An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987 [ Bille Airgid Deimhnithe ] —An Dara Céim agus na Céimeanna Eile.

Tairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair."

Is Bille é seo chun an uasteorainn do na hairleacain as an bPríomh-Chiste chuig Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó £50 milliún go dtí £60 milliún. Teorainn £50 milliún a leagadh síos san Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 — an tAcht faoinar bunaíodh an tÚdarás. Tá an tsuim sin faighte ag an Údarás ó mhí na Nollag seo caite agus tá sé riachtanach an teorainn a mhéadú anois le go bhféadfar tuilleadh airleacan a chur ar fáil don eagraíocht chun a chur ar a cumas brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl aici ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta agus cur chun cinn na Gaeilge.

Is ar mhonarchana le cur ar cíos do thionscail agus ar scaireanna i gcuideachtaí is mó a chaitear na hairleacain — nó caipiteal neamhvótáilte mar a thugtar orthu. Ar ndóigh, ní hionann uasteorainn reachtúil a ardú agus airgead a íoc amach: is amhlaidh a eiseofar airleacain de réir mar a bheidh caiteachas caipitil den saghas atá luaite agam le glanadh agus faoi réir na suime bliantúla a bheidh údaraithe ag an Rialtas. Soláthar £5 mhilliún atá ann don bhliain reatha. Ní miste a rá nach mbaineann an Bille le caipiteal vótáilte an Údaráis, is é sin, an caiteachas caipitil le haghaidh na ndeontas a thugann an tÚdarás do thionscail: cuirtear an t-airgead sin ar fáil trí Vóta Roinn na Gaeltachta gach bliain. Suim £8.52 mhilliún atá i Leabhar na Meastachán don bhliain reatha.

Faoi mar is eol don Seanad foilsíodh tuarascáil thábhachtach Chomhchoiste an Oireachtais um Chomhiachtaí Státtionscanta Tráchtála ar an Údarás anuraidh. Tá na moltaí sa tuarascáil chuimsitheach sin á scrúdú go fóill.

Faoi mar a dúirt mé sa Dáil nuair a bhí an Dara Céim den Bhille seo á phlé tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sochar maith le fáil as an airgead Stáit a chuirtear ar fáil don Údarás mar airleacain — agus go deimhin mar dheontais-i-gcabhair freisin — agus chuige sin tá iarrtha ar an Údarás scrúdú iomlán a dhéanamh ar a chuid socmhainní le cinntiú go mbeidh an sochar is fearr is féidir le gnóth astu agus trí chritéir dhaingne a leagan síos go mbeidh luach a chuid airgid le fáil ag an Stát as chaiteachas ar airleacain.

De réir Tuarascáil agus Cuntais na heagraíochta don bhliain 1985 atá leagtha faoi bhráid an tSeanaid bhí 4,659 nduine ag obair go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1985 sna tionscail uile a fuair cúnamh ó Ghaeltarra/ón Údarás. Ba é sin an ceathrú bliain as a chéile a d'éirigh leis an Údarás an fhostaíocht i dtionscail faoina scáth a mhéadú agus tréaslaím a saothar leo. Ag deireadh na bliana 1985 bhí 254 dhuine breise fostaithe go lánaimseartha i dtionscail faoi choimirce an Údaráis i gcomparáid leis an líon a bhí fostaithe i dtús na bliana sin .i.e. méadú 5.7 faoin gcéad ar an bhfostaíocht lánaimseartha. Is dul chun cinn suntasach é sin nuair a smaoinítear ar an tionchar atá ag an gcúlú eacnamaíochta ar chúrsaí fostaíochta sa tír. Níl figiúirí cruinne ar fáil go fóill faoin líon daoine a bhí fostaithe ag deireadh na bliana 1986 ach tuigim ón Údarás go meastar go raibh líon beag daoine sa bhreis ag obair go lánaimseartha sna tionscail faoina scáth ar 31 Nollaig 1986 i gcomparáid leis an dáta céanna sa bhliain roimhe sin.

Is d'fhonn fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta a théann an tÚdarás faoi chaiteachas caipitil. Tá béim ar leith á cur ag an eagraíocht ar fhorbairt acmhainní nádúrtha na Gaeltachta agus tá dul chun cinn maith déanta ach go háirithe maidir leis an tionscal fheirmeoireacht éisc. Tá an tÚdarás sásta go bhfuil fás mór i ndán don tionscal sin sa Ghaeltacht — áit a bhfuil suímh oiriúnacha ar fáil, go príomha ar chósta an iarthair. Tuigtear ón Údarás go bhfuil breis is 100 duine fostaithe go lánaimseartha agus timpeall 40 duine go páirtaimseartha ar fud na Gaeltachta faoi láthair sa tionscal fheirmeoireacht éisc agus meastar go bhféadfar suas le 500 post lánaimseartha ar a laghad a chruthú sa tionscal sin sa Ghaeltacht thar tréimhse 10-15 bliana.

Faoi mar is eol do Sheanadóirí bíonn sé riachtanach dul faoi chaiteachas ar thaighde chun táirgí nua a fhorbairt. Bhí an tÚdarás mar cheannródaí sa tír seo maidir le saothrú na mara a chur chun cinn le deich mbliana anuas agus caitheadh roinnt mhaith airgid ar obair thaighde agus forbartha — saothar a ndeachaigh chun leas na tíre cheana féin agus a rachaidh tuilleadh sna blianta atá romh ainn. Mar léiriú ar an dul chun cinn atá déanta is i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás a tháirgítear suas le 70 faoin gcéad de na bradáin a thagann ó fheirmeacha éisc sa tír seo faoi láthair. Tá mé dóchasach go mbeifear in ann cur leis an bhforbairt sin le deiseanna fostaíochta breise a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta.

Tá mé cinnte nach miste bheith ag brath ar an Údarás brú ar aghaidh go tréan leis an obair chun poist bhreise a chruthú sa Ghaeltacht agus is mar chabhair chuige sin atáim ag iarraidh ar an Seanad glacadh leis an mBille gairid seo.

Maidir le hoibriú Údarás na Gaeltachta caithfidh mé ar an gcéad dul síos moladh a thabhairt dóibh as an obair atá ar siúl acu do mhuintir na Gaeltachta. Tá roint mhaith airgid curtha ar fáil acu do fhostóirí na Gaeltachta chun postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Sa bhliain 1985 is cúis sásaimh don Údarás gur éirigh leis an fhostaíocht faoin a scáth sa Ghaeltacht a mhéadú don ceathrú bliain as a chéile agus lena chois sin infheistíocht thabhachtach bhreise a thabhairt isteach. Trí fhiontair nua i rith na bliana 1985 tháinig méadú 254 ar líon na ndaoine a bhí ag obair go lánaimsearach. Fostaíocht 4,659 a bhí sa tionscal i ndeireadh 1985 i gcomparáid le 4,405 i dtús na bliana. Is ionann é sin agus méadú 5.7 faoin gcéad ar an bhfostaíocht lánaimseartha. Is méad suntasach é sin i gcomparáid leis na torthaí náisiúnta agus go háirithe nuair a thógtar san áireamh na deacrachtaí ar leith a bhíonn le sáru sa Ghaeltacht.

Údarás na Gaeltachta have an outstanding record of success in attracting industrial enterprise to Gaeltacht regions. Since 1981 industrial employment has risen in Gaeltacht areas. From January 1981 to year end 1985 full time employment in the industries promoted by Údarás na Gaeltachta has risen from 4,011 to 4,659. One must remember that the authority serves an area with a population of approximately only 80,000 people. The increase occurred at a time when unemployment was rising in the rest of the country.

I live in a Gaeltacht area in Ballyvourney, County Cork, where we have a number of small industries set up with the help of grant-aid from Údarás na Gaeltachta. I am glad to say that we have very little unemployment in this area and again that is thanks to the direct involvement of Údarás na Gaeltachta. Údarás na Gaeltachta have a part time office in this region which is manned for two days a week by their representative and he is there to assist and give advice on any project which one might have or to help with the preparation of an application for grant-aid for the setting up of any viable industrial project within the Muskerry Gaeltacht.

There are now very strict criteria in order to qualify for grant-aid and the average cost per job is in the region of £5,000 compared with the IDA who have an average cost per job ranging from between £7,000 to £20,000. It is also true that Údarás na Gaeltachta projects are generally of higher risk in that the high technology projects go to the IDA and SFADCo regions principally due to their location advantages. It is obvious that any foreign industrialist, if offered an advance factory in the Limerick region of SFADCo convenient to Shannon Airport or to the Limerick dock area, will settle there rather than take a factory in Gweedore, County Donegal, where he is approximately 200 miles from Dublin Airport. His transport costs from Donegal would be massive in relation to other locations around the country. This is one of the reasons there is a higher percentage of grant-aid for those starting up projects in the Gaeltacht areas.

The following incentives are provided by Údarás na Gaeltachta for those industries. They give a capital grant of up to 60 per cent of the cost of new buildings, machinery and equipment or 66? per cent in the case of projects promoted by native Irish speakers, by co-operatives and industries located in Gaeltacht areas; training grants of up to 100 per cent of the actual training costs and approximately 50 per cent of this is refunded by the European Communities Social Fund; in the case of small industries, an interest subsidy grant on loan finance subject to a maximum loan of 20 per cent; the rate of subsidy is scaled down from 100 per cent in year one, 75 per cent in year two, 50 per cent in year three and 25 per cent in year four; in certain development grants up to 60 per cent of the agreed cost subject to a maximum of £50,000 in any one case and a further £50,000 with the permission of the Minister for the Gaeltacht; feasibility study grants up to 50 per cent of accepted costs subject to a maximum of £5,000 in any one case and rent subsidies payable for up to a period of 15 years.

In addition to the above grants Údarás na Gaeltachta may under certain conditions acquire a majority or minority equity shareholding in companies as part of their industrial development activities.

In relation to item 4 reference is made to R and D grants. I am not satisfied that Údarás na Gaeltachta are carrying out this function properly. I have had the experience recently of a security company which spent in excess of £25,000 on research and development in the production of a prototype safe used by CIE on their one-man bus. Because it did not meet all the requirements set by CIE, it was decided not to develop it further. Údarás na Gaeltachta have said they cannot pay for a product which is not being produced. Surely research and development on any product carries a huge risk of failure. Once the money is spent by a small rural company they are entitled to reimbursement of the grant element or part of the expenditure. The research and development is there surely to cover the risk of failure.

Údarás na Gaeltachta are falling down in the area of support for small industries by their non-commitment to marketing aid. There is no grant or assistance to help small companies to market their products. Everybody knows at this stage that good marketing is critical to survival. I have mentioned this to management within An tÚdarás on many occasions without success to date.

An tÚdarás administers FEOGA grants which are available for marketing and processing of fish and fish products and mariculture. FEOGA grants are available at up to 50 per cent of eligible costs and Údarás na Gaeltachta may further grant-aid these projects up to a further 25 per cent. But in general manufacturing or service industries there are no marketing grants from Údarás na Gaeltachta. This will have to change if the increase in employment in the Gaeltacht areas is to be continued.

I support the Bill before us in this House today and I approve of the amendment to section 23 of the Údarás na Gaeltachta Act, 1979 by the substitution in subsection 4 of £60 million instead of £50 million. I wish to state categorically that I respect Údarás na Gaeltachta, their members, their workers and the people of the Gaeltacht. I want to see the Gaeltacht developed to the fullest extent possible. I want to see a love generated for the Irish language, ár dteanga ar ndúchas, in a realistic manner and not just lip service paid to it by adopting the hypocritical attitude which has been shown to it down through the years by different people in Government. The survival of the Gaeltacht rests with the Minister of the day. For that reason I was very disappointed that the Taoiseach did not see fit to appoint a full time Cabinet Minister responsible for Gaeltacht affairs. I do not believe that, as Taoiseach, with the added responsibility for Gaeltacht affairs, Mr. Haughey can give enough commitment to the Gaeltacht. As a result it will be grossly neglected under this Government.

Initially, the Commission for the Gaeltacht was set up by the late Mr. Cosgrave in 1926. From then until 1956, when the Department of the Gaeltacht was founded, nothing of real advantage or progress took place in Gaeltacht areas. It was not until 1973 that the Coalition Government saw fit to appoint a fulltime Cabinet Minister for the Gaeltacht, Tomás O Dómhnaill a bhí ina Aire le ceithre bhliana go leith. When he was appointed Minister he brought a new image to the ministry of the Gaeltacht and increased his workforce from approximately 1,800 to 4,000 people. Industries were set up which were not successful but, by and large, he brought a new awareness of the Gaeltacht areas and the Irish language to our people.

In December 1979 the residents of the different Gaeltachta went to the polls. The election which took place was democratic in so far as the members of Údarás na Gaeltachta going forward for election were returned to their various positions. The Minister of the day made appointments and the people on the board were very hard working and were genuinely aware of the needs and problems of the different Gaeltachta throughout the country. The board of Údarás na Gaeltachta is made up of 13 members, including the chairman. I congratulate the present chairman who is from Donegal, Pádraig O'Doherty, on his commitment to Gaeltacht affairs. I had the pleasure of meeting the board members recently in Ballyvourney when they did a fact finding tour of all the Gaeltacht areas to familiarise themselves with the problems which arise in those areas.

Údarás na Gaeltachta must be seen as a step in the right direction, and one that is being watched with extreme interest in other parts of the country. It provided the first opportunity for development to be initiated by elected people from the Gaeltacht. I want to see Údarás na Gaeltachta as an effective body, able to promote the cultural, social and linguistic development of our Gaeltacht areas, as well as solving the unemployment problems. For this reason I support the Bill.

A Chathaoirligh, is onóir mhór dom labhairt anseo sa Seanad don chéad uair, go mórmhór mar dhuine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Freisin cuireann sé áthas orm go bhfuil an Taoiseach é féin mar Aire Ghaeltachta agus go bhfuil fear a rugadh agus a tógadh sa nGaeltacht, An Teachta Denis Gallagher, mar Aire Stáit. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an triúr againn mar an gcéanna ar bhealaí — is oileánach é, is oileánach mé féin agus déarfainn gur oileánach é an Taoiseach é féin cuid mhaith den am. Cuirim fáilte roimh an Bhille seo chun airgead breise a thabhairt do Údarás na Gaeltachta, sé sin ardú ó £50,000,000 go dtí £60,000,000 in am go bhfuil airgead thar a bheith gann, agus cinnte beidh fáilte mór ag muintir na Gaeltachta roimhe seo. Ó 1982 d'éirigh le Údarás na Gaeltachta méadú mór a chur le cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht agus i rith na tréimhse sin tháinig méadú 16 faoin gcéad i bhfostaíocht san tionscal déantúsaíochta. Is suntasach an rud é seo, mar tháinig laghdú mór san tionscal déantúsaíochta ar fúd na tíre i gcoitinne. I rith na tréimhse céanna ardaíodh cuid den mhéanchostas san chuid eile den tír post a chruthú agus sin ag tógáil san áireamh na deacrachtaí móra atá ag an Gaeltacht féin maidir le infrastructúr agus go hiondúil go bhfuil cuid do na Gaeltachtaí i bhfad ó chalafoirt agus ó aerfoirt. Tá go leor ráite maidir le deacrachtaí atá luaite agus maidir le infrastructúir.

Ba mhaith liom rud amháin a rá, ná gur tháinig Údarás na Gaeltachta tríd an tréimhse is crua agus is deacra a tháinig aon eagras stáit trid le linn Paddy O'Toole mar Aire Ghaeltachta. Is cinnte go ndearna sé rudaí thar a bheith deacair ag an am sin do Bhord an Údaráis agus do na daoine a bhí ag obair istigh san Údarás féin, go mór mhór do dhaoine a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Ní raibh aon tuiscint acu cén fáth go raibh dochar á dhéanamh don Údarás nó, bhféidir, ag an am, ag iarraidh deireadh a chur leo. Níl ciall nó réasún bheith ag iarraidh ag an am seo, uaireanta, leanúint ar aghaidh chun tionscail a mhealladh isteach go dtí na háiteacha iargúlta mar tá sé thar a bheith deacair forbairt a dhéanamh sna háiteacha seo, mar adúirt mé, mar gheall ar an infrastructúr. Tóg mar shampla, an infheistíocht mhór atá déanta ag an Údarás sa feilméireacht éisc le ceithre bliain anuas.

Tá infheistíocht mhór déanta acu. D'fhéadfaí a rá go bhfuil suas le 70 faoin gcéad de na feirmeacha bradán bunaithe sa Ghaeltacht féin a thug Údarás na Gaeltachta cabhair agus tacaíocht dóibh. Freisin tá forbairt taighde ar bun maidir le sliogéisc, agus ba cheart chuile chúnamh a thabhairt chuig Comharchumann Sliogéisc Chonamara agus do fhiontair na noileán atá i mbun forbartha faoi láthair, go mór mhór nuair is achmhainní nádúrtha atá i gceist agus leas mhuintir na Gaeltachta.

Bhí an tÚdarás in ann comhlacht mór fheilméireacht éisc a mhealladh isteach agus tá fostaíocht mhór á cur ar fáil ag Carrolls faoi láthair i gceantar Ghaeltacht Chonamara. Ní ceart dearmad a dhéanamh ach an oiread ar mhuintir na Gaeltachta iad féin. Mar atá a fhios ag gach éinne cosnaíonn sé an t-uafás airgid infheistíocht a dhéanamh sna feirmeacha seo. Tá an tÚdarás ag tabhairt cúnaimh don ghnáth dhuine leanúint ar aghaidh leis na feirmeacha seo, go mór mhór na feirmeacha bradán satailíte, is é sin go bhfaigheann siad cead oibriú lámh le láimh leis na comhlachtaí móra.

Tá mé ag iarraidh ar an Aire teacht i gcabhair ar an scéim seo mar tá cuid den scéim seo coinnithe siar faoi láthair idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Iascaigh. Scéim thar a bheith tábhachtach í do mhuintir na Gaeltachta. Ba chóir go mbeadh chuile cheart acu i leith na n-achmhainní nádúrtha seo. D'fhág na céadta daoine ceantar Chonamara ó 1981 agus caithfimid a rá go bhfuil chuile iarracht déanta ag an Udarás chun forbairt na Gaeltachta a chinntu í go mór mhór i leith achmhainní nádúrtha.

Tá stáisin i gCarna faoí láthair a bhfuil baint ag Ollscoil na Gaillimhe leithe ach ní bhfuaireadar aon airgead ón Rialtas le roinnt blianta anuas. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcoinneofaí oscailte an stáisiún mar gan an stáisiún ann ní bheidh na trialacha ag dul ar aghaidh chun a chinntiú go mbeidh na sliogéisc agus a leithéid ag leanúint ar aghaidh. Níl mórán fostaoíchta nó forbairt déanta i bhfeilmóireacht éisc. Ba cheart iarracht a dhéanamh an próiseál éisc a thabhairt chun cinn. Tá na mílte jobanna anseo ach leagadh amach ceart dó. Ceapaim féin gur cheart na hachmhainní nádúrtha a úsáid ionnas go mbeimid in ann an próiseál éisc a dhéanamh taobh istigh de na Gaeltachtaí féin. Tá súil agam go mbeidh Roinn na Mara in ann teacht i gcabhair chun a lán de na deacrachtaí seo, go mórmhór maidir leis an sliogéisc, a réiteach. Ba cheart na deontais seirbhisí a chur ar fáil arís, sé sin deontais do ghnáthdhaoine chun seans a thabhairt dóibh laistigh de na Gaeltachtaí féin chun cupla jobanna breise a chur ar fáil. Chuir an Rialtas deireadh stop leis seo agus iarraim ar an Aire tabhairt chuige arís.

Tharla an rud céanna le forbairt na bportach, achmhainní nádúrtha eile istigh de Ghealtacht Chonamara go mórmhór. Cuireadh deireadh leis sin, agus anois níl aon dream sásta aon fhorbairt a dhéanamh ar phortaigh i gceanntar Chonamara. Maidir leis na comhairchumann, tá sé in am iad a bheith faoi aon stiúr amháin faoin Údarás nó faoi Roinn na Gaeltachta. Tá freastal á dhéanamh orthu trí go leor lán Ranna Stáit. Tá mé ag ceapadh go bhfuil 12 dóibh i gceist agus ní aon chomh-oibriú ceart ann; tá daoine ag dul treasna ar a chéile agus cothaíonn sé seo deacrachtaí áirithe i measc an phobail anois agus arís.

Tarlaíonn sé go minic go dtagann na comharchumainn treasna ar ghnótha príomháideacha, agus déanann sé sin dochar dóibh. Tá sé crúthaithe ag oibrithe na Gaeltachta go bhfúil siad chomh maith agus níos fearr uaireanta ná aon dream eile sa tír. Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh le Telemara Teoranta ar an gCeathrú Rua agus leis an Údarás mar gheall ar an aitheantas a fuair siad ón IIRS, agus go mórmhór mar gheall ar an ghnó mór a dhéanann siad le IBM, cómhlacht idirnáisiúnta. Cruthúntas é seo go bhfuil caighdeán an-mhór ag muintir na Gaeltachta ag dul i mbun a gcuid oibre féin ag aon uair agus ag aon am.

Tuigtear dom go bhfuil scéim thurasóireacht leagtha amach ag an Údarás agus nach bhfuil aon chinneadh déanta faoi seo fós. Creidim nach bhfuil tuiscint na Gaeltachta ag Bord Fáilte nó ag Ireland West chun spreagadh a dhéanamh ar na hachmhainní nádúrtha seo. Ní bhéadh costas mór airgid i gceist chun cur leis an obair thógála i dtaobh tí ósta agus go mormhór chun cúnamh a thabhairt don ghnáth dhuine agus dá chlann.

Maidir leis na coláistí Gaeilge, níl an oiread céanna daltaí ag freastal anois ar an Ghaeltacht agus a bhíodh. De bharr céimeanna eacnamaíochta agus ganntanas airgid breathnaíonn sé nach bhfuil an tsuim chéanna san Ghaeilge agus a bhíodh. Ba chóir chuile chabhair a thabhairt do na mná tí agus na coláistí Gaeilge, agus is trua go bhfuil laige ag teacht ar theanga na Gaeilge. Ba cheart do Roinn na Gaeltachta agus an tÚdarás cinntiú nach dtarlóidh sé seo. Cé nach bhfuil cuid mhór de mhuintir Chathair na Gaillimhe an-báiúil le teanga na Gaeilge nó le Gaeltacht Chonamara, caitear níos mó na £20 milliún istigh sa chathair sin dé bharr seirbhísí a chuirtear ar fáil do mhuintir nGhaeltacht Chonamara agus mhuintir Oileán Arainn.

Is cinnte go bhfuil an-tionchar ag Raidió na Gaeltachta i saol muintir na Gaeltachta agus Gaelgeóirí ar fud na tíre freisin. Daoine ón Ghaeltacht atá anoís ag rith seirbhís an raidió seo chomh fada agus is féidir, agus ó táimid anois ag tarraingt chuig deireadh na n-ochtóidí tá sé thar a bheith molta go leathnófaí an tseirbhís seo ní hé amháin go Sasana ach go dtí Meiriceá. Ceapaim nach bhfuil sé seo do-dhéanta ag an am seo de bharr an córas saitilíte agus bealaí eile. Is fiú staidéar a dhéanamh ar seo mar d'imigh an oiread sin daoine ó na Gaeltachtaí le blianta anuas go mbeidís in ann téangmháil len a muintir sa mbaile agus len a gcáirde.

Tá súil agam nach fada uainn Teilifís na Gaeltachta sa lá atá againn inniu ann, tá sé thar a bheith tábhachtach é seo a chur ar fáil chomh luath agus is féidir. Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge agus muintir na nGaeltachtaí dá bplúcadh ag an brú isteach ag an BBC agus teilifísí saitilíte ó chuile aird den domhan. Níl sé seo sách maith, agus táim cinnte go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh faoi seo chomh luath agus is féidir ar mhaithe leis an teanga.

Molaim gur ceart ar a laghad deich faoin gcéad den chrannchur náisiúnta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a spreagadh a thuilleadh. Maidir le tógraí an Údaráis, tá méad tagtha air i rith 1987-88. I rith 1986, leagadh amach níos mó oibrithe agus tá contúirt ann go leagfar amach níos mó dóibh. Iarraim ar an Aire dul chuige seo ionnas nach dtárlódh sé agus táim cinnte ón bhreis airgid atá faighte aige sa Bhille seo go mbeidh an tÚdarás in ann na hoibrithe atá ann a choinneáil ag obair ar mhaithe le forbairt. Freisin, ba cheart cabhair deontais a cheadú maidir leis an scéim fostaíochta. Tá sin faighte ag an IDA cheana féin le haghaidh scéimeanna éagsla agus ba cheart go mbeadh an rud céanna á chur ar fáil don Údarás.

Ní ceart dearmad a dhéanamh de na hOileáin Árainn agus an córas farantóracht atá á iarradh acu leis na blianta. Is iad muintir Inis Oirr na daoine is measa atá thios leis faoí láthair. Níl sé sách maith i 1987 go gcaithfidh daoine dul amach i gcurrachaí canbháis go dtí na báid mhóra ag iarraidh a gcuid earraí a fháil i gContae na Gaillimhe. Ba cheart an saol a dhéanamh níos compóirdí do na daoine seo más féidir, mar tá chuile iarracht déanta ag an gcomharchumann áitiúil an scéim seo a chur chun cinn. Tuigim go bhfuil plé á dhéanamh faoí sa Roinn faoí láthair. Cé go dtuigim go bhfuil deacrachtaí airgid sa tír, ag an am céanna ba cheart go mbeadh réiteach déanta ar an scéal i rith trí nó ceithre blian ionas nach mbeadh an costas ro-throm ar an Stát. Ba cheart dul ar aghaidh leis an forbairt a bhí ceapaithe do Ros a' Mhíl. Is cinnte go bhfuil deacrachtaí airgid i dtaobh scéim uisce i Gleanach an Mhuireann, scéim atá curtha siar san Roinn Comhshaoil le blianta fada. Ní féidir dul ar aghaidh leis an monarchan próiseal éisc de bharr ganntanas uisce sa cheantar. Scéim réigiúnach atá sa scéim seo agus iarraim ar an Aire féachaint chuige.

Tá brón orm gur labhraíos níos mó faoi Ghaeltacht Chonamara, ach mhínigh mé sin cheana. Ba mhaith liom chuile deághuí a rá faoín fhoireann in Údarás na Gaeltachta. Tá cuid mhaith acu sa Ghaeltacht féin agus tá a ndícheall déanta acu leis na blianta anuas, go mórmhór leis na ceithre bliain atá imithe, amanntaí crua, amanntaí gránna nach ndearna aon mhaitheas don Údarás ná do mhuintir na Gaeltachta.

Tá náire orm a rá nach raibh an seans agam mé féin a ullmhú don Bhille seo toisc cúrsaí práinneacha eile, ach le cúnamh Dé beidh seans eile chun ceist na Gaeltachtá agus ceist an Údaráis a phlé. Toisc nach raibh an t-eolas agam, chuir mé an-spéis sa mhéid a bhí le rá ag an Seanadóir Kelleher agus an Seanadóir O'Connor mar is léir go bhfuil siad eolgaiseach sna cúrsaí seo.

Ba bhreá liom a chlos go bhfuil an fhostaíocht ag dul i méid i gcónaí faoi choimirce an Údaráis, rud nach dtuigeann an gnáth-phobal. Is í tuairim an gnáth-dhuine lasmuigh den Ghaeltacht, is dócha, nach bhfuil á dhéanamh ach airgead a chaitheamh isteach chucu sna Gaeltachtaí i bhfoirm deontais agus nach bhfuil aon fhostaíocht ar siúl i ndairíre. Mheabhródh sé sin dúinn, b'fhéidir, a mholadh nár miste tuilleadh poiblíochta a chur os comhair an phobail ar obair an Údaráis mar tar éis an tsaoll, ó thaobh Béarlóirí na tíre, níl san Údarás ach saghas Údaráis a bhaineann le geiteó agus níl aon tuiscint nó aon spéis ag Béarlóirí san saothar fíorthábhachtach seo. Mar sin, b'fhéidir mar a deirim, gur mó ba chóir a mholadh don Údarás go gcuirfeadh siad feachtas éigin poiblíochta ar siúl. Is é an fáth go bhfuil an tÚdarás ann in aon chor, agus go bhfuil an iarracht seo á dhéanamh ar fostaíocht a chur ar fáil ná chun an saol Gaelach agus cultúr na Gaeilge a chothú. Agus fiú, dá mbeadh ag éirí go geal leis an Údarás, ó thaobh fostaíochta dhe, agus fiú brabús á dhéanamh ar na tionscail seo, bheadh sé fánach ag deireach an lae, bheadh aon dul ar aghaidh cacnamaíochta fánach muna mbeadh an cultúr á neartú ag an am céanna.

Sin í an cheist atá agamsa, an bhfuil obair thionsclaíoch an Údaráis ag cabhrú leis an gcultúr nó ag cur isteach ar an gcultúr? An bhfuil aon taighde déanta ag an Údarás ar an gceist tábhachtach seo? An dtarlódh sé, cuirim i gcás, go mbíonn saghasanna áirithe tionsclaíochta sa Ghaeltacht atá ag déanamh dochair don Ghaeilge agus tionsclaíocht eile atá ag cabhrú leis an nGaeilge? Níl a fhios agam ach ba chóir na ceisteanna seo a chur agus níor mhiste, b'fhéidir, taighde éigin a dhéanamh fúthu.

Dúirt an Seanadóir Kelleher gur céim síos don Ghaeilge agus don Ghaeltacht nár ceapadh Aire Rialtais don Ghaeltacht an babhta seo, agus aontaím leis. Agus mhol sé Comhrialtas '73/'77 toisc gur cheapadar an Teachta Tomás Ó Domhnaill don chéad uair mar Aire Ghaeltachta. Ach mo léan, caithfear cuimhneamh chomh maith, gurb é an Comhrialtas deireanach a chaith Aireacht na Gaeltachta i leataobh nó a cheap Aire go raibh mar chúram air cúraimí eile Stáit seachas an Ghaeltacht agus céim síos ab, ea an ceapachán sin chomh maith. Aontaím, ag an am céanna leis an Seanadóir. Kelleher nach bhfuil sé sásúil go bhfuil obair na Gaeltachta in ainm bheith faoi Roinn an Taoisigh, mar tá a fhios againn go léir go bhfuil an Taoiseach ró-ghnóthach chun obair na Gaeltachta a láimhseáil. Agus an méid sin á rá agam ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit anseo, an tUasal Denis Gallagher. Tá tamall fada anois imithe ó bhíos anseo agus ó bhí sé sa chathaoir sin ach táimid arís sa Seanad agus táim an-sásta é a fheiscint arís mar bhí meas agam air i gcónaí mar Aire Ghaeltachta. Mar sin, fáiltím roimh an mBille go croíúil.

Níor rugadh mé sa Ghaeltacht ach, mar sin féin, ba mhaith liom cupla focal a rá ar an mBille seo.

As a person from Galway, the largest part of the Gaeltacht in our county, I should contribute to this debate. I would like to welcome the Bill. The Department of the Gaeltacht were the only Department who succeeded in having an increased Estimate this year and that is a factor to be welcomed. We pay tribute to the Minister for the Gaeltacht, the Taoiseach, in providing that extra money and I would also like to take this opportunity to pay tribute to the former Minister for the Gaeltacht, Mr. Paddy O'Toole, no longer a Member of the House. He succeeded over the past four years in having an increased Estimate for Údarás. Having provided an increased Estimate from £50 million to £60 million is only part of what is necessary. I believe the essential thing is how this Estimate will be spent and the use to which it will be put is a matter we should be addressing now. In that regard I would like to address a few remarks to the Minister of State, Deputy Gallagher, who is sitting in on the debate.

I urge the Údarás officials to work more closely with the local people in general in the creation of jobs based in the Gaeltacht. I do not mean by that the creation of foreign-based industries. I mean the development of native-based jobs in the Gaeltacht in forestry, fishing, farming, tourism and peat development maintaining employment in using the natural resources already there and keeping people at home in this gainful employment, thus revitalising the life of the Gaeltacht and avoiding the workforce there having to emigrate. It is only in this way we can preserve the language and the culture of the Gaeltacht.

I would like to ask if the Taoiseach is ready to announce plans for the extension of the pier on Inis Oirr and development of the harbour there. The local people through the efforts of the local co-op have produced plans for a £1.6 million job on the pier and harbour at Inis Oirr, this money to be spent over four years. They are seeking £800,000 a year over four years and they hope, through the social employment scheme, to employ 45 people, the full workforce on Inis Oirr. It would be a tremendous achievement even on Inis Oirr, one of our smaller islands, to have the full workforce employed. I am asking the Minister is there any announcement due in that regard.

I bring up another matter about which the person who was in the Chair before Senator Cregan took over, Senator Martin J. O'Toole, would have great knowledge and I have considerable knowledge of it myself because I am involved in this end of the livestock industry. Efforts are being made to provide a marketing livestock mart at Maam Cross, right in the centre of Connemara between the two major Gaeltacht areas in Connemara. I think it would be a very suitable project to be grant-aided in whatever way possible. It seems all of the livestock of Connemara — and I am aware of this myself — are now going either directly or indirectly to marts in east Galway or Mayo; in other words, they are being marketed through the marts system. Connemara sheep and Connemara cattle are unique in their own right. They are a much sought-after breed, either mountain ewes or store cattle, by midland feeders and feeders elsewhere when they go to the bigger marketing centres the 100 or 200 cattle from Connemara are mixed up in a sale of maybe 1,000 cattle or 1,500 cattle in a mart in east Galway. They lose their identity immediately and they look worse in comparison to the cattle from the better lands of the adjoining counties. If they had a market of their own in Connemara where all the stock would be brought together in one unit, not alone would it be beneficial to the area in saving transport costs, it would also be beneficial because people would seek to buy a certain type of stock and would get it in one centre. This would be beneficial both to the seller and to the buyer of stock. I am asking the Minister if any part of the grant can be provided for that purpose?

I welcome the overall increase in the grant. I ask that Údarás na Gaeltachta officials enter into very close liaison and discussion with co-ops, community councils and local people, in an organised or unorganised capacity, to work out how this money can be spent for the better overall development of the area. In the long term developing the Gaeltacht area by using its natural resources will help those living there and will make the areas attractive to tourists.

A Chathaoirligh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na daoine a labhair ar an mBille seo agus an chaoi ar fháiltigh siad roimh an airgead a bheas á chur ar fáil do Údarás na Gaeltachta. Anois, an chuid is mó den chaint bhain sé leis an Údarás, ar ndóigh, agus bhí tagairtí chomh maith do rudaí nár bhain go díreach leis an mBille seo. Ach níl mé ag rá nach ceart é sin nuair atáimid ag caint faoi airgead don Údarás. Baineann sé leis an nGaeltacht ar fad agus níl locht ar bith ar aon duine labhairt faoi chursaí atá taobh amuigh de chúrsaí an Údaráis. Is deas an rud é bheith in ann a rá, mar adúirt mé nuair a bhí mé ag caint ar dtús, go bhfuil daoine sásta le hobair an Údarás i láthair na huaire. Fuair sé cuid mhaith drochphoiblíocht le cúpla bliain agus níor chuidigh sé sin le obair an Údaráis agus níor chuidigh sé le lucht tionscail a thabhairt isteach chun na Gaeltachta. Chuir sé isteach cuid mhaith ar an obair a bhí ar siúl acu.

Fad is a bhaineann sé liomsa, mar Aire Stáit — agus tá mé cinnte go bhfuil mé ag labhairt thar ceann an Taoisigh, atá ina Aire Ghaeltachta — ní bheidh aon troid nó achrann againne le baill an bhoird nó leis na daoine atá i mbun an Údaráis i láthair na huaire. Ní raibh sé i gceist agamsa bheith polaiticiil anseo, ach, tharla go raibh daoine eile ag tarraingt na polaitíochta isteach sa rud, tharla sé cúpla mí roimh dul amach don Rialtas atá caite, gur toghadh baill den Údarás go polaitúil ar fad ó na Gaeltachtaí rud nár tharla nuair a bhí muidne i gcumhacht. Thogh muid daoine a raibh taithí acu ar chéard a bheadh i gceist i gcomhlacht cosúil leis an Údarás agus sin é atá san Údarás ar bhealach, comhlacht a bhfuil sé mar churam orthu cúrsaí na Gaeltachta a chur chun tosaigh. Tá anmhuinín agam féin as an Údarás atá ansin i láthair na huaire. Tá muinín agam as na baill tofa atá ar an Údarás agus tá mé cinnte go mbeidh lan-tacaíocht ar fáil ó na daoine eile a thogh an t-iar Aire, le cuidiú leo ina gcuid oibre.

Aontaím leis an Seanadóir Kelleher nuair adeir sé go bhfuil margaíocht tábhachtach ó thaobh chuid mhaith de na comhlachtaí atá ag an Údarás. Ach, mar adúirt me, tá an-mhuinín agam as an bpríomhfheidhmeanach atá ann i láthair na huaire. Tuigeann sé na cúrsaí sin agus má fheiceann sé comhlacht ar bith atá i sáinn nó ag iarraidh cuidithe den chineál sin beidh sé sásta teacht i gcabhair ortha agus cuidiú leo ina n-iarrachtaí chun margaí a fháil. Bhí sé ráite ag Seanadóirí go gcaillfeadh an tÚdarás agus an Ghaeltacht de bharr nár ainmníodh Aire faoi leith don Ghaeltacht. Le bheith praiticiuil ní fheicim go bhfuil mórán difríochta sa scéal. Bhí taithí agam féin ar bheith mar Aire Ghaeltachta agus le mo linn bhí mé in ann Bille faoin Údarás a chur os comhair na Dála. Tuigim cúrsaí na Gaeltachta, mar rugadh agus tógadh mé féin sa Ghaeltacht agus beidh comhoibriú idir mé féin agus an Taoiseach, maidir leis na cúrsaí seo agus tá suim aige sa nGaeltacht. Cuirim i gcás an Luan seo chugainn tá sé ag tabhairt cuairt ar an nGaeltacht is mó atá againn, ag caitheamh laé iomlám ann, ag buaileadh le muintir na Gaeltachta agus leis an Údarás. Sílim nach gá do Sheanadóirí ar bith imní ar bith a bheith air go ndéanfaí faillí ar bith ar an nGaeltacht toisc gur fágadh é gan Aireacht iomlán, mar adúradh anseo ó cianaibh.

Luaigh an Seanadóir Nicholas O'Connor cuid mhaith rudaí a bhaineann lena Ghaeltacht féin, ar ndoigh, agus fáiltím roimh an chuid is mó dá ndúirt sé. Tá tábhacht an-mhór ag baint le próiséail éisc i láthair na huaire agus nuair a fheiceann tú go bhfuil comhlachta móra a raibh suim acu in obair de chineál eile sásta teacht anois agus infheistíocht an-mhór a dhéanamh, cuirim i gcás, i bhfeilméireacht éisc, sílim go mbeidh an-bhuntáiste ann san am atá romhainn. Ach, mar a luaigh an Seanadóir, cé go bhfuil sé sin tábhachtach, sílím nach mbeidh an tairbhe nó an buntáiste ceart ann do mhuintir na Gaeltachta mura mbíonn an pobal áitiúil in ann teacht ar an eolas atá ag na comhlachtaí móra sin. Ansan beidh siad féin, muintir na háite, in ann bheith páirteach sa bhfeilméireacht éisc. Bheadh sé an-tabhachtach go mbeadh siad in ann dul amach agus úsáid a bhaint as an fharraige atá buailte lena gcuid feirmeacha agus cuid den saibhreas atá ann a fháil dóibh féin. Sin é an rud atá i gceist ag an Údarás—ní hé amháin go bhfuil siad ag teacht i gcabhair nó ag tabhairt deontas do na comhlachtaí móra atá ag tabhairt faoi fheilméireacht éisc ach tá siad sásta, chomh maith, cuidiú le comhlachtaí eile, cuid de mhuintir na háite, a chuirfeadh comharchumainn agus comhlachtaí ar bun le dul ar aghaidh leis an obair seo.

Tá sé tábhachtach chomh maith go mbeadh uisce, bóithre agus cumarsáid cheart sa Ghaeltacht más mian linn tionscail a tharraingt isteach sa Ghaeltacht agus tá dul chun cinn á dhéanamh sna cúrsaí seo. Luaigh an Seanadóir Ó Conchúir an córas uisce atá i Ros a' Mhíl. Sin rud atá tábhachtach. Ní féidir próiseáil ceart a dhéanamh ar éisc, ní féidir comhlachtaí breise a thabhairt isteach, mura mbíonn na seirbhísí sin ar fad sásúil. Rachaidh mé féin chun cainte leis an Aire Chomhshaoil go bhfeicimíd an mbeidh muid in ann cúrsaí a bhrostú i gcaoi is go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil.

Tá an-obair déanta ag na comharchumainn sna Gaeltachtaí, go mór mhór le misneach a thabhairt do mhuintir na Gaeltachtaí. Níl a fhios agam an bhfuil na deacrachtaí atá luaite ag an Seandóir chomh mór sin maidir leis an Údarás agus Roinn na Gaeltachta a bheith ag teacht salach ar a chéile. Má tá aon chás ar leith ar mhaith leis a lua linn, deacrachtaí a dtig linn teacht tharstu beimíd sásta an rud a scrúdú agus ár ndicheall a dhéanamh annsin.

Luaigh an Seandaóir Ó Murchú ansin an chaoi a raibh cúrsaí maidir le tionscail sa Ghaeltacht, go raibh sé sásta go raibh dul chun cinn á dhéanamh agus chuir sé an cheist an raibh sé sin ag cur isteach ar an chultúr agus ar an nGaeilge sna Gaeltachtaí. Is dócha go bhféadfaí a rá, i dtús ama nuair a tháinig tionscail, go mb'fhéidir go raibh tionchar aige sin ar an nGaeilge ach ins an chuid is mó de na monarchana i láthair na huaire sna Gaeltachtaí is iad muintir na Gaeltachta iad féin atá i mbun na hoibre, i mbun bainistíochta agus ní fheicim go bhfuil aon dainséar ó thaobh na cúrsaí sin. Thug mé turas ar Ghaeltacht Chonamara cúpla seachtain ó shin agus bhí an-áthas orm a fheiceáil go raibh an oiread sin de bhunadh na háite i mbun bainistíochta agus ag tabhairt faoi obair a chuirfeadh ionadh ar na ghnáth phobal. Aontáim ar fad leis an Seanadóir nuair adéir sé go mba bhreá an rud é dá mbeadh an pobal ar fud na tíre i láthair na huaire in ann dul amach chuig na Gaeltachtaí agus na monarchana bréatha atá ansin a fheiceáil agus an obair theicniúil atá ar siúl iontu. Tá ríomhairí i mórán de na monarchana agus daoine de bhunadh na háite ina mbun agus ba bhreá an rud é dá bhféadfadh daoine nuair a bheadh siad, b'fhéidir, ag turasóireacht nó ag tabhairt cuairte ar na nGaeltacht dul isteach chuig na monarchana agus a fheiceáil céard atá ar siúl ansin. Tá mé cinnte go dtabharfadh an tÚdarás lántacaíocht dóibh agus go mbeadh siad in ann iad a threórú agus gach eolas a thabhairt dóibh.

Tá rud eile atá ar siúl ag an Údarás i láthair na huaire agus sílim go bhfuil sé an-tábhachtach agus luaigh cuid de na Seanadóirí é anseo. Tá siad ag cur béime níos mó ar fhorbairt ár n-achmhainní nádúrtha. Luaigh mé an fheilméireacht éisc, turasóireacht, talmhaíocht agus luaigh an Seanadóir McCormack é seo, go gcuirfí ionadaíocht margaíochta ar siúl i gceantar Chonamara a chuideódh leis na feirmeóirí a gcuid bheithigh a dhíol ina n-áit féin, in áit a bheith ag dul go Gaillimh Thior nó Muigh Eo. Níl aon mioneolas agam ar an rud a luaigh an Seanadóir ach déanfaidh mé an rud a scrúdú agus tá mé cinnte má bhaineann sé le muintir na Gaeltachta agus go dtig linne i Roinn na Gaeltachta aon chuidiú a thabhairt beimid lán sásta é sin a dhéanamh.

Ní thuigim go bhfuil tada eile a dtig liom a rá ach mo bhuíochas a ghlacadh leis na daoine a labhair. Tá sé go deas, go suimiúil agus tá mé buíoch de gach duine. Nuair a thagann Aire isteach agus go bhfaigheann sé an comhoibriú a fuair muid anseo inniú is maith é. Ar ndóigh tá an Ghaeilge agus an Ghaeltacht tábhachtach dúinn ar fad. Tá an tÚdarás ag iarraidh ár gcultúr a chosaint agus a chaomhnú. Fhad is atá obair le fáil ag muintir na Gaeltachta beidh sé sin ag tarlú. Ach tá brú mór ar mhuintir na Gaeltachta ó thaobh teilifíse agus cúrsaí mar sin i láthair na huaire.

Beimid ag iarraidh teacht i gcabhair orthu, agus luaigh an Seanadóir O'Connor Raidió na Gaeltachta. Sílim go bhfuil an-chreidiúint ag dul chucu. Is breá an rud go bhfuil éisteacht mhór acu ar fud na tíre anois agus ba dheas an rud é, mar a luaigh sé, dá mbeadh an tseirbhís sin le fáil ag ár ndaoine féin i Sasana agus i Meiriceá. Is fiú, cinnte, na rudaí sin ar fad a scrúdú agus féachaint leis an cultúr a chosaint agus a chaomhnú agus a neartú.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.

Cuireadh an Bille tríd an Coiste, tuairiscíodh é gan mholadh, glacadh é chun an breithniú deiridh a dheanamh air agus ordaíodh an Bille a chur ar ais chun na Dála.