An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Tairiscint

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Iarraim ar an Seanadóir Ó Murchú an rún a mholadh.

Tá áthas orm é sin a dhéanamh. Tairgim:

Go molann Seanad Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar An Coimisinéir Teanga.

Ar dtús báire, cuirim fáilte mhór roimh an deis an rún seo, go molann Seanad Éireann an tUasal Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán ina Choimisinéir Teanga, a chur faoi bhráid an Tí inniu.

Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an tUasal Ó Domhnaill i gcomharbacht ar an gCoimisinéir Teanga reatha, an tUasal Seán Ó Cuirreáin, atá ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, i ndiaidh deich mbliana a chaitheamh sa phost sin. Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Rónán Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr. Roghnaíodh é as measc 21 duine a rinne léiriú spéise i gcomhair an cheapacháin chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is de bhunadh Ghaeltacht an Cheathrú Rua i gContae na Gaillimhe é an tUasal Ó Domhnaill ó dhúchas. Tá taithí leitheadach aige ar an Státchóras trína phost mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTÉ agus TG4 le seacht mbliana anuas. Níl amhras ar bith orm ach go rachaidh an taithí seo i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga.

Is oifig reachtúil neamhspleách é Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla a bunaíodh sa bhliain 2004, faoi alt 20 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Achta. Is é Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Thithe an Oireachtais rún a rith ag moladh an cheapacháin. Maireann téarma oifige an Choimisinéara Teanga ar feadh sé bliana agus is féidir é nó í a athcheapadh don dara téarma nó do théarmaí dá éis.

Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga faoin Acht mar seo a leanas: faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta ag comhlachtaí poiblí; gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta; imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear go bhfuil teipthe ar chomhlacht poiblí a dhualgas a chomhlíonadh faoin Acht; comhairle a sholáthar don phobal maidir lena gcearta faoin Acht; comhairle a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir lena ndualgais faoin Acht; agus imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nó de bhun gearán, i gcás ina líomhnaítear nach bhfuil foráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid na Gaeilge á chomhlíonadh.

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisinéir Teanga faoin Acht tuarascáil bhliantúil faoi obair Oifig an Choimisinéara Teanga a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais; agus cuntais bhliantúla faoi chaiteachas Oifig an Choimisinéara Teanga a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a sholáthar don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Baineann na dualgais agus na cearta seo ar fad le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil sé mar phríomhaidhm aige a chinntiú go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo.

Mar atá a fhios ag Comhaltaí an Tí seo, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gclár an Rialtais. Ba í an aidhm a bhí leis an athbhreithniú ná a chinntiú go bhfuil caiteachas ar an nGaeilge dírithe ar an mbealach is éifeachtaí ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcur i bhfeidhm go cuí ag brath ar éileamh ó shaoránaigh. Mar thoradh ar an athbhreithniú, tá na cinn do Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014 dréachtaithe. Tá mé ag súil go dtabharfar os comhair an Rialtais iad go han-luath. Tá sé i gceist na cinn a fhoilsiú ansin agus iad a thabhairt os comhair an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Tá sé i gceist chomh maith torthaí an phróisis comhairliúcháin phoiblí, a reachtáil mo Roinn, a fhoilsiú i dteannta le cinn an Bhille.

Tógadh cinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman mar chuid de réimse gníomhartha athchóirithe faoi phlean athchóirithe an Rialtais don tseirbhís phoiblí a fhoilsíodh i mí na Samhna 2011. Tá sé beartaithe an cónascadh seo a chur i bhfeidhm trí Bhille na dteangacha oifigiúla (leasú) 2014. Faoin chónascadh, coimeádfaidh an Coimisinéir Teanga a chumhachtaí neamhspleácha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus leanfaidh Oifig an Choimisinéara Teanga ag feidhmiú ó cheannáras atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin i gcónaí go mbeadh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státseirbhís. Ceaptar gurb é an bealach is fearr chun an aidhm pholasaí seo a bhaint amach ná trí chur chuige níos spriocdhírithe a úsáid chun a chinntiú go mbeidh foireann leis na scileanna riachtanacha Gaeilge ar fáil chun seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge nuair a theastaíonn siad.

Tá an cumas atá ag comhlachtaí poiblí seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar ag brath go mór ar na hacmhainní cuí a bheith ar fáil chuige sin, acmhainní daonna ach go háirithe. Tá an cheist maidir le hearcaíocht daoine le cumas Gaeilge i gcomhair post sa tseirbhís phoiblí lárnach don phlé seo. Ní haon ionadh é go bhfuil an cheist seo go mór i mbéal an phobail le tamall anuas. Tá sé tráthúil mar sin léargas a thabhairt ar na bearta atá tógtha ag an Rialtas chun cur leis an líon daoine sa Státseirbhís a mbeidh sé ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach ar bhonn dhátheangach. Ceapadh scéim de mharcanna bónais don Ghaeilge beagnach 40 bliain ó shin. Glactar leis go coitianta nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an ionstraim pholasaí seo chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge sa Státseirbhís. Mar gheall ar sin agus mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013, tá na bearta seo a leanas chun teacht in áit an pholasaí de mharcanna bónais a tugadh as inniúlacht sa Ghaeilge.

Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna agus ar oifigí sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal orthu. Beidh an próiseas seo lárnach i gcinntiú go ndéanfar foráil dóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge. Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar chéad chéim sa chomórtas earcaíochta d'oifigigh feidhmiúcháin atá ar na bacáin, tá sé i gceist fo-phainéal de dhaoine le Gaeilge a bhunú nach rachaidh thar 6% den phainéal iomlán. Déanfar measúnú ar thoradh an chomórtais sin chun an t-éileamh atá ar oifigigh le Gaeilge ar fud na Státseirbhíse a mheas. Má tá an toradh sin dearfach, tá sé i gceist an socrú seo a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí d'earcaíocht amach anseo agus d'arduithe céime i ngráid neamhspeisialtóra sa Státseirbhís.

Chun feabhas a chur ar inniúlacht Ghaeilge na státseirbhíseach atá ann faoi láthair agus chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge, tá sé i gceist córas nua do thástáil inniúlachta a chur i bhfeidhm faoina bhféadfar státseirbhísigh atá ann faoi láthair a shannadh do phoist shonracha ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge, mar a shannaítear sin i scéimeanna teanga atá aontaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Déanfaidh Ranna éascaíocht do státseirbhísigh chun freastal ar chúrsaí oiliúna i nGaeilge agus chun scrúduithe a dhéanamh faoin gcreat náisiúnta cáilíochtaí nó faoi theastas Eorpach na Gaeilge. Beidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as na córais nua oiliúna agus inniúlachta a chur i bhfeidhm faoi théarmaí an chomhaontaithe seirbhíse a aontaíodh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i mí Feabhra 2013.

Creidim gur céim sa treo ceart é an polasaí nua seo. Don chéad uair le 40 bliain anuas, cuirfear córas úr i bhfeidhm faoina ndéanfar cuóta sonrach de phoist a shonrú chun daoine le cumas sa Ghaeilge a earcú don Státseirbhís.

Ciallaíonn cur i bhfeidhm an pholasaí nua seo fosta go bhfuil ceann de bhearta tábhachtacha na straitéise 20 bliain don Ghaeilge á chur i gcrích. Is gné lárnach d'Acht na dTeangacha Oifigiúla iad na scéimeanna teanga a dhaingnítear le comhlachtaí poiblí chun líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil a mhéadú ar bhealach eagraithe agus tomhaiste thar thréimhse ama.

Is é Oifig an Choimisinéara Teanga a dhéanann monatóireacht ar fheidhmiú na scéimeanna teanga. Tá tuairim is 200 comhlacht poiblí clúdaithe faoin 113 scéim reatha atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn, ar a bhfuil an fhreagracht scéimeanna a dhaingniú, le breis agus 120 comhlacht poiblí faoi láthair chun scéimeanna teanga nua a aontú. Aithním nach bhfuil córas na scéimeanna gan laigí agus go mbaineann dúshláin ar leith le scéimeanna a chur i bhfeidhm. Aithním fosta an comhoibriú agus an dea-thoil atá le sonrú i measc na gcomhlachtaí poiblí éagsúla agus iad ar a ndícheall na seirbhísí atá á gcur ar fáil acu i nGaeilge a fheabhsú. Beidh céimeanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas i gcoitinne sonraithe sna leasuithe reachtúla atá beartaithe don Acht.

Tá obair an-fhiúntach curtha i gcrích ag Oifig an Choimisinéara Teanga le deich mbliana anuas. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil sa Teach seo leis an gcoimisinéir reatha, a bheidh ag éirí as a phost ag an deireadh seachtaine, as an tseirbhís mhaith atá tugtha aige maidir le comhlíonadh a dhualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mar Aire Stáit, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabhail leis as an saothar agus an obair a rinne sé go dícheallach i rith an ama sin. Guím gach rath air agus ar a chlann san am atá amach romhainn. Ba mhaith liom ag an am céanna ainm an duine atá roghnaithe ag an Rialtas le cur roimh an Oireachtas a mholadh os comhair an tSeanaid inniu. Tá sé i gceist againn, le cead agus le tacaíocht Baill an Oireachtais, an t-ainm sin a chur roimh an Uachtarán chun a shéala oifige a thabhairt dó.

Ní shílim go gcaithfidh mé an coimisinéir nua-ainmnithe a chur in aithne d'éinne anseo. Tá seantaithí ag daoine air timpeall an Tí anseo. Ní thagann an fear tuisceanach seo ó mo cheantar Gaeltachta féin, ach níl mé chun é sin a choinneáil ina éadan. Caithfidh mé a rá go bhfuil an meas céanna agam ar na Gaeltachtaí ar fad. Tá lúcháir orm go raibh duine leis na cáilíochtaí agus na buntáistí atá aige sásta cur isteach ar an bpost. Ba mhaith liom a rá go bhfuil an post seo á líonadh againn ar chóras úr. Rinneamar é a fhógairt go poiblí, mar shampla. Bhí áthas orm gur chuir 21 duine isteach ar. Caithfidh mé a rá go raibh cáilíochtaí agus buanna speisialta ag gach duine acu. Tar éis dul tríd na hainmneacha go léir, agus ár gcomhairlí a chur i gcionn a chéile, tá mé sásta go bhfuil daoine den scoth - Rónán Ó Domhnaill - ainmnithe againn mar Choimisinéir Teanga. Mar sin, tacaím go láidir leis an rún atá os comhair an Tí seo inniu.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Aithním é mar dhuine a bhfuil an grá don Ghaeilge go smior ann. Níl aon amhras faoi sin. Fáiltím freisin roimh an gceapachán nua. Is cinnte gur duine cumasach é Rónán Ó Domhnaill. Tá na cáilíochtaí agus na buanna cearta aige. Beidh saol na Gaeilge agus muintir na Gaeilge ag faire amach, ní le cinntiú go bhfuil an obair seo ar siúl aige, ach le cinntiú go bhfaigheann sé an chabhair agus an comhoibriú go bhfuil géarghá leo chun an obair seo a chur i gcrích.

Tháinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Bhí sé thar a bheith soiléir go raibh daoine buartha ní hamháin faoi stádas na Gaeilge ach freisin faoi thodhchaí na Gaeilge. Bhí éadóchas orthu go mórmhór toisc go bhfuil an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag éirí as oifig. Ceapann muintir na Gaeltachta agus na daoine atá ag saothrú ar son na teanga gach lá go bhfuil dísbeagadh a dhéanamh orthu ó thaobh na Gaeilge.

Nuair a tháinig an tAcht comhionannas teanga i réim i dtosach, thug sé ardú croí dóibh siúd a bhí ag lorg a leithéid ar feadh na mblianta. Cuireadh an straitéis 20 bliain le chéile ina dhiaidh sin mar thacaíocht don reachtaíocht sin. Bhí na deacrachtaí móra a bhuail daoine nuair a rinne siad iarracht saol iomlán a bheith acu trí Ghaeilge - ní raibh seirbhís ar fáil ó na comhlachtaí poiblí, mar shampla - mar chúlra ar na tionscnaimh sin. Thug an sárobair a bhí á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta, TG4 agus na scoileanna lán-Ghaeilge dóchas dúinn, ach diaidh ar ndiaidh bhí sé soiléir nach raibh sé ar chumas daoine seirbhísí a fháil trí mheán na Gaeilge ón Státchóras nó na comhlachtaí poiblí.

Luaigh an Coimisinéir Teanga an chúis a bhí le sin nuair a dúirt sé gur chreid sé nach raibh an dea-thoil cheart don Ghaeilge ag daoine áirithe taobh istigh den Státchóras, cé gur chóir dóibh an reachtaíocht a bhí ann a chur i bhfeidhm. Níos measa fós, ní raibh na daoine ann chun an tseirbhís a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Tá áthas orm gur labhair an tAire Stáit faoi earcaíocht sa Státchóras. Is é sin bun agus barr an scéil, i ndáiríre. Tá an reachtaíocht ann, tá an straitéis ann agus, níos tábhachtaí fós, tá an dea-thoil ann i measc an phobail. Muna bhfuil daoine sa Státchóras le cumas Gaeilge cuí chun seirbhísí a chur ar fáil, is cuma cén pholasaí Stáit atá ann. Ní féidir an polasaí sin a chur i gcrích muna bhfuil na daoine sin ar fáil.

Bhí an ráiteas a dhein Seán Ó Cuirreáin an-oscailte. Ní duine conspóideach é. Tá áthas orm go raibh an tAire Stáit sásta inniu é a lua go dearfach. Is duine faoi leith é. Níor chothaigh sé aon chonspóid a bhí ann. D'oibrigh sé go breá ciúin agus príobháideach. Is minic a thagann na torthaí is fearr as obair den saghas sin. Is léir ón méid atá ráite aige go raibh sé soiléir ag an deireadh go raibh falla ann. Ní raibh sé in ann an fhalla sin a shárú. Sin mar a bhí. Fiú amháin sa ráiteas a d'eisigh sé, ní raibh sé pearsanta in aon tslí sna rudaí a bhí á rá aige.

Tá dúshlán mór romhainn anois. Caithfimid an mhuinín a bhí ann i leith na Gaeilge a athmhúscailt. Níl mé ag caint faoi na heagrais Ghaeilge amháin, nó fiú amháin faoi na daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá; tá mé ag caint faoi phobal na hÉireann atá taobh thiar den Ghaeilge. Tá muinín an phobail ag laghdú mar thairbhe ar an gconspóid seo. Beidh géarghá le rud práinneach a dhéanamh maidir le sin.

Ba mhaith liom an dara rud atá ag teastáil a lua. Ba cheart dúinn scrúdú a dhéanamh ar céard a bhí á rá ag na mílte duine a chuaigh amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite. Bhí a leithéid d'ócáidí ann sna 1960dí agus na 1970dí, ach d'imigh an ghluaiseacht sin diaidh ar ndiaidh. Táimid ar ais ag an bpointe sin arís.

Táimid tagtha thar n-ais go dtí an pointe céanna arís. Beidh mórshiúl i gConamara, beidh ceann i mBéal Feirste freisin agus tiocfaidh méadú ar seo. Creidim féin, más rud é go mbíonn aon rian de "party politics" ag baint le ceist na Gaeilge, nach gcabhraíonn sin leis an Ghaeilge. Chreid mé é seo i gcónaí agus chuir sé áthas chroí orm nuair a ritheadh an tAcht Teanga, a thug comhionnanas don Ghaeilge, agus An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge d'aonghuth san Oireachtas. Thug sin an-spreagadh domsa. Caithimid a bheith cinnte nach bhfuil díobháil á dhéanamh don dul chun cinn sin agus caithfidh an tAire Stáit, más féidir leis, na rudaí atá leagtha amach anseo, maidir le tabhairt faoi cheist an státchórais agus an cheist earcaíochta, a dhéanamh. Tá gach rud eile ann cheana féin. Ba mhaith liom an Roinn Oideachais agus Scileanna a lua. Ón méid atá feicthe agam, níor thug mé riamh faoi ndeara go raibh an Roinn seo cabhrach maidir leis an Ghaeilge nuair a bhí ar duine dul i gcomhairle leis. Caithfimid a fháil amach an bhfuil sin fíor nó nach bhfuil. Tá súil agam nach bhfuil, ach sin an dearcadh atá forleathan i measc an phobail.

Tacaím leis an moladh do cheapachán Rónán Ó Domhnaill. Tá stádas faoi leith aige ó thaobh na Gaeilge, tá cúlra Gaelach aige agus beidh aithne ag muintir na hÉireann air. Le cúnamh Dé, beidh gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh gach tacaíocht le fáil aige ón Stát.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit ar ais go dtí an Teach. Tá scéal beag le hinsint agam ar dtús. Cúpla seachtain ó shin, fuair mé ceachtanna Gaeilge ón Seanadóir Ó Clochartaigh, ó Harry McGee agus ón bh fear céanna sin, Rónán Ó Domhnaill. Trí seachtain i ndiaidh a chéile fuair mé ceacht a mhair uair a chloig nó mar sin. Tá an Ghaeilge ar fheabhas acu go léir agus táim féin ag déanamh iarrachta í a fhoghlaim. Bhí an triúr acu an-chabhrach domsa mar dhuine nach bhfuil an Ghaeilge chomh líofa aige agus atá sí acu.

Tuigim gur ón gCeathrú Rua, i gceartlár Ghaeltacht na Gaillimhe, é an tUasal Rónán Ó Domhnaill, ón áit chéanna ina gcónaíonn an Seanadóir Ó Clochartaigh. Bhí sé mar chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht RTE agus TG4 le beagnach seacht mbliana anuas. Tacaím go láidir leis an rún go gceapfaí mar choimisinéir é. Tuigim nach bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla gan locht agus go bhfuil deacrachtaí ann len é a chur i bhfeidhm, go háirithe maidir le córas na scéímeanna teanga. Sin ráite, tuigtear dom go bhfuil athruithe chun feabhas a dhéanamh beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú atá déanta ar an Acht. Ní inniu ná inné a tháinig an fhadhb sa státchóras maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge chun tosaigh. Tuigim go bhfuil córas nua le bheith curtha i bhfeidhm sa Státseirbhís chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo de réir a chéile. Fáiltím roimhe sin.

Tacaím go láidir freisin leis an rún seo atá os comhair an tSeanaid inniu, go gceapfaí an tUasal Ó Domhnaill mar Choimisinéir Teanga.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Déanaim comhghairdeas le Rónán Ó Domhnaill, atá ainmnithe ag an Rialtas le ceapadh ag an Uachtarán don phost mar Choimisinéir Teanga. Tá díomá orm, áfach, gur éirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as oifig. Dúirt sé agus é ag éirí as oifig: "Ní fhaca mé in imeacht 30 bliain mar iriseoir nó mar Choimisinéir Teanga an oiread ísle brí agus lagmhisnigh." It was a sad moment when the first ombudsman ever for the language resigned and felt so dispirited.

We have work to do in this regard. It was a mistake not to have democratic elections to Údarás na Gaeltachta, particularly with a "cúóta na mban". This would have made a substantial difference to the next elections. We have a lot of ground to make up to restore faith and misneach don teanga. Fuair an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, níos mó ná 6,000 gearán maidir le cearta teanga, 28% díobh ón Ghaeltacht. These issues must be dealt with. There is great support for the extension of oral Irish in exams. We put too much emphasis on Irish as a written language and the increase in the points to be allocated for the oral element of Irish as a spoken language, to 40%, is very welcome. This development must be encouraged.

In TCD recently, Linda Ervine, from the PUP spoke about Irish language lessons taking place in east Belfast. This is a development, but it is a disappointment that, as the Council of Europe pointed out, the language rights Bill in Stormont was blocked. Perhaps in the context of cross-Border issues, we should consider the rights of the Ulster-Scots language and an Ghaeilge in the North of Ireland.

I wish Rónán Ó Domhnaill every success. He is well known around the Houses, is popular and well liked and I am sure he will do a good job. However, the job will be somewhat difficult. A lack of hope brought 10,000 people onto the streets last Saturday and a mending of fences is required. As I said, I have felt we should not have replaced the democratically elected údarás by a nominated or appointed body. However, we will always look forward in hope. I hope the developments in east Belfast will inspire people and that the growth of Gaelscoileanna and in the number of people wishing to go to the Gaeltacht to learn Irish- bigger numbers than ever - will do the same.

In the wider Europe, the growth of interest in Welsh, Scottish and other minority languages shows this is not an isolated issue. This is about respect for minorities and their language rights. It is an enrichment for all of us to have that diversity. I wish the coimisinéir and an tAire Stáit every success and hope the appointment heralds a new era for the development of the language.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus cuirim fáilte roimh cheapachán an tUasal Rónán Ó Domhnaill as the new Coimisinéir Teanga. Gabhaim leithscéal mar nach bhfuil mé ábalta to speak in Irish as my Irish is not strong enough.

I am standing in for our spokesperson, Senator Mary Moran, who, unfortunately, cannot be here. I think she is on business with the Good Friday Agreement committee today.

I welcome the appointment of Rónán Ó Domhnaill as the new Coimisinéir Teanga. Others have spoken eloquently about his distinguished career as a political correspondent with Nuacht RTE and TG4 in the past seven years. He has also presented "The Week in Politics". We know him well. As others have said, he is very popular and well liked in here. The Minister of State has expressed the high esteem in which he holds Mr. Ó Domhnaill. We all wish him the best of luck in this post. We know these issues arouse great passion. Others have referred to the large numbers of people who took to the streets at the weekend to show their support for the strength and position of the Irish language. I know the commissioner will have a great deal of work to do. I am sure, given his very impressive career to date, that he will carry out his tasks very well. On behalf of the Labour Party, I welcome his appointment and the cross-party support that has been expressed for it.

Ba chóir dom a rá i dtosach báire - tá súil agam nach bhfuil aon choimhlint leasa agam sa cheist seo - go bhfuil gaol ag Rónán Ó Domhnaill le mo bhean chéile. Agus é sin ráite, ní raibh eolas dá laghad agam go raibh iarratas déanta aige, nó go raibh baint ar bith aige leis an gceapachán, go dtí gur chuala mé ar Raidió na Gaeltachta go raibh sé le ceapadh. Fear uasal agus duine den scoth é Rónán Ó Domhnaill. Is iriseoir den chéad scoth é freisin. Tá sár-obair déanta aige. Is fear meáite, ciallmhar é. Níl aon dabht orm ná go ndéanfaidh sé fíor-jab mar Choimisinéir Teanga.

Is údar mór díomá dúinn é go bhfuil coimisinéir nua á cheapadh ag an bpointe seo. Rinne an Coimisinéir Teanga a bhí againn, Seán Ó Cuirreáin, sár-jab. Fear den scoth é freisin. Rinne sé éacht nuair a ceapadh é go dtí an ról nua seo. Fáiltímid agus tacaímid roimh an rún le Rónán Ó Domhnaill a cheapadh, ach ní bheadh sé ceart an ócáid seo a ligean tharainn gan aghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna ar a dhírigh Seán Ó Cuirreáin mar chúiseanna nuair a dúirt sé go raibh sé chun éirí as a phost. Rinne sé cáineadh an-láidir ar an Aire Stáit agus ar an Rialtas, agus déanaimse féin an cáineadh céanna.

Lena cheart a thabhairt dó, níor luaigh sé m'ainm.

Luaigh sé cuid mhaith rudaí ó thaobh imeallú na teanga nuair a thug sé ráiteas agus é ag éirí as, ina measc "fórsaí níos láidre agus níos forleithne fós ann ar cuma leo ann nó as dár dteanga náisiúnta". Bhí sé ag tagairt don Státseirbhís. Maidir leis an gcóras atá luaite ag an Aire Stáit inniu, dúirt sé nár chreid sé go raibh "aon seans ann go n-éireoidh leis an gcóras nua atá beartaithe méadú a chur ar líon na státseirbhíseach le Gaeilge". Dúirt sé gur cheap sé "nár tugadh don oifig riamh na hacmhainní riachtanacha lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán". Mhínigh sé gur "buanchearta", seachas "lamháltais ná pribhléidí ... a thugtar le linn aimsir na flúirse", iad cearta teanga. Dúirt sé go raibh sé ag éirí as "ar bhonn prionsabail" mar nach raibh sé sásta "bheith páirteach sa chur i gcéill" a bhí ar bun maidir leis an teanga. Thagair sé don mhéid a bhí lé rá aige agus é ag seoladh ard-fheis Chonradh na Gaeilge sa bhliain 2008, a leanas:

Tá sé tábhachtach nach ligfimís i ndearmad, áfach, nach fiú tráithnín féir aon straitéis mura gcuirtear i bhfeidhm í. Caithfidh aontú agus foilsiú na straitéise a bheith ina thús ar aistear nua seachas ina cheann scríbe.

Dúirt an coimisinéir ag an am gur "beart de réir briathra", in áit "focail mhilse", a bhí ag teastáil. Bhí sé ag gearán nach raibh "aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na straitéise". Dúirt sé gur thug Seosamh Mac Donnacha "cáipéis mharbh" ar an straitéis. Chuir sé i gcuimhne dúinn go ndúirt Seosamh Mac Donnacha nár cheart dúinn a rá go bhfuil Roinn na Gaeltachta ann níos mó, ós rud é nach bhfuil againn "ach fo-rannóg ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta". Dúirt Seán Ó Cuirreáin "go bhfuil cuid mhór de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a d’aontódh" leis an méid a bhí le rá ag Seosamh Mac Donnacha.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin go gcreideann sé "gur gá go mbeadh an díospóireacht seo bunaithe ar an fhírinne, iomlán na fírinne agus an fhírinne amháin" agus "gur cheart i gcónaí tosú leis an staid réalaíoch". Dúirt sé ina ráiteas gur deacair dó "faraor, aon mhuinín ró-mhór a bheith agam as an chóras nua pleanála teanga atá beartaithe faoi Acht na Gaeltachta". Dúirt sé go raibh sé "go mór in amhras an gcreideann fiú na daoine sin a bhfuil cúram oifigiúil orthu i dtaca le feidhmiú na straitéise agus na pleanála teanga ina gcroí féin go bhfuil aon seans dáiríre ann go mbeidh rath nó dea-thoradh go cinnte ar na beartais seo". Luaigh sé Seán Mag Leannáin, iar-phríomhoifigeach sa Státseirbhís, a dúirt go bhfuil sé i gceist ag an Stát "to starve the Official Languages Act of the resources to implement it ... [and] let the whole thing wither on the vine", nó go bhfuil an Stát chun a ligean don teanga dul in éag de bharr faillí. Dúirt sé "go dtógfadh an córas nua [atá molta ó thaobh na Státseirbhíse de] thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn [Oideachais agus Scileanna] le líofacht i nGaeilge a dhúbailt ón 1.5% atá ann faoi láthair go dtí 3%".

Bhí Seán Ó Cuirreáin an-cháinteach i dtaobh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, atá freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise. Dúirt sé nár daingníodh ach "26 scéim teanga nua [le] trí bliana [agus nach raibh] oiread agus post amháin i scéim teanga amháin sonraithe go cinnte mar phost a mbeadh cumas sa Ghaeilge riachtanach lena aghaidh". Thug sé le fios nach bhfuil Gaeilge ag deichniúr as an 16 oifigeach Gaeilge le cúram teanga atá fostaithe sna Ranna éagsúla. An bhfuil an tAire Stáit ag rá liom, sa chomhthéacs sin, nach raibh cáineadh á dhéanamh aige ar pholasaithe an Rialtais? Bhí cáineadh géar á dhéanamh aige. Is é sin an fáth a raibh 7,000 duine ar an mbóthar an lá faoi dheireadh. Úsáideadh an mana "dearg le fearg" ag an mórshiúil Dé Sathairn seo caite. Cinnte, bhíomar ann le bród dár dteanga, ach tá daoine dearg le fearg maidir le cur chuige an Rialtais i leith na Gaeilge. Chuir sé iontas orm ráitis an Tánaiste agus an Taoiseach i ndiaidh na hócáide a chloisteáil. Dúirt siad nár thuig siad céard a bhí ag cur as do phobal na Gaeilge agus go raibh fonn orthu bualadh leo ionas go bhfeicfidís céard atá ag cur as dóibh. Tá an Taoiseach i gceannas ar an gcoiste Rialtais atá freagrach as an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Tá sé ag admháil sna meáin náisiúnta nach dtuigeann sé céard atá ag cur as do phobal na Gaeilge. Léiríonn sé sin dom an easpa tuisceana atá ag leibhéal an Rialtais maidir leis na deacrachtaí atá againn.

Tá an tAire Stáit ag suí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le dhá bhliain. Rinneadh próiseas athbhreithnithe agus iarradh aighneachtaí ón bpobal i dtaobh an Achta. Tá na haighneachtaí ag an Aire Stáit ina oifig le os cionn dhá bhliain. Cén fáth nach bhfuil siad foilsithe aige? Tá an ráiteas céanna - go bhfuil sé i gceist cinn an Bhille a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fhoilsiú "go han-luath" - cloiste againn arís inniu. Tá sé sin á rá ag an Aire Stáit le sé mhí ar a laghad. Cén uair a fheicfidh muid cinn an Bhille sin? Ghearr an Rialtas seo maoiniú ó Fhoras na Gaeilge nuair a bhí an tAire ó Thuaidh sásta breis airgid a chur ar fáil. Tá an Rialtas faillíoch ó thaobh earcaíocht sa Státseirbhís. Tá siad ag brú ar aghaidh le cónascadh nach bhfuil aon fháilte roimhe. Ní raibh a fhios ag aon Ombudsman faoi go dtí gur tháinig an Rialtas amach leis. Chuir an Rialtas deireadh le foilsiú comhuaineach na mBillí sna Tithe seo. Rinne an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta bagairt ar fhostaithe a bhí ag tabhairt amach maidir le polasaí Gaeilge na Roinne, cé nach raibh siad fostaithe ó thaobh na Gaeilge sa Roinn. Tá an Rialtas faillíoch go hiomlán ó thaobh daingniú na scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ní raibh na Ranna ag comhoibriú leis an gcoimisinéir a bhí ann go dtí seo.

Fáiltím roimh cheapachán Rónán Ó Domhnaill. Is fear den scoth é. Muna gcuireann baill an Rialtais cuma cinnte orthu féin maidir le cur i bhfeidhm na rudaí ar fad atá le cur i bhfeidhm acu, beidh sé i bhfad níos deacra ag Rónán Ó Domhnaill an jab a dhéanamh mar is ceart. Ní bheadh aon ghlacadh ag pobal na Gaeilge leis sin. Ní chuirfimid suas leis. Mar a dúirt mé cheana, ní chóir go mbeadh Seán Ó Cuirreáin ag éirí as mar Choimisinéir Teanga. Ba chóir go mbeadh an tAire Stáit ag éirí as mar go bhfuil sé faillíoch go hiomlán ó thaobh an chur chuige maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Stát seo.

Tá mé anseo chun labhairt ar an topaic an-tábhachtach seo. B'fhéidir gurb í an topaic is tábhachtaí atá ar an gclár againn. Mar a deirtear, "tír gan teanga, tír gan anam". Caithfimid ár dteanga, ár gcultúr agus gach rud eile a fheabhsú agus a chur chun cinn. Tá sé i gceist agam roinnt moltaí atá déanta ag Conradh na Gaeilge a léamh. Níl aon bhua ag baint le dul siar. Caithfimid dul amach agus obair a dhéanamh chun an teanga a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an obair iontach a rinne sé nuair a bhí sé mar Choimisinéir Teanga. Bhí obair mhaith á dhéanamh aige. Caithfidh mé mo bhuíochas a chur ar an taifead. Tá fear iontach eile, Rónán Ó Domhnaill, á moladh ag an Aire Stáit inniu. Tá CV iontach aige le TG4. Ní raibh a fhios agam go dtí go raibh mé ag éisteacht leis an díospóireacht thuas an staighre go dtagann sé ón gCeathrú Rua. Is bónas eile é gurb as Contae na Gaillimhe é. Níl aon bias agam ar chor ar bith.

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Rónán Ó Domhnaill.

Caithfimid na haidhmeanna atá ag Conradh na Gaeilge, Julian de Spáinn agus gach duine eile a chur chun cinn. Caithfimid seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist nó choinníoll, roimh dheireadh 2016. Caithfimid seirbhísí Stáit a chur ar fáil trí Ghaeilge do phobal na Gaeilge ar chomhchaighdeán le seirbhísí trí Bhéarla. Sin ceart sibhialta, iad a bheith ar comhchaighdeán. Is í ár dteanga í agus tá ár gcultúr agus ár dteanga an-tábhachtach. Caithfear deireadh a chur leis an mhaolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil don Aontas Eorpach. Beidh na toghcháin Eorpacha ar siúl go luath agus seo an t-am anois leis an cheist seo a chur ar ais ar an gclár. Caithfear an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó Dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó Thuaidh.

Ní bheidh muid in ann gach rud atá sa straitéis 20 bliain a dhéanamh, ach caithfimid cúig nó sé phointe a phiocadh amach agus iad a dhéanamh. Molaim don Aire Stáit é sin a dhéanamh. Caithfidh sé seo a dhéanamh ionas gur féidir linn na coinníollacha a chomhlíonadh in am. Caithfidh sé freisin, Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú i mbliana. Is é an tAire Stáit an fear is fearr le seo a dhéanamh. Tá an teanga go líofa aige, i bhfad níos líofa ná mar atá sí agamsa. Tá suim aige sa cheist seo agus tá a chroí san áit cheart. Táim cinnte go mbeidh sé in ann rud éigin a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar an gclár díreach.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí sa Ghailearaí. Ba mhaith liom fíor-fháilte a ghabháil le mo chara, Comhairleoir Mary Hoade, as Comhairle Contae na Gaillimhe, agus a hiníon agus a cairde.

Tá mé cinnte go bhfuil siad anseo d'aon turas chun tacaíocht a thabhairt don choimisinéir úr as Gaillimh.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Seanadóirí a labhair ar an ábhar speisialta seo - roghnú nó ainmniú an choimisinéara úr, an dara coimisinéir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo uile as bheith iontach moltach maidir leis an duine atá á cheapadh. Ar ndóigh, aontaíonn muid go léir le sin.

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Ó Murchú, a bhfuil éacht déanta aige féin le blianta anuas ar son na Gaeilge, an chultúir, an traidisiúin agus an cheoil, as a bhí le rá aige agus as na pointí a rinne sé. Luaigh sé an earcaíocht agus táimid ag díriú isteach ar sin. Rinne sé pointe an-mhaith gur fiú aird a thabhairt air - aon uair a bhíonn caismirt pholaitíochta maidir leis an teanga, is í an teanga a bhíonn laghdaithe agus lagaithe dá réir. Níl againn le déanamh ach cuimhneamh ar stair na tíre seo agus Conradh na Gaeilge a bhí ag dul ar aghaidh go breá. Bhí na hAontachtaithe, na Unionists, thart i mo cheantar féin agus coláistí Gaeilge ar bun acu. Bhí mé ag caint le fear uair éigin agus dúirt sé liom go raibh a shean aintín mar bhall de Chonradh na Gaeilge. Ba gharmhac de Lord Brookeborough é. Ba í a shean aintín Róis Máire Ní Ógáin - Maud Young, a scríobh an Duanaire Gaedhilge. Bhí sí ina cónaí i gcaisleán Galgorm i Ballymena i gContae Aontroma, baile an-ghaelach. Bhí seo go léir ag dul ar aghaidh le Conradh na Gaeilge - Aontachtaithe, Náisiúnaithe agus gach duine ag obair le chéile. Ansin, i 1912, tháinig an pholaitíocht isteach agus d'imigh siad. Ansin bhí rudaí ag teacht le chéile arís agus bhí daoine eile ag teacht ar bord. Luaigh an Seanadóir Barrett oirthear Bhéal Feirste, áit a bhfuil an teanga ag teacht ar ais. Ach, bhí tamall ann, 30 bliain, ina raibh an teanga mar chnámh spairne polaitíochta. Bhí dream amháin ag iarraidh an teanga a fhuadach agus nuair a tharlaíonn sin, is í an teanga a bhíonn thíos leis. Caithfimid an pobal ar fad a thabhairt linn agus aontaím leis an bpointe sin.

Maidir leis an mórshiúl a bhí ann Dé Sathairn ag Conradh na Gaeilge. Cuirim fáilte roimh aon tacaíocht atá le fáil ag an teanga - aon áit. Ar a laghad, léiríonn an mórshiúl a bhí ann go bhfuil dea-mhéin, dea-thoil agus tacaíocht don teanga amuigh i measc an phobail. Is rud iontach é sin. B'fhéidir gurb é an t-aon ábhar dabht atá agam ná gur mór an trua é nach raibh an mórshiúl ann deich mbliain nó 20 bliain ó shin, mar aon easnamh atá sa tseirbhís phoiblí i láthair na huaire maidir le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge i gcoitinne, níor tharla sé sin ó rinneadh Aire Stáit díomsa. Fágadh agam é mar uacht.

Chuir an tAire Stáit leis.

Mar eolas don Seanadóir Ó Clochartaigh, táim tar éis rud a dhéanamh nach ndearnadh le 40 bliain. Tá doras oscailte anois a bhí faoi ghlas le 40 bliain. Nuair a bheidh an chéad chomórtas earcaíochta eile ar siúl d'oifigigh fheidhmiúcháin sa tseirbhís phoiblí, beidh céatadán nó cuóta áirithe do na poist sin ar fáil, ní do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, ach do dhaoine a bhfuil ardchumas agus ardcháilíocht sa Ghaeilge acu agus beidh orthu é sin a chruthú ag scrúdú a mbeidh aitheantas idirnáisiúnta agus caighdeán idirnáisiúnta aige. Chomh maith le sin, i láthair na huaire tá gach Roinn ag déanamh scrúdaithe ar féin le fáil amach cén áit a bhfuil gá le daoine le Gaeilge leis an tseirbhís a chur ar fáil don phobal. Sin dhá rud mór le rá.

Freisin, tá mo Roinn tar éis freagrachta úr a fháil - cúrsaí a eagrú do dhaoine atá sa tseirbhís cheana féin, cúrsaí proifisiúnta sa Ghaeilge. Tá eagraíocht an-mhaith ceaptha chun na cúrsaí sin a chur ar fáil. Tá áthas orm a rá go bhfuil suim ag daoine i sin. Is dul chun cinn é sin chomh maith. Mar a dúirt mé, is rud úr é seo. Níor tharla sé le 40 bliain, ach tá sé ag tarlú anois. Níor oibrigh an scéim a bhí ann le 40 bliain, an bónas. Dá mba rud é gur oibrigh sé, bheadh gach rud i gceart.

Maidir leis an straitéis 20 bliain, táthar á chur i bhfeidhm.

Níl. Mishmash à la carte atá inti.

Rud atá sa straitéis ná rud éigin a dhéanamh maidir le hearcaíocht don tseirbhís phoiblí. Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ina chónaí sa Ghaeltacht. Tá 26 ceantar sa Ghaeltacht ag a bhfuil pleananna teanga aitheanta agus curtha ar bun. Tá an t-údarás, ar a bhfuil freagracht reachtúil na pleananna teanga a chur i bhfeidhm, amuigh i measc an phobail agus muid ag caint. Bhí siad i mo cheantar agus i gceantar an Seanadóir Ó Domhnaill. Bhí siad siar san iarthar chomh maith agus tá siad sa deisceart. Idir seo agus deireadh na bliana, beidh coistí ar bun i 13 as 26 ceantar leis na pleananna a chur i gcrích. Tá sin ag tarlú.

Mar chruthú go bhfuil an Rialtas dáiríre, d'éirigh linn €500,000 de bhreis a fháil go speisialta chun cuidiú leis an údarás agus leis an bhforas na pleananna teanga a thabhairt ar aghaidh agus an plean a chur i bhfeidhm. Déarfaidh gach duine nach bhfuil ann ach €500,000, ach is tosú é. Tá ganntanas airgid i ngach áit.

Cad as a bhain an Rialtas an t-airgead sin?

Cé aige atá a fhios nach mbeidh níos mó againn an bhliain seo chugainn?

Tá sé ag dul amach as lámh amháin agus isteach sa lámh eile.

Tá na rudaí seo go léir ag tarlú. Níl sé fíor a rá nach bhfuil aon rud ag tarlú. Tá sé soiléir d'éinne atá ina chónaí thiar go bhfuil na rudaí sin ag tarlú. Bímse thiar go minic. Táimid tar éis breis is €1 milliún a chur isteach in áis iontach teaghlaigh i mbaile dúchais an tSeanadóra, faoi urchair cloiche don áit ina bhfuil sé ina chónaí. Beidh na teaghlaigh ar an Cheathrú Rua a bhfuil Gaeilge acu in ann an t-ionad breá úr seo a úsáid le haghaidh caitheamh aimsire agus féidearthachtaí eile. Tá na hacmhainní céanna á gcur isteach sa Spidéal agus in Indreabhán chun cur ar chumas na dtuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge í a chleachtadh lasmuigh den scoil. Cuireann sé iontas orm go bhfuil an Seanadóir ag rá arís nach bhfuil aon rud ag tarlú.

Tá cuid mhaith ceantair i gConamara ina bhfuil an Rialtas faillíoch.

D'fhéadfainn dul ar aghaidh ar feadh an tráthnóna ag déanamh cur síos ar na rudaí go léir atá ag tarlú. Tá a fhios agam go bhfuil mo chuid ama caite. Mar fhocal scoir-----

Céard faoi na scéimeanna teanga? Tá 70% dóibh imithe in éag. Tá an tAire Stáit freagrach astu.

Maidir le scéimeanna teanga, tá rannóg speisialta i mo Roinn anois. Chuir mé ar bun an rannóg sin. Tá sé i mo cheantar féin. Níl mé chun aon leithscéal a ghabháil faoi sin. Tá foireann iomlán ansin ag plé le scéimeanna teanga. Tháinig níos mó scéimeanna teanga amach anuraidh ná le blianta fada. Tá ceithre scéim eile teanga tar éis teacht amach cheana féin i mbliana, agus nílimid ach i mí Feabhra.

Cé mhéad ceann atá imithe in éag agus atá as dáta?

Tá níos mó scéimeanna teanga ag teacht amach. Tá an fhoireann atá agam ag plé le scéimeanna teanga ag caitheamh an-chuid dá gcuid ama ag freagairt ceisteanna amaideacha ó dhaoine cosúil leis an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Céard iad na ceisteanna amaideacha?

Dá n-osclódh se a shúile, bheadh a fhios aige cad atá ag dul ar aghaidh.

Cén ceisteanna amaideacha?

B'fhearr liomsa-----

Ar phointe oird, ba mhaith liom go dtarraingeodh an tAire Stáit an ráiteas sin siar.

Ní tharraingeoidh mé faic siar.

Ní dóigh liom gur chuir mé aon cheist seafóideach ar an Aire Stáit ar an Athló nach raibh iarrtha ag pobal na-----

Ní pointe oird é.

Tá mé ag iarraidh ar an Aire Stáit a ráiteas a tharraingt siar.

Ní tharraingeoidh mé aon rud siar.

Ní raibh aon cheist seafóideach-----

Tuigeann an Seanadóir go maith.

I gcás aon cheist a chuir mé ar an Aire Stáit, ba iad pobal na Gaeilge agua na Gaeltachta a d'iarr orm é a chur. Níl muinín ar bith ag pobal na Gaeilge san Aire Stáit.

Tá mé ag suí anseo ag freagairt na ceisteanna céanna lá i ndiaidh lae.

Bhí 10,000 dóibh ar an mbóthar agus iad dearg le fearg. Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga gur cheart don Aire Stáit cuimhneamh air féin. Cuirfidh mé neart ceisteanna ar an Aire Stáit anseo go ceann bliana.

D'fhéadfainn dul ar aghaidh go meánoíche ag caint faoi na rudaí atá ag tarlú. Beidh níos mó scéimeanna teanga ag teacht amach.

Tá foireann ansin chun déileáil leo.

Tá 66% dóibh as dáta.

Tá na figiúrí os comhair an Tí más mian leis an Seanadóir iad a léamh.

Ba chóir don Aire Stáit éirí as.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil arís leis na Seanadóirí a tháinig isteach don díospóireacht seo. B'fhéidir nach raibh deis ag daoine áirithe bheith i láthair. Ba mhaith liom uair amháin eile ainm uasal Rónán Ó Domhnaill a mholadh don Teach le bheith ainmnithe ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

When is it proposed to sit again?

Next Tuesday at 2.30 p.m.