Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Tuesday, 13 Mar 2012

Vol. 214 No. 4

Seachtain na Gaeilge: Ráitis

Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith i láthair sa Seanad chun labhairt faoin obair atá ar siúl ag an Rialtas maidir leis an Ghaeilge. Is cinnte go bhfuil sé tráthúil go bhfuil díospóireacht den chineál seo ag tarlú le Seachtain na Gaeilge faoi lánseol. Tá mé féin tar éis a bheith i láthair ag roinnt mhaith imeachtaíó sheol an Taoiseach an tseachtain go hoifigiúil Dé Máirt seo caite agus tá mé cinnte go n-aontóidh Seanadóirí liom gur beag áit sa tír nach bhfuil imeacht éigin eagraithe chun daoine a thabhairt le chéile agus an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'fhoireann Seachtain na Gaeilge agus na heagraíochtaí eile atá páirteach san ócáid. Ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt dóibh siúd, idir óg agus aosta, atá ag glacadh páirt sna hócaidí ar fud na tíre. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na Teachtaí ar fad a ghlac páirt i Lá na Gaeilge sa Dáil an Chéadaoin seo caite. Ba í seo an chéad uair — gur cuimhin liom — gur tógadh Ceisteanna na gCeannairí go hiomlán trí Ghaeilge. An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ar an lá ná gur lean an Ghaeilge ar aghaidh tríd an lá sa Dáil. Tháinig Aire i ndiaidh Aire, agus Teachta i ndiaidh Teachta, isteach ag labhairt agus ag déanamh gnó na Dála agus gnó na tíre trí Ghaeilge. Sílim gur dul chun cinn suntasach a bhí ansin.

Sula ndéanaim cur síos ar na céimeanna éagsúla atá sa treis faoi láthair maidir leis an straitéis 20 bliain, measaim go mbeadh sé tairbheach léargas gairid a thabhairt ar na cláir thacaíochta agus na gníomhaíochtaíéagsúla atá ar siúl ag mo Roinn i láthair na huaire chun cuidiú le buanú agus le neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre, Thuaidh agus Theas. Ní miste a mheabhrú go bhfuil na cláir agus na gníomhaíochtaí seo fite fuaite go dlúth leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge, a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú go substaintiúil ar bhonn céimnithe sna blianta amach romhainn.

In ainneoin go bhfuil acmhainní an Stáit faoi bhrú mór faoi láthair agus go raibh cinntí crua le tógáil dá réir ag an Rialtas maidir le dáileadh na n-acmhainní sin sa cháinaisnéis a cuireadh i láthair na Dála i mí na Nollag 2011, tá níos mó ná€62 milliún san iomlán le caitheamh ag mo Roinn i 2012 ar ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán, lena n-áirítear an Foras Teanga. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a mhaíomh gur suim shuarach airgid í seo agus geilleagar na tíre sa riocht ina bhfuil sé faoi láthair. Is fúinne atá sé a chinntiú go gcaithfear an maoiniú seo ar bhealach straitéiseach a rachaidh chun sochair don phobal atá ag brath air. Tá leithdháileadh níos mó ná€46 milliún beartaithe faoin gclár Gaeilge, Gaeltachta agus oileán de mo Roinn don bhliain 2012, lena n-áirítear níos mó ná€37 milliún in airgead reatha agus beagnach €9 milliún in airgead caipitil.

Chomh maith leis sin, tá leithdháileadh níos mó ná€15.4 milliún beartaithe don Fhoras Teanga i 2012 faoin gclár Thuaidh-Theas de mo Roinn. Ar ndóigh, ní miste a rá go bhfuil an buiséad iomlán don Fhoras Teanga do 2012 le faomhadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Ní thógann na figiúirí seo san áireamh an caiteachas a dhéantar i réimsí eile ar nós cúrsaí oideachais agus cúrsaí craolacháin, gan trácht ar raon leathan seirbhísí eile a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil chun freastal ar dhaoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh leis an Stát i nGaeilge. Mar a dúirt mé, tá cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge fite go dlúth leis an obair atá idir lámha ag mo Roinn. Os rud é go bhfuil os cionn €9 milliún, idir maoiniú caipitil agus reatha, curtha ar fáil do na scéimeanna tacaíochta Gaeltachta don bhliain 2012, beidh mo Roinn in ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht.

Ar an taobh reatha, is í scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge an scéim teanga-lárnaithe is tábhachtaí atá ag mo Roinn. Is cúis sásaimh ar leith dom é nach mbeidh aon laghdú i mbliana ar an deontas a íoctar leis na teaghlaigh sa Ghaeltacht — na mná tí— a choinníonn na scoláirí ar iostas ina gcuid tithe faoin scéim seo. Mar is eol do na Seanadóirí, laghdaíodh an deontas do na mná tí le dhá bhliain anuas. Tááthas orm go gcoinneofar an cúnamh fíor-thábhachtach seo ag an leibhéal céanna i mbliana.

Chomh maith leis seo, tá córas nua le tacú go praiticiúil le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclainne trí Ghaeilge, nó go deimhin a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh, á scrúdú agam faoi láthair. Tá súil agam go mbeidh mé in ann gníomhú ar an ábhar seo go luath. Faoin gcur chuige úr atá beartaithe, ba mhaith le mo Roinn tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí Gaeltachta chun cabhrú leo a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, bheadh a leithéid de chur chuige fite fuaite le haidhmeanna na straitéise 20 bliain.

Ar an taobh caipitil, beidh mo Roinn ag díriú ar thacaíocht a thabhairt do thógáil agus do chuíchóiriú ionaid phobal-bhunaithe agus teanga-lárnaithe sa Ghaeltacht chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise ar an talamh.

I gcás Údarás na Gaeltachta, tá sé beartaithe go gcuirfear beagnach €19 milliún ar fáil don údarás don bhliain 2012, lena n-áirítear buiséad caipitil de beagnach €6 mhilliún, buiséad reatha de €3 mhilliún agus buiséad riaracháin de beagnach €10 milliún. Ní miste a rá go mbeidh acmhainní breise caipitil idir €4 mhilliún agus €5 mhilliún dá gcuid féin ag an údarás a bheidh á gcaitheamh aige i 2012. Cinntíonn soláthar an Státchiste gur féidir leis an údarás leanúint leis ag mealladh infheistíochta chun na Gaeltachta, ag tacú le bunú agus le buanú poist sa Ghaeltacht agus ag tabhairt cúnaimh do phobail Ghaeltachta maidir le tograí teanga-lárnaithe.

Maidir leis na hoileáin, cuirfear soláthar níos mó ná€6.8 milliún ar fáil dóibh i 2012, lena n-áirítear €5.9 milliún ar an taobh reatha. Cinnteoidh an soláthar méadaithe reatha go mbeidh sé d'acmhainn ag mo Roinn leanúint leis an mhaoiniú do na seirbhísí riachtanacha iompair do na hoileáin a bhfuil conaí buan orthu. Measaim go dtugann an méid seo léargas ar an chlár oibre chuimsitheach atá ar bun ag mo Roinn i láthair na huaire, i dtaca leis an chaoi a gcaithfear leis an soláthar airgid atá curtha ar fáil i Meastacháin 2012 chun tacaíochtaí fiúntacha a chur ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ba mhaith liom anois labhairt go sonrach faoin méid atá ar siúl maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. Mar is eol do Sheanadóirí, thóg an Rialtas cinneadh ar 7 Feabhra seo caite go ndéanfar an Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht chun feidhm a thabhairt do na cinntí polasaithe a bhí tógtha ag an Rialtas ar 31 Bealtaine 2011 maidir le sainmhíniúúr don Ghaeltacht agus ról agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta. Tá súil agam go bhfoilseofar an Bille Gaeltachta i mbliana i gcomhréir le clár reachtaíochta an Rialtais. Mar atá curtha in iúl agam cheana, déanfar foráil faoin mBille Gaeltachta do shainmhíniú reachtúil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíochta le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair. Déanfar forálacha faoin mBille Gaeltachta fosta maidir le leasuithe a dhéanamh ar ról agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta agus ar struchtúir agus ar mhodh ceaptha bhord an údaráis.

Maidir leis an straitéis féin, is cúis sásaimh dom a bheith in ann a rá gur chinn an Taoiseach, nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, an coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht a athbhunú faoina chathaoirleacht féin, mar atá sonraithe faoin straitéis 20 bliain. Bhí dhá chruinniú den choiste Rialtais ann le linn 2011. Ó thaobh mo Roinne féin de, táthar ag tabhairt le dúthracht faoi chéim an bhunaithe den straitéis. Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá obair thábhachtach maidir le cur i bhfeidhm eilimintíéagsúla den straitéis ar siúl ag an aonad straitéise i mo Roinn féin agus ag na trí ghrúpa oibre le príomhpháirtithe leasmhara na straitéise atá ag feidhmiú faoina scáth. Tá grúpa idir-rannach bunaithe faoi mo chathaoirleacht féin chun cur i bhfeidhm na straitéise a chomhordú. Chomh maith leis an ngrúpa idir-rannach, táthar ag beartú cruinnithe déthaobhacha a eagrú idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ó Ranna eile chun cur i bhfeidhm réimsí sonracha gnímh sa straitéis a bhrú chun cinn.

Tá sé ráite sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh forbairt córas cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht ag croílár na straitéise. Deirtear sa straitéis go ndéanfar plean teanga a hullmhú do gach ceantar Gaeltachta, go gcuimseoidh na pleananna seo gach gné de shaol an phobail agus go mbeidh siad bunaithe ar riachtanais aitheanta teanga an cheantair. Tá sé aitheanta sa straitéis 20 bliain, agus go deimhin roimhe sin sa staidéar teangeolaíochta, go bhfuil sé tábhachtach go n-aimseofaí cur chuige níos fearr a fhágfaidh go mbeidh pobail agus eagrais phobalbhunaithe na Gaeltachta in ann a bheith níos lárnaí fós maidir le treisiú na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir go mbeifear ag brath níos mó ná riamh anois ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe Gaeltachta chun an phleanáil teanga atá lárnach don straitéis 20 bliain a chur chun cinn. Tá plé ag dul ar aghaidh faoi láthair faoin ábhar seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta.

Ag deireadh an lae, is rogha don phobal í an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Cuideoidh an Stát ar gach bealach ar féidir cur le heolas an phobail ar an nGaeilge, deiseanna a chruthú an Ghaeilge a húsáid agus dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge a chothú, mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain.

Ach ní féidir leis an Stát gach uile rud a dhéanamh. Má dhéanann pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta an rogha laethúil an Ghaeilge a labhairt, dhéanfadh sé sin difríocht shubstaintiúil. Má oibrímid uile le chéile sa treo seo, is féidir linn an fhís a fhíorú go mbeidh an Ghaeilge in úsáid ar bhonn forleathan sa tír seo. Is cuid iontach tábhachtach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge agus tá an Rialtas seo tiomanta dá cur chun cinn ar gach bealach is féidir linn.

In ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhaineann le cosaint chuí a thabhairt do mhionteanga a mhaireann taobh le taobh le mórtheanga agus in ainneoin na ndúshlán eacnamaíoch a bhfuilimid ag dul i ngleic leo, tá mise iontach dóchasach faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht sa todhchaí. Tá acmhainní substaintiúla á gcur ar fáil ag an Rialtas don Ghaeilge ar bhonn leanúnach trí mo Roinnse agus trí Ranna agus comhlachtaí poiblí eile; tá dúshraith láidir againn le tógáil uirthi leis an straitéis 20 bliain agus tá céimeanna dearfacha tógtha againn chun tús a chur le feidhmiú na straitéise sin.

Thar rud ar bith eile, creidim gur cúis dóchais ar leith dúinn ar fad an pobal beo bríomhar atá báúil agus dilis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó cheann ceann na tíre.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tugann sé ardú meanman dúinn sa Teach Gaeilge chomh breá blasta sin a chloisteáil, faoi mar a bhíonn ag na SeanadóiríÓ Clochartaigh agus Ó Domhnaill. Tugann sin le tuiscint dúinn an saibhreas a bhaineann leis an Ghaeilge. Tréaslaím leis an gCeannaire freisin toisc an seisiún seo a chur ar siúl mar tugann sé ní hamháin aitheantas do Sheachtain na Gaeilge, ach aitheantas don Ghaeilge féin.

Is iontach go deo an tslí inar éirigh le Seachtain na Gaeilge go dtí seo. An cruthú is fearr atá againn air sin ná gur coicís na Gaeilge atá ann anois mar tá sé ag leathnú amú amach diaidh ar ndiaidh. Mar a dúirt an tAire Stáit, is beag áit sa tír nach bhfuil ócáid ag tarlú maidir leis an Ghaeilge agus cruthaíonn sin dea-smaoineamh an tionscadail seo agus tréaslaím le gach éinne, eagrais agus daoine, a bhfuil baint acu leis sin.

Tá an ceart ag an Aire, ar ndóigh, is rogha don phobal í an Ghaeilge a labhairt nó gan í a labhairt. Tá sé fíor nach féidir le haon Rialtas athbheochan na Gaeilge a bhaint amach go hiomlán mura bhfuil páirtaíocht idir an pobal, na heagrais, na Gaeltachtaí agus an Rialtas. Tá sé tábhachtach díriú air sin an t-am ar fad mar caithfimid go léir bheith macánta maidir le stádas na Gaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge. Is minic a cheap mé go raibh an iomarca ráite faoi pholasaí na Gaeilge agus nach raibh go leor ráite i nGaeilge féin. Seans go bhfuilimid ar an mbóthar sin. Má fhéachaimid siar ar stair na teanga, tá an-dul chun cinn déanta i ndáiríre. Tá TG4 mar shampla amháin, leis na láithreoirí atá ansin, daoine óga atá suas chun dáta agus an dea-íomhá a théann leis sin, agus na cláir iontacha a bhíonn aige. Tá Raidió na Gaeltachta ann agus na Gaelscoileanna, an straitéis 20 bliain, Acht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas oifigiúil ag an nGaeilge san Eoraip ann. Ní dóigh liom go gcreidfeadh daoine sin 20 bliain ó shin go dtarlódh a leithéid. An rud is tábhachtaí ar fad, áfach, ná an dea-thoil atá ann don Ghaeilge anois. Ní fheicim mórán daoine ag cur i gcoinne na Gaeilge. An rud is mó a chloisim anois ná daoine ag gabháil leithscéil nár lean siad ar aghaidh leis an nGaeilge tar éis na scoile. Tá sin fíor agus tá sé macánta ag daoine a leithéid a rá agus caithfimid an mhacántacht sin a aithint freisin. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil úinéireacht na Gaeilge ag gach éinne; ní bhaineann sé linne nó leis na heagrais, caithfidh sí baint le gach uile duine ar an oileán. Toisc an dea-thoil sin a bheith ann, agus feictear sin i ngach suirbhé a rinneadh ó roinnt de bhlianta ó shin, is léir go raibh tacaíocht ann don Ghaeilge.

Ceann de na cúiseanna leis sin ná nuair a bhímid istigh san Eoraip, feicimid go léir, go mór mór na daoine óga a théann ag taisteal, go bhfuil teanga ag gach tír agus go bhfuil sé tábhachtach ár dteanga féin a aithint. Tá sin bunúsach, ní bhaineann sé le beartas mór cuimsitheach nó rud ar bith mar sin. Baineann sé le haitheantas a thabhairt don stádas faoi mar atá ann i láthair na huaire.

Ós rud é go bhfuil Gaeltachtaí fós ann, is cruthúé sin gur féidir saol iomlán a chaitheamh trí Ghaeilge, cúrsaí sóisialta, gnó agus clainne. Is mar gheall air sin go bhfuil an Ghaeltacht chomh tábhachtach mar má imíonn an Ghaeltacht, agus táim beagnach cinnte nach dtarlóidh a leithéid, bheadh an cruthú is mó maidir le todhchaí na Gaeilge imithe.

An chéad rud eile ná na scuainní atá ag fanacht le dul isteach sna Gaelscoileanna. Ní bhaineann sin le Gaeilge amháin, baineann sé leis an éiteas atá sna scoileanna sin. Tá an dá rud ag dul le chéile ach an príomh rud ná go bhfuil daoine ag feitheamh le dul isteach sna scoileanna sin. Tá sé tábhachacht aitheantas a thabhairt, i ngach slí, go hoifigiúil chomh maith le maoin a chur ar fáil dóibh. Más rud é go bhfuil ar ár gcumas Gaelscoileanna nua a oscailt, tá sé tábhachtach a chinntiú nach mbeidh aon diúltiú ann dóibh. Ag féachaint siar ar na blianta ó shin, más rud é go raibh a leithéid amhlaidh, is cinnte go mbeimid go léir taobh thiar den smaoineamh. Caithfimid an tacaíocht a thabhairt ansin.

Bhí taispeántas againn anseo an tseachtain seo caite ag comhchoiste an Oireachtais. Tháinig trí scoil isteach chugainn mar fhinnéithe, dhá Ghaelscoil agus gnáth-mheánscoil, agus ní hamháin go ndearna na daoine óga cur i láthair as Gaeilge, bhí cead ag na baill ceisteanna a chur agus ní raibh a fhios ag na daoine óga cad iad na ceisteanna a bhí le cur, agus bhí siad chomh maith le haon pholaiteoir sa tslí ina raibh siad in ann na ceisteanna sin a fhreagairt. An t-aon díomá amháin a bhí orm ná go raibh seans iontach ag RTE ar "Oireachtas Report" an píosa beag sin a thaispeáint mar thabharfadh sin dóchas do scoláirí agus scoileanna eile agus thabharfadh sé aitheantas do na daoine óga féin. Is trua gur chaill RTE seans mar sin.

Ag teacht thar n-ais go dtí straitéis na Gaeilge, bhí baint ag Aire Stáit agus agam féin leis an gcomhchoiste a bhí i mbun na hoibre sin. Rud a bhí tábhachtach ansin ná bhí gach aon pháirtí d'aonghuth. Tá súil agam nach rachaimid riamh thar n-ais go dtí na drochlaetha nuair a bheadh liathróid pholaitiúil á déanamh as an Ghaeilge. Dá dtarlódh a leithéid, ní bheadh daoine fearáilte don dea-thoil atá amuigh ansin. Caithfimid páirtí polaitíocht a sheachaint amach anseo ag baint as seo go bhféadaimid treoir a thabhairt do na daoine ar an oileán atá taobh thiar den Ghaeilge agus go mbeidh seans againn ó am go chéile leanúint ar aghaidh leis an roinnt mhaith de Ghaeilge a chluintear istigh anseo diaidh ar ndiaidh.

Thug an Cathaoirleach Gníomhach an-spreagadh dom; tá aithne againn ar a chéile le fada an lá ach an iarracht atá sé tar éis a dhéanamh ar son na Gaeilge sa Teach seo, sin an dea-shampla, daoine atá neirbhíseach cionn is nach bhfuil an gramadach acu nó na focail, an rud is tábhachtaí na go mbeadh teanga labhartha ann. Tá súil agam gurb é sin an spiorad a bheidh ann amach anseo mar pháirtnéireacht ag comhoibriú le chéile sa Dáil agus sa Seanad leis an straitéis agus gach rud eile, agus le cinntiú go mbeidh muintir na hÉireann lasmuigh sásta.

Tá craobh de Chomhaltas Ceoltóirí ann sa Rúis, i Moscó. An rúnaí atá air sin, Yuri, tá Gaeilge ar a thoil aige, cé go bhfuil Béarla briste aige. Níl mé ró-chinnte cónas mar a rinne séé ach chruthaigh sin go bhfuil daoine lasmuigh den tír ar ár dtaobh. I gCeanada tá iarracht á déanamh chun Gaeltacht a bhunú. Tá an talamh ceannaithe agus tá na pleananna ann. Ó thaobh an diaspora de, beidh siad ag féachaint orainn le bheith cinnte go bhfuillimid dáiríre faoin nGaeilge agus ceapaim go bhfuilimid.

Nach iontach an rud é go bhfuil sé mar rún againn inniu labhairt faoi Sheachtain na Gaeilge? I am suitably mortified after Senator Ó Murchú's remarks that I must speak in English. It is not that I do not understand Irish, or that I did not spend a dozen years learning Irish, with four or five three week stints in the Connemara Gaeltacht but, somehow, when I learned European languages, the Irish fell to the side. I spent a lot of time in Italy and now when I speak Irish, it comes out as a mix of Irish, English and Italian. This is a source of personal embarrassment, that I have only retained a cúpla focal and there is no point in denying it. I am like many people across the country who have practically stopped speaking Irish after secondary school. The nub of the challenge facing the Irish language is contained in this; once it is not compulsory, the vast majority people stop learning it.

How do we change this and how do we turn the tables and make the speaking and learning of Irish a lifelong pursuit that will be followed by the masses? These are big questions and within them lie clues to the future of the language. Incentivising the language, using a carrot as opposed to a stick, is a way to achieve more desirable results. The numbers who take the leaving certificate entirely through Irish are a testament to this. The fact that a few extra points are to be gained from doing the leaving certificate through Irish seems to have incentivised them.

I was encouraged to see the launch last year of Na Gaeil Óga, Dublin's first Irish speaking GAA club. The popularity of this club is immense and has resulted in it putting together multiple teams. The future lies in initiatives such as this. Another interesting trend was that many people on Facebook are using the Irish forms of their names to mark Seachtain na Gaeilge. Small things like that point in the direction of a bigger idea, the social and collaborative where people come together to keep the language flourishing, rather than cramming and studying to get it over with, as I did and I hear is what happens with school children. That is how the language will survive and thrive. If we can propose change, embrace it and maintain the funding structures, while moving towards bringing the languages to the masses in such a way as to appeal to their every day lives, and changing the syllabus to make it more conversational while applying real thought to initiatives such as Na Gaeil Óga and Government and language enthusiasts working together to embrace changes and challenges to make the language thrive again, we will succeed.

As it is Seachtain na Gaeilge, I congratulate all those involved in organising it. Once again it has succeeded in focusing our minds on the language. Comhghairdeas ó chroí le gach duine a chuidigh chun Seachtain na Gaeilge a chur ar siúl. Bhí an-rath arís uirthi i mbliana agus le cúnamh Dé, faoi Sheachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn, beidh mé in ann m'óráid ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge.

Tá sceadamán nimhneach orm so seans go mbeidh sé rud beag deacair orm labhairt.

Dé Domhnaigh beidh ócáid agam barraíocht chainte a dhéanamh ar Raidió na Gaeltachta.

Cuirim fáilte roimh an Aire chuig an díospóireacht seo. Tá lúcháir orm go bhfuil an díospóireacht seo ann agus deis againn go léir plé a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge, go háirithe sa tseachtain atá ann, Seachtain na Gaeilge, seachtain atá iontach tábhachtach don Stát ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de agus na Gaeilge de. Tá Airí ag dul thar lear agus ag iarraidh an tír a chur chun cinn agus gnó a mhealladh anseo más féidir, ag iarraidh an tír a dhíol. Is rud maith é sin. Mar a dúirt an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, tá go leor dreamanna éagsúla ar fud an domhain atá ag labhairt na Gaeilge. Go minic déanaimid dearmad air sin.

Tá i bhfad níos mo daoine sa tír seo anois ag labhairt na Gaeilge. Tá moladh mór tuilte ag eagrais cosúil le TG4, Foinse, Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus go leor stáisiúin eile, ar nós Newstalk, atá ag cur clár ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuidíonn sin leis an churaclam sna bunscoileanna agus meánscoileanna, cé go n-aontaímid go léir go gcaithfimid níos mo a dhéanamh ansin, fiú sna coláistí ullmhúcháin trí thacaíocht a thabhairt do na múinteoiríóga.

Tá na dúshláin sin fite fuaite sa straitéis 20 bliain. Tá sin tábhachtach don teanga agus don Ghaeltacht ó seo go dtí 2030. An sprioc mór sa straitéis ná go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil faoin bhliain 2030. Tá súil agam agus tá ag gach duine gur féidir an sprioc sin a bhaint amach. Tá an tAire Stáit féin ag obair go laethúil ag iarraidh spriocanna éagsúla a chur chun tosaigh agus an obair idir-ranna a chur chun cinn. Tá iomlán tacaíochta aige ón taobh seo Tí san obair sin.

Táimid beo in am nach bhfuil a oiread airgid ann agus a bhí. Ag an am céanna, níl seo go huile agus go hiomlán faoin airgead. Tá an Ghaeilge níos tábhachtaí ná airgead agus titeann sé ar mhuintir na tíre féin an fód a sheasamh leis an teanga, le comhoibriú leis na scéimeanna éagsúla atá ar bun agus an Ghaeilge a labhairt go laethúil. Ag an am céanna tá dualgas ar an Stát cinntiú go bhfuil pacáistí ar fáil agus scéimeanna chun an Ghaeilge a spreagadh, go háirithe sna bunscoileanna. Tá súil agam, fiú leis an airgead a bheidh an Roinn ag baint amach as scéim labhairt na Gaeilge, agus mheas mé i gcónaí go dtiocfadh leis an Roinn i bhfad níos mó a fháil as an airgead sin agus é a chaitheamh ar bhealach eile, go mbeidh scéimeanna úra ag teacht chun tosaigh a chuideoidh chun páistíóga a spreagadh chun an Ghaeilge a labhairt.

Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an tAire Stáit faoi na mná tí. Tá na mná tí iontach tábhachtach; téann 25,000 dalta go dtí na coláistí Gaeilge gach bliain agus tá obair iontach ar siúl ag na mná tí, lá i ndiaidh lae, i rith shéasúr an tsamhraidh agus tá lúchair orm nach mbeidh aon ghearradh siar ar an deontas atá ar fáil ag na mná tí. Bheinn ag súil go mbeadh ardú ann ach glacaim leis ar a laghad nach mbeidh aon laghdú ann.

Tá an Bille Gaeltachta iontach tábhachtach, ag baint le hobair Údaras na Gaeltachta agus mar sin. Beidh lá eile againn labhairt faoi sin. Foilseofar an Bille sin gan mhoill agus beidh lúcháir orainn sin a fheiceáil agus a phlé.

Guím gach rath ar an Aire Stáit san obair atá ar siúl aige. Cé go mbíonn sé ag tabhairt amach dúinn corr-uair mar bímid ag déanamh iomarca cainte, táimid ansin le tacaíocht a thabhairt dó fosta agus má tá scéimeanna maithe le cur chun cinn aige, tabharfaimid an tacaíocht sin lá i ndiaidh lae.

Sa tseachtain seo, is rud iontach go bhfuilimid in ann díospóireacht a bheith againn trí mheán na Gaeilge, fiú na Seanadóirí nach mbíonn ag labhairt Gaeilge go laethúil, tá moladh tuillte acu as an Ghaeilge a labhair siad istigh anseo.

Like Senator Noone, most of the Irish I have retained is in poetry form. Perhaps that is the way forward for the teaching of Irish. I have reflected on that over the years, when I met people from Germany who learned English by listening to the Beatles. The Irish I remember is usually from poetry, which is very melodic. Being from east Donegal, which is not a hotbed of the Irish language——

There is Ulster Scots there, a totally different dialect.

An bhfuil an díospóireacht seo faoi mhuintir Thír Chonaill nó faoi mhuintir na Gaeilge?

Unfortunately I was born in east Donegal and did not have the benefit of growing up in a Gaeltacht. My wife, however, is a fluent speaker and has passed it on to my kids, who are good speakers of Irish. When she wants to make a point to me in strong terms, it comes out as Gaeilge. Perhaps I would be better off not translating that. I concur, however, with the sentiments expressed today on the importance of the Irish language.

I have a business in Letterkenny and many years ago I proposed at the town council that all businesses should have their signs as Gaeilge. My business sign has been as Gaeilge for many years. Businesses did not follow that, however; perhaps therefore, the Minister of State would encourage that through funding or a scheme in partnership with local authorities in order that people could convert their shop fronts into Irish.

I got the idea from going to Wales on holiday. Travelling through the small villages, I noticed most, if not all, of the signs were in Welsh and it gave character to the towns because our towns are becoming like high streets that could be anywhere in England. We must change that and one thing we have is the language. Tesco in Letterkenny should be asked to have signage in Irish. I understand small retailers who do not want to change in the current economic climate but the Minister of State should consider those who want to change, particularly in Donegal, and should offer a financial inducement to do so. I did it readily but there are only two or three shops in Letterkenny that have a sign as Gaeilge while other small towns in the west would have shop signs in Gaeilge. I know signs can be controversial, with signs in Irish that should also be in English, but they should definitely be in Irish. If people come to Donegal they will know how to get to places but for locals it is important signs are changed into Irish.

The Minister of State outlined the 20 year strategy and Seachtain na Gaeilge and these all feed into the Irish experience. Younger people are more attached to Irish than they were when I was growing up. The teaching methods did not encourage people to continue after leaving school. I met a young Indian man last week in my office and when I asked what languages he speaks, he replied that he speaks English, Hindu, Telugu, Tamil and another language and when I asked if they were all similar, he told me they are all completely different, as different as German, French and Russian. I asked him how he did this and he replied it was expected of people. In the long-term we must look at the best way to learn Irish. At times I am embarrassed that I do not have the command shown by the Minister of State or Senator Ó Dómhnaill, Senator Ó Murchú and Senator Ó Clochartaigh, who all speak very melodically. I regret not having that ability. There is Irish in my house, I am half way there, but I would love to have the same command of the language as the Senators. There are many people who are encouraged by the investment the Government has made in the language.

Everyone is singing from the same hymn sheet today as Gaeilge and I would like to contribute to that and one day to address the Minister of State as Gaeilge in the best Donegal Irish. Anyone I speak to tells me that Donegal has the most melodic Irish and we have already been identified as having the sexiest accent in Ireland. Someone with a sexy Donegal Irish accent would have no problem in Copper Face Jack's.

Fáiltím roimh an Aire Stáit. Is mór an onóir dom nuair a ainmníodh i mo Sheanadóir mé a bheith in ann mo theanga dúchais a úsáid. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire Stáit faoin tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge i mBaile Átha Cliath go háirithe. Nuair a chuaigh mé féin chuig an bhunscoil sna 1960dí agus 1970dí, ní raibh ach ceithre scoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath; bhí a fhios agam sin mar bhí muid i gcónaí sa leathchraobh sa pheil mar ní raibh ach ceithre fhoireann agus fós níor éirigh linn an craobh a bhaint. Tá anois níos mó ná 25. An rud is suimiúla faoi seo ar fad ná an borradh ar an nGaeilge agus ar na Gaelscoileanna, is sna bruachbhailte é, in áiteanna nach gceapfadh duine go mbeadh an fás sin ann, áiteanna íseal-aicme ar bhealach, áiteanna nach áiteanna iad a mbíonn meán-aicme na tíre ina gcónaí ann, ar nós Cluain Dolcáin agus Baile Bhlainséir agus mar sin de. Tá sé suimiúil gurb iad sin na háiteanna is mó borrtha i bhfeachtas na Gaelscolaíochta, le gnáth-thuismitheoirí gur mian leo an Ghaeilge mar chuid de "identikit" an tsaoránaigh. Cé nach bhfuil labhairt na Gaeilge ag fás i mBaile Átha Cliath, tá suim sa teanga agus meas ar an nGaeilge, rud nach raibh ann nuair a bhí mise ag fás aníos. Is gá dúinn sin a thabhairt le fios; b'fhéidir nach bhfuil líon na gcainteoirí ag méadú, tá an meas agus an t-ómós don chultúr, go háirithe don teanga, i bhfad níos fearr ná mar a bhí. Cad é tuairim an Aire Stáit faoi sin i gcomhthéacs na straitéise 20 bliain?

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit le haghaidh na díospóireachta seo ar Sheachtain na Gaeilge, nó coicís na Gaeilge mar atá sé anois. Déanaim comhghairdeas le foireann Sheachtain na Gaeilge agus molaim iad as an obair atáá dhéanamh acu ar fud na tíre. Labhair an tAire Stáit faoi na díospóireachtaí atá ar siúl timpeall na hÉireann.

Ba cheart dúinn comhghairdeas a dhéanamh freisin le Bernard Dunne, a bhunaigh an "Bród Club" ar an teilifís. Tá níos mó ná 9,000 duine sínithe suas leis an bhfeachtas. Tá sé mar aidhm ag Bernard Dunne go ndéanfaidh 100,000 duine a leithéid agus tá straitéis "two plus you"áúsáid aige chun na críche sin. Bernard Dunne wants those who have signed up to ask another person to sign up chun iarracht a dhéanamh an cúpla focal atá acu a úsáid. Molaim Bernard Dunne as an méid atáá dhéanamh aige agus déanaim comhghairdeas leis. Níl ach cúpla focal aige ach tá a leanaí ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge. Tá an-iarracht á dhéanamh ar an teilifís aige. Bhí an clár an siúl aréir.

Is tráth idirthréimhse é an tráth seo ó thaobh na teanga de. Ba cheart dúinn bheith an-chúramach an rud ceart a dhéanamh. Tá na pleananna atá ag Foras na Gaeilge luaite agam sa Teach seo. Ba mhaith liom iad a ardú leis an Aire Stáit arís. Tá sé molta ag Foras na Gaeilge go gcuirfí deireadh le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth agus samhail nua mhaoinithe a chur ina háit. Ba cheart dúinn aon athrú atá le déanamh a dhéanamh de réir a chéile.

Is mian le heagraíochtaí cosúil le Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge teacht le chéile chun plean níos straitéisí don Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Céim radacach agus fad-téarmach atá i gceist. Ba cheart don Aire Stáit éisteacht leis na heagraíochtaí sin. Cad a tharlóidh do Sheachtain na Gaeilge má tá sé measctha isteach le gach rud eile? Níl a fhios agam.

Bhí mé chun ceist a chur maidir leis an mBille Gaeltachta, ach labhair an tAire Stáit faoi ina óráid. An bhfuil sé fós mar phlean ag an Rialtas Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman? An bhfuil sé socraithe go fóill? Ba mhaith liom cúpla focal ar an moladh sin a chloisteáil ón Aire Stáit. An bhfuil an dá oifig fós le ceangailt le chéile? Dúirt an tAire Stáit nach mbeidh aon laghdú ar líon na dteaghlaigh Gaeltachta. Tá a fhios againn go léir mar gheall ar an obair atá a dhéanamh ag na mná tí go léir. Molaim é sin freisin.

Labhair an Seanadóir Ó Murchú faoin nGaeltacht nua atá le bunú i gCeanada. Tá suim agam i bhforbairt Gaeltachtaí nua i gceantair uirbeacha ar nós Cluain Dolcáin. Tá 20 gaelscoil agus Áras Chrónáin sa cheantar. Bíonn a lán daoine ag caint Gaeilge i gCluain Dolcáin. B'fhéidir go dtosóidh an tAire Stáit tionscadal píolótach chun tús a chur le Gaeltacht uirbeach nua ansin.

Tá a fhios againn gur bunaíodh coiste stiúrtha rialtas áitiúil i bhfad ó shin. Tagann na húdaráis áitiúla le chéile chun líonrú a dhéanamh trí Ghaeilge agus moltaíéagsúla a phlé. B'fhéidir gur féidir leis an Aire Stáit rud éigin a bhunú a ligfeadh do na húdaráis áitiúla úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge. Deireann an suaitheantas atá ag Comhairle Contae Átha Cliath Theas "ag seo ár gcúram — this we hold in trust". Táár dteanga agus ár gcultúr inár gcúram againn. Caithfimid cúram a thabhairt dóibh agus iad a neartú.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, an Teachta McGinley. Tréaslaím le gach éinne atá páirteach i Seachtain na Gaeilge. Tá sé iontach suntasach go bhfuil an oiread sin Gaeilge á labhairt sna Tithe seo le coicís anuas. Is breá an rud é sin. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt don Aire Stáit, a thagann isteach anseo go rialta chun ceisteanna a fhreagairt ar an Athló trí mheán na Gaeilge. Is maith liom é sin.

Ba chóir freisin ardmholadh a thabhairt do na Seanadóiríéagsúla atá ag déanamh iarrachta a gcuid Gaeilge a úsáid agus a fheabhsú de réir a chéile. Ní cheart go mbeadh náire ar bith ar éinne. Tháinig mé abhaile ó Shasana nuair a bhí mé 13 bliana d'aois. Bhí mé briotach agus bhí mo chuid Gaeilge briste. D'úsáid méí de réir a chéile. Tá mo Ghaeilge feabhsaithe de bharr gur chleachtaigh mé an méid a bhí agam. Ná bíodh aon náire ar aon duine — níl éinne chun a gcuid gramadaí a cheartú.

Ba mhaith liom a chur in iúl do Sheanadóirí go bhfuil socraithe déanta — toisc go raibh brúá chur againn — go mbeidh Ceart agus Gaelspell le fáil ar na ríomhairí a úsáideann gach éinne sna Tithe seo. Caithfear iad a éileamh ón rannóg ICT. Tá na háiseanna seo — spellchecker agus rud le haghaidh gramadach a sheiceáil — ar fáil do gach éinne.

Is mian liom ardmholadh a thabhairt do Chonradh na Gaeilge as ucht na ranganna Gaeilge agus maidineacha caife a eagraíonn siad go rialta. Is fiú a rá leo siúd atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a fheabhsú go bhfuil ranganna duine ar dhuine ar fáil. Molaim dóibh labhairt le Conradh na Gaeilge faoin tseirbhís sin. Más féidir le foghlaimeoirí píosa cainte a dhéanamh as Gaeilge, cabhróidh sé leo. Bheadh sé iontach dá n-úsáideadh níos mó daoine an tseirbhís sin.

Níl mé ag iarraidh brú a chur ar Sheanadóirí nuair a deirim go bhfuil dualgas orainn eiseamláir a thabhairt i ngach réimse lena bhfuilimid ag plé. Tugann daoine faoi deara é nuair a úsáideann muid cúpla focal anseo. Tá sé fíor-thábhachtach é sin a dhéanamh. Ba mhaith liom é sin a mholadh.

Tá sé fíor-thábhachtach an chomhthéacs iomlán a thógáil san áireamh ó thaobh cúrsaí Gaeilge de. Glacaim leis go bhfuil an foghlaimeoir iontach tábhachtach. Tá cuid mhaith ráite fúthu, ach b'fhéidir nach bhfuilimid ag déanamh mórán tráchta ar na cainteoirí dúchais, áfach.

Sílim go bhfuil dhá shruth cainteoirí sa tír seo. Is é an chéad sruth an dream a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, a tógadh le Gaeilge agus a bhfuil saibhreas acu. Tá an saibhreas sin ag imeacht an-tapaidh ó thaobh na glúine a chuaigh romhainn. Tá sé fíor-thábhachtach an saibhreas sin a dhaingniú. Ag an am céanna, caithfear tacú leis an dara sruth — iad siúd ata ag iarraidh an Ghaeilge a fhoglaim as an nua.

Ní mór don Roinn Oideachais agus Scileanna athmhachnamh a dhéanamh ar an dá sruth atá luaite agam. Ba chóir go mbeadh bunchúrsa Gaeilge, mar a bheadh bunchúrsa Fraincise nó Gearmáinise, dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge. Tá sé rí-thábhachtach cheart go mbeadh cúrsa eile, maidir le saibhriú na Gaeilge, ann dóibh siúd atá líofa cheana féin. Thabharfadh sé cothrom na féinne dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Cé go n-aontaímid leis an straitéis, tá agus beidh ceisteanna á ardú againn maidir le cur chuige na straitéise. Ní dóigh linn go bhfuil an straitéis á gcur i bhfeidhm sách sciobtha nó sách maith, i gcomhthéacs an tuar a rinneadh sa staidéar chuimsitheach teangeolaíoch nach raibh againn ach 20 bliain leis an Ghaeilge a shabháil.

Cuireann sé díomá orm nár chas an coiste comhaireachta le chéile ach faoi dhó go dtí seo, agus nár chas baill an choiste le chéile ó mhí Bealtaine seo caite. Tá mé ag caint faoin gcoiste a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air. Ní dóigh liom go dtugann sé sin an íomhá ceart don dáiríreacht atá ag an Rialtas. Ba bhreá liom fáil amach cé chomh minic a tháinig an ghrúpa idir-rannach le chéile. Tuigim go bhfuil grúpa curtha le chéile, ach cé chomh minic a bhfuil sé ag buaileadh?

Bhí an ceart ag an Seanadóir Harte sa mhéid a dúirt sé faoi chomharthaíocht. Tá an-obair agus an-cheannródaíocht tugtha ag Gaillimh le Gaeilge i dtaobh sin le roinnt mhaith blianta anuas sa chathair. Ba chóir a leithéid a leathnú ar fud na tíre.

Is ceist an-mhór í ceist Oifig an Choimisinéara Teanga. Caithfear réiteach a fháil ar an gceist sin. Níl mé cinnte an í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá i gceist. Tuigtear dom gur rinne Roinn an Aire, an Teachta Howlin, an cinneadh an dá oifig a chónascadh. An féidir leis an Aire Stáit soiléiriú a thabhairt dúinn ar an ábhar sin? Cé go díreach a rinne an cinneadh? Cé is féidir leo an cinneadh a iompú siar? Má thagann an moladh sin chun cinn tríd na haighneachtaí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, an dtógfaidh an Rialtas ar bord é? An mbeidh sé sásta an Coimisinéir a fhágáil neamhspleách?

Caithfidh mé a rá go bhfuil amhras orm maidir leis an gcuid tacaíochta atá an tAire Oideachais agus Scileanna ag tabhairt don Ghaeilge agus don oideachas trí Ghaeilge. Tá scoileanna Gaeltachta faoi bhrúó thaobh laghdú ar uimhreacha. Tá gaelscoileanna faoi bhrú chomh maith céanna. Nuair a fógraíodh na deontais caipitil inné, fágadh cuid mhaith scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna — tá cuid acu i seomraí réamhdhéanta le 20 bliain — as an áireamh. Ní léiríonn sin dom go bhfuil an Rialtas sách diongbháilte agus dáiríre fúthu.

An ndéanfaidh an Rialtas ráiteas eile maidir leis an Ghaeilge éigeantach ag leibhéal na hardteiste? Roimh an olltoghchán, dúirt an Taoiseach go raibh sé chun athmhachnamh a dhéanamh ar an ábhar seo. Chuala mé an Seanadóir Noone ag rá go raibh sí i bhfábhar an Ghaeilge éigeantach. Dúirt sí go bhfuil an cath caillte má imíonn an ghnééigeantach. Tá sé tábhachtach go ndéarfadh an Taoiseach go bhfuil sé sásta an Ghaeilge a fhágáil mar ábhar éigeantach.

Cathain go díreach a thiocfaidh Bille na Gaeltachta chugainn? De réir mar a thuigim é, muna bhfuil sé aontaithe faoi mhí Dheireadh Fómhair seo chugainn, caithfear toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil. Glacaim leis nach bhfuil an Rialtas ag iarraidh an bóthar sin a thógáil. Tá sé ráite ag an Aire Stáit go bhfuil sé ag iarraidh é sin a athrú.

Tá an straitéis ag brath go mór ar na comharchumainn Ghaeltachta chun í a chur i bhfeidhm ar an talamh. Tá gearradh siar á dhéanamh ar an mhaoiniú atáá thabhairt dóibh, agus ar an tacaíocht atá ar fáil dóibh tríd Údarás na Gaeltachta. Tá an maoiniú a fhaigheann iad siúd a bhfuil baint acu le earnáil ealaíne na Gaeltachta ceangailte le sin. Tá siad ag tarraingt as an bpota céanna leis na comharchumainn Ghaeltachta. Tá laghdú tagtha ar an méid airgid atá ar fáil dóibh go léir.

Tá mé an-dóchasach faoin nGaeilge. Tá an méid atá ag tarlú le linn Seachtain na Gaeilge ag tarlú go bunúsach beag beann ar aon straitéis. Tá sé ag teacht as gníomhaíocht pobail ó dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tá neart daoine óga páirteach ann ar gach leibhéal. Tá sé fíor-thábhachtach go bhfaighfeadh pobal ealaíne na Gaeltachta tacaíocht chuí chun dánlanna a sholáthar i gceantair Ghaeltachta.

Chuir sé díomá orm go ndeachaigh an Rialtas siar ar socrú maidir le chomhfhoilsiú reachtaíochta a bhí ann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tháinig an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais isteach anseo chun an socrú sin — go bhfoilseofar na leaganacha Gaeilge agus Béarla de reachtaíocht ag an am céánna sna Tithe seo — a athrú. Céim ar gcúl a bhí ansin, i ndáiríre píre.

Titeann cuid mhaith den dualgas ó thaobh cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla — mar shampla, maidir le daingniú scéimeanna na n-eagrais agus na Ranna Stáit, srl.- ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Go bhfios dom, níl sé sin déanta ag an Roinn sin, ag Tithe an Oireachtais nó ag cuid mhaith dreamanna eile. Céard atá ar siúl ag an Rialtas chun é sin a chur ina cheart, ionas gur féidir leis an gCoimisinéir Teanga déanamh cinnte de go bhfuil a gcuid dualgais á chomhlíonadh ag na heagrais Stáit ar fad? Caithfimid tacaíocht a thabhairt don phróiseas sin.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an fhógra atá eisithe ag an Aire Stáit maidir leis na mná tí. Dúirt sé ag an am gur céim siar a bhí ann nuair a ghearr an Rialtas roimhe seo siar ar an airgead a bhíá thabhairt dóibh. Cuireann siad seirbhís iontach ar fáil. Is céim ar gcúl é, áfach, gur ghearr an tAire Oideachais agus Scileanna an tacaíocht a bhí ar fáil chun oidí a chur go dtí an Ghaeltacht ar feadh trí seachtaine chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.

Labhair an tAire Stáit faoi scéim nua atá ag teacht in áit scéim labhairt na Gaeilge. Ba bhreá linn tuilleadh a chloisteáil faoi sin. Tá sé tábhachtach go ndíreodh sé ar shaibhriú na teanga i measc na bpáistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, seachas díriú ar fhoghlaimeoirí glan as an nua.

Agus é sin ráite, táimid iontach dóchasach agus dearfach maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Dar le Sinn Féin, tá sé an-tábhachtach dearcadh uile-oiléanda a thógáil, go háirithe i gcomhthéacs Foras na Gaeilge. Tá súil agam go dtiocfar ar réiteach maidir leis an tsamhail nua mhaoinithe. Sílim go bhfuil tuiscint ann anois nach bhfuil an treo atáá leanúint chun oibriú agus go gcaithfear teacht ar chomhréiteach.

Ba mhaith liom críochnú le focal nó dhó ar an suíomh Facebook a thagair an Seanadóir Noone. Is é an leagan Gaeilge ar Facebook atá cloiste agam ná"straoisleabhar". Ta sé fíorthábhachtach go mbeimid ag úsáid leithéidí an straoisleabhar le teagmháil agus caint a dhéanamh le chéile. Cuireann mise——

Cad é an Ghaeilge ar "fracking"? Uisce faoi thalamh, b'fhéidir.

Úsáideann mé píosaí Gaeilge ar mo leathanach straoisleabhair. Is iontach an méid daoine a bhreathnaíonn ar sin agus a chuireann teachtaireachtaí ar ais chugam. Tá na rudaí seo fíorthábhachtach. Fáiltím arís roimh an díospóireacht seo. Tá mé an-bhuíoch don Aire Stáit as teacht isteach. B'fhéidir go dtabharfaidh sé soiléiriú dom ar chuid de na pointí a d'ardaigh mé.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Níl mórán Gaeilge agam. Níl sééasca dom bheith i mo sheasamh sa seomra seo nuair atá a lán daoine i láthair a bhfuil Gaeilge flúirseach acu. Tá mé chun an beagán atá le rá agam a rá i mBéarla.

I commend the gaelscoileanna that have worked very hard in recent years. Many of them came together on a voluntary basis on the basis of a belief in the value of our culture and our heritage and a desire to ensure children could take all school subjects through the medium of Irish. I pay particular tribute to those involved in Gaelscoil Chnoc Na Ré in Sligo, who have worked very hard for 16 years. The number of pupils in the school has increased from 22 to 181 as a result of the enormous effort and commitment of parents and local people in the community. I will raise with the Minister for Education and Skills their concern about the fact that the school seems to have escaped the new school building announcements even though pupil numbers have increased as I have described and the space available to the school in its buildings is limited. That is for another day.

What is the name of the school to which the Senator refers?

I am talking about Gaelscoil Chnoc Na Ré in Sligo. The number of children attending the school has increased from 22 to 181 in 16 years. The capacity available to the school in its buildings is limited. At a time when it is recognised that new buildings need to be provided to schools that are expanding, it seems strange that this school, which is still growing, is not being catered for. I would like to give credit to the gaelscoileanna across the country that did a great deal of good work for the language and brought an additional energy to the teaching of it at a time when Irish was continuing to recede.

I suggest, on the basis of my own experience of teaching, that we need to find a way of reintroducing pleasure and fun to the teaching of the Irish language. There often seems to be an element of the chore in our engagements with the language. As we know, children love to enjoy the fun aspects of things. When teachers try to encourage children to learn German, Spanish, Italian or French, they focus on fun things like food and the culture of the countries in which those languages are spoken. I believe that in the classroom, we divorce the Irish language from fun aspects of Irish culture to a great extent, particularly when children are young. Perhaps that is because it is our own culture.

This country could be reaching a tipping point at which we will appreciate that if we reach out to the authenticity of our language and our culture, it will be there. We might have to go all the way back to re-evaluate how important our language is to us. It is part of everything we are. In a world of large corporations where much authenticity has been lost — we have become a global society — the authenticity of who we are and what we have is bound up in our language. If we can find a way of understanding that authenticity in the 21st century, I think we will find a way of supporting the language.

Senator Keane spoke about the need to use the language whenever we can, even if it is only a few words here and there. While that is true, we somehow need to push it a bit further. Other countries envy us for the authenticity of our language. We seem to have forgotten that it is an enormously valuable thing. I do not know how we arrive at that. I certainly feel that the word "authentic" is relevant at a time when we are talking about going back to the things that made us who we are, in the food industry and other sectors. We have walked away from some of those things over the last 50 years. We need to revisit some of them, in a modern context, without going back 50 years. In such circumstances, the Irish language would be able to flourish in a new way in the 21st century. There is no point in looking back and expecting it to flourish as it may have done when some of us were children.

Ba mhaith liom a mhíniú do Sheanadóirí go bhfuil an tAire Stáit tar éis a rá go dtógfaidh sé cúig nóiméad.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit chuig an Seanad. Molaim an méid atáá dhéanamh aige ar son na teanga agus le haghaidh na Gaeltachta. Nuair a tháinig mo iníon is óige abhaile cúpla láó shin, bhíáthas an domhain orm nuair a d'iarr sí orm cead dul go dtí Gaeltacht Rann na Feirste i rith an tsamhraidh. Chuaigh mo pháistí eile go dtí an Ghaeltacht galánta céanna. Tá sé iontach costasach d'aon teaghlach páiste a chur go dtí an Ghaeltacht. Chosnaíonn sé€800 chun páiste a chur ar chúrsa trí seachtaine i rith an tsamhraidh. Is féidir liom an táille sin a íoc i mbliana, buíochas le Dia. Aontaíonn Seanadóirí eile liom. Tá sé iontach agus millteanach dian ar theaghlaigh an táille sin a íoc. Ar ndóigh, tá tarraingt siar déanta ar na deontais atá ar fáil do na mná tí. Níor tharla sé sin le linn tréimhse oifige an Aire Stáit seo. An féidir leis aon rud a dhéanamh chun costais na gcúrsaí samhraidh a laghdú? Táíslú tagtha ar an méid páistí gur féidir leis na mná tí a ghlacadh ina dtithe. Tá an cúngú seo ag teacht ar an dá taobh. Ta áthas orm go raibh seans agam an méid sin a rá leis an Aire Stáit. B'fhéidir go mbeidh sé in ann freagra de chineál éigin a thabhairt dom.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Tá a lán le déanamh againn chun ár dteanga féin a úsáid chomh minic agus is féidir. Tá sé rí-thábhachtach an Ghaeilge a chur chun cinn. Ba chóir go mbeadh suaitheantas, badge nó fáinne de shórt éigin infheicthe ar ár gcótaí nó geansaithe a thaispeánfadh go bhfuil cúpla focal againn. Is í an Ghaeilge an difríocht is mó idir Éireannaigh agus daoine ó aon tír eile ar fud an domhain. Dá bhrí sin, tá sé an-thábhachtach an teanga a chur chun cinn. Mar a dúirt mé cheana sa Teach seo, déanann an chuid is mó de mhúinteorí a ndícheall chun an Ghaeilge a múineadh. Tá brón i mo chroí, áfach, nuair a deirim go bhfuil múinteoiríáirithe nach bhfuil suim ar bith acu inár dteanga féin.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit le haghaidh an díospóireacht an-tábhachtach seo, atá ar siúl i rith Seachtain na Gaeilge. Níl mé i m'aonar nuair a thógaim faoi deara go bhfuil níos mó Gaeilge áúsáid sa Teach seo faoi láthair ná mar a bhí roimhe seo. Is athrú dearfach é sin.

Le cúpla bliain anuas, go háirithe i gcúrsaí eacnamaíochta, tá go leor ráite agus scríofa faoinár bhféiniúlacht Eorpach — our European identity — i gcomhthéacs na gcinntí atáá dhéanamh agus an ról atáá imirt ag an mBruiséil inár saolta. Deirtear go bhfuil brúá chur agus bagairt á dhéanamh ar ár bhféiniúlacht Eorpach. Is léir dom go bhfuil ról ag an Ghaeilge chun cabhrú leis an mbagairt seo agus béim a chur uirthi mar pháirt den tionscadal Eorpach. Ní cheart dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ó 2005. Is dóigh liom go dtugann an stádas seo sprioc nua, féin-mhuinín nua agus brí nua don teanga agus dóibh a úsáideann í, nó atá ag iarraidh é sin a dhéanamh.

Is maith an rud é iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid gan imní. I mo thuairim, is cuma cén caighdeán atá ag an gcainteoir a bhaineann triail as. Mar a dúirt an Seanadóir Keane, we need to praise the "Bród Club" for trying.

Mar a dúirt Seanadóir eile, tá ról lárnach ag an Ghaeilge sa chaoi ina múintear teangacha eile. Tá sé níos éasca dúinn teangacha nua a fhoghlaim má tá an Ghaeilge againn cheana féin. Is féidir leis an nGaeilge an doras a oscailt do theangacha eile. This point has been demonstrated within the foreign languages programme. If one has a second language, it is easier for one to learn other languages. Feictear i rith na seachtaine seo, agus de ghnáth, go bhfuil fíor-shuim ag páistí i dteangacha éagsúla. Nuair a tháinig mó iníon óg abhaile an tseachtain seo caite, dúirt sí liom go raibh sí ainmnithe mar "Gaeilgeoir of the week". Níl a lán féin-mhuinín aici. Cúis bróid a bhí ann dom nuair a chuala méí ag caint mar gheall ar "Gaeilgeoir of the week".

Aontaím leis an Seanadóir D'Arcy i mbealach amháin. Ba mhaith liom mo bheirt pháistí a chur go dtí an Ghaeltacht an samhradh seo chugainn. Tá sé an-daor, áfach. Cosnaíonn sé€900 an duine. Is maith an rud é bheith tumtha sa teanga agus is féidir é sin a dhéanamh sa Ghaeltacht. Is mór an trua é go bhfuil an costas ag cur isteach air. Iarraim ar an Aire Stáit rud éigin a dhéanamh faoi sin. Caithfimid é sin a phlé.

Tá lúcháir orm deis a bheith agam an t-ábhar seo a phlé sa Seanad le linn Seachtain na Gaeilge. Bhí díospóireacht an-tábhachtach againn sa Dáil an tseachtain seo caite. Caithfidh mé a rá gur chuaigh an plé sin go mór i bhfeidhm ar phobal na tíre. Tá mé cinnte go dtarlóidh an rud céanna sa chás seo.

Nuair a bhí mé ag taistil ar fud mo dháilcheantar i rith an deireadh seachtaine, dúirt go leor daoine liom gur chuir séáthas orthu gur rinneadh óráidí i nGaeilge ar Riar na hOibre, Ceisteanna na gCeannairí agus go leor oibre eile. Bhí siad sásta go rabhamar ag caint ar chúrsaí an tsaoil agus ar chúrsaí na tíre, agus ní hamháin ar chúrsaí Gaeilge agus ar chúrsaí Gaeltachta. Sílim gur dul chun cinn mór atá ann gur féidir linn labhairt ar ghnáthchúrsaí a bhfuil suim ag an bpobal iontu, seachas díriú isteach ar cheist na Gaeilge amháin nuair a bhíonn muid ag labhairt Gaeilge sa Dáil nó sa Seanad.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Seanadóir Ó Clochartaigh as ucht an Ghaeilge a úsáid nuair a thagann rúin éagsúla os comhair an Tí ar an Athló. Is cuma má bhaineann siad leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, mar shampla, nó an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais. Is féidir linn ár gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge anseo. Tá na háiseanna ar fáil ionas gur féidir linn é sin a dhéanamh. Níl aon leithscéal an Ghaeilge a sheachaint.

Mar Aire Stáit, níl mé ag maíomh aon rud ar mo shon féin. Tháinig mé ar an saol sa Ghaeltacht. Tógadh le Gaeilge mé, cosúil le daoine eile. Tá creidiúnt agus aitheantas iontach ag dul leis na Seanadóirí a tháinig isteach anseo agus a ndúirt nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. B'fhéidir gur léargas é sin ar an gcóras oideachais. An bhfuil an milléan ar an gcóras sin nuair nach bhfuil daoine in ann an teanga a labhairt? Tá an-chreidiúnt le dul chuig na Seanadóirí a thagann anseo chun dea-thoil agus bá don teanga a léiriú. B'fhéidir nach bhfuil sé ar a gcumas acu labhairt i nGaeilge, nó b'fhéidir nach bhfuil sé de mhisneach acu é sin a dhéanamh, ach tá sé tábhachtach go ndéanann siad é i mBéarla.

Tá an-chuid pointí déanta ag na Seanadóirí uilig. Bíonn an Seanadóir Ó Murchú an-ábhartha i gcónaí. Bíonn pointí maithe á dhéanamh aige. Luaigh sé an tábhacht a bhaineann leis na gaelscoileanna. Mhol sé na tuismitheoirí a roghnaíonn a gcuid páistí a chur chuig na gaelscoileanna. Is cinnte gur comhartha mór dóchais é sin. Dúirt an Seanadóir Mac Conghail an rud ceanann céanna.

Nuair a dhéanann ghnáth-chosmhuintir na cathrach i mbruachbhailte cosúil le Cluain Dolcáin cinneadh a leanaí a thógáil le Gaeilge, is é sin an comhartha dóchais agus muiníne is mó atá againn. Sílim gur labhair an Seanadóir Noone mar gheall ar an fhoireann peile, Na Gaeil Óga, atá lonnaithe i gCluain Dolcáin agus a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Ghlacadar páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta anuraidh agus tá súil agam go mbeidh siad ann i mbliana nuair a bheidh séá reáchtáil i mo cheantar féin. Is cinnte gur fiú tacaíocht a thabhairt dóibh.

Labhair an Seanadóir Harte mar gheall ar chomharthaí. Tá a fhios agam go bhfuil na comharthaí go léir ina oifig i Leitir Ceanainn i nGaeilge. Is mór an trua é nach bhfuil sé sin á dhéanamh ag níos mó gnóthaí sa bhaile. Beidh an t-Oireachtas i Leitir Ceanainn ag deireadh na bliana seo. B'fhéidir go dtógfaidh sé sin spreagadh do chomhlachtaí eile sa bhaile an sampla atá tugtha ag an Seanadóir Harte a leanúint agus níos mó comharthaí Gaeilge a úsáid. Níl a fhios agam an féidir leis an Roinn nó le haon dream eile airgead a thabhairt ach is féidir leo cabhair a thabhairt dóibh maidir leis an litriú agus leis an ghramadach ceart agus an mbeadh sé cruinn ceart nuair a bheadh sé le feiceáil don phobal. Sílim gur fiúé sin.

Labhair an Seanadóir Keane maidir leis an samhail nua mhaoinithe. Tá sé sin ag dul ar aghaidh. Ta ath-bhreithniúá dhéanamh. Tá Foras na Gaeilge ag dul i gcomhairle leis an phobal agus leis na heagraíochtaí, i láthair na huaire agus go dtí an 2 Aibreáin. Bhí cruinniú aréir i mBéal Feirsde agus bhí cruinnithe i nGaillimh, sa Daingean agus anseo i mBaile Átha Cliath ag déanamh teagmhála leis an phobal. Is cinnte go dtabharfaimid aird, agus caithfear aird a thabhairt, ar thuairimí an phobail agus na n-eagraíochtaí Gaeilge. Is beag eagraíocht nár chas mé leis ó rinneadh Aire Stáit díom. Caithfidh mé aitheantas a thabhairt dos na heagraíochtaí Gaeilge. Níl mé chun aon cheann acu a lua. Tá cuid acu a théann siar go dtí an 19ú chéad agus atá fós ag obair. Ní féidir liom neamhiontas a dhéanamh don obair atá ar siúl acu sin.

Maidir leis an Choimisinéir Teanga, tá cinneadh déanta ag an Rialtas. Sílim gurb é an Cathaoirleach féin a chur an cheist fá dtaobh de sin. Rinneadh cinneadh an Rialtais. Tá ath-bhreithniúá dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, a bhfuil an coimisinéir ag gníomhú faoi. Tháinig an-chuid aighneachtaí isteach ón phobal. Sílim gur tháinig 1,300 nó níos mó isteach agus tháinig suirbhéanna isteach. Tá anailís á dhéanamh orthu sin agus cibé socrú a bheas déanta, déanfar é agus muid ag tabhairt airde ar na haighneachtaí a tháinig isteach. Mar a sheasann sé i láthair na huaire, tá an cinneadh déanta go mbeidh an cónascadh déanta. Níor mhaith liom aon Sheanadóir a fhágáil ar lár mar bhí pointí tábhachtacha le déanamh acu ar fad. Luadh na coláistí Gaeilge agus is cinnte go bhfuil fiúntas leo. Tá na mná tí ag déanamh obair iontach agus ag fáil a gcuid airgid, ach cuireann sé isteach orm go gcosnaíonn turas chuig coláiste Gaeilge an oiread sin airgid anois san aeráid eacnamaíochta atá againn, suas le €800, €900 nó€1,000. Ní dóigh liom gurb é Rann na Feirste an coláiste is daoire, ach is mór an tsuim airgid é sin ag am mar seo. Tá muid ag tabhairt deontais €9.50 an scoláire in aghaidh an lae do na mná tí. Sin ráite, ní raibh titim mhór ar an líon scoláirí a chuaigh go dtí an Ghaeltacht anuraidh — 25,000 — agus deirtear liom go bhfuil na hiarratais suas go maith i mbliana chomh maith. Léiríonn sin domsa an íobairt atá tuismitheoirí sásta a dhéanamh, an sacrifice atá siad ag déanamh ag an am seo a bhfuil géarchéim eacnamaíochta sa tír a gcuid páistí a chur go dtí an Ghaeltacht fá choinne tréimhse mar sin. Caithfimid aitheantas a thabhairt dóibh agus iad a mholadh.

Luaigh an Seanadóir Ó Braonáin suaitheantas. Bhí mé ag iarraidh a dhéanamh amach an fáinne é sin atáá chaitheamh aige nó rud éigin eile.

Ní chóir go mbeadh sin agam.

Ba chóir go mbeadh sé ag an Seanadóir. Ní maith liom easaontú le héinne, ach caithfidh mé easaontú leis an Seanadóir, mar sílim go bhfuil an dearcadh ceart aige agus go bhfuil sé i gcónaí toilteanach an rud atá le rá aige a rá ar son na teanga. Tá gach ceart ag an Seanadóir an fáinne a chaitheamh. Téann an fáinne siar tamall fada agus b'fhéidir gur cóir dúinn amharc air agus féachaint an cóir go mbeadh suaitheantas éigin níos nua-aimseartha againn. Ní dhearna mise mórán smaoinimh air seo ach is fiú smaoineamh air san am amach romhainn agus Gaelscoil Chnoc na Ré i Sligeach caithfimid na sonraí a fháil faoi sin. Nuair a bhí mé ag amharc ar an liosta a tháinig amach inné, bhí roinnt mhaith Gaelscoileanna ar fud na tíre. Dúirt an Rialtas sa bheartas go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta do na Gaelscoileanna agus fágadh scoileanna eile amach chomh maith. Mar sin féin, má tá cúpla céad dalta, agus iad ag fanacht le foirgneamh úr, caithfear an tacaíocht sin a thabhairt dóibh mar sin an comhartha dóchais is mó atá againn: na Gaelscoileanna. Bhí mé i mo dháilcheantar féin Déardaoin agus bhí mé sa Ghaelscoil i mBaile Dhún na nGall agus bhí ocht rang agus bhí na gasraí ag teacht amach agus bhí sé níos fearr ná bheith i lár aon cheantar Ghaeltachta. B'fhéidir nach raibh an Ghaeilge ag a muintir ach bhí na daltaí ag teacht amach i lár an bhaile agus ag dul ar an bhus nó ag bualadh le tuismitheoirí agus an Ghaeilge á labhairt acu ó cheithre bliana suas. Is cinnte gur ábhar dóchais é sin.

Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as an deis a thabhairt dom agus as an chuireadh teacht isteach. Beidh lúcháir orm teacht isteach aon uair. Beidh Bille na Gaeltachta á phlé istigh anseo agus má tá díospóireacht ar an Athló as Gaeilge faoi aon ábhar, mura dtig an tAire féin teacht isteach, beidh áthas orm teacht isteach. Guím Seachtain na Gaeilge agus Seachtain na Féile Pádraig faoi shéan agus faoi shonas chuig gach duine agaibh.

Guímid an bheannacht chéanna ar an Aire Stáit. Cuireann sin deireadh leis na ráiteas maidir le Seachtain na Gaeilge. Cén uair atá sé i gceist suí arís?

Maidin amárach ar 10.30.

Barr
Roinn