Mar chuid den chomóradh ar Seanad100, a dhéanann ceiliúradh cothrom céad bliain ar an gcéad shuí i dTeach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann, glacfaidh 60 toscaire óige ó fud fad na hÉireann páirt i Seanad na nÓg, sraith seisiún sa Seanad.

Féach
Seanad na nÓg i dTeach Laighean
Tionóladh Seanad na nÓg an 10 Samhain 2022 mar chuid den chomóradh, Seanad100. Bhí toscairí ó gach cearn d’oileán na hÉireann i láthair.
Thug an t-imeacht seo deis do dhaoine óga díospóireacht a dhéanamh ar roinnt topaicí, ar thopaicí a roghnaigh na daoine óga iad féin.
Mar chuid den díospóireacht, dúirt an Leas-Chathaoirleach, an Seanadóir Joe O’Reilly, “Tá an Seanad tar éis tús áite a thabhairt do ghuthanna mionlaigh ó bunaíodh é 100 bliain ó shin. Tá sé cuí, mar sin, go bhfuil an Seanad ag treisiú guthanna daoine óga cothrom céad bliain ó bunaíodh é."
Tar éis an imeacht lae, roghnaigh toscairí na costais mhaireachtála mar théama a bheidh le plé ag Seanadóirí le hAire iomchuí.
Breathnaigh ar na téamaí
- Costais mhaireachtála do mhic léinn
-
Faoin téama seo, pléann daoine óga na costais arda a bhaineann leis an saol in Éirinn, go háirithe don ghlúin óg, agus bíonn cuid mhór daoine óga ag smaoineamh ar imeacht thar lear dá bharr.
Go háirithe, pléann na toscairí costais mhaireachtála do mhic léinn agus na baic a chruthaíonn an méid sin don ardoideachas agus don bhreisoideachais, rud a imríonn tionchar ar a gcuid staidéir.
- Oideachas don saol
-
Faoin téama seo, breathnaíonn daoine óga ar ról an chórais oideachais iad a ullmhú don saol tar éis na scoile, bíodh ollscoil, oiliúint nó obair i gceist. Pléann siad an tábhacht faoi leith a bhaineann le gairmthreoir agus treoir saoil, agus an chaoi go mba cheart do scoileanna tacú le daoine óga an t-eolas, scileanna agus muinín a bheidh de dhíth orthu don saol agus don obair sa 21ú aois a fhorbairt.
- Rochtain ar sheirbhísí sláinte
-
Faoin téama seo, pléann na toscairí na deacrachtaí a bhaineann le híoc as seirbhísí sláinte agus rochtain a fháil orthu, go háirithe i gceantair tuaithe agus i gcomhthéacs praghsanna atá ag dul in airde, rud a bhíonn tionchar díréireach aige ar dhaoine óga.
- An saol sóisialta agus fóntais
-
Faoin téama seo, díríonn toscairí ar an easpa spásanna sóisialta sábháilte atá ann do dhaoine óga agus na himpleachtaí a bhaineann leis sin.
Breathnaíonn siad freisin ar na buntáistí atá ann dóibh nuair atá rochtain acu ar spásanna agus deiseanna casadh ar a chéile, mar aon leis an bhfíorthábhacht a bhaineann leis na spásanna óige sin lasmuigh den scoil agus clubanna spóirt.
- Neamhionannas airgeadais
-
Faoin téama seo, díríonn daoine óga ar na cineálacha éagsúla neamhionannais airgeadais agus an tionchar ar dhaoine óga. Pléann siad an deacracht a bhaineann le bogadh amach ón mbaile agus a bheith neamhspleách, toisc nach bhfuil daoine óga faoi 20 i dteideal íosphá iomláin agus go meastar iad a bheith ina gcleithiúnaí dá dtuismitheoirí go dtí go bhfuil siad 23 i gcásanna áirithe.
Luann siad freisin eispéiris daoine óga atá ina gcleithiúnaí nuair a shroicheann siad aois 18 agus an easpa tacaíochta atá ann dóibh maidir le hiompú ar bheith ag maireachtáil go neamhspleách.

Cé hiad comhaltaí Sheanad na nÓg?
Is grúpa ilchineálach iad toscairí Sheanad na nÓg a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine óga as cúlraí éagsúla a bhfuil peirspictíochtaí difriúla acu fud fad oileán na hÉireann.
Tá na daoine óga seo ina gcomhaltaí de:
- Comhairle na nÓg, tionscnamh de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Gaisce, nó Gradam an Uachtaráin
- Tionscnamh na gComhdhámhachtainí i dTuaisceart Éireann
Ag Ullmhú do Sheanad na nÓg
Tá príomhthéamaí roghnaithe ag daoine óga lena bplé ag Seanad na nÓg.
Bhí creat an phróisis curtha ar fáil ag an Oifig Rannpháirtíochta, tionscnamh de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.