Léirítear sna díospóireachtaí a bhí sa Seanad ó 1922 i leith roinnt de na ceisteanna achrannacha a bhfuil Éire ag dul i ngleic leo le 100 bliain anuas.
Roghnaíomar díospóireacht shuntasach ó gach tréimhse deich mbliana chun léargas a fháil ar roinnt de na saincheisteanna atá tagtha chun cinn ó bhunú an Stáit.

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
1925
Reachtaíocht um cholscaradh
“Once you attempt legislation upon religious grounds you open the way for every kind of intolerance and for every kind of religious persecution.”
Faoi riail na Breataine, d’fhéadfadh Éireannach colscaradh a fháil trí Bhille príobháideach a chur chun cinn sa Pharlaimint in Westminster. Ar an 11 Meitheamh 1925, rinne an Seanad díospóireacht ar an tsaincheist.
Tá óráid W.B. Yeats fós ar an méid is cáiliúla a dúirt sé sa Seanad. Ina óráid, thug sé rabhadh in aghaidh reachtaíocht a leagan síos ar bhonn reiligiúnach agus dúirt sé go gcruthódh sé bac dothrasnaithe idir Deisceart agus Tuaisceart na hÉireann.

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
1933
Bille Bunreachta (Móid do Chur ar Ceal)
“Ba cheart dom a chur i gcuimhne don Seanad nach seo an t-aon Teach Uachtarach a bhí i gcoimhlint le Seomra an phobail. I Sasana bhí Teach na dTeachtaí i gconspóid le Teach na dTeachtaí, a raibh de thoradh air gur baineadh cumhachtaí de na Tiarnaí.”
Cuireadh deireadh le Seanad an tSaorstáit in 1936 tar éis easaontais thromchúiseacha leis an Dáil maidir leis an Seanad ag úsáid a chumhachta moill a chur ar reachtaíocht. Go sonrach, cuir an Seanad bac ar iarracht rialtas Éamoin de Valera an mionn dílseachta a bhaint ón mBunreacht.
Ar an 15 Márta 1933, cuireadh an Bille Reachtaíochta (Móid do Chur ar Ceal) os comhair an tSeanaid den dara huair. Rith an Seanad an Bille cheana féin, ach le leasuithe nár ghlac an Dáil leo.

© Gailearaí Portráidí Náisiúnta, Londain CC BY NC ND 3.0
1944
Cinsireacht
“Anois, tá curtha in iúl go bhfuilimse, mar gheall ar mo dhroch-chlú, ar tí ionsaí eile a dhéanamh ar ár ndaingean morálta. Is féidir liom a dhearbhú duit nach bhfuil aon rud den chineál sin sa rún seo.”
Ar an 27 Eanáir 1944, mhol an Ridire John Keane rún “Go n-iarrann an Seanad míniú ón Aire le haghaidh Comhordú Beart Cosanta maidir leis an dearcadh a ghlactar i leith chinsireacht an leabhair dar teideal The House of Gregory.”
Chuaigh údar an leabhair, Vere R.T. Gregory, ar scor ó sheirbhís i gConstáblacht Ríoga na hÉireann. Pléadh sa leabhar lena eispéiris agus le stair a theaghlaigh. Ó tharla gur cheadaigh an Cinsire an leabhar, cheistigh an Seanadóir Keane cén fáth nach rabhthas chun aon léirmheasanna nó fógraí a cheadú i leith an leabhair.
Bhí cumhachtaí ag an Aire chun cosc a chur ar fhoilsiú aon rud conspóideach nó contúirteach don leas poiblí nó don tslándáil náisiúnta. Chuir sé srian ar léirmheasanna ar The House of Gregory nuair ba léir go bhféadfadh rudaí a maíomh sa leabhar a bheith ina n-údar le conspóid ghéar maidir le sléacht Pháirc an Chrócaigh.

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
1955
Pionós i mBunscoileanna
“Is é mo rún pearsanta nach ndéanann sé maith riamh páistí a bhualadh. Creidim gur minic a dhéanann sé dochar dóibh.”
Bhí an Roinn Oideachais freagrach as rialú pionóis chorpartha i scoileanna. Ní bhfaighfí réidh leis an bpionós corpartha go dtí na 1980í. Bhí argóint an tSeanadóra Owen Sheehy Skeffington nár cheart do mhúinteoirí úsáid a bhaint as pionós corpartha na scórtha blianta roimh a ham. Tharla an díospóireacht tar éis feachtas scríofa litreacha go dtí an Evening Mail a chuir in iúl tuairim tuismitheoirí ar mhí-úsáid pionós i mbunscoileanna.

Le caoinchead Fine Gael
1966
Comhaltas CEE na hÉireann
“If the Government fail to pursue this aim as thoroughly and as efficiently as we think is desirable, we will be pressing them from behind…It will do no harm to our position in Brussels and in this country if it is seen that this House is concerned about this matter.”
I mí Iúil 1966, chuir an Seanadóir Garrett Fitzgerald rún chun tosaigh “Go bhfuil Seanad Éireann den tuairim gur cheart don Aire Gnóthaí Eachtracha beartas Eorpach gníomhach a thionscnamh, atá ceaptha chun a chinntiú go mbainfidh Éire amach comhaltas sna Pobail Eorpacha, agus gur cheart dó a Roinn agus ár misin taidhleoireachta thar lear a atheagrú ionas go gcuirfidh siad go héifeachtach le baint amach an chuspóra seo.”
Cheistigh an Seanadóir Fitzgerald an easpa dul chun cinn ar an tsaincheist. D’áitigh sé go raibh gá ann le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach leis an mBruiséil ionas gurbh fhéidir comhaltas a lorg.
In 1961 rinne Éire, i gcuideachta na Breataine, na Danmhairge agus na hIorua, iarratas ar chomhaltas sa Chomhphobal. An bhliain dár gceann, chomhaontaigh Comhairle an CEE tús a chur le hidirbheartaíocht le hÉirinn. I mí Eanáir 1963, áfach, sular cuireadh tús leis an idirbheartaíocht seo, tharla cliseadh in idirbheartaíocht na Breataine. Cuireadh breithniú ar gach iarratas eile, iarratas na hÉireann san áireamh, ar fionraí.

Íomhá: RollingNews
1973
An Bille um Beartú Muiríne
“I make this final appeal: let us as Senators confer on ourselves the jurisdiction to debate what every other forum in the country has debated. Let us not shirk the issue.”
Tugadh an chéad Bhille um Beartú Muiríne isteach sa Seanad ar an 14 Samhain 1973. Bhíothas ag iarraidh leis infhaighteacht frithghiniúnach in Éirinn a dhéanamh dleathach, agus a bhronnadh ar an Aire Sláinte an chumhacht rialacháin a dhéanamh maidir le frithghiniúnaigh. Sáraíodh an Bille ag an Dara Céim.
Rinne an Seanadóir Robinson iarracht roimhe sin, in 1971, Bille a thabhairt isteach lena gceadófaí infhaighteacht frithghiniúnach i bhfoirm theoranta in ionaid áirithe. Diúltaíodh an Chéad Léamh don Bhille sin. Ba é an toradh nár cuireadh an téacs i gcló agus nár scaipeadh é. Mar sin, ní raibh aon deis ag Seanadóirí an Bille a léamh ná a phlé.
Sna cúig bliana ina dhiaidh sin thug an Seanadóir Robinson isteach dhá Bhille eile um Beartú Muiríne. In 1978 thug an Rialtas isteach a Bhille féin um Beartú Muiríne, a ndearnadh dlí de in 1979.

Le caoinchead Fine Gael
1988
Clár Faisnéise agus Oideachais ar SEIF
“I am pleased this House has had this debate. I hope that some good will come of it and that the Minister will feel encouraged and emboldened and will decide to be more explicit, more up front and more dynamic about this matter.”
In 1988, thacaigh Seanad Éireann le clár poiblí faisnéise agus oideachais an Rialtais ar shiondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) agus d’iarr sé tuilleadh clár le haird ar leith ar úsáideoirí drugaí infhéitheacha agus lucht fágála scoile.
Ag an am bhí 36 chás dhearbhaithe SEIF in Éirinn agus 694 chás dhearbhaithe de víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID), ar úsáideoirí drugaí infhéitheacha 60% acu.
Ceapadh an clár faisnéise poiblí mar straitéis ar dhá leibhéal. Ar leibhéal amháin, féachadh leis eolas poiblí ar SEIF a dhaingniú trí ollfheachtas meán. Ar bhonn níos aonaraí, tugadh faoi ábhair imní phearsanta agus ceisteanna daoine trí leabhrán sonrach agus seirbhís saorghlao.
D’admhaigh daoine a chuir leis an díospóireacht go raibh gá le haontacht, comhaontú agus gníomh dírithe maidir leis an ábhar tromchúiseach, SEIF. Aithníodh in óráidí roinnt réimsí inarbh fhéidir gníomhaíocht Rialtais a fheabhsú agus áitíodh ar an Rialtas níos mó infheistíochta a dhéanamh maidir le hoideachas a chur ar an bpobal agus maidir le seirbhísí cóireála drugaí.

Íomhá: RollingNews
1990
Breithiúnas den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine
“The laws under which I have lived out my 46 years of life are the exact and direct parallel of the Penal Laws which discriminated against Roman Catholics in this country, to the shame of the then Government.”
Ba chás é Norris i gcoinne na hÉireann a chinn an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) in 1988. D’éirigh de David Norris a mhaíomh go raibh coiriúlú na hÉireann ar ghníomhartha áirithe homaighnéasacha idir fir aosacha thoilteanacha ina shárú ar Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Éilítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún ar na stáit chonarthacha meas a léiriú ar shaol príobháideach agus teaghlaigh gach duine, i measc saincheisteanna eile.
Tugadh breith an ECHR ar an 26 Deireadh Fómhair 1988. Fuarthas go raibh Éire ag sárú Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine. Rinneadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht in Éirinn in 1993.

Íomhá: RollingNews
2004
Dlí Teaghlaigh
“The Constitution consigns the growing number of alternative family forms, such as non-marital partners and lone, unmarried parents and their children, to a legal no-man's land.”
In 2004 éilíodh i dtairiscint ón Seanad ar an Rialtas tuarascáil a thabhairt don Teach ar dhul chun cinn go dáta agus pleananna amach anseo a mbeadh d’aidhm acu comhoiriúnacht iomlán dhlí teaghlaigh na hÉireann le hAirteagal 8 de Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, le haird ar leith ar chearta teaghlach neamhphósta agus tuismitheora aonair.
Éilítear le hAirteagal 8 den Choinbhinsiún ar na stáit chonarthacha meas a léiriú ar shaol príobháideach agus teaghlaigh gach duine. Agus raon na gceart atá faoi chosaint Airteagal 8, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) go seasta go mbaineann Airteagal 8 ní hamháin leis an teaghlach traidisiúnta, bunaithe ar phósadh, ach go síneann a raon cosanta go teaghlaigh nach bhfuil sa mhúnla clasaiceach seo.

© Mark Daly CC BY 4.0
2016
An Bille um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
“Is ceist ceart sibhialta é seo. Baineann sé le deis chomhionann a thabhairt do bhaill den phobal bodhar chun a bheith ina saoránaigh iomlána den Stát.”
In 2016, thug an Seanadóir Mark Daly isteach reachtaíocht ar aitheantas ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) don phobal Bodhar.
Mar gheall ar an easpa aitheantais ar TCÉ, daingníodh leithcheal i saol uile lae an phobail Bhodhair. Bhíothas ag iarraidh leis an mBille réimse leathan de bhearta a thabhairt isteach chun comhionannas rochtana a chinntiú don phobal Bodhar.
Ritheadh an tAcht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann in 2017. Aithnítear leis ceart úsáideoirí TCÉ chun TCÉ a úsáid mar a dteanga dhúchais. I measc forálacha eile, cuirtear riachtanais leis an Acht ar chomhlachtaí poiblí, foráiltear ranganna do thuismitheoirí leanaí bodhra agus ceadaítear úsáid TCÉ in imeachtaí dlí.

© Alice Mary Higgins CC BY 4.0
2021
Tarscaoileadh TRIPS
“Tá aithne againn go léir ar dhaoine a fuair Covid le mí nó seachtain anuas. Tá sé ag scaipeadh go han-tapa ar fud na hEorpa, an Ríocht Aontaithe agus Éire san áireamh. Samhlaigh na cúinsí i dtír nach bhfuil vacsaín ach ag 5% den daonra. Ina leithéid de thír, ní hamháin go bhfuil níos mó daoine ag fáil an víris, ach tá níos mó daoine ag fáil bháis de.”
Is comhaontú den Eagraíocht Dhomhanda Trádála é TRIPS (Gnéithe a bhaineann le Trádáil de Chearta Maoine Intleachtúla) lena gcosnaítear maoin intleachtúil, lena n-áirítear paitinní ar leighis arna dtáirgeadh ag cuideachtaí cógaisíochta.
Ba iad an India agus an Afraic Theas a mhol de chéad uair an tarscaoileadh TRIPS in 2020 chun cearta maoine intleachtúla a bhaint go sealadach le haghaidh teicneolaíochtaí sláinte a theastaíonn chun Covid-19 a chosc, a shrianadh nó a chóireáil, go dtí gur féidir cothromas vacsaíne a bhaint amach. Tá tacaíocht ag an tarscaoileadh anois ag timpeall 100 náisiún ach cuireann roinnt stát fós ina choinne, ballstáit AE ina measc.