Tá sé fiche bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus i gcaitheamh an ama sin tá athrú mór tagtha ar shaol na Gaeltachta. Ag an am sin ba é an tréith ba mhó a bhí le sonrú sa Ghaeltacht ná eisimirce agus an jab ba mhó a bhí le déanamh ag an Údarás ná poist a chruthú. Tá an saol sin athraithe agus tá fadhbanna nua sa Ghaeltacht. Ach is maith go bhfuil an daonra ag méadú ann agus go leor dul chun cinn déanta.
An fhadhb is mó atá ag an nGaeltacht anois ná brú ar an teanga féin de bharr an dul chun cinn geilleagrach agus de bharr athruithe sa saol. Agus mé ag cur an Bille seo faoi bhráid an Tí, ba mhaith liom a rá go bhfuil an Bille seo mar chuid d'obair atá ar bun agam le scaitheamh chun athnuachan a dhéanamh ar an nGaeltacht. I measc na nithe éagsúla atá ar bun againn tá borradh mór curtha againn faoi obair na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán sa nGaeltacht; tá i bhfad níos mó béime ar phleanáil teanga ann; tá Acht Teanga á réiteach ina mbeidh forálacha faoi leith a bhainfidh le ceantair Ghaeltachta. D'fhógair mé sa Teach seo tá tamall ó shin, go bhfuil sé i gceist agam coiste comhairleach don óige a bhunú – go gcuirfidh daoine óga na Gaeltachta comhairle ormsa mar Aire faoin na céimeanna ba cheart a ghlacadh leis an nGaeltacht a fhorbairt agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Is cúis áthais go bhfuil méadú chomh mór sin tagtha ar Raidió na Gaeltachta agus ar Theilifís na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Freisin, tá méadú déanta ar an airgead atá ann le caitheamh ar bhunstruchtúir sa Ghaeltacht. Mar sin, cuireann sé áthas orm an Bille seo a chur faoi bhráid an Tí tráthnóna.
Faoi mar is eol don Seanad is é seo an dara Bille maidir le hÚdarás na Gaeltachta a foilsíodh i mbliana. Is é an fáth go ngairtear an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh, a 3) 1999 ar an mBille seo seachas Bille Uimh. a 2 ná gur tíolacadh an Bille céanna don Dáil ar dtús ach, toisc nach raibh am ar fáil sa Dáil i rith na seachtaine chun an é a phlé, socraíodh ar an mBille a chur faoi bhráid an tSeanaid i dtosach. B'éigean Bille Uimh. a 3 a bhaisteadh ar an mBille ansin ar chúis theicniúil. I dtaca leis sin de gabhaim leithscéal le Seanadóirí toisc nach bhfuair siad cóip den Bhille go dtí ar maidin agus toisc nach raibh níos mó ama acu chun é a scrúdú.
Bhain an chéad Bhille i.e. an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 go sonrach leis an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don Údarás a mhéadú ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Tá an Bille sin ina Acht anois ar ndóigh. Dúirt mé nuair a bhí an Bille gairid sin á phlé anseo sa Seanad i mí Bealtaine go raibh an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus go mbeinn ar ais sa Seanad roimh shos an tsamhraidh le Bille chun na críche sin. Tugann an Bille seo atá os bhur gcomhair inniu feidhm do chinneadh an Rialtais i dtaobh na ceiste. Beidh níos mó le rá agam faoi fhorálacha an Bhille ar ball.
Tá Údarás na Gaeltachta ar an saol le beagnach fiche bliain anuas agus tá sé tráthúil mar sin féachaint ar an méid atá bainte amach ag an gcomhlacht Stáit seo ó bunaíodh é agus ar oiriúnacht an struchtúir atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os a chomhair sna blianta tosaigh atá romhainn sa mhílaois nua. Bunaíodh an tÚdarás ar 1 Eanáir, 1980, faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit a bhí freagrach as forbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht ó 1958 ar aghaidh agus a bhí mar chuid de chóras na státseirbhíse roimhe sin.
Ba fhreagra é an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ar éileamh phobal na Gaeltachta i rith na seachtóidí ar eagras forbartha ar a mbeadh ionadaíocht láidir ag an bpobal agus a mbeadh cumhacht agus feidhmeanna aige a chuirfeadh ar a chumas tabhairt go fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeltachta agus faoi neartú agus cothú na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta. De réir fhorálacha an Achta bhunaidh sin bhí trí chomhalta déag ar an mBord, seachtar acu á dtoghadh go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus an seisear eile á gceapadh ag an Aire. B'athrú nuálach chun feabhais é an leagan amach sin, ón ré roimhe sin, a thug ugach agus misneach do na pobail Ghaeltachta trí dheis a thabhairt dóibh a n-ionadaithe féin a roghnú le bheith ag feidhmiú ag an leibhéal is airde ceannaireachta san eagras nua sin. Is struchtúr sainiúil atá ann i gcás an Údaráis – struchtúr nach bhfuil ag aon Bhord Stáít eile.
Ní raibh aon bhóthar éasca roimh an Údarás nua, áfach. I rith na seachtóidí bhí sé de bheartas ag Gaeltarra Éireann an fhorbairt thionsclaíoch a chur chun cinn trí scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí mar chuid dhílis den struchtúr infheistíochta. Lena chois sin féachadh le go leor comhlachtaí a tharrtháil trí scaireanna a ghlacadh iontu. An tráth a thosaigh an tÚdarás ag feidhmiú i dtús 1980 bhí 33 fhochuideachta agus 27 gcomhchuideachta ag trádáil sa Ghaeltacht ina raibh iomlán nó tromlach na scaireanna faoi úinéireacht an Údaráis.
Bhí cuid acu sin ag cailliúint airgid go tréan agus ní raibh bunús maith tráchtála ann le bheith á nedonú nó á dtarrtháil. B'é sin an dúshlán mór a bhí roimh an Údarás nua i rith a chéad dhá bhliain ag feidhmiú ag níorbh éasca an tasc e tionscail a dhúnadh nó an fhostaíocht iontu a chiorrú ag cur san áireamh an tionchar áitiúil a bheadh ag a leithéid de chur chuige. Ach thugadh aghaidh ar an dúshlán sin agus rinneadh gortghlanadh ar na tionscail bhacacha. Bhí a thionchar sin le feiceáil sna figiúirí fostaíochta sna blianta sin – i 1980 bhí 4,472 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis agus faoi dheireadh 1982 bhí an fhostaíocht sin laghdaithe go dtí 4,011 dhuine. Cé go raibh sé deacair an titim siar sin a fhulaingt ag an am chuaigh an gortghlanadh sin chun tairbhe na dtionscal Gaeltachta sa bhfadtéarma agus leag sé dúshraith théagartha do na blianta ina dhiaidh sin. Tá sé le maoimh anois gur tháinig glanmhéadú ar an bhfostaíocht iomlán sa Ghaeltacht gan teip ó 1983 i leith. Faoi thús na bliana seo bhí 8,174 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás. Lena chois sin, bhí 3,483 dhuine eile fostaithe go páirtaimseartha nó go séasúrach i dtionscail a bhfuil baint ag an Údarás leo.
Tá infheistíocht mhór déanta ag an Údarás sa bhonneagar tionsclaíoch, idir mhonarchana agus sheirbhísí gaolmhara sa Ghaeltacht ó 1980 i leith. Méadaíodh an t-achar spáis tionsclaíoch ó 148,000 méadar cearnach go 248,000 méadar cearnach ó 1980 i leith. Tá forbairt shuntasach déanta ar eastáit thionsclaíochta éagsúla ar fud na Gaeltachta. Tá ionaid cheardaíochta forbartha in áiteanna éagsúla. Tá tionscal bríomhar closamhairc sa Ghaeltacht anois ag soláthar cláir den scoth do Theilifís na Gaeilge – tionscal a tosaíodh ón mbonn beagán le cois deich mbliana ó shin. Is faoi stiúir agus straitéis an Údaráis a tháinig borradh agus fás faoi thionscal na feirmeoireachta agus na proiseála éisc sa Ghaeltacht. Rinneadh forbairt ar aerstraicí agus ar sheirbhísí gaolmhara – aersheirbhísí ar thrí oileán Árann agus, trí pháirtíocht ghníomhach an Údaráis, rinneadh forbairt shuntasach ar Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag Carraig Fhinne.
Tá clár gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Údarás ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta. Tá breis agus 80 naíonra á mhaoniú ag an Údarás, tá clár tacaíochta ar fáil do chlubanna óige, cuirtear urraíocht ar fáíl d'fhéilte áitiúla, do chomórtais liteartha agus thionscnaimh teanga; tá áisitheoirí ealaíon fostaithe i ngach réigiún trí chomhfhiontar idir an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon; agus tá clár tacaíochta teanga ar fáíl do chomhlachtaí Gaeltachta tríd an scéim dá ngairtear Fondúireacht an Údaráis. Tá Scéim na gComharchumann aistrithe ó mo Roinnse chuig an Údarás le cúpla bliain agus tá tionscnamh nua turasóireachta cultúrtha seolta ag an Údarás le bliain anuas.
Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh fhorbairt na Gaeltachta de agus tréaslaím leis an Údarás mar eagras, leis na comhaltaí Boird go léir ó thús go dtí an lá atá inniu ann agus le foireanna an Údaráis a thug agus atá ag tabhairt seirbhíse den scoth do mhuintir na Gaeltachta.
Is é an bhunfhealsúnacht atá laistiar den Bhille seo ná bonn daonlathach an Údaráis a leathnú. Faoi láthair den trí chomhalta déag ar Bhord an Údarási toghann muintir na Gaeltachta seacht gcomhalta agus ceapann an tAire an seisear eile (an cathaoirleach san áireamh). Rinneadh gearáin liom go minic ar mo chuairteanna ar na Gaeltachtaí beaga nach raibh deis acu siúd faoin struchtúr atá ann faoi láthair ionadaithe a thoghadh ar Bhord an Údaráis agus go raibh go leor ceantair bheaga Ghaeltachta nár ainmníodh ionadaí astu ach oiread. Faoin mBille seo is fiche comhalta a bheidh ar Bhord an Údaráis. Toghfaidh muintir na Gaeltachta seacht nduine déag den líon sin agus ceapfaidh an tAire an triúr eile (an cathaoirleach san áireamh). Tá líon na dtoghlach do thoghcháin an Údaráis á mhéadú ó thrí cinn go dtí seacht gcinn i.e. toghlach ar leith i ngach contae ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Mar sin beidh guth ag Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus ag Gaeltachtaí na Mí (Ráth Cairn agus Baile Gib) ar Bhord an Údaráis feasta agus beidh deis chomh maith ag ceantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta ionadaithe a thoghadh. Is fiú a lua gur theip ar Chontae Chorcaí ó thráth go chéile duine a thoghadh faoin seanstruchtúr.
Tá sé i gceist freisin sa Bhille seo deireadh a chiur leis an ról atá ag an Aire i gceadú tograí de chuid an Údaráis. Beidh Coiste Meastóireachta á bhunú, áfach, chun scrúdú a dhéanamh ar thograí a chuirtear roimh an Aire faoi láthair agus chun moltaí a dhéanamh leis an Údarás ina dtaobh. Beidh níos mó agam le rá faoi ar ball.
Faoi láthair tá córas Coistí Réigiúnacha á fheidhmiú ag an Údarás ar bhonn neamhreachtúil. Faoin mBille seo tá bonn reachtúil á chur faoi na gCoistí sin. Tá an deis á ghlacadh sa Bhille chun uasdátú á dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.
Maidir le forálacha an Bhille féin is forálacha caighdeánacha iad Altanna a hAon agus a Dó a thugann míniú ar an téarma "an Príomh-Acht" agus a chuireann mínithe breise isteach sa Phríomh Acht.
Leasaítear le halt 3 alt 6 den Phríomh-Acht trí fhoráil a dhéanamh do struchtúr Boird aithbhreithnithe 20 comhalta a dtoghfaidh muintir na Gaeltachta 17 díobh. An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a cheapfaidh an cathaoirleach agus beirt chomhalta eile. Ní bheidh duine a bhí ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach chuig an Údarás incheaptha ag an Aire mar chaothaoirleach.
Feasta beidh 17 gcomhalta tofa in áit 7 gcomhalta tofa ar Bhord an Údaráis agus laghdófar líon na gcomhaltaí arna gceapadh ag an Aire ó sheisear go dtí triúr. Fágann sé sin go mbeidh an cathaoirleach agus beirt chomhalta eile le ceapadh ag an Aire. Maidir leis na comhaltaí seachas an cathaoirleach, arna gceapadh ag an Aire, beidh scóip ag an Aire daoine a ainmniú, mar shampla, ó cheantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta nach raibh in ann comhaltaí a thoghadh ar an Údarás. Beidh deis ann freisin ionadaí ó fhoireann an Údaráis, b'fhéidir státseirbhíseach, duine le taithí gnó san earnáil phríobháideach, nó oileánach srl. a cheapadh.
Faoi alt 4 scriosfar an ceanglas in alt 8 (5) d'Acht 1979 lena gcleanglaítear ar an Údarás toiliú an Aire a fháil chun tionscal a scor. Níl gá le ceanglas mar seo anois – ceanglas a cuireadh isteach sa Phríomh Acht chun na tionscail thuaithe a bhí faoi úinéireacht Ghaeltarra Éireann a chosaint. Tá foráil á déanamh freisin lena ndeimhnítear go bhfuil cumhacht ag an Údarás scéimeanna, deontais srl. a riaradh ar gá cistí Comhphobail Eorpaigh nó cistí eile a eisíoc ina leith. Cé go mbíonn an tÚdarás ag brath ar an Státchiste don chuid is mó dá chuid airgid bíonn cistí airgid eile ar fáil dó agus tá an fhoráil seo á cur isteach le nach mbeidh aon amhras ann maidir le cumhacht an Údaráis chun na cistí sin a úsáid.
Leasaíonn Alt 5 alt 10 den Phríomh-Acht, sé sin an t-alt a bhaineann le cúnamh airgid ón Údarás chun críocha tionscail. I láthair na huaire leagtar síos córas maidir le dhá theorainn don Údarás a shonrú: teorainn a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin; agus teorainn a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas.
Má bhíonn cúnamh airgid, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha thuas i gceist caithfear toiliú an Aire a fháil.
Leis an mBille seo tá sé i gceist an córas sin a leasú. Beidh ar chumas an Údaráis i gcónaí cúnamh airgid a thabhairt dá rogha féin faoi bhun teorainn áirithe. Beidh gá i gcónaí, freisin, le cead an Rialtais má tá cúnamh thar teorainn a shonróidh an tAire i gceist do thogra. Tá ciall leis sin mar tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag an Rialtas tograí móra ón Údarás a scrúdú. Bíonn a leithéid i gceist leis na heagrais fhorbartha tionscail eile freisin. Ar ndóigh i gcás tograí den chineál sin scrúdófar iad ag an Aire freisin.
Tá deireadh á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a lorg agus a fháil do thograí. Ina háit tá foráil nua – fo-alt 2A – á cur isteach in alt 10 den Phríomh-Acht faoin shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, de mhéid is lú ná teorainn le haghaidh chead an Rialtais a éileoidh gur gá ceadú an Choiste Meastóireachta (arna bhunú faoi alt 7 den Bhille) a fháil roimh ré i gcás cúnamh airgid ón Údarás ar mó ná an méid sin é in aon chás áirithe. Go bunúsach líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire.
Tá foráil nua eile – i bhfo-alt 6 – á cur isteach in alt 10 den Phríomh Acht faoin shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn do mhéid an chúnaimh airgid a fhéadfaidh coiste réigiúnach de chuid an Údaráis a thabhairt dá rogha féin in aon chás áirithe ina limistéar. Beidh níos mó le rá agam faoin gCoiste Meastóireachta agus faoi na coistí réígiúnacha ar ball.
Déanann alt 6 alt nua (alt 10A) a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do thrí choiste réigiúnacha de chuid an Údaráis a bhunú – ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Dhún na nGall; ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Mhuigh Eo, i gContae na Gaillimhe agus i gContae na Mí; agus ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge. Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de na coistí sin ná comhaltaí tofa an Údaráis don limistéar a bheidh i gceist. Déanann an t-alt seo foráil chomh maith maidir le coistí eile de chuid an Údaráis a bhunú.
Tá coistí reigiúnacha ag an Údarás cheana féin agus iad ag feidhmiú ar bhonn neamhreachtúil. Tá sé tábhachtach i mo thuairimse go dtabharfaí aitheantas cuí do na coisti sin trí iad a chur ar bonn reachtúil. Níl i gceist cumhachtaí sonracha a leagan síos do na coistí sin sa Bhille – feictear domsa gur gur gnó é sin don Údarás féin. Mar a dúirt mé cheana beidh teorainn á sonrú maidir leis an méid cúnaimh airgid a fhéadaidh coiste réigiúinach a thabhairt in aon chás áirithe.
Déanann alt 7 alt nua, (alt 10B), a chur isteach sa Phriomh-Acht a dhéanann foráil do Choiste Meastóireachta de chuid an Údaráis a bhunú a mbeidh sé d'fheidhm aige meastóireacht a dhéanamh ar thograí a bhaineann le cúnamh airgid ón Údarás lena mbaineann alt 10 (2A), arna chur isteach ag an mBille.
Mar a dúirt mé, líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a fháil do thogra. Déanfaidh an Coiste Meastóireachta scrúdú ar thograí móra, i.e., tograí a mbeidh cúnamh i gceist dóibh thar teorainn a bheidh le sonrú.
Déanann alt 8 alt nua, alt 10C, a chur isteach sa Phríomh-Acht a leagann amach, inter alia,comhaltas an Choiste Meastóireachta agus a dhéanann foráil go mbeidh d'inniúlacht ag comhaltaí an Choiste sin gnó an Choiste a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Feicfear go mbeidh comhaltaí tofa an Údaráis, Príomh-Oifigeach Feidhmiúchán an Údaráis nó ionadaí dá chuid ó fhoireann an Údaráis, ionadaí ó mo Roinnse agus ionadaithe ón nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), i.e., IDA Ireland, agus ó Fhiontraíocht Éireann, i.e., Enterprise Ireland, ar an gcoiste. Tá córas leagtha síos san alt seo freisin maidir le feidhmiú an choiste, srl.
Mar a dúirt mé, beidh comhaltaí tofa den Údarás ar an gcoiste agus beidh an taithí speisialta atá acu ar riachtanais na Gaeltachta ina chabhair mhór don choiste sin ina chuid oibre. Chomh maith leis sin beidh na hionadaithe ó na heagrais forbartha tionscall eile ar an gcoiste an-chabhraitheach dó maidir le tograí a scrúdú. Níl aon amhras orm ach go rachaidh an Coiste Meastóireachta go mór chun tairbhe d'fheidhmiú an Údaráis.
Le halt 9, tá forálacha sonracha á gcur isteach sa Phríomh-Acht maidir le ról, téarmaí ceapacháin, srl., Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Údaráis.
Déanann alt 10 forálacha nua maidir le foireann an Údaráis a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 12 den Phríomh-Acht. Go bunúsach is uasdátú foclaíochta atá i gceist anseo agus níl aon athrú bunúsach sa treis.
Déanann alt 11 foralácha nua maidir le nochtadh eolais a chur in áit na bhforálacha atá in alt 15 den Phríomh-Acht. Arís, is uasdátú foclaíochta atá i gceist seachas aon athrú bunúsach. Tá uasmhéid na fíneála is féidir a ghearradh ar dhuine a sháraíonn alt 15 den Phríomh-Acht á mhéadú ó £100 go dtí £1,500.
Le halt 12, tá forálacha cuimsitheacha nua maidir le nochtadh leasanna ag comhaltaí agus ag foireann an Údaráis agus ag sainchomhairleoirí agus ag comhairleoirí a fhostaíonn an tÚdarás á gcur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá i mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. Leagann fo-alt (7) síos gur coir é gan leas a nochtadh agus gurb é an píonós sa chás fineáil nach mó ná £1,500 nó priosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon. Is gá níos mó béime a chur ar nochtadh leasanna ag comhaltaí, srl., agus tograí á bplé nó á gceadú. Mar sin, tá athdhréachtú déanta ar na bhforálacha sa Phríomh-Acht. Déanann alt 13 foralácha nua maidir le comhaltas chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gceachtar Teach den Oireachtais nó i bParlaimint na hEorpa a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 16 den Phríomh-Acht.
Níl aon fhoráil sonrach sa Phríomh-Acht maidir le hordacháin ón Aire a thabhairt don Údarás. Déanann alt 14 alt nua (alt 20A) a chur isteach sa Phríomh-Acht a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt don Údaras. Baineann fo-alt 20A (1) le hordacháin ghinearálta beartais a thabhairt.
Ní bhainfidh ordachán le togra ar leith nó le tosaíocht a thabhairt do limistéar amháin den Ghaeltacht thar limistéar eile. Níl ordachán den chineál sin tugtha go dtí seo ach tá sé tábhachtach go mbeadh cumhacht shonrach ag an Aire ordacháin a thabhairt. Baineann fo-alt 20A (5) le hordacháin a thabhairt ag an Aire maidir le tabhú caiteachais ag an Údarás, le cúnamh airgid a bheith á thabhairt ag an Údarás, le diúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra ag an Údarás, agus le scaireanna i gcomhlacht corpraithe á ndíol ag an Údarás. Is é atá i gceist anseo ná foráil a chur isteach sa Phríomh-Acht a chinnteoidh go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin mar seo a thabhairt don Údarás. Tá ordacháin den chineál atá i gceist tugtha ag Airí ó bunaíodh an tÚdarás. Leis an bhforáil seo níl i gceist aon srianta breise a chur ar an Údarás – i bhfírinne táimse tar éis srianta a bhí ar an Údarás maidir le caiteachas a thabhú a mhaolú go mór – ach cinnteoidh an t-alt go bhfuil an chumhacht reachtúil ann chun ordacháin dá leithéid a thabhairt más gá.
Baineann fo-alt 20A (6) le hordacháin ón Aire maidir le ceisteanna foirne. Arís, tá ordacháin á dtabhairt don Údarás ó thráth go chéile maidir le cúrsaí foirne agus níl aon rud nua i gceist seachas a dheimhniú go bhfuil cumhacht ag an Aire iad a thabhairt. Tá feidhm reachtúil á tabhairt d'aon ordacháin a tugadh roimh thosach feidhme an ailt.
Cuireann alt 15 struchtúr toghlaigh nua ar bun do thoghcháin chun an Údaráis in áit na gceann atá leagtha amach in alt 29 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist ná go mbeadh ionadaí amháin le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta sna trí contaetha Gaeltachta leis an daonra is ísle, i.e., an Mhí, Port Láirge agus Corcaigh. Tá sé sin á dhéanamh d'aon ghnó chun a chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag na pobail Ghaeltachta sna limistéir Ghaeltachta sna contaetha sin ar an Údarás. I gcás na gcontaetha eile is ionadaíocht de réir daonra atá i gceist chomh fada agus is féidir agus chomh fada is a luíonn le réasún. Beidh ceathrar le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta i gContae Dhún na nGall, seisear i gContae na Gaillimhe, beirt i gContae Chiarraí agus beirt i gContae Mhaigh Eo. Measaim gur socrú sásúil, cóir agus oiriúnach é seo. Léirionn na figiúirí a thabharfaidh mé anois nach bhfuil aon difríocht gur fiú trácht air idir Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Mhaigh Eo ó thaobh ionadaíochta de i gcoibhneas le daonra de faoi na socruithe nua toghchánaíochta atá leagtha amach sa Bhille seo. Maidir le Ciarraí, bhí an rogha ann suiochán amháin nó dhá shuíochán a thabhairt agus shocraigh mé ar dhá shuíochán.
De bharr an phlé a rinneadh go poiblí ar an gceist seo agus de bharr an easpa cruinnis a bhí sa chuid eolas a tugadh go poiblí, ba mhaith liom leagan amach go soiléir faoi bhráid an Tí an coibhneas daonra a bheith i gceist anseo idir suíochán agus toghlach, nó daonra sa phobail. I dTír Chonaill, tá 24,072 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht. Beidh ceithre shuíochán ann agus fágann sé sin go mbeidh suíochán amháin do chuile 6,018 duine. I nGaeltacht na nGaillimhe, tá 35,983 duine bunaithe ar dhaonáireamh 1996. Beidh sé shuíochán ann agus fágann sé sin go mbeidh duine amháin tofa do chuile 5,997. Sín díreach 21 duine níos lú ná mar a bheidh i dTír Chonaill. I gContae Maigh Eo tá 11,494 duine. Beidh dhá shuíocháin ann agus toghfar duine amhain in aghaidh chuile 5,747 duine. I gCiarraí tá 8,145 duine. Beidh dhá shuíochán ann agus toghfar duine in aghaidh chuile 4,072. Toghfar duine in aghaidh chuile 4,072. D'fhág sé sin i gcás Chiarraí go raibh rogha idir duine in aghaidh chuile 4,000 nó duine in aghaidh chuile 8,000. Shíl mé go mba cheart dul go dtí an figiúr ba lú den dá fhigiúr sin.
Leasaíonn alt 16 alt 32 den Phríomh-Acht le frestal a dhéanamh ar an athrú nach dtoghfar i dtoghlaigh áirithe ach duine amháin chun an Údaráis faoin struchtúr nua.
Déanann alt 17 roinnt leasuithe ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht lena n-áirítear nósanna imeachta nua a bhunú a bhaineann le dícháiliú comhalta de chuid an Údaráis.
Foráiltear le halt 18 d'aisghairm ailt 10(3) agus 11 den Phríomh-Acht agus mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
Is forálacha caighdeánacha atá anseo maidir le tosach feidhme, gearrtheideal agus comhlua. I dtaca le tosach feidhme de tá gá le foráil mar seo ionas go mbeidh ar chumas an Aire lá nó laethanta a cheapadh le hordú nó le hordaithe d'fhorálacha sonracha den Bhille arna achtú do theacht i bhfeidhm, mar shampla, leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht (teorainneacha le haghaidh cúnaimh airgid ón Údarás), bunú Coistí Réigiúnacha agus Coiste Meastóireachta.
Leis an mBille seo beidh an tÚdarás – an eagraíocht fhorbartha ar a mbeidh an Ghaeltacht ag braith amach anseo – á neartú, beidh an bonn daonlathach faoi á leathnú agus beifear á threalmhú don dúshlán mór atá roimhe i mblianta tosaigh na Mílaoise nua.
Ciallaíonn an Bille seo atá ag teacht isteach fiche bliain tar éis chéad Acht an Údaráis go gcreideann an Rialtas i dtochaí na Gaeltachta agus go n-aithnímid na fadhbanna atá ann. Tá muinín againn, ach deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta iad féin a shlánú le cúnamh ón Rialtas atá ann anois agus ó Rialtais a bheidh ann amach anseo, go n-éireoidh leis an Ghaeltacht fás go heacnamúil, fás ó thaobh na teanga de agus na fadhbanna atá roimhe a shárú.
Más teist ar bith an fiche bliain atá imithe nuair a cuireadh gnótha na Gaeltachta i lámha mhuintir na Gaeltachta, is teist é go bhfuil ar a gcumas ag muintir na Gaeltachta é sin a dhéanamh.