Ba é a bhí i gceist le Creatchuraclam na Bunscoile (2023) a fhorbairt ná taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta, comhoibriú le líonra scoileanna, caidreamh le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí oideachais, agus comhairliúchán fairsing.
Tógtar leis ar éachtaí agus láidreachtaí churaclam na bliana 1999, agus aghaidh á tabhairt aige san am céanna ar dhúshláin nua agus ar thosaíochtaí a bhíonn ag athrú. Leis an gcreatchuraclam, tugtar roghanna agus solúbthacht do scoileanna, rud a chuireann ar chumas ceannairí agus múinteoirí díriú ar na príomhriachtanais foghlama atá ag leanaí.
Leis an gcreatchuraclam, roinntear am ina dhá chatagóir: Íos-Am Curaclaim, a shocraítear ar bhonn seachtainiúil agus míosúil, agus Am Solúbtha, a shocraítear ar bhonn míosúil.
Níl aon athrú tagtha ar an am curaclaim do Ghaeilge i mbunscoileanna lán-Bhéarla i gCéim 1 (2.5 uair an chloig sa tseachtain). I gCéimeanna 2-4, tá laghdú 30 nóiméad tagtha ar an am curaclaim don Ghaeilge, ó 3.5 uair an chloig go 3 huaire an chloig sa tseachtain.
Fágann an t-am solúbtha gur féidir le scoileanna níos mó ama a chaitheamh ar fhoghlaim dhomhain i gceann amháin nó níos mó de na cúig réimse curaclaim, teangacha san áireamh.
D’fhéadfaí Am Solúbtha a úsáid le haghaidh ceann amháin díobh seo a leanas, nó le haghaidh roinnt díobh nó gach ceann díobh, chun freagairt do riachtanais nó dúshláin a bhaineann le teagasc agus foghlaim i nGaeilge:
• Leithdháileadh seachtainiúil breise ar leibhéal na scoile ar Ghaeilge ar feadh téarma/bliain scoile de réir mar a ullmhaíonn múinteoirí eispéiris chuí shaibhre foghlama agus a fhreagraíonn siad do riachtanais foghlama a leanaí
• Tréimhsí fadaithe d’fhoghlaim dhomhain i ngnéithe dá bhfoghlaim i nGaeilge, amhail Seachtain na Gaeilge
• Gníomhaíochtaí scoile uile nó rannpháirtíocht i dtionscnaimh agus imeachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bhaineann leis an nGaeilge
Úsáid a bhaint as cineálacha oideolaíocha cur chuige ar leith amhail foghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha (FCÁT), áit a dteagascann múinteoirí réimse eile curaclaim i nGaeilge ar feadh tréimhse ama.