear:

Cé go dtuigeann an Comhchoiste nach bhfuil an scéal amhlaidh agus gurb é a mhalairt atá fíor, i ndáiríre, tá tuairim forleathan ann nach bhfuil suim ag na Comhaltaí sa dá Theach sa Ghaeilge. Caithfear gníomh éigin a dhéanamh chun an tuairim sin a bhréagnú.

Anois, níl mise cinnte cé acu tá an scéal amhlaidh nó nach bhfuil. Tá mé cinnte go bhfuil an chomhchoiste i ndáiríre agus go bhfuil siad i bhfábhar go mór leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh agus a chaomhnú i dTithe an Oireachtais. Ach caithfidh mé a rá le fírinne nach bhfuil mé cinnte cé acu tá an scéal amhlaidh go ginearálta i dTithe an Oireachtais. Agus mar sin de mholfainn go ndéanfaí na moltaí atá anseo a chur i bhfeidhm gan mhoill ar bith. Sin an t-aon dóigh gur féidir an tuairim atá chomh forleathan sin a bhréagnú. Mar shampla, cuireadh an moladh chun tosaigh i bPlean Gníomhaíocha Bhord na Gaeilge 1983-86 go mbeadh ceist as Gaeilge ar an chlár Tráth na gCeisteanna ar a laghad gach aon lá. Ach feicim nár cuireadh an moladh sin i bhfeidhm go fóill agus ba é an sprioc a bhí ag an bPlean Gníomhaíochta ná an bhliain 1983, sin trí bliana ó shin. Mar sin, tá ceist i mo aigne faoin dáiríreacht ó thaobh na Gaeilge. Dá gcuirfí ceist amháin, mar a deirtear anseo, agus ansin tar éis an tsamhraidh dhá cheist gach aon lá i nGaeilge i dTráth na gCeist, níl dabht ar bith ann ach go spreagfadh sé Teachtaí Dála leis an Ghaeilge a úsáid sa Teach, go mór mhór dá mbeadh siad cinnte gur sin dóigh amháin le ceist a fháil roimh an Dáil agus í a phlé.

Bheadh sé ina spreagadh an-mhór, nó is maith le gach aon pholaiteoir cibé ceist atá le cur aige a bheith glactha. Agus bheadh sé dhá uair chomh tábhachtach ó tharla go bhfuil cúrsaí na Dála agus an tSeanaid le craoladh anois, mar go mbeadh an Ghaeilge á húsáid sa Dáil agus á cluinstin tríd an tír á húsáid, agus thuigfí go raibh tábhacht á tabhairt don Ghaeilge ag na hionadaithe poiblí agus ag na daoine atá i mbun rialúchán na tíre. Bheadh sé sin iontach tábhachtach agus bheadh sé tábhachtach an sampla a thabharfadh sin don aos óg agus do gach aon duine tríd an tír, an Ghaeilge a bheith á húsáid sa Dáil. Sin moladh praiticiúil amháin anseo, gur féidir glacadh leis agus gur féidir leis na hionadaithe poiblí sa tír seo cruthú duinn go bhfuil siad dáiríre faoin Ghaeilge, nach bhfuil sé fíor a rá nach bhfuil suim acu inti. Féadann siad féin an tuairim sin a bhréagnú trí an moladh seo a chur i gcrích gan moill a chur air níos faide.

Anois níl fúm labhairt faoin chuid eile den tuarascáil — tá mé ag déanamh, an uair dheireanach, gur labhair mé ar na nithe seo — ach á rá arís — gur mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le baill an chomhchoiste as ucht na hoibre atá déanta acu agus na moltaí atá curtha chun tosaigh acu. D'iarrfainn anois ar Bhaill na Dála agus an tSeanaid glacadh leis na moltaí sin agus a bheith cinnte nach dtarlódh a leithéid arís go dtiocfadh linn a rá, mar a dúirt mé ar dtús anseo, gur ghlac sé níos mó ná trí scór bliain dúinn comharthaí a chur in airde i nGaeilge, nach dtiocfadh le héinne a rá arís nach raibh muid dáiríre sna Tithe seo faoin ár dteanga dhuchais. Tá súil agam nuair a thiocfas an chéad tuarascáil eile romhainn, agus b'fhéidir faoin uair sin nuair a thiocfaidh sí, go mbeidh Baill nua ann. Ach tá súil agam, cibé a tharlóidh, go leanfar leis an obair atá curtha ar fáil anois ag an comhchoiste agus go mbeidh an Ghaeilge ag dul i dtreise sa dá Theach ó seo amach.

Cuireann sé áthas orm bheith páirteach sa díospóireacht spéisiúil seo. Níl an Ghaeilge go maith agamsa agus mar sin ní bheidh mórán le rá agamsa. Níl an Ghaeilge agam ó dhúchas. D'fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil agus tá a fhios ag gach éinne anseo atá ag féachaint orm nach é inné nó inniu a tharla sin. Bíodh sin mar atá, caithfidh mé cúpla focal a rá, mar tá grá agam ar an teanga agus tá suim agam inti. Níl mórán sna chéad leathanaigh den tuarascáil ach cuntas ar na daoine atá ar an gcomhchoiste agus cur síos ar an obair a bheidh le déanamh acu. Is é an príomhchuspóir atá acu úsáid na Gaeilge a leathnú sa Dáil agus sa Seanad agus cuntas a thabhairt dúinn go léir go luath, agus gach bliain ina dhiaidh sin, ar na torthaí nó dul chun cinn atá bainte amach acu.

Is í seo an chéad uair a ohléigh comhchoiste de chuid an Oireachtais ceist na Gaeilge, agus dá bhrí sin tá suim mhór ag na daoine taobh amuigh, agus is maith leis na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí ar an gcomhchoiste oiread eolais a thabhairt chun go spreagfar daoine agus eagrais éagsúla leanúint ar saothrú chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh. Déanann an cuntas cur síos ar na torthaí a d'éirigh leo a bhaint amach go dtí seo agus an obair atá idir lámha acu agus atá le déanamh acu. Níl siad sásta gur éirigh leo an méid ceart a bhaint amach. Mar sin, tá mar bhunpholasaí acu, agus is ceart go mbeadh sé mar bhunpholasaí acu, gan a bheith ag iarraidh dul ró-thapa nó ag iarraidh an iomarca a dhéanamh ró-luath. Is ceist í ceist na Gaeilge do gach páirtí sa Dáil agus sa Seanad agus tá orainn go léir ár ndícheall a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar aghaidh chomh maith agus is féidir linn. Is gá iarracht shuntasach leanúnach a dhéanamh agus tá páirt le glacadh ag gach éinne sa Oireachtas, bíodh sé ina Theachta Dála nó ina Sheanadóir.

Tá dream daoine ann a deir go ndearnadh iarracht fadó fadó, go ndearnadh a lán iarrachtaí na Ghaeilge a chur ar bun agus nár éirigh leis na daoine sin. Tá siad míshásta agus deir siad nach féidir linn an Ghaeilge a chur ar bun ach an oiread. Is ceart a rá gur rinneadh iarracht. Rinneadh a lán daoine sa Dáil agus sa Seanad iarracht. Sa Chéad Dáil rinneadh Risteárd Mulcahy iarracht mhór. Bhí mar chuspóir amháin aige an Ghaeilge a chur chun cinn, agus is fíor a rá gur rinne Éamon de Valera iarracht sármhaith an Ghaeilge a chur ar aghaidh sa tír seo. Rinne siad a lán oibre agus is ceart dúinn go léir leanúint leis an deá-obair a rinne siadsan ar son na Gaeilge. Caithfimid cuimhneamh ar an seanfhocal ina ndeirtear, "go mbíonn an bua ag na daoine a leanann leis an obair go deo". Mar sin, is ceart dúinn leanúint agus gan stad de choíche go dtí go mbeidh an Ghaeilge ag dul chun cinn, agus, más féidir, í a bheith mar ghnáth-theanga ag gach uile dhuine sa tír seo.

Probably that is looking for too much. Therefore it behoves us all comhghairdeas agus buíochas a thabhairt do na daoine a bhí ar an gComhchoiste seo agus a rá leo go mbeimid sásta ár ndícheall a dhéanamh chun an rún atá tagaithe uathu a chur chun cinn. Agus leis sin ní bheidh mórán eile le rá agam anseo ach tá mé ag fanacht leis an uair a mbeidh seans ag an Aire an freagra a thabhairt agus tá súil agam go mbeidh a lán le rá aige mar gheall ar an ndíospóireacht seo.

Maidir leis an díospóireacht ba mhaith liom a rá agus an rún seo ós ár gcomhair go gceapaim nach féidir le héinne athbheochan na Gaeilge a chur ar aghaidh gan airgead a chaitheamh. Sin í an trioblóid i gcónaí san tír seo maidir leis an sean cheist náisiúnta seo. Níl mise ar an gcomhchoiste Gaeilge ach mar sin féin cuirim fáilte roimh an tuarascáil seo atá ós ár gcomhair inniú. B'fhéidir nach bhfuil an tuarascáil seo rómhór ach mar sin féin is í seo an chéad tuarascáil ar feadh bliana nó mar sin. Is maith an rud í a fheiceáil. Ní raibh aon fhocal Gaeilge le cloisint in aon Chomhairle Chontae lasmuigh den Ghaeltacht ach creidim go bhfuil a lán Gaeilge ag na comhairleoirí chontae i ngach contae sa tír. Le cleachtadh agus le seans le fáil ag na comhairleoirí sin, is dóigh liom go ndéanfaidh siad cuid mhór de ghnó poiblí tríd ár dteanga náisiúnta.

In welcoming this report, I should like to express great satisfaction at the fact that over a long number of years this is the first opportunity we have had of discussing a report and noting that at least some of the recommendations of the joint committee have been implemented. I should like to take this opportunity of extending my appreciation to the work of the Clerk of this House for providing the facilities for the implementation of the first recommendation. In their conclusion under the heading of Epilogue on page 27 of their second report the joint committee say:

... It must be stated that the Joint Committee feels that this is a particularly important report and that it could have a major bearing on the position of the Irish language in the Houses of the Oireachtas in the years to come. Practical recommendations, which are attainable within a reasonable period to time, have been assembled and the Joint Committee sees no reason why there should be difficulty in their implementation on the basis that goodwill and co-operation will be forthcoming from the appropriate authorities.

The Joint Committee asks every person and every Party to play a positive, active role in having the recommendations made previously implemented. It is hoped that substantial progress will be achieved gradually and that the improvement which everybody expects will be noticeable before long.

There is now much more goodwill at least in this House towards the Irish language than at any time in the last 20 years. When I first had the pleasure of being a Member of this House there was then a high percentage of my colleagues who were distinguished Irish scholars. The Leader of our party at that time was An tOllamh Mícheál O hAodh who was an Irish scholar. Then there was An Seabhac who spoke in the early sixties — coming towards the end of his career here — all of whose contributions were made in the beautiful Irish I remember from my school days. The majority of Members made frequent contributions in Irish. We still have distinguished Members on both sides of the House. An Seánadóir de Brún keeps the flag flying more so than anyone else. On our side Professor Dooge demonstrates frequently his command of the blas. Perhaps we could reach agreement, in the Committee on Procedure and Privileges, to have frequent opportunities to speak Irish in the House so that those of us who do not have great practice at the language would have the appropriate environment created.

It is not true to say that sufficient money has not been spent on the Irish language over the years. There is a school of thought that too much money has been wasted on the subject. That is a great pity. It is unfortunate that people should so perceive the expenditure of finance in order to conserve our national culture and heritage. Unless we as Members of the Houses of the Oireachtas give a positive lead, utilising every possible opportunity to conduct some of our business in Irish, it will be extremely difficult to expect the electorate in general to follow suit.

The point was well made in the course of the debate this afternoon when comparisons were drawn between the progress children make when studying European languages and the results portrayed of people who have spent the best part of 20 years in the Irish educational system, something to which the Department of Education might devote some consideration. There have been many experiments carried out on improving the use of the Irish language. Unfortunately, a high percentage of the population have not got a feeling for the language and perhaps resent having to devote some time to its learning. Unfortunately, too small a percentage of the population have the facility, the understanding or are in a position to appreciate and enjoy Irish traditional culture. We must recognise the tremendous work that Conradh na Gaeilge have consistently undertaken over the years and that organisation is fairly widely spread across the country. It is an opportune time to see how that can be strengthened. Nevertheless, there is some hypocrisy attached to the language. If I am allowed to digress from the report before the House, in the instance of the national games, the GAA created a song and dance and made a big fuss about an application from what is regarded as a foreign game to play against a European team in one of their pitches in the west. Last week we saw that the same organisation had no qualms of conscience about playing in a cricket ground in Australia. This organisation is entitled to their rules and I do not wish to say anything about them but, unfortunately, if the question of the language comes up, some chap finds himself disqualified perhaps because his name is incorrectly spelt in Irish or for some small sanction like that. This does not instil a love of the language or the spirit of wanting to experience the national culture. In every walk of life there are people who are doing tremendous work to foster the Irish language. I sometimes wonder if the methods they adopt in all good faith are harvesting the appropriate feelings and desire in the hearts of the people whom they endeavour so much to serve.

The two reports we have been discussing this evening should be the foundation for a new departure and it only takes goodwill, and effective management for the provision of appropriate motions and opportunities. Those who have the responsibility for the management of the Order of Business should provide the opportunity for people to use Irish and to improve their facility in the language and to make sure that the Irish language is carried in the records of the House.

To our colleagues who have worked hard and sincerely on the compilation of these reports I would like to express my appreciation and to offer them my congratulations. Again, we are dealing with a subject in respect of which politicians may say there are not very many votes to be obtained but that should not be looked upon as a handicap. We should make an effort to follow the lead that is being given by people who have such a great regard for the language and Irish culture. It is important that we should be able to demonstrate that at least a little of that great effort is rubbing off on all of us here.

A Leas-Chathaoirligh, ba mhaith liom, i dtosach, a rá go raibh meascán anseo i dtús báire nuair a bhí an díospóireacht á tógáil ag 2.30 p.m. agus ba mhaith liom leithscéal an Tí a ghabháil as ucht na moille a cuireadh ar an Teach agus go raibh oraibh an suíomh a chur ar athló ar feadh chúpla nóiméad. Bhí mé féin i mbun cheisteanna Dála agus tá súil agam go nglacfaidh na Seanadóirí mo leithscéal as ucht a tharla.

Tá áthas orm an deis seo a bheith agam labhairt anseo anocht tar éis éisteacht le Seanadóirí, cuid acu a bhfuil Gaeilge líofa aca, cuid acu nach bhfuil Gaeilge chomh líofa sin acu ach, ag an am gcéanna, atá sásta seasamh suas agus a ndícheall a dhéanamh.

Mar atá a fhios agaibh bunaíodh an Comhchoiste Oireachtais i ndeireadh 1984 agus tá dhá thuarascáil ar fáil uathu ó bunaíodh é. Ba mhaith liom a rá chomh maith, ar ndóigh, gur cúis áthais dom a rá gur cruinniú speisialta den Seanad é seo inniu, rud a thugann aitheantas do Lá na Gaeilge, aitheantas, go deimhin, thar mar a bheifeá ag súil leis, go dtáinig an Seanad le chéile ar an ócáid speisialta seo leis an bplé seo a dhéanamh ar thuarascáil an chomhchoiste. Ba mhaith liom tréaslú le mo chara an tAire Stait i Roinn na Seirbhíse Poiblí, an Teachta O'Keeffe, as ucht an lá seo a fhógairt mar Lá na Gaeilge. Tugann sé deis dúinn ar fad ár smaointí a chur in iúl dá chéile ar an Oireachtas agus do mhuintir na hÉireann.

Ag breathnú ar na tuarascála atá romhainn tá sé soiléir go bhfuil fonn oibre ar bhaill an chomhchoiste, níl agat ach breathnú ar na moltaí — 25 — atá anseo i ndeireadh na tuarascála. Tá sé an-éascaí moltaí a chur ar pháipéar. Caithfidh mé a rá, chomh fada is a bhaineann sé leis na moltaí a fheicim romham anseo ar thuarascáil an Chomhchoiste, is moltaí iad atá ionoibrithe; tá rudaí, leagtha síos atá insroichte agus, mar sin, tá fiúntas ag baint leis an iarracht ar fad, rud nach féidir a rá faoi gach uile thuarascáil a thagann ó gach uile fhochoiste a shuíonn síos le tuarascáil a chur ar fáil.

Is é an toradh is mó atá leis na hiarrachtaí seo ná go bhfuil "ethos" na Gaeilge le feiceáil timpeall na háite. Tá meoin athraithe le feiceáil i dTithe an Oireachtas. Ag am lóin inniu bhí cruinniú againn, cruinniú beag ach, mar sin féin cruinniú suntasach a bhí ann, thall i Seomra 114 in aice le hÁras na Dála. Bhí an Taoiseach ansin, an Ceann Comhairle; bhí Cathaoirleach an tSeanaid ann; bhí Cathaoirleach an Chomhchoiste ann agus baill; bhí Ceannaire an Fhreasúra ann, bhí Ceannaire na nOibrithe ann, bhí Ceannairí na bPáirtithe ar fad ann. Bhronn an Ceann Comhairle leabhar eolais orthu, leabhar atá á chur le chéile faoi láthair maidir le Gaeilge. Is rud dhátheangach é, áis dhátheangach, a bhronn sé ar an Taoiseach. Chomh fada agus is eol dom cuireadh scéala chuig na méain chumarsáide go raibh a leithéid ag tarlú ar 3 p.m. Níor tháinig ceann acu in aice na háite. Not one of them. Seo é an deacracht atá againn mar Seanadóirí nó Teachtaí Dála. Is polaiteoirí ar fad muid. Agus, mar a dúirt an Seanadóir Bríd Rogers linn leathuir a chloig ó shin, ní maith le polaiteóirí bheith ag seasamh suas agus ag cur a gcosa uathu muna dtugtar aird orthu ag duine éicint am éicint. Sin sampla beag amháin. Sin rud nach dtarlaíonn go ró mhinic go mbíonn ceannairí chuile pháirtí sa tír in aon seomra amháin ar ócáid áirithe agus iad ar fad, agus seo é an rud tábhachtach, iad ar fad ar aonfhocal amháin, aontaithe, faoin rud atá idir chaibidil. Bhí a leithéid d'ócáid ann inniu agus níor tugadh aird dá laghad air. Agus an méid sin ráite déanfaidh mé iarracht athchoimre a dhéanamh ar an méid adúirt Seanadóirí agus gabh mo leithscéal má fhágaim amach rudaí tábhachtacha adúradh. Rinne mé iarracht nótaí a thógáil ar na rudaí a cheap mise go mba bhfiu tagairt a dhéanamh dóibh.

Dúirt an Seanadóir John Browne go mba cheart go mbeadh Airí go bhfuil Gaeilge acu ag baint úsáid as ar a laghad i rith díospóireachtaí dara céim de Bhillí. Tá sin fíor agus tá mé ag ceapadh go bhfuil Airí sásta agus tá mé cinnte go bhfuil Teachtaí eile sa Fhreasúra sásta a leithéid a dhéanamh. Ach is é an faitíos atá ar dhaoine atá ar bheagán Gaeilge go mbeidh daoine ag clamhsán futhu nó ag fáil locht ortha toisc go bhfuil gramadach mícheart, agus ní theastaíonn ó éinne seasamh suas agus, mar a cheapann sé féin, amadán no óinseach a dhéanamh díobh féin ar ócáid cosúil le labhairt sa Dáil nó sa Seanad, i dTithe an Oireachtais. Ní dóigh liom gur ceart do dhaoine an meoin sin a bheith acu ach tá sé acu. Is féidir teacht thairis sin.

Dúirt an Seanadaóir John Browne go mba ceart córas teangaireachta a bheith sa Seanad. Thiocfainn leis sin agus le tuairisceóirí le Gaeilge chomh maith a bheith ar fáil, le tuarascáil a scríobh ar ghnóthaí an Tí agus le poiblíocht a fháil do Sheanadóirí. Is cosúil nach bhfuil na daoine seo ann agus go bhfuilimid ag fulaingt i ngeall air sin. Céim ar aghaidh, dúirt sé, an seomra atá curtha in áirithe, áit gur féidir áiseanna faoi leith a fháil agus a úsáid agus ranganna chomh maith sa Ghaeilge do dhaoine go bhfuil a leithéid a leithéid uathu. Dúirt sé, agus an ceart aige go bhfuil níos mó Gaeilge le cloisteáil á labhairt ar fud dhá Theach an Oireachtais anois.

Dúirt an Seanadóir céanna rud amháin faoi Ghaeilge éigeanntach, nach ceart dá leithéid a bheith ann. Tá an ceart aige. Ní dóigh liom é agus tá daoine ann inniu adeir ón lá gur baineadh an t-éigeantacht as an Ghaeilge go raibh sí ag dul i léig. B'fhéidir go bhfuil sí ag dul i léig ach ní dóigh liom gurb é an t-éigeanntacht a bhaineadh as atá ag goilliúint chomh mór sin uirthi. B'fhéidir go mbeadh sí ag dul i léig ar aon nós. Níl a fhios agam ach ní dóigh liom gur ceart rud mar theanga a sháthadh síos scórnach duine ar bith muna bhfuil se sásta, nó muna bhfuil sí sásta, glacadh leis.

Chuir an Seanadóir Séamus de Brún, a bhuíochas in iúl don Aire Stáit i Roinn na Seirbhíse Poiblí maidir le Lá na Gaeilge agus rinne sé tagairt go mba cheart deis a thabhairt do dhaoine freastal ar chúrsaí i nGaeleagras. Tá fadhbanna annsin ach chomh fada agus a bhaineann sé liomsa níl réiteach na faidhbe sin agam. Tig liom dul ag caint le daoine, le comh-Airí faoi seo agus déanfidh mé sin le gur féidir daoine a ligint saor le freastal ar chúrsaí dá leithéid.

Maidir leis an seomra, glacaim leis nach bhfuil Seomra 114 ar fáil go príomhgha don obair seo mar tá coistí ann ach ar a laghad tá seomra ainmnithe sa Teach agus b'fhéidir amach anseo nuair a bheas áiseanna spáis eile againn go mbeadh cúinne dár gcuid féin againn agus ag Seanadóirí agus ag Teachtaí Dála agus go mbeidh sé acu go príomhgha le haghaidh úsáid a bhaint as le Gaeilge a fhoghlaim nó éisteacht le téipeanna nó cibé rud atá le déanamh acu. Mar gheall ar Fhoireann Rannóg an Aistriúcháin, a luaigh an Seandadóir Séamus de Brún, tá laghdú tagaithe ar an bhfoireann agus tá a fhios agam go bhfuil siad faoi bhrú thall ansin. Nuair a fheiceann siad mise ag teacht isteach sa Dáil cuireann sé brú níos mó orthu mar tá obair i gcónaí idir lámhaibh acu. Arís, agus níl mise ag iarraidh mo lámha a ní an t-am ar fad ach tá fadhb annsin le reachtáil ag an Tí agus cead na Roinne Seirbhíse Poiblí a fháil le breis daoine a cheapadh ansin. Rachaidh mé chun cainte leo faoi sin chomh maith agus déarfaidh mé leo gur deineadh tagairt dó i rith na díospóireachta seo.

Rinne an Seanadóir céanna, Séamus de Brún, tagairt don tuarascáil is déanaí a tháinig amach — tuarascáil a chuirfeadh díomá ar éinne go bhfuil suím aige sa cheist seo —"Irish in the Educational System"— atá curtha ar fáil trí Bhord na Gaeilge go bhfuil an-laghdú tagaithe ar úsáid na Gaeilge agus go bhfuil ag téip ar i bhfad níos mó daoine a thógann scrúduithe triú leibhéil i nGaeilge. Tá stracfhéachaint tugtha agam féin air seo. Tá leithscéal amháin go mb'fhéidir gur i ngeall ar an fás an-mhór a thainig ar figiúirí daoine a bhíonn ag freastal ar méanscoileanna agus ar scoileanna dara leibhéal go ginearálta, gur b'shin é an fáth go bhfuil an t-athru mór seo ann. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart. Tá moill tagaithe ar suim sa Ghaeilge agus ar méid na ndaoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus go deimhin atá ag baint amach scrúduithe sa Ghaeilge.

Maidir le scoileanna Ghaelacha, rinne an Seanadóir tagairt do na coláistí ullmhúcháin chomh maith a chur an-iontas orm féin. Níl a fhios agam a ndúirt mé seo cheana ach déarfaidh mé anois é. Cuireadh ar bun na coláistí ullmhúcháin sna triochaidí nó sna dachaidí gan focal díospóireachta i gceachtar den dhá Theach. Cuireadh ar ceal iad i ndeireadh na gcaogaidí nó i dtús na seascaidí gan focal díospóireachta i gceachtar den dhá Theach. Sin an rud is iontaí agus is aistí gur féidir leat smaoineamh air, nuair a smaoiníonn tú ar thábhacht na gcoláistí sin, coláistí a chuir na mílte oidí ar fáil go raibh an Ghaeilge ar a mian acu. Ceapaim féin go raibh an-tionchar aige sin, deireadh a chur leis na coláistí ullmhúcháin ar chaighdéan na Gaeilge sna scoileanna. Cinnte chuír sé as go mór do chaighdéan na Gaeilge sna coláistí oiliúna agus níl a fhios agam an bhfuil an cheist sin réitithe go fóill ach sin ceann de na rudaí a tharla.

Maidir leis an Seanadóir O'Higgins, bhí sé ag caint ar "intellectual revolution" nó réabhlóid intleachtúil. Tá sin ag teastáil. Níl a fhios agam cén chaoi le cur chuige. Tá deacracht agus go deimhin dainséar ag baint le réabhlóid de shaghas ar bith, bíodh sé intleachtúil nó aon saghas réabhlóide eile. Rinne sé tagairt do chaolaigeantacht a bhaineann le athbheochaint na Gaeilge agus d'innis sé scéilín dúinn, "anecdote". Tá sin fíor go fóill. Tá cinéal cruatain agus míádh agus caolaigeantacht ag baint le Gaeilge. Sin í an tuairim atá ag daoine agus tiocfaidh mé chuig bealach amháin as seo i gceann noiméid. Dúirt sé go raibh deacrachtaí ag daoine a gcuid ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge — tá go deimhin agus tá sé sin ann fós tar éis trí scór blianta. Is mór an trua é ach tá daoine sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht a lorgaíonn seirbhís trí Ghaeilge ón airneál poiblí, ó Ranna Stáit, ó chúirteanna agus nach bhfaigheann í agus is mór an feall é sin. Go deimhin is rud é nach cóir a bheith ag tarlú.

An Seanadóir Brian Mullooly, arís ghabh se buíochas leis an gcomhchoiste. Dúirt sé go raibh díomá air agus go deimhin ar an gcomchoiste faoin a laghad freagraí a tháinig ar an litir a cuireadh amach ag lorg moltaí ó Chomhaltaí an Tí seo. Tuigeann muintir na Tí seo nuair a fhaigheann siad litir den tsaghas sin nach mbíonn éinne ag súil le mórán i bhfoirm litreacha ar ais nó freagraí agus tá mé cinnte go dtuigeann an comhchoiste é sin chomh maith. Ach ceapaim féin, mar adúirt an Seanadóir Mullooly, gur tháinig cuid acu ar ais agus go deimhin labhair cuid acu anseo inniu, daoine nár chuir isteach a moltái ach tá siad cloiste againn anois go pras inniu sa Seanad agus is fiú sin.

Maidir le video bunaithe ar an leabhar "Teach Laighean", ansin moladh amháin a rinne sé, b'fhéidir, gur fiú breathnú ar agus ba maith liom tréaslú le Cléireach an Tí seo as ucht a bhfuil déanta aige ar son an Tí agus go deimhin ar son na Dála agus ar son na tíre. Is smaoineamh é gur fiú é a leanúint.

Tá moladh go gcuirfí ar fáil lámhleabhar. Tá an lámhleabhar sin á chur le chéile. Chonaic mé profaí an lámhleabhair inniu thall ag Seomra 114. Rinne an Seanadóir Kelleher tagairt do atmaisféar nua a bhí cruthaithe agus go raibh níos mó úsáid á baint as Gaeilge anois ná mar a bhí cúpla bliain ó shin. Duirt sé go mbeadh torthaí níos fearr as daoine a mhealladh ná daoine a cháineadh, agus tá an ceart aige. Ní amháin go bhfaighfidh tú an óige trí iad a mholadh ach gheobhaidh tú daoine i bhfad níos sinne trí mholadh chomh maith.

Rinne an Seanadóir céanna tagairt don tábhacht a bhaineann le úsáid na teanga i dTithe an Oireachtais agus seo é an rud go raibh mé ag tagairt dó cúpla noiméad ó shin. Bhí an Seanadóir O'Higgins ag caint faoin chruatan agus an míádh agus an cineál caolaigeantacht a bhain le Gaeilge, le; Gaeleachas agus daoine go bhfuil baint acu leis an nGaeilge, le cultúr na Gaeilge. Bealach amháin as sin ná go bhfeicfí go mbeadh an Ghaeilge á labhairt i bhfad níos mó, i bhfád níos leithne agus i bhfad níos minicí i dTithe an Oireachtais. Mar is cuma an dtaitníonn sé linn nó nach dtaitníonn tá daoine san tír seo agus an gnáth dhuine amuigh ansin ar an tsráid ag breathnú orainn, ag caint dúinn, bíodh siad ár gcáineadh nó ár moladh, ach tá suim ag na daoine sin ionainn ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. An rud adeirimid, an chaoi adeirimid é, an teanga is an úsáid a bhainimid aisti, bíonn tionchar aige sin ar an chaoi a smaoiníonn daoine amuigh ansin. Tá mé cinnte dá mbeadh Gaeilge, cuir i gcás, a labhairt anseo ó mhaidin go hóiche chuile lá sa Dáil agus sa Seanad go mbeadh Gaeilge á labhairt i Sráid Uí Chonaill agus i mBéal a' Mhuirthid agus i Muineacháin agus i gCeatharlach agus i Loch Garmain agus chuile áit eile sa tír agus go mbeadh suim ann chomh maith.

Rinneadh an Seanadóir Kelleher agus a lán Seanadóirí eile tagairt chomh maith do rud amháin — agus chuir seisean ar bhealach eile é, gur míbhuntáiste é labhairt as Gaeilge i dTithe an Oireachtais toisc nach bhfaighidh tú puinn poiblíochta as. Is dóigh liom go bhfuil an ceart aige agus tá súil agam go bhfaighidh na meáin chumarsáide nod ón díospóireacht seo. Go deimhin chuala mé cheana sa Seanad é, na daoine céanna ar an bport céanna agus tharla sé nach bhfuair siad órlach poiblíochta an lá dar gcionn. Caithfimid fanacht go dtí amárach go bhfeicfimid cad a tharlós, an mbeidh an scéal céanna ann. An Seanadóir Lanigan, seo sampla de fhear atá sásta seasamh suas agus a rá "Níl an Ghaeilge go hiontach agam ach, bai dad, bainfidh mé triail as." There is, unfortunately — I am speaking in English deliberately for bilingual reasons — an attitude that in this instance where a debate is taking place in Irish and where a person for some reason has to use English, he does it in the form of an excuse or he has to be half-apologetic about it. Nobody should apologise for being bilingual. It is an asset. Many people would be delighted to do a test and say "I am bilingual" and prove it. Senator Lanigan and others who participated in this debate, who in order to get their point across, used English for part of their statements, are to be complimented on having a bash and also for standing up and showing that they were prepared to speak in English, even at the risk of being criticised. It is sad to say that they will be criticised. I will probably be criticised also for speaking a few words in English. If I spoke in French they would say I must have a great command of French. They would not criticise me for doing it. That is a deep-rooted prejudice. The sooner we get rid of it the better.

Dúirt an Seanadóir Lanigan go mba cheart go mbeadh daoine ábalta Béarla a úsáid i ndíospóireacht mar seo, agus d'úsáid seisean é, agus an ceart aige. Ní dóigh liom gur gá dó leithscéal a dhéanamh mar gheall air.

Senator Harte, a man of absolute integrity, said he had no Irish and he would speak in English and gave us an in depth view of a man of his generation that is also my generation. He left school at the age of 12 years and went out into the world and did not get an opportunity, but still has the same love of the language and the same love of culture and all things associated with the language as a person who is fluent in the language. That type of person is due great praise.

Dúirt an Seanadóir Harte go mba cheart go mbeadh áis aistriúcháin ar fáil anseo agus an ceart aige, agus arís bhí mé ag caint faoi seo cheana agua déanfaidh mé é a chur ar aghaidh, más féidir. Rinne sé tagairt do chúrsaí AnCO. Is fiú é sin a leanúint. Níl a fhios agam go baileach céard tá i gceist aige ach beimid ag dul ar ais chuige le fáil amach go baileach céard is féidir a dhéanamh le úsáid a bhaint as AnCO le go mb'fhéidir cúrsaí a chur ar fáil.

Leag an Seanadóir Andy O'Brien béim arís ar an tábhacht a bhain le úsáid na Gaeilge ag polaiteoirí agus daoine go bhfuil eolas poiblí acu agus daoine sa bpobal trí chéile. Thug sé figiúirí dúinn a foilsíodh i 1970 a theaspáineann go bhfuil tacaíocht an phobail taobh thiar den Ghaeilge. Ach, ar ndóigh, an pobal a thugann tacaíocht don Ghaeilge, ag an am gcéanna is beag atá siad sásta a dhéanamh iad féin ar son na Gaeilge. Rinne sé tagairt do na figiúirí, go bhfuil duine as gach deichniúir ábalta Gaeilge a labhairt mar ghnáth-chomhrá. Sin de réir na bhfigiúirí a bhí á léamh aige as cuntas a cuireadh ar fáil cúig bhliana déag ó shin. Níl a fhios agam go baileach cén chaoi a bhféadfaí breathnú air sin inniu. Agus dúirt sé go raibh "slippage" an-mhór ann tar éis do dhaoine an scoil a fhágáil. Agus tá. Cailleann daoine taithí ar fhoghlaim na Gaeilge agus ar úsáid na Gaeilge sa gcéad deich mbliana tar éis dóibh dul as córas an oideachais. Cailltear taithí ar úsáid na teanga níos mó sa tréimhse ná mar a chailltear, is dócha, ar feadh saol an duine ina dhiaidh sin. Níl a fhios agam cén bealach ar féidir a thógaint. Tá mé cinnte go bhfuil bealaí ann gur féidir suim an duine a choinneáil agus blianta ina dhiaidh sin bíonn brón orthu go bhfuil an Gaeilge agus taithí ar an dteanga caillte acu.

Rinne an Seanadóir Ulick Burke tagairt do thábhacht an lae, sin Lá na Gaeilge, agus chomh maith leis sin rinne sé tagairt do rud atá suntasach domsa — go bhfuil meoin nua le feiceáil ar fud na timpeallachta, ar fud Thithe an Oireachtais anseo, go bhfuil daoine ag an ngeata agus ag na doirse agus sna hallaí, ag labhairt Gaeilge eatorthu féin, go bhfuil Seanadóirí agus Teachtaí Dála, agus go deimhin, Airí, ag labhairt Gaeilge nuair a bhuailtear le chéile iad sna hallaí. Dúirt an Seanadóir Burke go mba iontach an rud é dá mbeadh Seachtain na Gaeilge againn in ionad Lá na Gaeilge. Agus ar an raidió inniu chuala mé tagairt don lá seo agus ba mhaith liom tréaslú leis an fear a smaoinigh air seo, is é sin i Roinn na Seirbhíse Poiblí, Séamus Ó Caoimh. Leag an Seanadóir Burke béim ar fhoghlaim na Gaeilge agus ar modhanna múinte agus bhí sé an-dian ina cháineadh ar théacsanna atá in úsáid sa chóras oideachais. Anois, maidir le foghlaim na Gaeilge tá téacsanna agus áiseanna agus cuireann sé ionadh ormsa a chloisteáil inniu, agus chuala mé cigirí scol ag caint faoi seo cúpla seachtain ó shin ar ócáid eile, go raibh an Ghaeilge ag dul i léig go mór i measc pháistí óga.

Ag an am gcéanna tá modhanna múinte nua-aimseartha — sé an módh múinte atá againn sa tír seo le scór bliain anois ná an ceann ar chruthaíodh, go deimhin, go raibh fiúntas ag baint leis sa bhFrainc, cuir i gcás, Francaise Fundamentale. D'oibrigh sé le Fraincís a mhúineadh do dhaoine narbh Fhraincaig iad agus nach raibh an teanga acu. Is cosúil nach bhfuil sé ag obair mar an gcéanna i bhfoghlaim na Gaeilge no i múineadh na Gaeilge. Áiseanna teagaisc — tá siad sin ann, mar a deirim, agus ceapaim go bhfuil rud níos mó ná sin ag teastáil: caithfidh tú sprioc éicint a chur romhat agus tacaíocht a fháil agus caithfidh an timpeallacht a bheith ceart le gur féidir úsáid iomlán a bhaint as, no leas iomlán a bhaint as na háiseanna meicniúla atá thart orainn.

Pointe eile — ba cheart go mbeadh cabhair airgid do chlódóirí. Bhuel, tá cabhair airgid curtha ar fáil, cuir i gcás, tá ó mo Roinn féin £170,000 á chur ar fáil de bharr na Gaeilge. Tá bord ansin atá ag plé le foilsitheoireacht. le clódóireacht, agus ansin, ar ndó, tá an Gúm sa Roinn Oideachais, áit a bhfuil suas le scór daoine fostaithe. Sa bhliain reatha, cuir i gcás, sa Roinn Oideachais tá £120,000 á chur ar fáil do fhoilsitheoirí féin agus ta suas le £300,000 beagnach, £282,000, do fhoilsitheoirí neamhspleácha. Thiocfainn in iomlán leis an Seanadóir Ulick Burke maidir leis na téacsanna a bhí ann. Bhí eolas cineál maith agam ar an nGaeilge agus me ag fágáil na meanscoile ach ní raibh a leithéid ann, Liam O Flaitheartaigh nó Máirtín Ó Direáin. Bhí Eoin Rua Ó Súilleabháin agam ar bharr mo theanga, agus daoine mar é, daoine a cailleadh míle bliain ó shin. Ní raibh a fhios agam faoi na daoine seo a bhí beo, cuid acu, go deimhin, beo fós. go raibh siad at dul le scríobh na Gaeilge, urscéala agus filíocht, agus ó thaobh an Bhéarla, fiú amháin, is le déanaí a tháinig daoine mar Bhreandán Behan ar chláracha ardteistiméireachta an Bhéarla, agus daoine mar é atá ag scríobh, daoine ón tír seo a scríobhann Béarla. Tá daoine nua-aimseartha ar na cúrsaí anois, Máire Mhac An tSaoi agus Máirtín Ó Direáin ó thaobh na filíochta agus daoine eile ó thaobh úrscéalta de nach rachaidh me isteach iontu faoi láthair. Tá an curaclam ann, b'fhéidir gur féidir a iarraidh orthu féachaint le téacsanna a bheadh níos suimiúla agus níos oirúnaí do ghrúpaí aoise faoí leith a chur ar fáil. Ta siad ann ach iad a roghnú.

Bhí Raidió na Gaeltachta á mholadh ag an Seanadóir agus thiocfainn leis in iomlán ansin. Tá an-job déanta ag Raidió na Gaeltachta. Tá deireadh curtha aige leis an bhac a bhí ar dhaoine ó Thír Chonaill, muintir Dhún Chaoin; níl aon mhíthuiscint anois idir muintir Thír Chonaill, muintir Chonamara, muintir Chorcaí nó muintir Chiarraí maidir le canúintí. Tuigeann siad a chéile go pras agus níl aon deacracht acu. Agus sin rud amháin a tháinig ó bheith ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta.

Tá Telefís Eireann cáinte arís toisc a laghad Gaeilge atá uirthi. Ag an am gcéanna ba cheart dúinn bheith éaráilte: tá feabhas tagtha uirthi le bliain anuas. Agus faoi láthair tá trí chláir reatha in aghaidh na seachtaine ag Seán Ó Turírísc ar RTE. Sin rud nach raibh ann. Níl sé ach tosaithe anois. Ach tá feabhas, tá cineál réimsí nua, mar a déarfá, ag dul i bhfeidhm ar na daoine amuigh ansin. Rinne an Seanadóir tagairt do hobbyhorse de mo chuid féin nuair a thugaim "élitism" le daoine atá ar bheagán Gaeilge ach nach n-osclóidís ar fhaitíos go gcáinfí iad. Tá sé sin fíor. Ta daoine sa tír seo a shíneann an mhéar chuig daoine a dhéanann dearmad gramadaí agus iad ag labhairt go poiblí. Is mór an trua sin mar tá an té a sheasann suas agus a dhéanann praiseach as an ngramadach, b'fhéidir go bhfuil iarracht i bhfad níos mó á dhéanamh aige, no aici, ná ag an té a bhfuil an Ghaeilge aige, no aici, ón gcliabhán.

Tugann sé sin mé go dtí an Seanadóir Bríd Rogers go bhfuil an Ghaeilge is áille aice a chuala mise ariamh, agus deirim é sin, ní de bhrí go bhfuil sí anseo, ach tá an Ghaeilge aici ón gcliabhán. Gaeilge Thír Chonaill. Deirtear liom go minic go bhfuil se an-deacair Gaeilge Thír Conaill a thuiscint. Níl má labhairtear í mar is ceart. Agus má éisteann tú leis an Seanadóir Bríd Rogers ní bheidh aon deacracht a thuiscint agus a chloisteáil go pras toisc go bhfuil sí ar a mian aici. Dúirt sí rud amháin maidir le aithbheochaint na Gaeilge — go raibh sé mar pholasaí ag gach uile phairtí polaitíochta sa tír seo ó thús an Stáit. Bhí, ach mar sin féin, thóg sé trí scór bliain orainn comharthaí as Ghaeilge a chur suas sa Dáil agus sa Seanad. Bhí "Tá" agus "Níl" ann tá mé ag ceapadh sin amháin go dtí go dtáinig an comhchoiste agus an brú seo ar an timpeallacht. Sin fíor. Níl a fhios an bhfuil sé seo fíor nó nach bhfuil ach is é an tuairim atá agam féin ná go bhfuilmíd ag maíomh go bhfuil an Ghaeilge, agus ceist na Gaeilge taobh amuigh den pholaitíocht. B'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos fearr dá mbeadh sé mar cheist pholaitíochta, sáite síos sa pholaitíocht. Tá mé cinnte go mbeadh na comharthaí suas i bhfad níos luaithe ná seo dá mba cheist pholaitíochta í an Ghaeilge. Anois, níl a fhios agam cad eile a tharlódh ach cinnte bheadh na comharthaí in airde. B'fhéidir go mbeadh rudaí i bhfad níos measa ar bonn eile, níl a fhios agam.

Deir an Seanadóir Rogers go bhfuil moltaí san Dara Tuarascáil agus go bhfuil siad praiticiúil. Tá agus do a lán daoine a thuigeann tábhacht na teanga tá siad ró-mhall agus sin é an rud a bhí á rá agam ansin, go bhfuil an caillteanas is mó ó thaobh taithí ar an dteanga sa chéad deich mbliain tar éis duit an córas oideachais a fhágaíl. Ansin póstar daoine agus bíonn a gclann féin acu ag dul ar scoil. Faigheann siad amach gur mór an trua nár choinníodar leis mar "tá na gasúir ag teacht ar aghaidh agus níl mé in ann cabhrú leo sna téacsleabhair agus in san obair baile." Cloisim é sin chuile sheachtain mé féin ag daoine atá ar chomhaois liom féin nó níos óige. Nuair a bhíonn sé ró-mhall tuigeann siad an tábhacht a bhaineann leis.

Arís, agus tagann sé seo amach ag cainteoir i ndiaidh cainteoir, gan a bheith ag caitheamh anuas ar daoine atá ar bheagán Gaeilge sin é ceann des na teachtaireachtaí is mó agus cuireann sé faitíos ar dhaoine atá ar bheagán Gaeilge go mbeadh daoine le "nods and winks" ag caitheamh anuas ar a gcuid gramadaí. Bhí teanga ann sula raibh gramadach ann. Arís agus seo rud eile go dtagrann cainteoir i ndiaidh chainteoir dó, an neamh-shuim a déantar ag na meáin chumarsáide aon uair a labhraítear trí Ghaeilge. Sin fadhb atá againne. Níl a fhios agam céard a tharlódh dá mbeadh chuile dhuine ag labhairt trí Ghaeilge chuile lá. Chaithfidís rud éigin a scríobh is dócha. Is féidir gur sin bealach amháin as ach tá tú ag gearradh aníos ar do sheansanna poiblíocht a fháil má labhraíonn tú Gaeilge agus déarfaidh mé arís é.

D'ardaigh an Seanadóir Rogers an cheist seo faoi an dairíreacht a bhí ionainn ó thaobh na Gaeilge. Go raibh bealaí ann chun an dairíreacht sin a theaspáint, cuir i gcás, ceist Dála, agus tá sé seo mar cheann de na moltái anseo. Cuir i gcás inniu, nuair ba cheart dom bheith anseo, bhí mé ag freagairt ceisteanna Dála agus ceann de na ceisteanna práinne a bhí ag an Fhreasúra bhí péire acu ag teacht chugamsa mar Aire Cosanta agus is i nGaeilge a bhí an péire. Tréaslaím leis an té a chuir na ceisteanna síos agus sin é an rud atá i gceist agam. Tá Airí eile atá sásta ceisteanna a fhreagairt. Agus é sin ráite agam tá mé cinnte go n-aontódh sibh liom nach bhfuil sé féarálta agus tagann seo ar ais ag an bpointe a bhí Seanadóirí ag caint faoi gan a bheith ag caitheamh anuas ar daoine ar bheagán Gaeilge agus ag déanamh praiseach do ghramadach. Níl sé féarálta ceist a chur ar Aire istigh sa Dáil nuair atá fios maith agat nach bhfuil Gaeilge ar an mhian aige. Tá sé sin mí-cheart agus tá sé díreach chomh dona le bheith ag caitheamh anuas ar dhuine ar bheagán Gaeilge. Ach tá Airí ann atá sásta ceisteanna a fhreagart as Gaeilge má chuirtear ceisteanna orthu as Gaeilge.

An Seanadóir Rogers an t-aon duine amháin a dhein tagairt do chraolachán na Dála, rud a chuir iontas orm. Níor smaoinigh mé féin faoi go dtí go ndúirt an Seanadóir é. Mar gheall air sin tá tionchar na dTithe seo ag dul i méid, toisc go bhfuil daoine amuigh ansin ag éisteacht le cibé rud atá ar siúl anseo. Tá píosaí le cloisteáil ar an raidió agus níl a fhios agam, cuir i gcás inniu, an mbeidh aon rud de Gaeilge na Dála le cloisteáil ar an raidió. Is rud breise é ó thaobh an chraolacháin de go bhfuil tionchar mór againn mar Sheanadóirí agus mar Theachtaí san Teach eile toisc go bhfuil an áis craolacháin seo ar fáil.

Rinne an Seanadóir Belton tagairt don díospóireacht stairiúil seo. Chuir mise aithne ar an Seanadóir Belton beagnach scór bliain ó shin. Cheap mé nach raibh focal Gaeilge ina phluic aige go dtí gur chuala mé ag caint Gaeilge anseo go pras agus go snasta. Chuir sé iontas agus áthas orm éisteacht leis. Sin é an saghas duine atá ag teastáil uainn. Bhí Seanadóir éigin ag tagairt anseo, cuir i gcás, do mhuinteoirí bheith ag caint eatarthu féin. Is beag buíochas do mhúinteoirí Gaeilge a bheíth acu. Is beag buíochas domsa Gaeilge a bheith agam. D'fhoghlaim mé é ag dul ar scoil, d'fhoghlaim mé sa bhaile i, mhúin mé trí Ghaeilge. Ach tóg fear gnó cosúil leis an Seanadóir Belton — fear nach raibh deis aige an Ghaeilge a úsáid, le haghaidh an Ghaeilge a choinneáil suas — sin é an saghas duine go mba chóir dúinn breathnú air agus sampla a thógáil uaidh. Thug sé siar muid go dtí stair athbheochaint na Gaeilge, go dtí de Valera agus Risteárd Ó Maolcatha, daoine go raibh dúthracht agus dairíreacht ag baint leo, daoine go bhfuilimid faoi chomaoin mhór acu. Ní bheimís ag caint i nGaeilge anseo inniu ach na hiarrachtaí a rinne siad san agus go bhfaca siad go raibh tábhacht iontach ag baint leis an teanga ó thaobh cultúir thaobh na tíre dhe agus ó thaobh cultúir dhe.

Labhair an Seanadóir McDonald as Gaeilge agus as Béarla — an dátheangachas. Rinne seisean tagairt don feabhas atá ar atmaisféar na dTithe anseo ó thosnaigh an iarracht seo maidir le leathnú na Gaeilge. Rinne sé clamhsán faoi gan deiseanna níos minicí a fháil úsáid a bhaint as Gaeilge. Seo cinéal deis foirmeálta atá againn anseo, ag plé tairiscintí den tsaghas atá á dhéanamh againn inniu ach is ag Seanadóirí féin atá sé an deis a ghlacadh. Níl aon bhac ar éinne seasamh suas agus Gaeilge a labhairt, is cuma cén ábhar atá á phlé anseo agus ní gá dhuit "speech" mór fada a dhéanamh as Gaeilge ach dá ndéanfá iarracht píosa beag a dhéanamh b'fhiú é. Ní daoine mar mise a chuirfidh sampla ar fáil don ghnáth dhuine. Is duine atá ar bheagán Gaeilge, atá ag iarraidh cur leis an mbeagán sin agus a thapaíonn chuile dheis a fhaigheann sé sin a dhéanamh. Rinne an Seanadóir McDonald tagairt do vótaí, an t-aon Seanadóir amháin a rinne tagairt do vótaí. Dúirt sé nach raibh mórán tábhachta ag baint le Gaeilge ó thaobh vótaí dhe, agus an ceart aige — níl. Ach tá i bhfad níos mó ag baint leis an saol ná vótaí agus — that is something now from a politician. Ach tá sé fíor.

Rinne duine éigin tagairt inniu don bhród a bhíonn air — tá mé ag ceapadh gurab é an Seanadóir Jack Harte adúirt é — nuair a théann sé ar an gcoigríoch agus cloiseann sé daoine ón tír seo ag caint Gaelige eatarthu féin agus daoine ón gcoigríoch ag caint a dteanga féin eatarthu féin. Ba mhór an trua muna mbeadh teanga dár gcuid féin againn agus go mbeadh orainn teanga eile, cosúil le Béarla, a labhairt ar fad ar an gcoigríoch. Cheapfadh daoine gur Sasannaigh muid, de bhunú Shasana, agus ní hea. Is Gaeil muid, is Ceiltigh muid, daoine faoi leith muid agus is í an teanga a scarann muid ó dhaoine na Breataine Móire. As sin a thagann ár nGaelachas, ár gcultúr, agus ár meoin agus rinne an Seanadóir Rogers tagairt don "literal translation" agus bhíos ag breathnú air. Bhí sé an-aisteach ach cruthaíonn sé an rud a bhí á rá againn ar fad, go gcuireann an Gaelachas, an teanga agus an Ghaeilge isteach ar ár meoin agus ar an gcaoi a bhreathaimid ar rudaí. Fiú amháin an t-aistriúcháin —"putting in on something"— sin Gaelachas. Níl baint dá laghad aige le Béarla. Is Gaelachas é agus tá sé préamhaithe sa teanga. Tá a lán lán samplaí eile. Ní tagtar ar ró mhinic i gcaipéisí oifigiúla agus is maith an rud go bhfuil daoine le súil chomh géar acu agus an Seanadóir Rogers atá in ann comharthaí mar sin a phiocadh amach. Ach cruthaíonn sé an pointe atá á dhéanamh againn gur Gaeil muid, go bhfuil teanga dár gcuid féin againn agus go bhfuil tionchar ag an teanga sin orainn ó mhaidin go hoíche, i chuile rud a dhéanaimid, i chuile rud a scríobhaimid. Tá súil agam go mbeidh an tionchar sin, tionchar na teanga, ag dul i méid an t-am ar fad go dtí go mbeimid abálta a rá, mar ghlún, go bhfuil ár gcion déanta againne ar son na teanga agus gur ag an chéad ghlún eile atá sé a gcion féin a dhéanamh nuair a thiocfaidh an lá.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Barr
Roinn