Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ceanglais um imréiteach cánach agus dearbhú reachtúil do Chomhaltaí Dháil Éireann

Leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 tugadh isteach ceanglas imréitigh cánach do Chomhaltaí den Dáil.

Imréiteach Cánach

Teastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach sonrach – níl Deimhniú Imréitigh Cánach arna eisiúint faoi fhorálacha eile imréitigh cánach bailí chun críocha an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Tá foirm iarratais shonrach (TC(SIPO)) chun imréiteach cánach a fháil faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá an fhoirm ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Caighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO)

Ceanglaíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Dearbhú Reachtúil freisin lena gcuirtear in iúl go bhfuil an duine, tráth an dearbhú a dhéanamh, mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, i gcomhréir lena (h)oibleagáidí cánach. Tá an fhoclaíocht bheacht don Dearbhú Reachtúil ar fáil ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Ní mór an Dearbhú a dhéanamh nach mór ná mí amháin roimh nó mí amháin tar éis dháta an toghcháin agus arna thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí nach mó ná naoi mí tar éis an dáta sin.

Déan teagmháil le saineolaí

An Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann

 

membersinterestsdail@oireachtas.ie

Nuashonraithe go deireanach: Déar, 28 Samh 2024

Barr
Roinn