Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht fáilte a chur roimh an mBille agus as ucht an méid atá ráite acu. Ar ndóigh, beidh díospóireacht níos cuimsithí againn nuair a thiocfaidh an Bille cuimsitheach faoi bhráid an tSeanaid.
Thóg an Seanadóir Mac Donncha ceist maidir le dáta an toghcháin. Dúirt mé arís agus arís eile ar Raidió na Gaeltachta gurb é sprioc an Rialtais ag tús an earraigh go mbeadh na toghcháin go léir ar an lá céanna ach sa gcás nach raibh sé sin indéanta go gcaithfí iad a chur siar agus chuir mé an fainic sin ann i gcónaí mar bhí amhras ann iriamh go dtarlódh sé.
An rud a chuir an lúb ar lár sa scéal ar fad ná gur tháinig an Bille a bhain leis an bhForas Trasteorann ar aghaidh i bhfad níos sciobtha ná mar a bhímid ag ceapadh agus bhí orainn an fhoireann an-bheag atá againn a bhí ag obair ar Bhille an Údaráis a chur i leataobh agus a chur ar obair ar Bhille an Fhorais Thrasteorann. Ar an bpointe go raibh a fhios agam nach n-éireodh liom an spriocdháta a bhaint amach, chuir mé é sin in iúl go poiblí. Cuireann sé iontas orm go ndéarfadh éinne go bhfuil daoine ag ritheacht sna toghcháín áitiúla nach ritheadh dá gceapfadh siad go mbeadh toghchán an Údaráis níos deireannaí i mbliana. Bhí sé le tuiscint ó thús muna mbeadh toghchán an Údaráis ar an lá céanna go mbeadh sé am éigin eile i mbliana.
Ceann de na chéad cheisteanna a chuir mise ar an Údarás nuair a bhí mé ag smaoineamh ar Bhille cuimsitheach a thabhairt isteach ná an raibh aon chumhacht nach raibh acu a chaithfí a scríobh isteach in Acht. Sé sin, an raibh laincisí reachtúla ann maidir le cumhachtaí an Údaráis in aon rud.
An freagra a tháinig ar ais ón Údarás agus a chaithfeadh duine a theacht air, dá léifeadh siad Acht Údarás na Gaeltachta, 1979, ná nach bhfuil aon laincis san Acht maidir le cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás. Is faoi chinneadh Rialtais é sin ach níl aon bhac san Acht mar atá sé.
Maidir le hinfrastruchtúr na Gaeltachta, shílfeá ón dream a oibríonn trí Ghaeilge nach bhfuil aon Roinn Ealaíon, Cultúir, Gaeltachta agus Oileán ann, nach bhfuil oifig sna Forbacha, nach ndéanann oifigí an údaráis i gCiarraí, Gaillimh agus Tír Chonaill a gcuid oibre trí Ghaeilge. Déanann agus obair an-mhaith. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na státseirbhísigh atá ag plé leis na ceisteanna seo.
Tá baint nach beag an Roinn le cúrsaí infrastruchtúir sa Ghaeltacht. Ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit, le tacaíocht ón Aire, tá i bhfad níos mó airgid caite ar infrastruchtúr na Gaeltachta ná mar a caitheadh riamh. Mar shampla, tá ag éirí thar cionn le scéim na gcéibheanna beaga agus tá moladh mór ag teacht chugam ó chuile thaobh polaitíochta agus ó chuile Ghaeltacht ina taobh. Tá caoi á chur ar chéibheanna anois a bhí fágtha ansin le fada an lá.
Tá fógraithe agam go bhfuil scéim céibheanna straitéiseacha á réiteach ar fud na Gaeltachta agus tá iarrtha agam ar na comhairlí contae ar fad moltaí cinnte a chuir faoi mo bhráid. Tá mé tar éis teorainneacha airgid a chur leis ionas go mbeidh an scéim inoibrithe agus go ndéanfar é a airgeadú. Tá an t-airgead agam le dul ar aghaidh leis sin agus tá súil agam nach fada uaim anois moltaí faoi chéibheanna straitéiseacha i chuile Ghaeltacht a chinnteoidh go dtiocfaidh fás ar thionscal na mara – an turasóireacht agus an iascaireacht agus an feirmeoireacht éisc. Is minic sa tír seo go ndéantar faillí i gcúrsaí mara agus tá go leor de chósta na hÉireann taobh istigh de na Gaeltachtaí.
Maidir le ceist na mbóithre, bhí deireadh le scéim na mbóithre áise. Ní amháin gur tugadh ar ais é ach anuraidh caitheadh i bhfad níos mó ar bhóithre áise agus ar athnuachan baile sa nGaeltacht ná mar a caitheadh iriamh cheana. Thionscnaigh mé obair athnuachan baile ar scála réasúnta mór sa nGaeltacht mar go bhfuil sé tábhacht go dtiocfadh fás fisiciúil ar an nGaeltacht, le go dtuigfeadh muintir na Gaeltacht nach áit í an Ghaeltacht atá ag fáil bháis.
Tógadh ceist maidir le hionadaithe ó na hoileáin ar Údarás na Gaeltachta. Is féidir linn é seo a phlé nuair a bhíonn an Bille cuimsitheach faoi bhráid an Tí. Níl freagra éasca ar an gceist seo. Bhreathnaigh mé ar na hoileáin agus chuir mé an cheist orm féin – an fearr go mbeadh ionadaí na n-oileán i gContae na Gaillimhe ag baint leis an gcontae? Níl aon amhras ann nó go mbeadh toghlacht comhdhéanta de na hoileáin – dála an scéil, níl Inis Bó Finne sa nGaeltacht – ach tá cuid de na hoileáin seo fíorbheag ó thaobh daonra de. Ina leithéid de chás, is duine ó Oileán Árainn a thoghfaí go deo na ndeor. Tar éis tamaill is dóigh liom go dtiocfadh ionadaíocht chugam ó Thír Chonaill á rá go mb'fhearr leo go mbeadh duine as Tír Chonaill ag déanamh ionadaíocht thar a gceann agus an rud céanna ó mhuintir Chorcaí. Mar sin, chinn mé agus ghlac an Rialtas leis gur ar bhonn contae a bheadh an rud seo briste síos.
Thóg an Seanadóir Ó Cnáimhsí ceist faoi cén fáth ar tugadh minimum de dhuine amháin do chuile chontae Gaeltachta. Dá leanfainn an coibhneas a ba ghá chun é sin a dhéanamh ar fud na Gaeltachta b'fhéidir go mbeadh céad nó níos mó ar bhord an Údaráis.
Údar simplí a bhí le sin. Mar ionadaí do Chontae na Gaillimhe rinne mé ionadaíocht thar cinn do leithéidí Árainn agus Litir Mealláin agus an ceantar sin ar fad. Mar ionadaí do Ghaillimh bhí sé de bhuntáiste agam gurbh leis an chomhairle chontae amháin a bhí mé ag plé, agus mar an gcéanna leis an gcoiste réigiúnach agus leis an feidhmeannaigh tithíochta amháin a bhí mé ag plé leo. Níorbh amhlaidh don dream a bhí tofa do Ghaillimh, Muigh Eo agus Contae na Mí. Mar a tharla ní raibh aon fhadhb acu ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ach nuair a bhí Contae na Mí i gceist ní raibh deis acu riamh aithne a chur ar an gcóras rialtais áítiúil sa chontae sin. Mar sin bhí easnamh ann.
De bharr go bhfuil an oiread sin tionchair ar chontaetha sa tír seo, chreid mé gur chóir go mbeadh ionadaí amháin ar a laghad as chuile chontae. É sin déanta, ní fhéadfainn leanacht ar aghaidh leis an gcoibhneas sin nó bheadh an bord i bhfad ró-mhór. Tá 24,000 i nGaeltacht Thír Chonaill. Má roinntear é sin ar a ceathair, beidh ionadaí ann do gach 6,000 duine. Is ar mhuintir Ghleann Cholmcille agus an Ghaeltacht Láir a bheas an milleán muna dtoghann siad duine mar tá cuóta iomlán eatarthu. Mar dhuine atá ag cónaí i gceann de na ceantair is scoilte amach i gcontae na Gaillimhe, má leantar an loighic atá á chur faoi mo bhráid anois, ní amháin nár cheart go mbeadh mise tofa ar an gcomhairle chontae ach ní bheinn i nDáíl Éireann go deo. Taobh ó dheas díom tá an loch, taobh ó thuaidh agus ó thoir díom tá Contae Muigh Eo agus taobh thiar díom tá an fharraige. Níl ach míle vóta sa cheantar ina bhfuilim, a shíneann fiche míle ar fhad.
Ach ar ndóigh ní mar a chéile a vótáileann daoine agus beidh an-iontas orm mura mbeidh duine tofa ón nGaeltacht Lár agus ó Ghleann Cholmcille in éineacht. Beidh a fhios againn ar ball cé aige a bhí an ceart.
Bhí áthas orm gur thacaigh an Seanadóir Ó Murchú agus Seanadóírí eile leis an díospóireacht. Ní aontaím go ndéanfar dearmad ar an toghchán seo. B'fhéidir i measc daoine taobh amuigh de shaol na Gaeltachta go mbeidh sé sin fíor ach le Raidió na Gaeltachta agus Teilifís na Gaeilge ann, creidim go mbeidh díospóireacht iontach bríomhar ann ar cheist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta.
Is buntáiste a bheas ann má bhíonn an saol an- ciúin faoin am go dtagann an toghchán seo. Beidh deis ag na meáin agus ag an bpobal díriú ar an bhfeachtas ar bhealach nár rinneadh riamh cheana. Buntáiste eile a bheas ann má tá cuid mhaith den díospóireacht i dteanga na Gaeilge mar is iad an dream atá ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht a chuirfidh spéis ann.
D'ardaigh an Seanadóir Ó Riain go leor ceisteanna agus ba mhaith liom cúpla ceann a fhreagairt. Tá moill ar an mBille Teanga agus ar Bhille an Údaráis ach tá míniú an-simplí ar an scéal. Tá níos mó reachtaíochta á réiteach agus súil agam cuid mhaith de a fhoilsiú i mbliana. Tá níos mó reachtaíochta idir chamáin ag an Roinn anois ag buíonn an-bheag sa Roinn ná mar a ritheadh ó 1956 i leith agus Acht na bliana sin san áireamh. Nuair a bheidh tréimhse an Rialtais seo thart, beidh sé le maíomh agam gur cuireadh tríd níos mó reachtaíocht bhunúsach shubstaintiúil i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta i mo thréimhse ná ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956. Sin níos mó i gceithre bliana ná mar a bhí le ceathracha bliain.
Socraíodh go mbeadh córas agus díospóireacht an-bhunúsach ann agus go rachfaí i gcomhairle le Bord na Gaeilge, an t-Údarás, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eile faoin mBille Teanga. Rinneadh é sin agus bhí comhdháil idirnáisiúnta teangan i gceist. Caithfear cuimhneamh leis an mBille Teanga go bhfuiltear ag caint faoi píosa reachtaíocha as an nua uilig. Bhreathnaigh muid ar an hAchtanna Teanga ar fad ach ní raibh aon cheann acu feiliúnach ann féin do chás na hÉireann, Is gearr anois go mbeimid ag cur meamram faoi bhráid an Rialtais maidir leis an mBille sin agus beidh an chéad chéim substaintiúil tógtha.
Tháinig an Bille Thuaidh Theas aniar aduaidh orainn agus tá go leor le réiteach maidir leis an bhforas thuaidh theas. Ritheadh an reachtaíocht tríd an Teach cheana agus bhí go leor cruinnithe i gceist i réiteach an Bhille sin chun teacht ar chomhfhoirmle le muintir an Tuaiscirt. An chuid sin den Bhille a bhaineann leis an nGaeilge agus le háisíneachtaí teanga, is sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a réitíodh iad.
I gcás an Údaráis, is síneadh ama sé mhí atá i gceist againn. Níl againn ach go dtí 9 Nollaig chun an toghcháin a reachtáil. Chuige sin caithfidh Bille an Údaráis a bheith rite roimh shos an tsamhraidh. Ní raibhamar in ann a chinntiú go mbainfimid sprioc an 9 Meitheamh amach ach nílimid ag caint ach ar mhí nó beagán lena chois go dtí go mbeidh an Bille sin foilsithe agus Achtaithe roimh shos an tsamhraidh.
Maidir le caighdeán na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá brúnna ar theangacha mionlaigh ar fud na hEorpa. Má tá réiteach ag éinne scríobh amach dom é agus achtóidh mé amárach é.
Ní mar sin atá. Tá céimeanna praiticiúla á ghlacadh agam. D'fhógair mé le déanaí go mbeidh campaí samhraidh ann don chéad uair riamh do ghasúir na Gaeltachta a bhainfidh leas oifigiúil as airgead na Gaeilge a caitheadh i gcónaí go dtí seo ar ghasúir taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá daoine ag bogadh isteach sa Ghaeltacht agus gan Gaeilge acu agus caithfear rud éigin a dhéanamh faoi.
Is fada uainn é ó bhíodh gasúir na Gaeltachta ag sábháil an fhéir agus ag baint móna i rith an tsamhraidh – in ionad sin tá siad uilig ag dul ar champaí. Níl slí níos fearr le Gaeilge a shealbhú taobh amuigh den seomra ranga ná trí spraoi, spórt, ealaín agus na rudaí sin.
Táthar ag caint le scoileanna Gaeltachta faoi chúntóirí teanga mar atá acu i gCorca Dhuibhne a chur isteach sna Gaeltachtaí eile.
Tá obair ar bun ar phleanáil teanga sa Ghaeltacht. D'éirigh duine a raibh páirt mhór aige san obair sin tinn ach tá sé ag teacht chuige féin agus leanfar leis an obair arís go luath.
Caithfear tabhairt faoi cheist teorainneacha na Gaeltachta. Rinne Donncha Ó hÉallaithe obair mhaith ar an ábhar seo agus phlé mé an cheist leis. Le déanamh cinnte go mbeidh an t-eolas is cuimsithí dá raibh ar fáil iriamh ag Aire ar fáil agam, labhair mé leis an CSO agus d'iarr mé orthu figiúirí a chur ar fáil ná amháin do na Gaeltachtaí ach figiúiri comparáideacha do chuile toghcheantar sa tír uilig. Rinneamar cúpla dréacht. D'iarr Donncha Ó hÉallaithe ar chóir díreach daoine os cionn 19 mbliana a thógáil san áireamh. Ar chóir na gasúir scoile a thógáil san áireamh? Céard faoi na gasúir idir trí bliana agus ceithre bliana. Ceisteanna iontach spéisiúla ab ea iad seo. Thriáil muid é le chuile dhuine a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge chuile lá agus fuair mé baile fearainn i gContae na hIar-Mhí ina ndúirt níos mó ná 50 faoin gcéad de na daoine go raibh said ag caint Gaeilge chuile lá. Léim mo chroí le háthas go dtí go bhfuair mé amach go raibh scoil chónaithe sa bhaile sin.
Tá na figiúirí atá ag teacht amach an-spéisiúil. Ach níl siad baileach ar an léamh a bhí ag Ó hÉallaithe ar na figiúirí a bhí aige siúd ar bhonn náisiúnta. Ceann de na ceisteanna a chuireamar ná cé mhéad daoine fásta atá ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Fuair mé liosta de na DDs a bhfuil níos mó ná 10 faoin gcéad acu ag labhairt Gaeilge chuile lá taobh amuigh den Ghaeltacht agus tharla go raibh chuile cheann acu ar imeall na Gaeltachta. Bhí cuid den DD taobh istigh den Ghaeltacht agus cuid de taobh amuigh. I gcás amháin ni raibh duine ar bith ag labhairt na Gaeilge go laethúil sa chuid sin den DD a bhí laistigh den Ghaeltacht agus bhí 15 faoin gcéad den dream taobh amuigh den Ghaeltacht ag maíomh go labhraíonn siad Gaeilge go laethúil. Cuirfidh na mapaí eolas fíorchruinn ar fáil.